POPULARITY
Categories
Tiocfaidh deireadh leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Ghníomhaireacht Sócmhainní, nó NAMA, go hoifigiúil ag meán oíche.
Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta. Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn. Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor. Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge. Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh. Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó? Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu. Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil. Foclóir: Éispéireas: Experience Tóir: Demand Liostaí feithimh: Waiting lists Corruair: sometimes Clár siamsaíochta: Entertainment programme Ildánach: Versatile Cláraithe: Registered An t-uasmhéid: The maximum Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle Riachtanais bia: Dietary requirements Slabhra: Chain Nasc: Link Cuimhní: Memories Cloch mhíle: Milestone Ag freastal: Attending Srianta: Constrained Ó ghlúin go glúin: From generation to generation Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.
In 1922, Ireland gained its independence. The new state promised to revive the Irish language. A century later, English still dominates daily life. What went wrong?In this episode, I speak to John Walsh of the University of Galway, author of One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022, about why a movement that had real momentum in the years before independence stalled in the decades that followed.John traces the high ambition and lofty ideals to the failed policies of successive Irish governments. He also reveals how at times outright hostility to the language within the political establishment emerged in the later 20th century with devastating consequences. The episode also looks at the very different experience of the language in the Northern State, where the unionist government treated Irish as a threat.Support the show at www.patreon.com/irishpodcastIf you want to find out moreFind out more about John and his work: https://research.universityofgalway.ie/en/persons/john-walsh/To find out more about this subject, check out John's book One Hundred Years of Irish Language Policy, 1922–2022 https://www.peterlang.com/document/1248601Check out this episode with Dr Nicholas Wolf on why the Irish language went into decline in the 18th and 19th century. https://shows.acast.com/irishhistory/episodes/the-irish-language-why-ireland-became-english-speakingJohn's forthcoming book Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 will be published by Cló Iar-Chonnacht this autumn https://cic.ie/Sound by Kate Dunlea. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Bhí Uachtarán na hÉireann ag an am, Pádraig Ó hIrghile sa chontae ar an 16ú Iúil 1986 agus rinne sé Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha a oscailt go hoifigiúil. Bhí Conal Ó Dubhthaigh i láthair do RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an lá.
Casfaidh Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, leis an Taoiseach, Micheál Martin, i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath inniu. Ceaptar go ndíreoidh siad ag an gcruinniú ar phleananna an Aontais dá mbuiséad ilbhliantúil.
Bhí na mílte I bPáirc Mhic Éil I gCaisleán an Bharraigh trathnóna inné le fáilte chroíúil a chur abhaile roimh sheaimpíní peile na hÉireann.
Ionadaithe ó chumainn sacar Chonamara & daoine atá bainteach le comórtas sacar na Gaeltachta ag an seoladh a bhí sna Forbacha ag an deireadh seachtaine.
Cuirfear tús le sraith úr faisnéise anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu 'Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile' áit a ndíreofar ar Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta nó ADHD.
Tá Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh toghcháin Údarás na Gaeltachta ann go luath.
Joining Dearbhail to discuss the top stories in Sunday's newspapers are: Caoilfhionn Gallagher, Barrister and International Human Rights Lawyer; Cuan Ó Seireadáin, Political Correspondent, RTÉ Raidió na Gaeltachta; Emma Howard, Senior Lecturer in Economics in TU Dublin and Dan Mulhall, Former Ambassador to the US.
Bearna Na Forbacha Aontaithe will host a Comórtas Sacair Na Gaeltachta tournament for U12 teams on the 29th of August at An Sportlann Na Forbacha. Six teams will be involved with all teams from the Gaeltacht. Hosts Bearna Na Forbacha will be joined by West Coast United, Chois Fharraige and MacDara from Galway and by Iorras Aontaithe and Ruagairi Acla from Mayo. Mike Rafferty was at the launch, and he first spoke to Joacim Lydon from West Coast United, Aodan Malone from Chois Fharraige and Diarmuid O Ceide from MacDara.
Deir an Comhairleoir Contae do Chonamara Theas Michael Leainde nach gcuireann sé aon iontas air go bhfuil an Rialtas ag cur na dtoghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta ar an mhéar fhada, mar go bhfuil sé don bharúil go bhfuil imní orthu faoi cén toradh a bheidh ar na toghcháin.
