POPULARITY
Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breatnach linn ag labhairt faoi na daoine sa Chatalóin atá ag troid don neamhspleáchas ón Spáinn- ó stailceanna ocrais go dtí grúpaí a thacaíonn leo anseo in Éirinn. Chomh maith leis sin bhí Katie Roskams linn ó Shasana le labhairt linn faoina turas foghlama teanga agus cúrsaí Breatimeachta.
Ar an gclár seo bhreathnaigh Lisa Nic an Bhreithimh agus Eoin Ó Cathain, comhláithreoirí nua an chláir, ar na scéalta is mó den tseachtain timpeall na cruinne. Labhair siad le Diarmuid Breatnach faoi chúrsaí i nGáza faoi láthair agus an ghluaiseacht idirnáisiúnta ag tacú le muintir na Palaistíne. Chomh maith leis sin labhair Oisín Ó Doinn leo faoi iarchomhghleacaí leis as Gáza atá anois ag triail ar dhul go Sasana chun tabhairt faoi mháistreacht san oideachas agus faoi scéalta a shaoil i nGáza faoi láthair. from-gaza-strip-to-uk-with-education
Ar an gclár seo chualamar agallamh le Diarmuid Breatnach ag ócáid darb ainm 'Las na Spéartha ar son Gáza' a bhí ar siúl i mBÁC ar son mhuintir Gáza ar an 12 Lúnasa. Chualamar na roscanna ar son Gáza as Araibis, as Béarla agus as Gaeilge i measc an tslua freisin! Chomh maith leis sin chualamar ó Tok Thompson i gCalifornia a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge idir Éirinn agus Alasca agus a scríobhann ailt do www.beo.ieagus bhí láithreoir nua an chláir Eoin Ó Catháin beo linn ó Ibiza ag insint dúinn faoi shaoire a chaitheamh ansin!
Episode 5, broadcast on August 11th at 7pm on RTE Radio 1. Diarmuid Breatnach sings Kevin Barry.
Diarmuid Breatnach singing Kevin Barry