Sa tsraith seo, pléann cuid de staraithe ár linne imeachtaí cinniúnacha i stair na hÉireann, agus an t-athrú a d'fhéadfadh a bheith ar an tír murach gur tharla siad. Some of Ireland's finest historians examine key historical events that shaped Ireland as we know it today, and discuss what the imp…
Pléann an t-eolaí socheolaíochta agus polaitíochta An Dr Niall Ó Dochartaigh, agus na hiriseoirí Póilín Ní Chiaráin agus Seosamh Ó Cuaig, an Próiseas Síochána ó Thuaidh agus cé acu an mbreathnófar amach anseo ar iar-Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams go fábharach nó go diúltach.
Pléann an tOllamh le dlí Fionnuala Ní Aoláin, an staraí an Dr Caitríona Clear agus an t-abhcóide Tomás Ó Máille Bunreacht 1937 agus cé acu an stát coimeádach é Éire dá bharr.
Pléann na staraithe an Dr Kerron Ó Luain, Cormac Ó Comhraí agus Pádraig Ó Snodaigh athbheochan an IRB sa Fichiú hAois, agus an mbeadh stát neamhspleách na hÉireann ann murach é.
Pléann an tOllamh le Gaeilge Regina Uí Chollatáin agus an léachtóir Gaeilge an Dr Cathal Billings agus an staraí ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael an Dr Dónall Mac an Aillinn an t-athbheochan cultúrtha a tharla ag deireadh na naoú haoise déag agus an mbeadh féiniúlacht neamhspleách againn murach é.
Pléann an tOllamh Emeritus le cúrsaí Eacnamaíochta Cormac Ó Gráda, an staraí An Dr Maura Cronin agus an scríbhneoir Cathal Poirtéir an Gorta Mór, agus mar a chruthaigh sé Disapora ollmhór.
Pléann an tOllamh Emeritus le stair Gearóid Ó Tuathaigh an staraí An Dr Niall O Cíosáin agus an tOllamh le Gaeilge Pádraig Ó Macháin, Fuascailt na gCaitliceach.
Pléann an staraí An Dr Éamonn O Ciardha, an scoláire Gaeilge an Dr Art Hughes agus an staraí An Dr Padraig Lenihan, Cogadh an Dá Rí agus mar a bhuanaigh sé an chríochdheighilt sa tír agus an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar stair na tíre agus Éire an lae inniu, murach gur tharla sé.
Pléann an staraí an Dr Éamonn Ó Ciardha, an léachtóir Gaeilge An Dr Malachy Ó Néill agus an scoláire Gaeilge an Dr Mícheál Mac Craith Imeacht na nIarlaí agus cé acu an mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre na tíre murach gur imigh siad.
Pléann an tOllamh le stair Dáibhí Ó Cróinín, an tOllamh le stair Máire Ní Mhaonaigh agus an léachtóir le Gaeilge an Dr Caitríona Ní Dhochartaigh, Ionradh Anraoi II agus an mbeadh córas dlí difriúil in Éirinn murach é.
Pléann an tOllamh le stair Dáibhí Ó Cróinín, an tOllamh le sean agus meán Ghaeilge Máirín Nic Dhonnchadha agus an staraí an Dr Colman Etchingam, Réimeas Bhriain Bhoroimhe agus arbh é a réimeas siúd an chéad uair a aithníodh oileán na hÉireann mar náisiún, agus céard a bheadh tarlaithe murach sin agus murach gur tharla Cath Chluain Tarbh.
Sa chéad chlár, pléann an tOllamh Emeritus le Seandálaíocht Muiris Ó Súilleabháin, an Dr Edel Breathnach agus an tOllamh Emeritus le luath agus meán Ghaeilge Pádraig Ó Riain, obair na gcéad misinéirí Críostaí, agus an t-athrú a d’fhéadfadh a bheith ar an stair murach na misinéirí Críostaí luath seo.