Goidelic language spoken in Ireland and by Irish people
POPULARITY
Insíonn Emer faoi pharáid Bhród Bhaile Átha Cliath agus imeachtaí trí Ghaeilge ar tarlúint i rith na míosa ar Eadra. Craoltar Eadra Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM.
Ar cheart go mbeadh liúntais Ghaeltachta ar fáil dóibh siúd atá ag teagasc i scoileanna dara leibhéal Gaeltachta agus lán-Ghaeilge mar a fógraíodh do na bun mhúinteoirí inné?
Cuirfidh Líonra Leitir Ceanainn tús le ‘Camchuairt na gCaiféanna' ar an Luan seo, an Luan saoire bainc leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar an bhaile.
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn. Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae. Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo? An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara? Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4. Foclóir: Fothoghchán: By-election Breithiúnas cúirte: Court judgement Moill: Delay Stocaireacht: Campaigning Codarsnacht: Contrast Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency Bruachbhaile: Suburb Áibhéil: Exaggeration Pobalbhreith: Opinion poll An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone's eyes Cuarbhóthar: Ring road Tachta: Choked Tráth dá raibh: Back in the day Vóta aistrithe: Transfers Frithbhunaíochta: Anti-establishment Teip: Failure Rogha na coitiantachta: The favourite Cinniúnach: Decisive Eachtrannaigh: Foreigners Iallach a chur ar: To force Comhaireamh: Count See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tuairim Aontachtach ar an tuarascáil ó Chonradh na Gaeilge a foilsíodh ar an tseachtain seo caite a deir nár cheart an Ghaeilge a úsáid mar ghléas margaidh chun aontachtaithe a mhealladh i dtreo Éire aontaithe.
Dea-scéal ar maidin go mbeidh an cúrsa dioplóma sa Ghaeilge ag leibhéil B2 a chuireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar fáil anois a reáchtáil i gceantar Gaeltachta an Fhálcarrach san Fhómhar.
Seoladh Taighde, na deiseanna don Ghaeilge in Éire Aontaithe.
Tá feachtas nua á sheoladh ag an ngrúpa IMEASC inniu agus iad ag iarraidh brú a chur ar an rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach lena chinntiú go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do chuile pháiste sa tír ar mhian leo é.
Tá an saol liteartha in Éirinn faoi scamall an bhróin théis bháis an fhile agus an scríbhneora aitheanta Ghaeilge, Gabriel Rosenstock a fuair bás inné. Bhí sé 76 bliain d'aois.
In this episode, Stiofán Nutty and I talk about the challenges and triumphs of making Irish central to your life, raising children through Irish, the beauty and richness, wisdom and poetry of the language and how we can root ourselves in An Ghaeilge, making it central to our lives, regardless of previous experiences, study or lack of study!This is the first episode on my podcast which is fully (or 99% in Irish!) Feedback welcome :)Bainigí taitneamh as! Enjoy it!
Tá scéim nua scoláireachtaí fógraithe ag Gaeilge Iorrais agus Coláiste Uisce i Maigh Eo.
Ag caint ar an tsuim atá ag daoine ar fud na cruinne i gcúrsaí Gaeilge, d'fhreastal Staffan ar chúrsa Gaeilge in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus tá sé anois ag cur an Ghaeilge chun cinn ina thír dúchais.
Tugann Deirdre Ní Chonghaile léargas dúinn ar an chéad nuachtán trí Ghaeilge, An Gaodhal. Fios Feasa: Irischlár ina mbíonn plé ar chultúr agus na healaíona. Curtha i láthair ag Rossa Ó Sioradáin. Craolfar é Luan go hAoine ag a 20:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Ag caint ar dtús maidir leis an dóigh a bhfuil an cogadh sa Mhean Oirthear ag cur isteach ar an saol thall agus ansin ag tabhairt eolais maidir le Gaelscoil úr atá bunaithe ag pobal na tíre seo i Dubai le deis a thabhairt do phobal na hÉireann thall ansin an Ghaeilge a chleachtadh.
