POPULARITY
Tá ómós á thaispeáint d'iarimreoir peile Dhún na nGall, James McHugh as Cill Chárthaigh a bhásaigh inné nuair a bhuail carr agus veain faoina chéile ar an N3 idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin.
Bhí sár tháispeántas ceoil nach bhfacthas le tamall fada ag Aifreann na Fleidhe i dTeach Pobail Phádraig, Béal Feirste inné, Aifreann a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chuala muid an Cór Gaelach as Domhnach Mór i dTír Eoghain, faoi stiúr Karen Kirby agus an Ceolfhoireann faoi stiúr Patrick Davey.
Tiocfaidh deireadh leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Ghníomhaireacht Sócmhainní, nó NAMA, go hoifigiúil ag meán oíche.
Bhí Uachtarán na hÉireann ag an am, Pádraig Ó hIrghile sa chontae ar an 16ú Iúil 1986 agus rinne sé Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha a oscailt go hoifigiúil. Bhí Conal Ó Dubhthaigh i láthair do RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an lá.
Casfaidh Seansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz, leis an Taoiseach, Micheál Martin, i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath inniu. Ceaptar go ndíreoidh siad ag an gcruinniú ar phleananna an Aontais dá mbuiséad ilbhliantúil.
Cuirfear tús le sraith úr faisnéise anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu 'Aithníonn Ciaróg Ciaróg Eile' áit a ndíreofar ar Neamhord an Easnaimh Airde agus na Hipirghníomhaíochta nó ADHD.
Joining Dearbhail to discuss the top stories in Sunday's newspapers are: Caoilfhionn Gallagher, Barrister and International Human Rights Lawyer; Cuan Ó Seireadáin, Political Correspondent, RTÉ Raidió na Gaeltachta; Emma Howard, Senior Lecturer in Economics in TU Dublin and Dan Mulhall, Former Ambassador to the US.
Deirtear i dtuarascáil an Rialtais faoi na líomhaintí go raibh Aughinis Alumina i Luimneach ag sárú smachtbhannaí, nach raibh siad in ann a chruthú go raibh alúmana as Éirinn á úsáid in airm atá an Rúis a dhéanamh, dar leis an Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke a bhfuil achoimre den turascáil foilsithe aige inniu.
Cúrsaí polaitíochta an lae.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé. Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.gortuithe tromchúiseacha - serious injuriesfiosrúchán - investigation
Ag cur síos ar stoirm na hoíche aréir agus an dóigh ar chur sé isteach ar dhaoine ar fud na contae.
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse a dhéanann ceiliúradh ar na hamhráin is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta san fheachtas “An tAmhrán is Ansa Linn” ar an chlár an Cóisir Cheoil.
Cúrsaí polaitíochta an lae - cúrsaí tithíochta le plé ag bord an rialtais.
Tá RTÉ ag ceiliúradh 100 bliain do chraoltóireacht seirbhisí poiblí in Éirinn agus mar chuid den cheiliúradh atá ar bun faoi láthair tá Dónall Mac Ruairí ar an chlár, Cóisir Cheoil sa tóir ar an tríocha amhrán Gaeilge is ansa lena Gaeil.
Polaitíocht an lae - plean le deontas a thabhairt do dhaoine le seancharranna do charranna nua leictreacha.
Cuirfear tús úr le sraith úr cainte, ‘Cuimhní Cinn' tráthnóna inniu anseo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Damien Ó Dónaill mar chuid de sceideal an tsamhraidh.
Ag labhairt faoin bhfeachtas 'An Tríocha AMhrán Gaeilge is ansa lena Gaeil'.
Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceiliúradh 75 bliain ar an bhfód. Bronnadh gradam ar Neansaí Ní Choisdealbha mar aitheantas ar an obair atá déanta aici leis an gceol traidisiúnta a chur chun cinn.
Ag labhairt faoin gclúdach a bheidh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gcomhaireamh amárach.
Cúrsaí polaitíochta an lae - conspóid RTÉ.