Deirtear i dtuarascáil an Rialtais faoi na líomhaintí go raibh Aughinis Alumina i Luimneach ag sárú smachtbhannaí, nach raibh siad in ann a chruthú go raibh alúmana as Éirinn á úsáid in airm atá an Rúis a dhéanamh, dar leis an Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke a bhfuil achoimre den turascáil foilsithe aige inniu.
Cúrsaí polaitíochta an lae.
Bhí an cúrsa, Blaiseadh na Gaeltachta ar siúl i Rann na Feirste le gairid agus d'fhreastal scór duine as ar fad fud na cruinne ar an chúrsa a bhí ar siúl don tríú bliain as a chéile. Thug siad cuairt orainn anseo agus labhair cuid de na rannpháirtithe agus na teagascóirí linn.
Breathnaíonn sé go bhfuil an rialtas le cosc á mholadh ar escútair agus aréir bhí Bille na gCríocha Gafa ós comhair an tSeanaid.
Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta. Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta. Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid. Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht? Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo? Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Deontas: Grant Athchóiriú: Renovation Tithe folmha: Vacant houses Tréigthe: Abandoned Díon: Roof Bothán: An old rudimentary house A mheas: To assess Fostaíocht: Employment Na scéaltaí rathúla: Success stories Íochta amach: Paid out Ag baint leas as: Benefitting from Coinníoll: Condition Daoine aonair: Individuals Togra: Project Dírithe: Directed at Maoiniú: Funding Cíos: Rent Meascán: Mixture Chun tosaigh: Ahead Rannpháirtíocht: Participation Uacht: Will Cáin: TaxSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Tagairt do phroiséas fiosrúchain Shinn Féin agus díospóireacht Gaeilge na Dala aréir.
Cúrsaí polaitíochta an lae - leithscéal le gabhail leis an dream a d'fhulaing mar gheall ar Bhill Keneally.
Bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraigh, ag gearán nár ceadaíodh maoiniú do thograí riachtanacha ar oileán Thoraigh, san allúntas a d'fhógair an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary do oileáin Dhún na nGall inné.
Ceara Conway, Ealaín na Gaeltachta ag labhairt faoin scéim sparántacht atá acu.
Cead pleanála fachta ag Údarás na Gaeltachta d'Ionad Pobail agus Fiontraíochta na Rinne.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé. Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.gortuithe tromchúiseacha - serious injuriesfiosrúchán - investigation
Tá sé socraithe ag an gcomhlacht SúilSIar atá lonnaithe i gCeatharlach tabhairt faoi thogra nua ó thaobh Intleacht Shaorga le freastal ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sa tír.
Cúrsaí polaitíochta an lae - cruinniú den Chomhairle Breataineach/Éireannach i nGeansaí.
Tá Grúpaí Gaeltachta ag iarradh ar an nAire Tithíochta agus Aire na Gaeltachta comhairliúcháin poiblí a reáchtáil faoi na lochtanna suntasacha ar an nDréacht Ráiteas Náisiúnta Pleanála Tithíochta Tuaithe & Gaeltachta, dar leo.
Cuairt Simon Harris ar chruinniú ECOFIN sa mBruiséil.
Thug sí turas ar an Rómáin le déanaí lena cuid oibre. Dfhoghlaim sí faoi threibh dhaone atá ag maireachtaint sa Rómáin le 800 bliain, de shíolraibh na Gearmáine.
Tá “Cuan”, teidí a rinne daltaí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus a fuair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta anois ag déanamh ionadaíochta don tír seo ag an Chomórtas Domhanda i Riga i Latvia.
Bhí ócáid speisialta ar siúl in Áras na Contae i Leifear ar maidin áit ar bronnadh scoláireachtaí ar bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall le freastal ar chúrsaí Gaeltachta.
Labhraíonn Pól Penrose le Cuán faoi Bhród na Gaeltachta, atá ar an bhfód le cúig bliana anuas. Cloisimid faoi thábhacht agus tionchar Bród na Gaeltachta, agus na himeachtaí a bheidh ar siúl acu i mbliana.
Cian de Buitléir, Cumann Rugbaí na Gaeltachta ag labhairt faoi chluiche dúshlaine a bhéas acu Dé Sathairn in aghaidh foireann as Bostún.
Beidh an fhéile, Bród na Gaeltachta ar siúl an deireadh seachtaine seo don chúigiú bliain i gCloich Cheann Fhaola.
Breis is daichead bliain ó shín, d'imigh Barbara Bhreathnach, máthair óg de sheachtar, ar iarraidh gan tasc gan tuairisc i gCarna i gcroílár na Gaeltachta. Oíche amháin i mí an Mheitheamh 1985, bhí muintir Bhreathnach ag cóisireacht sa teach tábhairne áitiúil, agus gaolta ar cuairt acu ó thar lear. D'fhill siad go teach cónaithe muintir Bhreathnach agus lean an chóisir ar aghaidh go dtí na huaireanta beaga an mhaidin sin. Chonacthas Barbara don uair dheireanach agus í ina codladh ar an tolg ag 4am. Ní fhaca a teaghlach í ón lá sin ná ní raibh aon teagmháil léi ó shin. Cad é go díreach a tharla an oíche chinniúnach sin? Cén fáth nár tarraingíodh mórán airde ar an chás? Agus an bhfuil daoine ann go fóill ag coinneáil na fírinne faoi cheilt? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar an chás a tharla 41 bliain ó shin agus atá go fóill gan fhreagraí. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Ar iarraidh: Missing Sna deaga: In the teenage years Tábhairne: Pub Scaifte: Group Is cosúil: It seems Pas: Passport Módh taistil: Means of transport Tuairimíocht: Speculation In ísle brí: Depressed Fiosrúchán: Investigation Easpa: A lack of Tochaltóir: Digger Colscaradh: Divorce Ráflaí: Rumours Rún: Secret See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair Dónall linn faoin ócáid ‘SEAS' atá ar siúl in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath inniu, ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge áit a gcuirtear éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta os comhair baill den Oireachtas.
In this episode of Season 2 of The Language Question ~ Ceist na Teangan, host Finghin Mac Cárthaigh (Flor McCarthy) sits down with Colm Ó Broin, Irish language advocate, researcher, writer, and campaigner with Conradh na Gaeilge.Together, they explore the myths, misconceptions, and attitudes that continue to shape how Irish people think about their native language. From growing up through the Gaelscoil system in Clondalkin to working in Irish-language journalism and leading a nationwide myth-busting campaign, Colm shares his unique perspective on the challenges and opportunities facing Irish today.Thanks for your interest in The Language Question ~ Ceist na Teangan! Subscribe for free to receive priority notification on future episodes and to access valuable Irish language learning resources. Throughout the conversation, Colm reflects on the importance of questioning assumptions about Irish, the role of Gaelscoileanna in shaping positive attitudes towards the language, the future of the Gaeltacht, and why language should be valued for far more than its perceived practical usefulness. He also discusses how historical attitudes towards Irish continue to influence modern perceptions and explores what a more confident relationship with the language might look like.This episode reminds us that language is not simply a tool for communication. It is also a connection to place, history, identity, culture, and community.This Episode Celebrates:* The power of challenging myths and misconceptions about Irish* The role of Gaelscoileanna in language revitalisation* The importance of community-led Irish language initiatives* The rich linguistic heritage that exists throughout Ireland, including beyond today's Gaeltacht regionsIf you've ever wondered why certain negative narratives about Irish persist, why bilingualism is viewed differently in Ireland than elsewhere, or what the future of the language might look like, this episode is for you.Thanks for your interest in The Language Question ~ Ceist na Teangan! Subscribe for free to receive priority notification on future episodes and to access valuable Irish language learning resources.Podcast NotesGrowing Up Through IrishColm reflects on his experience attending Naíonra Chrónáin, Scoil Chrónáin and Coláiste Chilliain in Clondalkin and how Irish became a natural part of his life from an early age.East Timor and a Different Perspective on LanguageAfter spending time teaching English in East Timor, Colm encountered a society where multilingualism was completely normal. The experience led him to question why bilingualism is often treated as unusual or problematic in Ireland. Thanks for your interest in The Language Question ~ Ceist na Teangan! Subscribe for free to receive priority notification on future episodes and to access valuable Irish language learning resources.Busting the Myths About IrishColm discusses his work with Conradh na Gaeilge, examining common misconceptions about Irish, including claims that it is a dead language, impractical, elitist, or disconnected from modern life. He explains why these myths persist and what they reveal about wider attitudes towards language and identity.The Future of Irish and the GaeltachtThe conversation explores the challenges facing Gaeltacht communities, the growth of Irish outside traditional Gaeltacht areas, and the importance of supporting language transmission within families and communities.Rediscovering Leinster's Irish Language HeritageColm shares his research into the historical dialects of Irish spoken throughout Leinster and explains why understanding local language heritage can help people reconnect with Irish in a meaningful way.Free Irish Learning ResourcesIf you enjoyed this episode of The Language Question ~ Ceist na Teangan and want to continue your Irish language journey:Access free Irish learning resources, stay updated on upcoming episodes, and receive exclusive content.Sign up here:Free ResourcesThe Language Question ~ Ceist na Teangan Free ResourcesYou can also follow my writing on Substack:Thanks for reading The Language Question ~ Ceist na Teangan! Subscribe for free to receive priority notification on future episodes and to receive valuable learning resources. A newsletter and community for anyone learning the Irish language as an adultSlán tamall,Finghin Mac CárthaighHost – The Language Question ~ Ceist na TeanganMore on Colm Ó BroinColm Ó BroinColm Ó Broin was born and raised in Clondalkin, Dublin, and attended Naíonra Chrónáin, Scoil Chrónáin and Coláiste Chilliain. His love of the Irish language grew after spending time in East Timor teaching English. Experiencing life in a multilingual society led him to question why Ireland often makes such a “song and dance” about bilingualism.After returning to Ireland, Colm studied communications and worked with the Irish-language newspapers Lá and Gaelscéal. He now works in the non-profit sector but continues to contribute actively to public conversations about the Irish language, language attitudes, and language policy.While working in journalism, Colm became increasingly interested in the myths and misconceptions frequently repeated about Irish. This led him to develop a myth-busting campaign with Conradh na Gaeilge that examines common claims about the language and their impact on public attitudes. The campaign has included public talks, webinars, educational resources for teachers, YouTube videos, media appearances, and a TEDx Talk.Colm's writing has appeared in The Irish Times, TheJournal.ie, and other publications, and he has been interviewed on RTÉ Radio 1, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte and BBC Radio. He believes that myths and misunderstandings about Irish continue to have a real and negative effect on the language, and much of his work focuses on challenging those assumptions through evidence, history, and public discussion.Learn more:Ted Talk InstagramConradh na Gaeilge This is a public episode. If you would like to discuss this with other subscribers or get access to bonus episodes, visit finghinmac.substack.com
Ag cur síos ar stoirm na hoíche aréir agus an dóigh ar chur sé isteach ar dhaoine ar fud na contae.
Ag fógairt an gearrliosta do chomórtas úr Ghlór na nGael do ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an comórtas ‘ARDÁN'. Tá meascán de ghrúpaí Gaeltachta agus grúpaí atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht luaite sna gearrliostaí.
Fritheadh iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson ciontach inné, sna ocht gcinn déag de chúiseanna a bhain le coireanna gnéis a cuireadh ina leith, éigniú ina measc.
Polaitíocht an lae.
John Connolly, TD ag labhairt faoi mholadh Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge go mbainfí úsáid as Campas na Gaeilge i gCarna le oiliúnt a chur ar fhostaithe sa tseirbhís poilblí.
Scéim nua de chuid an Údaráis ar fiú €350,000 é, dírithe ar bhorradh a chur faoin dturasóireacht sna ceantair Ghaeltachta. Ról an Údaráis ó thaobh na tithíochta sa todhchaí.
Rinneadh tarraingt do na cluichí ceathrúcheannais Peile CLG ar maidin.
Maraíodh Tadhg Callaghan Carter, 15, agus gortaíodh beirt dhuine eile in eachtra a tharla le linn Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall Dé Sathairn.
Gaol nan Gael.. tá an triú seo ar chamcuairt ceoil go Gaeltachtaí na tíre chun an nasc idir cheol agus amhráin na hÉireann is na hAlbain a cheiliúradh.
Polaitíocht an lae.
Seoladh straitéis 3 bliana don eagraíocht Muintearas aréir. Tá maoiniú de luach €4 milliún le cur ar fáil do scéim na gcúntóirí teanga thar 3 bliana. Agus fógraíodh maoiniú de luach €1.3 milliún idir 2026-2028 do Scéim na gCampaí Samhraidh.
Cuirfear tús le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall i nGaoth Dobhair ar maidin inniu. Táthar ag dréim go mbeidh ar a laghad 100,000 duine ag freastal ar staideanna an railí thar an deireadh seachtaine.
Labhair Micheál Mac Giolla Easbuig le Aodh Máirtín Ó Fearraigh faoin lá oscailte atá ar siúl i gteic Ghaoth Dobhair inniu.
Polaitíocht an lae.