Dia daoibhse from LondonI'm writing this week's column in London. Today, Monday, I'm in the Royal Courts of Justice in a civil case that has been brought against me by three claimants, innocent victims, who were injured in three IRA bomb attacks in 1973 and 1996. They are alleging that I was party to those attacks.There was a small crowd of former British soldiers outside the Court and some in the court room itself. There were also some people with tricolours showing their support.Today the legal teams for the claimants and for me made their opening submissions. My legal team set out logically and clearly my position. In summary, they said that I have consistently rejected claims that I was in the IRA. In this case I am also stating emphatically and unequivocally that I had no involvement in the three bomb attacks. Moore St Bill wins Unanimous BackingMeanwhile the legal challenge being taken by the Moore Street Preservation Trust against the plans by developer Hammerson, to destroy much of the historic 1916 Battlefield site in Dublin, is up for mention shortly in another Court. This time in Dublin. However, the case itself is unlikely to be heard until the autumn.Last week an important draft piece of legislation - An Bille um Cheathrú Chultúir 1916, 2021 - the 1916 Cultural Quarter Bill – to designate the Moore Street 1916 battlefield site as a Cultural Quarter, received unanimous support when it was discussed at the Oireachtas Committee on Housing, Local Government and Heritage. This was an important moment in the campaign to save the Moore St Battlefield site. Among those who supported the Bill were Cathaoirleach Mícheál Carrigy TD (FG), Paul McAuliffe TD (FF), Senator Maria McCormack (SF), Seamus McGrath TD (FF), Senator Aubrey McCarthy (Independent) and Tommy Gould TD (SF).Seachtain na GaeilgeWe are in the midst of Seachtain na Gaeilge. It used to run for one just week, but its popularity is now such that it has been extended to cover the period from March 1 to 17 – St Patrick's Day.It is very appropriate that it has been officially confirmed that Fleadh Cheoil na hÉireann, which will take place this August, is already slated to return to Belfast next year. Fleadh Cheoil na hÉireann is the world's largest annual Irish traditional music festival and is expected to attract tens of thousands of visitors to Belfast.Is í Seachtain na Gaeilge an ceiliúradh is mó den Ghaeilge agus cultúr na hÉireann ar domhan. Bhí an oiread sin ráchairt uirthi gur síneodh amach chuig coicís í. Bíonn sí ar siúl ashan bhliain ó Márta 1 go dtí 17 - Lá Fhéile Pádraig.
Bhí an chéad chiorcal comhrá ar siúl i Halla Le Chéile i mBaile Uí Dhúinne sa Leith Triúch inné, agus tús á chur le sraith imeachtaí atá beartaithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal áitiúil.
Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok. Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn. Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í fosta. Tá leabhar úr scríofa aice, ‘Irish: History and Culture Through Language'. Is leabhar faoin Ghaeilge é, dírithe ar fhoghlaimeoirí, agus b'fhéidir a rá gur am tráthúil é dá leithéid, le borradh as cuimse tagtha ar an tsuim atá ann sa Ghaeilge le roinnt blianta anuas. Anuraidh, tháinig fás 600% ar úsáid na teanga ar TikTok agus tá an cuma air nach bhfuil sé sin ag laghdú i mbliana. Agus is léir nach in Éirinn amháin atá an suim sa teanga ag fás. Chuaigh leabhar Laura ar dhíol sna Stáit Aontaithe fiú sula raibh sé ar fáil anseo in Éirinn, agus tá sé anois ar fáil go domhanda. Ar Seachtain, labhraíonn Laura Pakenham faoina leabhar úr agus na míthuiscintí atá ann faoin Ghaeilge atá ina ‘pet peeve's' do Ghaelgeoirí. Foclóir: Borradh: Boom or explosion Teibí: Abstract Súigh isteach: Absorb Airím: I feel Achar ama: Time frame Fiúntach: Worthwhile Aistear: Journey Cinneadh: Decision Machnamh: Contemplation Ábhar: Content Éacht: Achievement Uathúil: Unique Easpa: A lack of Teangacha dúchasacha: Native languages Ábhar scoile: School subject Sáite: Immersed Leáigh: Melt Reoite: Frozen Diúltach: Negative Dearfach: Positive Is annamh: Seldom Dea-chleachtas: Good practice Bac: Block Cáin: Criticise Cothromaíocht: Balance Closleabhar: Audiobook See omnystudio.com/listener for privacy information.
Agallamh le Tim Sheridan agus Pacair Hutton de chuid The Gladstone Band faoi chaidreamh s'acu leis an Ghaeilge agus an ceol, agus iad ag ullmhú chun gig lán-Ghaeilge a dhéanamh ar an 13ú Márta i gCleary's mar chuid de cheiliúradh Raidió na Life ar Sheachtain na Gaeilge 2026 Tuilleadh sonraí: https://www.eventbrite.ie/e/seachtain-na-gaeilge-le-raidio-na-life-clearys-tickets-1983446106698?utm-campaign=social&utm-content=attendeeshare&utm-medium=discovery&utm-term=listing&utm-source=cp&aff=ebdsshcopyurl
Agallamh le Fiona Ní Gháibhín ar chaidreamh s'aici leis an cheol agus an Ghaeilge agus muid ag druidim i dtreo ceiliúradh Raidió na Life ar Sheachtain na Gaeilge Tuilleadh sonraí: https://www.eventbrite.ie/e/seachtain-na-gaeilge-le-raidio-na-life-clearys-tickets-1983446106698?utm-campaign=social&utm-content=attendeeshare&utm-medium=discovery&utm-term=listing&utm-source=cp&aff=ebdsshcopyurl
Agallamh le James Shannon de chuid IMLÉ faoi chúrsaí Gaeilge agus ceol - beo sa stiúideo Beidh James ar an ardán linn dé hAoine agus muid ag déanamh ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge Tuilleadh sonraí: https://www.eventbrite.ie/e/seachtain-na-gaeilge-le-raidio-na-life-clearys-tickets-1983446106698?utm-campaign=social&utm-content=attendeeshare&utm-medium=discovery&utm-term=listing&utm-source=cp&aff=ebdsshcopyurl
Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír.Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d'ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go ndíolfadh sé an loch ar an phraghas cheart ach tá sé míshásta anois go gcuireann daoine áirithe an locht airsean agus go dtugtar “bithiúnach” air. Rinne sinsear an iarla, an Ridire Arthur Chichester, sléacht sa cheantar timpeall an locha sa seachtú haois déag, agus tá an loch an seilbh an teaghlaigh ó shin i leith.Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus an iliomad imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain. I measc na n-imeachtaí beidh rití páirce, seisiúin scéalaíochta, maidineacha caife, ranganna damhsa, taispeáintí scannáin, oícheanta biongó agusneart deiseanna eile an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt. Is féidir an liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil ar scéal.ie. Is iad na ceoltóirí Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ón ghrúpa IMLÉ ambasadóirí na féile i mbliana. Tiocfaidh an fhéile chun deiridh Lá Fhéile Pádraig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISMurascaill na Peirse - the Persian Gulfsibhialtach - civilianbunáiteanna míleata - military basesbithiúnach - villainsléacht - slaughterrití páirce - park runs
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta, plé inniu ar an teanga a úsáideann daoine óga ar líne sa Ghaeltacht – Gaeilge nó Béarla? agus cé acu an bhfuil an Ghaeilge cheart le feiceáil ar léarscáil ar líne.
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú', agus s'iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha. Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí. Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap. Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Foclóir: Ceol a chumadh: To compose music Faitíos: Apprehension Aistrigh: Translate Béim: Emphasis Eispéireas: Experience Céad cuimhní: First memories Nósanna: Traditions or customs Éalú uaigh: Escape from it Drogall: Hesitation Seanchas: Storytelling Ag casadh ceol: Playing music Camchuairt: A tour A scaradh: To seperate Dushlán: Challenge Iomráiteach: Prominent Slí bheatha: Career Figh: Weave See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scoláirí UCC ag a bhfuil feachtas ar bun acu ag lorg go mbeadh oifigigh lán aimseartha don Ghaeilge agus Inbhuanaitheacht.
Labhraíonn Ola Majekodunmi le Cuán faoin méid a bheidh ar siúl aidci do Sheachtain na Gaeilge, cúrsaí cruthaíochta agus an t-imeacht 'Bí Aireach Ar Do Theanga'.
Labhraíonn Róisín Seoighe le Cuán faoina ról mar ambasadóir le Seachtain na Gaeilge 2026, agus faoina saothar ceoil.
Tá imní léirithe ag an Chomhairleoir Condae Martin Scanlon, ball de Choiste na Gaeilge faoina dóigheanna ina gcuirfear coinníoll teanga i bhfeidhm sna ceantracha Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge lag.
Tá díomá léirithe ag an gCumann Gaelach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste nach bhfuil tagairt ar bith don Ghaeilge sa dréacht-stráitéis comhionannais, éagsúlacht agus ionchuimsiú atá foilsithe le déanaí ag an Ollscoil.
Labhair siad faoin tábhacht go mbeadh an Ghaeilge lárnach i gcuid oibre na Comhairle Contae i nDún na nGall agus go mbeadh sé mar aidhm go mbeidh Comhairlí Contae eile ar fud an stáit seo ag baint úsáid rialta as an Ghaeilge agus tá tionscnamh úr seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe dírithe ar an cheist seo.
Upcoming EventsTá Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna, ag óstáil plé ar an Ghaeilge agus ar aontú na hÉireann Dé hAoine seo ag a haon a chlog sa Chultúrlann.In addition, Scoil Gheimhridh Uí Chadhain is hosting another discussion this Saturday at 11am on Protestants & a United Ireland, featuring Claire Mitchell and Dr Robbie McVeigh.Sinn Féin's Commission is hosting a people's assembly in Cork, on the 19th February 7pm at Rochestown Park Hotel. Bígí Linn. South & East Belfast Sinn Féin is hosting an evening discussion on what a world class, all-Ireland health system could look like and how we make it a reality. Chaired by Deirdre Hargey MLA, with Guest speaker David Cullinane TD and joined by panellists from across the health sector. The event will take place on the 12th of February 7pm at the Malone Lodge. Self-Determination and Democratic RightsFor decades now I have argued that self-determination is one of the big issues of our time. In 2005 I wrote: “In my view the big international struggle of our time is to assert democratic control by people over the decisions which affect their lives. This does not mean retreating behind existing borders and refusing contact with the outside world, but it does mean reasserting the primacy of democracy and working together in order to pursue this objective.”Mickey Brady – A Cheerful Change Maker. Mickey Brady, former Sinn Féin MLA and MP for Newry and Armagh died last week. His sudden death came as a great shock to his family and to all of us who knew and respected him. I had the great fortune to work closely with Mickey in the Assembly and I often campaigned with him during elections. Some people are really good canvassing during elections. They have that way of engaging with people on the streets and at the doorstep and Mickey was a master at it.He was always positive. He knew the issues impacting on people and he could speak from his years of experience as an elected representative and as a champion for their rights through his work in the Newry Welfare Rights centre.Report on Rural Health in a New Ireland publishedSinn Féin's Commission on the Future of Ireland last week published its latest report - ‘Delivering Rural Health and Care in a New Ireland.' The public event took place in Enniskillen in November.A packed hall heard from a panel of health activists, including Pat Cullen MP, Fr. Brian D'Arcy – writer and broadcaster, Paula Leonard, CEO of Alcohol Ireland and Denzil McDaniel, author and former editor of The Impartial Reporter. The discussion and report examines the challenges faced by rural communities trying to access all-Ireland cardiac services, autism services, cancer provision, suicide support services and A&E.It makes no sense that we run two entirely separate health systems trying to solve the same problems. The report of the Enniskillen Assembly can be accessed in English and Irish here: www.sinnfein.ie/futureofireland
Tá an Ghaeilge aitheanta go foirmiúil sa dlí i dTuaisceart Éireann ó chuir Státrúnaí na Breataine don Tuaisceart Hilary Benn ordú os comhair Pharlaimint Westminster inné.
Creideann siad go bhfuil lochtanna móra ar an mbealach go bhfuil marcanna bónais le tabhairt do scolairí Ardteiste 2026, a fhreagraíonn go hiomlán trí Ghaeilge ar obair scrúduithe scríofa.
Leagtar amach sa bPlean Gníomhaíochta a seoladh inné na gníomhartha a bheidh le déanamh leis an sprioc a bhaint amach faoi 2030 go mbeidh 20% d'earcaigh san earnáil phoiblí inniúil seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge.