Cúrsaí polaitíochta an lae - an chonspóid faoin méid a bhí le rá ag an iar-Thaoiseach Bertie Ahern faoi inimircigh agus é ag canbhasáil d'Fhianna Fáil.
Polaitíocht an Lae - an méid a bheas á phlé ag an gcruinniú rialtais.
Polaitíocht an Lae - an phobalbhreith TG4 agus Irish Times.
Cúrsaí polaitíochta
Polaitíocht an lae - an scéim nua tacaíochta breosla.
Táthar ag dréim le scaifte ollmhór freastal ar thórramh an cheoltóra agus an t-amhránaí aitheanta Mháire Ní Bhraonáin inniu.
Ceannaireacht Fhianna Fáil.
Tá a míshástacht léirithe ag triúr Teachtaí Dála óga de chuid Fhianna Fáil faoi stáid an pháirtí faoi láthair.
An méid a léiríodh i dtuarascáil de chuid na hÁisíneachta um Fháisnéis agus Cáillíocht Sláinte HIQA, a déanadh ar Theach Altranais Charna i mí Feabhra na bliana seo.
Polaitíocht an lae - an méid a bheas ar siúl sa Dáil inniu.
Beidh Bigil ar siúl ag Lifeline in Inis Eoghain tráthnóna inniu in ómós don mháthair óg, 8 mbliana is fiche d'aois, Amy Doherty as Doire a fuair bás de bharr gortaithe tromchúiseacha Dé Sathairn seo caite.
Cruinniú de Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh a bheas ar bun inniu le plé a dhéanamh ar an ngéarchéim fuinnimh.
An méid a bhi le rá ag an Tánaiste Simon Harris le páirtí pairliminteach Fhine Gael inné.
Cúrsaí polaitíochta an lae - an méid atá le déanamh ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Cuairt Kheir Starmer ar Éirinn.
Cuairt Phríomhaire na Breataine, Keir Starmer ar Éirinn.
Níl sé i gceist ag an rialtas cáin ar bhreosla a laghdú - ag an tráth seo, ar chuma ar bith.
An méid a bhí le rá le linn díospóireacht Dála inné faoi thithíocht Ghaeltachta.
Cúrsaí polaitiochta na lae - an méid a bheas ar bun ag an gcruinniú rialtais.
Ráiteas Deiridh Bliana Údarás na Gaeltachta - An tIarthar.
Ráiteas Deiridh Bliana Údarás na Gaeltachta - An Deisceart.
Figiúirí faoi líon cúramóirí a bhíonn san ospidéal agus ag baile i gCiarraí/Corcaigh eisithe ag Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Droch-aimsir ag cur as do Dhún na nGall ar bhealaí go leor.
Tá iarratas déanta ag an gcomhlacht próiseála feamainne Arramara le ceadúnas bainte feamainne a fháil ar suas le 2,000 heictéar cladaigh ar fud Chonamara.
Dearcadh na hÉireann faoin gconspóid a bhaineann leis an nGraonlainn.
Léirigh ionadaithe ó Chónaidhm Bhaincéireachta agus íocaíochta na hÉireann míthuiscint faoi Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha ag cruinniú le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall inné.
Polaitíocht an lae - an méid a d'fhógair X aréir agus an meid atá á dhéanamh ag an rialtas faoin gconspóid faoi X, Grok agus íomhánna gáirsiúla.
Tionólfar an chéad chruinniú rialtais de 2026 ar maidin - i measc na n-ábhar a bheas á bplé, tá an Bille Cosanta Idirnáisiúnta a dhéanfaidh leasaithe ar an gcóras a úsáidtear chun próiseáil a dhéanamh ar iarratais agus a athróidh na faoi athaontú teaghlaigh na ndaoine a bhronnfar stádas cosanta orthu.
An scéal is deireanaí ar maidin faoi chuairt an Taoisigh Micheál Martin chun na Síne.
An scéal is deireanaí ar maidin faoi chuairt an Taoisigh Micheál Martin chun na Síne.