I ndomhan dearmadta an Underground i Londain, éiríonn le hÉireannach gan dídean scata daoine a mharú, gan aird ar bith air, ná ar a choireanna. Seo fíorscéal coiriúil, sraith sé heagrán ar fad, ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg. Is i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá an leagan dátheangach seo léirithe.
Eascraíonn tuilleadh ceisteanna ó fhreagraí agus muid ag iarraidh slán a fhágáil le scéal Kieran Kelly. Ach, an bhfuil sé ródhéanach an fhírinne a aimsiú?
Filleann muid ar chéad íospartach de Kieran Kelly mar go bhfuil fianaise nua tagtha chun solais. Traein. Bás. Scéal.
Fiosróimid in eagrán deireanach na sraithe, scéalta ó Ráth Domhnaigh, baile dúchais Kieran Kelly. An bhfuil ceann scríbe bainte amach againn?
Éachtaint ar thaobh eile do shaol Kieran Kelly, i bhfad ón bhforéigean agus na dúnmharuithe. Cad a bhí i gceist a léiríonn an taobh eile seo dúinn agus cad a fhoghlaimímid faoin bhfear dá bharr? Sraith sé heagrán ar fad, ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg. Is i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá an leagan dátheangach seo léirithe.
An téip. Seomra agallaimh lán le deatach tobac, i stáisiún na bpóilíní i Clapham. Admhaíonn Kieran Patrick Kelly gur mharaigh sé scata daoine. Dátaí, amanna, láithreacha. Ach ar cheart dúinn gach a deireann sé a chreidiúint? Eagrán 4/6, ceann nua uair sa tseachtain.
Conas go bhfuil borradh faoi líon na ndúnmharaithe atá curtha i leith Kieran Patrick Kelly? Déantar iniúchadh ar fhianaise nua. Eagrán 3/6, ceann nua uair sa tseachtain. Is i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá an leagan dátheangach seo léirithe.
Sa bhliain 2015 athosclaítear cás Kieran Patrick Kelly mar go bhfuil iar-phóilín ag maíomh go raibh sladmharú i gceist agus go bhfuiltear á cheilt. Ach an féidir braith ar an bhfianaise nua? Eagrán 2/6, ceann nua uair sa tseachtain. Is i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta atá an leagan dátheangach seo léirithe.
Gabhtar fear Éireannach, gan dídean, ar Clapham Common i Londain as fáinne pósta a ghoid; agus é faoi choinneáil, maraíonn sé fear atá sa chillín leis. Nuair a cuirtear faoi agallamh é, admhaíonn sé go bhfuil scata eile maraithe aige. Eagrán 1/6, ceann nua uair sa tseachtain.
D’admhaigh Kieran Patrick Kelly sa bhliain 1983 gur mharaigh sé scata daoine. Seo scéal faoi dhomhan faoi cheilt, áit a gcuireann dúnmharfóir agus íospairtigh iad féin i bhfolach; scéal faoi easpa fianaise agus fianaise nach féidir a thrust. Seo fíorscéal coiriúil, sraith sé heagrán ar fad ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg.