POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb'fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach.Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d'Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfiosrú - investigationíospartach - victimcraoltaí - broadcastsaitheasc - address (speech)boilsciú - inflationdíluacháil - devaluation
Cúrsaí Polaitiochta an lae - deireadh leis an athbhreithniú breithiúnach a tugadh in aghaidh Metrolink.
Tá an trálaer Francach an Fastnet a chuaigh suas ar na carraigeacha taobh le trá na Binne Báine i gcuan an Daingin fós sáinnithe ann. Tuigtear go bhfuil suas le 40,000 lítear díosail ar bord agus tá eagla ar mhuintir na háite faoin tionchar a bheadh aige ar an timpeallacht.
Nuachtáin - 15 Nollaig 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Cúrsaí polaitiochta an lae - an t-airgead breise a chaithfear ar chúrsaí cosanta.
Freagraí tugtha ag MARA ar cheisteanna a sheol RnaG ag an eagraíocht faoi bhaint feamainne.
Cúrsaí Polaitiochta an lae - ceisteanna á gcur ag an bhfeisire Barry Andrews faoina dróin a facthas os cionn Bhaile Átha Cliath.
Bhí deis ag Rang 4 Gaelscoil Choláiste Mhuire ceardlann raidió a dhéanamh linn sa stiúideo le linn mhí na Samhna 2025.
Nuachtáin an Luain - 8 Nollaig 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Glacadh le buiséad 2026 Chomhairle Contae Dhún na nGall tráthnóna inné. Don 8ú bliain as a chéile, ní bheidh ardú ar bith ar na rátaí gnó ar an bhliain seo chugainn.
Cruinniú na Comhairle don Bhreatain & Éireann atá ar bun inniu sa Bhreatain Bheag.
Cuairt Volodymr Zelensky ar Éirinn.
Nuachtáin an Luain - 1 Nollaig 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Theip ar Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall glacadh le Dréacht Bhuiséid do 2026 ag cruinniú Dé hAoine. Déanfar an Buiséad a phlé arís ar an 3ú lá de Nollaig.
Nuachtáin an Luain - 24 Samhain 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Polaitíocht an lae.
Polaitíocht an lae.
Cúrsaí polaitíochta an lae - fiosrúchán le bunú faoi chúram leighis pháistí le scólóis & Spina Bifida..
Nuachtáin an Luain - 17 Samhain 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Cúrsaí polaitíochta an lae - an méid atá á rá ag an bhfreasúra faoin bPlean Tithíochta.
An cóisir stáit don Uachtarán Catherine Connolly inné agus na cruinniú rialtais inniu.
Súil chun cinn ar an insealbhú.
Tá breithlá Michelle ann inniu agus seo píosa agus gan í i bhfad ag obair don raidió agus seo í nuair a craoladh a chéad shraith raidió do Raidió na Gaeltachta.
Cathrine Connolly i mbun agallamh le Fiona Ní Gháibhín de chuid Raidió na Life i ndiaidh di bheith mar chuid den phlé painéil 'SCÉAL' sa Phuball Gaeilge 30.08.25
Nuachtáin an Luain - 10 Samhain 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Argóint ar bun ag leibhéal na hEorpa faoin díoluaine nítráite.
Cruinniú pháirtí pairliminteach Fhianna Fáil inné.
Nuachtáin an Luain: 03 Samhain 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Colm was born and raised in Clondalkin, Dublin, and attended Naíonra Chrónáin, Scoil Chrónáin & Coláiste Chillian. Colm's love for the language grew after spending time in East Timor, teaching English. East Timor is a multilingual country and experiencing that got him asking why we make such a song and dance about bilingualism in Ireland! When he came home he studied communications and worked with the Irish language newspapers Lá and Gaelscéal. He now works in the non-profit sector. While he was working in journalism he started writing about myths we often hear about the Irish language, that it's a dead language, etc. He later developed that into a Mythbusting campaign with Conradh na Gaeilge which has included a TedX Talk and other public talks, articles in the Irish Times and Journal.ie, interviews on Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte, RTÉ Radio 1 and BBC Radio and YouTube videos. He believes these myths have a real, negative effect on the Irish language and that is the main reason for the campaign. Deconstructing Myths about the Irish Language | Colm Ó Broin | TEDxBallyroanLibrary
Cúrsaí polaitíochta an lae - cáinfháisnéis & Jim Gavin.
Cúrsaí polaitíochta an lae.
Saolaíodh Cathal Ó hEochaidh cothrom an lae seo 100 bliain ó shin - cur síos ag an t-iriseoir atá lonnaithe i gCiarraí Thiar ar a shaoil agus mír cartlainne ó Raidió na Gaeltachta.
Cúrsaí polaitíochta an lae.
Bheartaigh Ardchomhairle Fhianna Fáil aréir treoir a thabhairt d'ionadaithe áitiúla Fhianna Fáil “achan rud gur féidir leo déanamh tacaíocht a thabhairt” d'fheachtais uachtaránachta Jim Gavin.
Tá Méin ag déanamh intéirneachta le RTÉ agus í lonnaithe i Raidió na Gaeltachta i gCasla faoi láthair. Tá sí ar Ardán an Cheoil ar maidin.
Deir an Tánaiste Simon Harris go mbeadh sé tubaisteach deireadh tobann a chur le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, ach mhóidigh sé go leanfadh saighdiúirí na hÉireann ag freastal mar Choimeádaithe Síochána in áiteacha eile ar fud an domhain.
Tá sé molta ag Coiste Oireachtais go mbeadh seirbhísí san áireamh i mBille na gCríocha Gafa. Tá páirtí an Lucht Oibre le tacú le feachtas Uachtaránachta Catherine Connolly.
Inniu, foilseoidh an Comh Choiste Gnóthaí Eachtracha a dtuarascáil réamh reachtaíochta ar Bhille na gCríocha Gafa. Ceaptar go bhféachfaidh an Coiste le seirbhísí a chur san áireamh sa mbille, rud nach bhfuil i ndréacht reachtaíocht an rialtais.
Na roghanna buiséid atá ag an rialtas - aird ar leith ar earnáil an fháilteachais.
Tuairiscítear go bhfuil an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe gar do chomhaontú trádála.
Bhí cruinniú aréir ag an Taoiseach agus ag an Tánaiste leis na hAirí Stát neamhspleácha atá ag tacú leis an rialtas. Rinne na neamhspleaigh éilimh ar chéard atá uathu sa bPlean Forbartha Náisiúnta, atá le foilsiú an tseachtain seo chugainn.
Tá sé séanta ag an Aire Cumarsáide, Patrick O'Donovan gurb eisean a sceith eolas do na meáin go bhfuil deacrachtaí airgid ag An Post. Léiríonn pobalbhreith san Irish Times go bhfuil tacaíocht pháirtíthe an rialtais buan, ach go bhfuil titim 4% ar thacaíocht SF.
Tá fáilte curtha ag an Tanáiste, Simon Harris roimh shocrú an Uachtaráin Donald Trump síneadh ama a chur ar theacht i bhfeidhm na dtáillí trádála ar an Aontas Eorpach. Ag cruinniú an rialtais ar maidin nochtóidh an tAire Tithíochta James Browne a chuid beartais le aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta.
Tá cáineadh déanta ag Gerry Adams, iar-Uachtarán Shinn Féin ar rialtas na Breataine atá le reachtaíocht a rith, a chuirfeadh cosc ar chúiteamh a íoc le imtheorannaithe a cuireadh i bpríosún go h-éagórach, sna 1970daí.
Dúirt an tAire Fiontair, Peter Burke, inné go bhfuil sé “dóchasach seachas muiníneach” go ndéanfar margadh trádála idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe faoin Mháirt.
Maraíodh cailín óg agus gortaíodh tríúr eile a bhí ag taisteal i gcarr a bhuail faoi vean ar na mbóthar in aice Charn Domhnaigh inné in Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall.
Tá scrúdú iar-bháis le cur ar chorp buachalla a bhásaigh go tragóideach ag loch inné i gCorca Dhuibhne, inné.
Deir an Tánaiste go bhfuil sé beagnach cinnte anois go mbeidh táillí trádála 10% á ngearradh ar earraí ón tír seo a easpórtáiltear chuig na Stáit Aontaithe.
An spriocdháta ag teannadh don chomhaontú trádála.
Chuir an Comhairleoir Declan Meehan in iúl d'Fhóram Sláinte Reigiún an Iarthair agus an Iarthuaiscirt inné gur thaisteal suas le 5,500 othar as Dún na nGall go hOtharlann Shligigh d'obráidí lae i 2024.