An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn. Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann. I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing', ‘Twelve Thousand Days' agus ‘Fáinne Geal an Lae'. Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos. Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid? Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón? Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar. Foclóir: Ionadaíocht: Representation I mbéal an phobail: The talk of the parish Aonarach: Solitary Go smior: To the core Bua: Attribute or gift Siúinéir: Carpenter Spreag siad: They encouraged Fíodóireacht: Weaving Béaloideas: Folklore Finscéal: Fable/Legend Peaca: Sin Clúiteach: Renowned A thréigean: To abandon Cúthaileach: Shy Úrscéal: Novel Mórtas: Pride Tagairtí: References Slabhra: Chain See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá 2024 thart, faoi dheiridh - cad é mar a bhí sé mar bhliain? Ní raibh easpa ceannlínte ann a bhain siar asainn, anseo in Éireann agus níos faide i gcéin. Bhog Donald Trump ar ais isteach sa Teach Bán i Washington, bhí toghchán Uachtaránachta dár gcuid féin againn anseo in Éireann, ciontaíodh an laoch spóirt DJ Carey as calaois a dhéanamh, agus tháinig deireadh leis an ruaille buaille sa Chumann Camógaíochta agus ligeadh d'imreoirí brístí gairide a chaitheadh. Ach cad iad na scéalta nuachta a sheas amach dár bpainéal cainte? I bpodchraoladh a taifeadadh ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, pléann Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Ursula Savage agus Caoimhe Ní Chathail, na buaiteoirí is na caillteoirí a roghnaigh siad féin sna catagóirí thíos: Teip nó Triumph na bliana An scéal nach bhfuair an aird cheart Social media moment na bliana Cheap Shot ar an Ghaeilge na bliana Unexpected Icon na bliana Foclóir: Taidhleoireacht: Diplomacy Aontaithe: United/agreed Dothuigthe: Incomprehensible Rogha: Choice Ciníoch: Racist Círéibeacha: Riots Mianta: Wishes Borradh: Surge Intleacht shaorga: Artificial intelligence Rathúil: Successful Neodrach: Neutral Maígh: Claim Oiliúint: Training Gairm: Career Amscaí: Awkward See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal. Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí. Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bheith bródúil as i 2025. Ach i measc na scéalta a thug ardú meanma do na Gaeil, bhí scéalta ann a laghdaigh misneach fosta, go háirithe sa chóras oideachais agus díolúintí ó stáidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde riamh. Mar sin de, agus deireadh na bliana ag teannadh linn, cén rath a bhí ar ár dteanga dhúchasach i 2025? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Storm Eaton-Kilgallen faoi na ‘top-picks' atá aici féin don bhliain seo. Foclóir: Mórshiúl: March Gan teorann: Unrestricted Impleachta: Implications Trasteorann: Cross-border Gruama: Bleak Réabhlóideach: Revolutionary Malartú: Exchange or swap Gearchéim tithíochta - housing crisis Uafás: Horror Teanga oibre: Working language Míthuiscint: Misunderstanding Insealbhaithe: Inducted Neamhaird: Disregard Infheicthe: Visible Cúisithe: Accused Sceimhlitheoireacht: Terrorism See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba chéim stairiúil chun cinn é don teanga ó thuaidh nuair a ceapadh an Dr Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, mar Coimisinéir Gaeilge. Ach, leis na focail ‘weaponise' agus ‘divisive' in úsáid go minic agus an Ghaeilge á phlé ar na meáin Bhéarla ó thuaidh, an cailís nimhe é ról an Choimisinéara nua? Agus an féidir le Pól Deeds athmhuintearas a chothú idir an dá thaobh den scoilt teangeolaíochta ó thuaidh? Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Pól Deeds Foclóir: • Corraitheach: Tumultuous • Cúinsí: Circumstances • Cailís nimhe: Poisoned chalice • Leas-phríomhfheidhmeannach: Deputy Chief Executive • Sainchuntas: Specification • Craiceann thiubh: Thick skin • Cearrbhachas: Gambling • Riar: Administer • Athmhuintearas: Bridge-building • An dá thrá a fhreastal: To do two things at the same time • An pobal P.A.D: Protastúnach, Aontachtach, Dílseach • Naimhdeas: Animosity • Baol: Danger • Gaol: Relationship • Dea-chleachtas: Best practice • Reachtaíocht: Legislation • Linn: Pool • Díomhaoin: Idle • Aiseanna: Resources • Ceardlann: Workshop • Fealsúnacht: Philosophy • I dtaca le: RegardingSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Seolfar an leabhar Scéal Mhuirí Mhuigh Eo le Breandán Mac Conamhna in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine.
Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus', d'fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X', agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois? Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d'ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge? Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail Foclóir: Tionchairí: Influencers Ionadaíocht: Representation Folláin: Healthy Idirdhealú: Differentiation Leas a bhaint as: To make good use of Gairmiúl: Professional Borradh: Boom or growth I mbolgán: In a bubble Meall: Attract Imeallú: Marginalisation Fuinneamh: Energy Fotheidil: Subtitles Cos ar bolg: Repress Feiceálach: Visible Tearman: Sanctuary Figh: Weave Éascú: Facilitate See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá ceist na hOllscolaíochta thrí Ghaeilge,le plé ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais inniu.
Bhí ócáid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ar siúl oíche hAoine i mBaile Átha Cliath agus d'eirigh le CLG An Chlochán Liath Bonn Óir a bhaint amach agus tá Eugene agus Mary linn le cur síos a dhéanamh ar an ócáid.
An méid atá sa bPolasaí don Oideachas Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta, agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i scoileanna lán Bhéarla a seoladh inné.
Pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an t-ábhar ‘Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge'' le hionadaithe thar ceann Gaeloideachas ag cruinniú inniu.
Fógraíodh go hoifigiúil tráthnóna inné go bhfuil an Dr. Pól Deeds ceaptha anois mar Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sna Sé Chontae.
Palestine Must Be Free A population greater than that of Belfast has been moving back to the northern Gaza strip following the ceasefire announcement last week. Awaiting them is utter destruction. The infrastructure of Gaza has been levelled by the Israeli state's genocide. The return of the Gazans. is based on hope. Hope that humanitarian aid will arrive. Hope that the indiscriminate bombing by Israel and the deliberate slaughter of desperate, starving people at aid stations has stopped. Hope that the big powers – which have allowed this holocaust to go on for two years will ensure that this is a meaningful end to the war.Liam Mellows and the Irish Revolution – ‘a Very Important Book'I was very pleased to speak at the launch in Áras Uí Chonghaile last week of the latest edition of Desmond Greaves' wonderful book, ‘Liam Mellows. And the Irish Revolution.' Dr. Ruan O'Donnell, a Senior Lecturer in History, was instrumental in updating the book. Present also was Anthony and Muriel Coughlan. Anthony is Desmond Greaves literary executor. He is owed a debt of gratitude for his lifelong work on many issues, but especially the work of collating Desmond's writings. Oireachtas na SamhnaOireachtas na Samhna is coming to Belfast. The oldest Irish language festival in the country which celebrates an Ghaeilge, sean-nós music, dance, literature, recitation and even a rap music category - a sign of the times! Thousands of Gaeilgeoirí - families, children, young people and some older folk too, will gather in Belfast where the Oireachtas is being held for the first time since 1997. There will be lots of events, including competitions, book launches, conversations, live broadcasts and debates - all completely as Gaeilge.
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Dara Calleary scéim deontais nua inné do theaghlaigh atá ag cur lóistín ar fáil do scoláirí Ghaeilge le breis is sé bliana.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.*cabhlachán - flotillasoláthairtí fóirithinte - aid provisionsfuirseoir - comedianurlabhraí - spokespersondéantóir clár faisnéise - documentary maker
Bhí teacht le chéile ag múinteoirí agus ceannairí scoile in earnáil an Ghaeloideachais ag an dara leibhéal i Luimneach áit ar phlé siad na dúshláin agus na háiseanna atá ar fáil do mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge.
Deir an t-iar Aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach bhfuil aon bhealach go gcomhlíonfar an aidhm atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla go mbeadh 20% d'fhoireann na seirbhíse poiblí in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge.