Fada is Fairsing

Follow Fada is Fairsing
Share on
Copy link to clipboard

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reat…

teicneoir@raidionalife.ie


    • Jun 14, 2022 LATEST EPISODE
    • weekly NEW EPISODES
    • 26m AVG DURATION
    • 306 EPISODES


    Search for episodes from Fada is Fairsing with a specific topic:

    Latest episodes from Fada is Fairsing

    Clár 343 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jun 14, 2022 27:32


    Ar an gclár seo bhí Matt O'Heir ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge i Chicago agus a shaol féin. Chomh maith leis sin bhí scoláire ICUF agus iarscoláire Fulbright, Pa Sheehan ag caint linn faoi dheireadh seachtaine teanga agus cultúir a bhí ar siúl ag muintir Kingston, Ontario le gairid.

    Clár 342 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 31, 2022 31:00


    Ar an gclár seo bhí Tuairisceoir Polaitíochta Raidió na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin ag labhairt linn faoin lámhach gunna a rinne ar bhunscoil i dTeicseas ag deireadh mhí Bealtaine, inar maraíodh 19 bpáistí agus beirt mhúinteoirí. Chomh maith leis sin bhí Darach Ó Tuairisg, léiritheoir leis an gComhlacht Léiriúcháin Teilifíse agus Drámaíochta Fíbín ag labhairt linn faoi na tionscnaimh éagsúla atá idir lámha acu - ceann amháin, clár teilifíse le daoine óga cruthaitheacha timpeall na cruinne faoi chaitheamh aimsire na n-óg!

    Clár 341 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 17, 2022 27:02


    Ar an gclár seo bhí Donal Grogan (Colorado Paddy ar líne!) ag caint faoin bhronnadh gradam Laoch na Gaeilge 2022 air ag Deireadh Seachtaine Gaeltachta LA le gairid! Chomh maith leis sin bhí Tomaí Ó Conghaíle ag caint linn faoi Éigse na Bruiséile a bhí ar siúl lár mhí Bealtaine 2022 den chéad uair.

    Clár 340 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 10, 2022 30:28


    Ar an gclár seo bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi aisghairm Roe v Wade sna Stáit Aontaithe agus faoi Dheireadh Seachtaine Gaeltachta LA a bhí ar siúl le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tadhg Mac Cionnaith ag caint linn faoin deireadh seachtaine speisialta ar fhreastail sé air, eagraithe ag Oideas Gael in omós do Tony Birtill.

    Clár 339 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 3, 2022 27:52


    Ar an gclár seo bhí Alannah Ní Ghallchóir ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeltachta a bhí ag an gcraobh ag an deireadh seachtaine agus eile. Chomh maith leis sin bhí James Ó Conaill ag caint linn faoina scoláireacht Fulbrigth ag Ollscoil Villanova agus faoi dheiseanna do mhuintir Stáit Aontaithe scoláireachtaí a fháil chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht.

    Clár 338 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Apr 26, 2022 26:31


    Ar an gclár seo chualamar ó Shéamus Ó Fianghusa i Nua Eabhrac a bhí ar ais ag caint linn faoina mhadra míleata, Meaití, a tógadh uaidh breis is trí bliana ó shin anois, agus a throid chun Meaití a thabhairt ar ais abhaile. D'fhill an madra abhaile théis blianta de throid agus cás cúirte le gairid agus agus cheiliúraigh sí a 10ú breithlá inniu!

    Clár 337 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Apr 19, 2022 26:26


    Ar an gclár seo, bhí Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir Gaeltacht UCD i gCOBÁC ag labhairt linn faoi Scoil Samhraidh #TionolUCD 2022 COBÁC a bheidh ar siúl mí Mheithimh le héagsúlacht imeachtaí mar chuid de chlár na bliana seo!

    Clár 336 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Apr 12, 2022 26:00


    Ar an gclár seo, labhair Molly Nic Céile linn faoina cuid físeán Gaeilge 'Gaeilge i mo Chroí' d'fhoghlaimeoirí timpeall na cruinne, a heispéiris ar líne agus na forbairtí ar a cainéal YouTube thar am! Labhair muid freisin faoi óráid an Uachtaráin Zelenskyy le muintir na hÉireann i dTithe an Oireachtais maidir leis an gcogadh san Úcráin.

    Clár 335 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Apr 5, 2022 30:06


    Ar an gclár seo beidh John Caulfield ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Cúirt! Chomh maith leis sin beidh Aileen F. Gorman Leong ón Irish Echo ag labhairt linn faoina cuid alt san Echo faoi chúrsaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe!

    Clár 334 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Mar 29, 2022 26:13


    Ar an gclár seo, bhí Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoi sheoladh a leabhair nua "Bone and Marrow/Cnámh agus Smior: An Anthology of Irish Poetry from Medieval to Modern". Chomh maith leis sin, éistfimid siar le giota beag ón imeacht a bhí ar siúl ag The Journal sa Daingean Dé hAoine 'An Ghaeilge: Faoi bhrú nó faoi bhláth?' faoin nGaeilge in Éirinn, timpeall ar an Eoraip, sna Stáit Aontaithe agus níos faide i gcéin.

    Clár 333 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Mar 22, 2022 25:37


    Ar an gclár seo, labhair Nadia Dobryanska ón Úcrain ag labhairt linn faoi thuras a muintire ón Úcráin go hÉirinn an tseachtain seo caite, a tuairimí faoi thodhchaí na hÚcráine agus bealaí gur féidir linn tacú leis an tír.

    Clár 332 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Mar 15, 2022 25:18


    Ar an gclár seo, labhair Deirdre Ní Mhathúna ón 'Little Ireland Collective' san Albain linn faoin gCiorcal Comhrá speisialta seo a bhí ag lucht Dún Éideann le muintir na Gaeltachta Sur Seine i bPáras na Fraince le gairid do Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith leis sin labhair Ciara Ní Éannachái linn faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan agus a hainmniúchán ar liosta an Irish Examiner don lá. Labhair sí faoin bpainéal ar a labhróidh sí mar chuid de Fhéile Cúirt freisin, agus a cuid filíochta i gcnuasach nua filíocht na mban!

    Clár 331 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Mar 8, 2022 25:50


    Ar an gclár seo tá píosa a rinne mé le Jeffrey Sardina ó San Diego beo ón bPop Up Gaeltacht sa Cobblestone i mBÁC le gairid! Chomh maith leis sin bhí Colm Bairéad, iarchraoltóir Raidió na Life agus stiúrthóir #AnCailínCiúin, an chéad fadscannáin Gaeilge ag Féile Berlinale agus ainmnithe do 10 duais IFTA ag labhairt linn faoin scannán agus an ráth atá air!

    Clár 330 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Feb 22, 2022 30:14


    Ar an gclár seo, labhraíomar le Muireann Ní Chorcráin, scoláire Fulbright agus an tOllamh Brendan Kane linn faoi imeacht a bhí acu mar chuid de Douglass Week agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Donnchadh Sneddon ag labhairt linn ó Dhún Éideann na hAlbain faoina thaithí leis an nGaeilge agus an Ghàidhlig.

    Clár 329 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Feb 15, 2022 25:09


    Ar an gclár seo, labhraíomar le Cecily Ní Loinnsigh, iarscoláire Fulbright, faoina ham i gCeanada ar scoláireacht ICUF, taisteal timpeall na tíre agus go leor eile.

    Clár 328 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Feb 8, 2022 25:39


    Ar an gclár seo, labhraíomar le Tadhg Ó Meachair ón mbanna ceoil Goitse linn faoina gcamchuairt timpeall ar na Stáit Aontaithe go luath, ceol an bhanna agus dúshláin toisc Covid-19. Chomh maith leis sin chualamar amhrán a tháinig amach ar Lá le Bríde, dar teideal Imbolc.

    Clár 327 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Feb 1, 2022 27:30


    Ar an gclár seo, bhí Alan Da Silva ag labhairt linn ón mBrasaíl faoina chuid staidéir agus oibre. Chomh maith leis sin bhí Seán Breathnach ag labhairt linn faoina scannán Foscadh atá á thaispeáint mar chuid d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh agus a chúlra sa scannánaíocht.

    Clár 326 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jan 25, 2022 24:58


    Ar an gclár seo bhí Diarmaid Ó Maolagáin linn agus é ag insint dúinn faoin ngrúpa Gaeltacht an Oileáin Úir i Tamworth Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Don O'Mahoney, Cláraitheoir Sinsearach d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh linn ag labhairt faoin bhFéile.

    Clár 325 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jan 18, 2022 29:43


    Ar an gclár seo labhair Derek Ó Briain linn faoi chúrsaí Gaelchultur agus deiseanna do mhúinteoirí lasmuigh d'Éirinn bheith ag teagasc leis an eagraíocht . Chomh maith leis sin beidh bhí Seán Romansic ag labhairt linn faoina shaol thall i gCalifornia na Stát Aontaithe agus a iníon á tógáil aige le Gaeilge ann.

    Clár 324 - 2022 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jan 11, 2022 24:55


    Ar an gclár seo labhair Tomaí Ó Conghaile linn faoin deireadh a tháinig le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach ag tús na bliana, agus stádas iomlán mar theanga oifigiúil san AE aici anois.

    Clár 323 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Dec 14, 2021 30:08


    Ar an gclár seo bhí Eithne Dunbar ag labhairt linn faoina grúpa Gael i gCeanada agus an imeacht spéisiúil "Saíocht" a bhí ar siúl i gCeanada le déanaí agus chualamar cuid dá ceol féin ar an gclár. Chomh maith leis sin bhí Michaíl Caisianóbh ag labhairt linn ó Mhoscó na Rúise faoina thaithí féin leis an nGaeilge, fotheidil ar scannáin agus cartúin Gaeilge agus go leor eile.

    Clár 322 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Dec 7, 2021 21:48


    Ar an gclár seo bhí Stiofáinín Nic Cárthaigh agus Caitríona Ní Chonaola ag labhairt linn faoin gceardlann amhránaíochta ar an sean-nós a bhí ar siúl ag an ngrúpa, An Ghaeltacht Sur Seine i bPáras na Fraince le gairid. Chomh maith leis sin labhair Nicola Lavelle linn faoina leabhar nuafhoilsithe Glór ar Inis Gluaire!

    Clár 321 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Nov 30, 2021 29:24


    Ar an gclár seo labhraíomar le Mícheál Ó Conghaile faoin imeacht seo ar líne "Muintir na Gaeltachta in Éirinn agus na Maoraigh sa Nua-Shéalainn" a bhí ar siúl an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh ón uair seo anuraidh a rinne mé le Dan McWilliams, a bhí ag teagasc daltaí in Alberta Ceanada, ag an am mar chuid den chlár ICUF, ó Bhéal Feirste faoin teagasc agus faoin cíbearghaeltacht, Trasna na dTonnta a bheas ar siúl arís an tseachtain seo chugainn i mbliana.!

    Clár 320 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Nov 23, 2021 26:08


    Ar an gclár seo, labhraíomar le Barry Ó Séanáin, a oibríonn ar chúrsaí forbartha agus seachtracha le hIonad na nEalaíon Gaelaigh i gCathair Nua Eabhrac agus é ag labhairt linn faoi athoscailt foirgneamh nua an Ionaid mí na Nollag agus na féidearthachtaí nua a bheidh ann don phobal Gaelach sa chathair leis. Labhróidh sé faoin bhFéile is mó Gaelach a bheas acu freisin agus na himeachtaí éagsúla atá ar an gclár do na míonna amach romhainn!

    Clár 319 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Nov 16, 2021 26:25


    Ar an gclár seo bhí Eóin Mac Domhnaill ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaig linn chun caint faoin seimineár spéisiúil a bheidh ag Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge ar spéis leo an dlítheangeolaíocht ar an 25 Samhain.

    Clár 318 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Nov 9, 2021 25:28


    Ar an gclár seo labhraíomar le Greagóir Ó Dáire atá mar léachtóir in Uppsala ag labhairt linn faoin saol ansin sa tSualainn. Chomh maith leis sin bhí Ben Ó Ceallaigh, léachtóir i Roinn an Léann Ceiltigh in Ollscoil Aberystwyth ag labhairt linn faoin Roinn agus a chuid oibre ansin!

    Clár 318 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Oct 26, 2021 22:10


    Ar an gclár seo bhí Lisa Nic Grianra linn le labhairt faoi na físeáin ar an aireachas agus cleachtadh análaithe a roinn sí ar líne le déanaí do Lá Domhanda na Meabhairshláinte. Chomh maith leis sin bhí Niall Ó Siadhail ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag caint linn faoin imeacht a bhí ag an gcraobh le gairid dár teideal 'Béal Beo: An Ghaeilge sa 21ú hAois'.

    Clár 317 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Oct 19, 2021 29:28


    Ar an gclár seo, bhí Philomena Begley linn ón ngrúpa, an Ghaeltacht sur Seine i bPáras na Fraince tar éis don ghrúpa páirt a ghlacadh i gComhra 2021 Dé Céadaoin seo caite le labhairt faoi conas mar a d'éirigh leis! Chomh maith leis sin bhí Angus Lambkin arb as Béal Feirste dó ó dhúchas linn, atá ar a bhealach go Cabúl na hAfganastáine chun dul i mbun oibre sa tír le foireann Comhordaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe.

    Clár 316 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Oct 12, 2021 27:55


    Ar an gclár seo labhair Brónagh Ní Chuillinn linn faoi chrith talún in oirdheisceart na hAstráile le gairid agus an méid a thit amach ó shin. Chomh maith leis sin bhí an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Bhéal Feirste agus an imeacht, 'The Bunting Collection' a mbeidh sé féin ag seinm aige le Laoise Kelly agus Stephen Rea.

    Clár 315 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Oct 5, 2021 28:35


    Ar an gclár seo bhí Paula Melvin ó Choimisiún Fulbright na hÉireann ag caint linn faoi chomórtas Fulbright atá ar oscailt anois. Chomh maith leis sin bhí Béibhinn O'Sullivan ó Tharrtháil Rón Éireann ag insint dúinn faoi Wally an Rosualt a chuaigh ar thuras go Corcaigh, Dairbhre agus fud fad na hEorpa ar a shlí ar ais go dtí an Ciorcal Artach!

    Clár 314 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Sep 28, 2021 28:31


    Ar an gclár seo labhraíomar le Manchán Magan faoi chúrsaí taistil domhanda agus cúrsa scríbhneoireachta a dhéanfaidh sé le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann faoin scríbhneoireacht taistil. Chomh maith leis sin bhí Máirtín Colféir ag labhairt linn faoina shaol i Kingston Ontario, Ceanada agus a chuid oibre i Montréal.

    Clár 313 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Sep 21, 2021 26:38


    Bhí Ola Majekodunmi, Ambasadóir na hOíche Chultúir linn le labhairt faoin bhféile agus a ról féin. Chomh maith leis sin bhí Micheál Ó Duibh ag caint linn faoi thaighde a rinneadh faoi Ghaeil ar fud na cruinne agus an aip atá á fhorbairt aige!

    Clár 312 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Sep 7, 2021 30:20


    Ar an gclár seo bhí ár dtuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag labhairt linn faoi na Cluichí Paralimpeacha agus ráth Foireann na hÉireann. Chomh maith leis sin chualamar an dara leath d'agallamh na seachtaine seo caite leis an ársa comhairc SSG Séamus Fennessy faoi chúrsaí san Afganastáin.

    Clár 311 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Aug 24, 2021 28:19


    Ar an gclár seo chualamar ó Mháirtín de Cógáin faoina chuid ceoil agus faoi Fhéile na nGael i Milwaukee. Chomh maith leis sin beidh an t-ársa comhairc SS Séamus Fennessy ag labhairt linn faoi chúrsaí san Afganastáin i láthair na huaire tar éis dó labhairt faoi ar CNN le gairid agus am a chaitheamh sa tír thar na blianta.

    Clár 310 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Aug 24, 2021 30:26


    Ar an gclár seo bhí Frank Reidy, iarcheannfort airm, ag labhairt linn faoi chúrsaí san Afganastáin i láthair na huaire le linn achrainn agus streachailte tar éis do na Stáit Aontaithe an tír a fhágáil agus an Taliban teacht i gcumhacht. Chomh maith leis sin bhí Seoirsín Ní Mheachair ó Dhaltaí na Gaeilge ag labhairt linn faoin gcaint a dhéanfaidh sí ag an Big Irish Campfire leis an Irish Echo.

    Clár 309 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Aug 17, 2021 30:01


    Ar an gclár seo bhí Robert Henneberg ag labhairt linn faoina aistriú go hÉirinn le bheith ag obair le hAmbasáid na Gearmáine in Éirinn agus comóradh 60 bliain den tús de thógáil Balla Bheirlín. Chomh maith leis sin bhí Sheila Scott in Ottawa, Ceanada ag insint dúinn faoi na naisc idir Éirinn agus Ceanada agus leachtanna na hÉireann i gCeanada i measc eile.

    Clár 308 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Aug 10, 2021 29:25


    Ar an gclár seo chualamar an dara leath den agallamh le Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile ar chúrsaí sa chathair atá díreach tar éis teacht amach as dianghlasáil, ilteangachas agus go leor eile! Chomh maith leis sin bhí Brian Ó Broin i New Jersey na Stát Aontaithe ag labhairt linn faoina úrscéal nua do dhéagóirí a tháinig amach le gairid dar teideal Eachtra ar Oileán na Rún.

    Clár 307 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Aug 3, 2021 29:46


    Ar an gclár seo labhair ár dtuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn chun spléachadh a thabhairt dúinn ar na Cluichí Oilimpeacha, Simone Biles agus Foireann na hÉireann go dtí seo. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin linn ó Melbourne na hAstráile le labhairt faoi chúrsaí sa chathair atá díreach tar éis teacht amach as dianghlasáil, ilteangachas agus go leor eile.

    Clár 306 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jul 27, 2021 26:50


    Ar an gclár seo bhí Tadhg Mac Eoin ag caint linn faoin duais a bhronn Foras na Gaeilge air le gairid agus a chuid taighde ar fhoclóireacht Gaeilge LADTA+. Chomh maith leis sin bhí Helen Concannon linn ag caint faoi champa samhraidh idirnáisiúnta 'Octagon' ar líne de chuid Bantreoraithe na hÉireann agus ceiliúradh 110 bliain na Bantreorach na hÉireann.

    Clár 305 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jul 20, 2021 26:26


    Ar an gclár seo, labhair Tomás Hoey linn faoina shaol i Minneapolis, a chuid scéalaíochta, a scéal grá lena fhear chéile Paul agus a ngarpháistí, a throid leis an ailse, a shaoire go dtí an Oileán Kaua'i le gairid, cultúr an oileáin agus go leor eile.

    Clár 304 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jul 13, 2021 26:03


    Ar an gclár seo labhair Ciara Ní Éannacháin linn ó Stiúideo Cuan faoi na cúrsaí samhraidh "Fís" atá á reáchtáil acu agus na scoláireachtaí atá ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin bhí Cormac Breathnach ó Fhoras na Gaeilge ag caint linn faoi bhua Tadhg Mac Eoghain, an chéad duine le Bonn Néill Uí Dhónaill a bhuachan agus an bronnadh ag Ambasáid na hÉireann i mBeirlín le gairid.

    Clár 303 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jul 6, 2021 22:54


    Ar an gclár seo labhair Daithí Irvine linn ó Latharna, gar do Bhéal Feirste arb as dó ó dhúchas, faoina thuras foghlama leis an nGaeilge agus na daoine a mbuaileann sé leo as gach cearn den domhan na laethanta seo ar chiorcail comhrá ar líne ó bhris paindéim Covid-19 amach anuraidh. Chomh maith leis sin cloisfimid ó Bhrónagh Fusco, Oifigeach Ealaíona Pobail le Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich faoi Fhéile Griangraf Bhéal Feirste agus taispeántas mar chuid de dar teideal 'Unperson' ó Tom Franco, a thugann léargas ar dhaoine a thug a gcúl don Chóiré Thuaidh agus a theith trasna na teorann ó dheas.

    Clár 302 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jun 29, 2021 29:19


    Ar an gclár seo labhair Eamon Ó Cíosáin linn faoi chinneadh Chomhairle Bunreachta na Fraince ar achomharc in aghaidh altanna i ndlí Molac a thug cosaint do ghnéithe áirithe d'úsáid teangacha réigiúnacha na Fraince. Chomh maith leis sin labhair Dylan James Mac Lochlainn linn faoin mbliain a bhí aige mar dhochtúir i rith na paindéime in Oxford Sasana.

    Clár 301 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jun 22, 2021 53:22


    Clár speisialta é seo d'Fhéile Bróid 2021 agus ceiliúradh de 300 clár de Fada is Fairsing! Ar an gclár tá agallamh speisialta le bunaitheoir an Queercal Comhrá Don Ó Donnacháin, duine a d'oibrigh go dian do phobal LADTA+ na Gaeilge agus a chaith blianta i mbun iriseoireachta timpeall na cruinne ón Éigipt, go dtí an Túnéis, go Libia agus an tSiria. Labhraíomar faoina chuid iriseoireachta, an staidéar a rinne sé i Nua Eabhrac agus sa Bhruiséil agus an obair atá idir lámha aige anois le Turas agus mar léachtóir iriseoireachta in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin luaím roinnt imeachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne do mhí Bróid agus roinnt grúpaí agus daoine iontacha a oibríonn ar son pobal LADTA+ na Gaeilge - An Queercal Comhrá, AerachAiteachGaelach, Gaylgeoirí agus ShoutOut san áireamh.

    Clár 300 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jun 15, 2021 30:19


    Ar an gclár seo bhí Aodán Mac Séafraidh ag labhairt linn faoina am thar sáile san Astráil, stair na nÉireannach sa tír agus a chuid oibre le Turas, eagraíocht lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste, a oibríonn chun an Ghaeilge, Cultúr agus Oidhreacht Chúige Uladh a chur chun tosaigh.

    Clár 299 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jun 8, 2021 26:58


    Ar an gclár seo bhí Diarmuid Breathnach ag labhairt linn faoi chás na Palaistíne i láthair na huaire, a chuid scribhneoireachta faoi agus conas is féidir linn tacú le muintir na Palaistíne uaidh seo in Éirinn.

    Clár 298 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later Jun 1, 2021 26:58


    Ar an gclár seo bhí Marcas Mac an Tuairnéir ag labhairt linn trí Ghaeilge na hAlbain (Ghaidhlig) faoina shingil úr Nochd, Féile Bróid agus tús na féile linn anois, agus go leor eile! linktr.ee/marcasmac Chomh maith leis sin bhí Pádraic Déiseach ag labhairt linn faoi réimse folúntas atá ar oscailt d'iarratais do dhaoine le Gaeilge le Parlaimint na hEorpa faoi láthair.

    Clár 297 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 25, 2021 26:44


    Ar an gclár seo, bhí Neil Farron, eagarthóir ar an iris Eurovoix, linn ag trácht ar bheith i láthair i Rotterdam don Chomórtas Eoraifíse! Chomh maith leis sin bhí Damian McElgunn ag labhairt linn faoin scannán Gaeilge a rinne sé faoin bpobal Gaeilge i Vancouver dar teideal 'Idir Muir agus Spéir'.

    Clár 296 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 18, 2021 28:12


    Ar an gclár seo, labhair Vikki Ní Bhréin linn faoi dheireadh seachtaine Gaeilge ar mhúin sí aige le lucht Gaeltacht an Mheánoirthoir (Midwest na Stáit Aontaithe). Chomh maith leis sin bhí Mícheál Furlong ag caint linn faoi Phop Up Gaeltacht Ceantar Cuain San Francisco.

    Clár 295 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 11, 2021 23:22


    Ar an gclár seo labhairt Hynek Daniel Janoušek linn ó Phrág i bPoblacht na Seice faoina shaol ansin agus an dochtúireacht atá idir lámha aige in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain.

    Clár 294 - 2021 - Raidió na Life

    Play Episode Listen Later May 4, 2021 30:17


    Ar an gclár seo labhair Gearóid Ó Greacháin linn ó chraobh Darkness into Light na Bruiséile ar son Pieta House faoin ngrúpa agus an méid a bheidh ar siúl acu ar líne i mbliana. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le cuid de mo chéad chlár taifeadta ón mbaile i rith na dianghlasála - bliain ó shin anois.

    Claim Fada is Fairsing

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel