POPULARITY
Tá sé fógraithe ag Comhairle Uladh den Chumann Lúthchleas Gael go mbeidh Cúrsa Cuimhneacháin Shéamuis de Faoite sna Dúnaibh ar siúl ón 30ú lá de Mheitheamh go dtí an ceathrú lá d'Iúil.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26a6ezva Contact: irishlingos@gmail.com Former Kerry football manager Mick O Iarbhainisteoir peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis. Former Kerry football team manager Mick O'Dwyer has died at the age of forty- eight. Tá iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis in aois a ocht mbliana agus ceithre scór. 'Micko' was one of Ireland's greatest sporting figures and won many medals, championships, trophies and awards as a player and manager throughout his life. Duine de mhórphearsana spóirt na hÉireann ab ea 'Micko' agus is iomaí bonn, craobh, corn agus gradam nach iad a bhuaigh sé mar imreoir agus mar bhainisteoir i gcaitheamh a shaoil. He won four All-Ireland championships as a player and eight championships as a pioneering manager of that famous elite team that Kerry had in the seventies and eighties. Ceithre chraobh Uile- Éireann a bhuaigh sé mar imreoir agus ocht gcraobh mar bhainisteoir ceannródaíoch ar an scothfhoireann cháiliúil úd a bhí ag Ciarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí. The Kerry team at that time, led by the Waterford man, were often in footy duels with the great Dublin team led by Kevin Heffernan, games that are deeply engraved and carved in stone for the Gaelic Athletic Association. Ba mhinic na Ciarraígh an uair úd, faoi stiúir fhear an Choireáin, i ndeabhaidh chosbháire le sárfhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Kevin Heffernan ina ceannas, cluichí atá greanta go domhain agus go snoite i gcloch oiris Chumann Lúthchleas Gael. Not counting the All-Ireland Championship, Mick O'Dwyer won the Munster Championship 23 times and the National League eleven times as both a player and manager. Gan Craobh na hÉireann a bhac, bhuaigh Mick O'Dwyer Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir araon. Although he was a staunch Kerryman, his talent was sought after in other counties as well and he was lured by teams that were not performing well – namely, Kildare, Laois, Wicklow and Clare – in the hope that he would turn the malt into ale, even though he was a man who had always abstained from intoxicating drink. Cé gur Ciarraíoch dílis go smior a bhí ann, bhí tóir ar a ardchumas i gcontaetha eile leis agus mealladh é ag foirne nach raibh ag cruthú go maith – mar atá, Cill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus an Clár – le súil go ndéanfadh sé leann den bhraich, siúd is go mb'fhear é a staon riamh ón deoch mheisciúil. In fact, Kildare won the Leinster Championship in 1998 and 2000 under the guidance of Mick O'Dwyer and that team reached the All-Ireland final in 1998, when they were beaten by Galway by four goals. Go deimhin, bhain Cill Dara Craobh Laighean i 1998 agus in 2000 faoi lámh stiúrtha Mick O'Dwyer agus chuaigh an fhoireann sin chomh fada le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, tráth a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu le ceithre chúilín. Mick O'Dwyer made his living as an innkeeper and undertaker in Waterville. Is mar óstóir agus adhlacóir sa Choireán a shaothraigh Mick O'Dwyer a bheatha. His first wife Mary Carmel died in 2012 and he married Geraldine Shields in 2023. Bhásaigh a chéad bhean chéile Mary Carmel in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023. He is survived by his sons John, Robbie and Karl. Maireann a chlann mhac John, Robbie agus Karl. He was predeceased by another son, Michael. Bhásaigh roimhe mac eile, Michael. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Bhí agóid ar siúl níos luaithe ar maidin ag baill den Chumann Lúthchleas Gael taobh amuigh den Ard Chúirt i mBéal Feirste agus iad ag léiriú tacaíocht don fhorbairt atá beartaithe ar bhóthar an A5.
Príomhoide na scoile, Tomás Ó Sé agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns.
Cuirfear tús tráthnóna inniu le Comhdháil Bhliaintúil Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Dhún na nGall.
Eolas faoi Chomhdháil Náisiúnta an Chumann Lúthchleas Gael atá ar siúl i mBaile Dhún na nGall inniu agus amárach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders
Bhí oíche mhór i bPáirc an Chrócaigh oíche hAoine nuair a bronnadh boinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar chlubanna Chumann Lúthchleas na Gael na tíre agus d'éirigh le CLG Ghaoth Dobhair bonn ór a bhaint.
Fógraíodh le gairid go bhfuil maoiniú de €22,000 á chur ar fáil do Chumann Lúthchleas Gael Acla faoin gCiste Infheistíochta do Lárionaid Pobail.
Tá an-díomá ar Chumann Lúthchleas Gael an Daingin nach bhfuair siad aon phingin de dheontas ón gCiste Mór-Infrastruchtúir spóirt a d'fhógair an Rialtas Dé Luain.
Bhronn teaghlach Jimmy Birmingham corn cuimhneacháin ina chuimhne ar Chumann Lúthchleas Gael na gCrócach an deireadh seachtaine seo.
Ag caint ar an nasc idir cursaí Chumann Lúithchleas Gael agus cursaí polaitíochta i gCiarraí le breis agus 100 bliain i bhfianiase chinneadh Billy O'Shea a ainm a chur chun cinn d'Fhine Gael sa dáilcheantar.
Is ar chúrsaí iománaíochta a bheas aird lucht leannta an Chumann Lúthchleas Gael sa chontae seo dírithe air an deireadh seachtaine seo agus na cluichí ceannais craoibhe ar siúl amárach.
Tá Gearóidín beo ó Páras na Fraince le rása Sara Lavin, fuair sí an séú áit. Tá Dympna ag labhairt ar éacht Mark thall i bPáras na Fraince. Tá Roseleen ag labhairt faoin chumann agus an tionchar a bhéas ag na cluichí Oilimpeacha orthu. Tá Eddie ag labhairt ar Sinead a bhéas ag reáchtáil sa mharatón Dé Domhnaigh ar son na hAstráile.
Uachtarán ar an gCumann Lúthchleas Gael ag labhairt faoi bhás an Mhuircheartaigh agus an tionchar a bhí aige tríd na glúnta.
Clár iomlán d'Iris Aniar ag labhairt le baill de Chumann Lúthchleas Gael na Ceathrún Ruaidh faoin gcumann mar a bhí, mar atá agus faoi thodhchaí an chumainn.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospartaigh, ina n-amhrastaigh nó ina bhfiannéithe. Dúradh sa tuarascáil fosta go ndearnadh 500 iarratas ar shonraí a bhain le dlíodóirí le linn na tréimhse céanna. D'iarr Amnesty International agus Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go ndéanfaí fiosrúchán ar ghníomhaíocht faireachais póilíneachta. Tagann sé i ndiaidh líomhaintí cúirte go ndearnadh monatóireacht mhídhleathach ar ghutháin de chuid roinnt tuairisceoirí. Dúradh sa tuarascáil go raibh na hócáidí ina ndearnadh iarracht foinse iriseora a aithint bainteach le himscrúduithe ar “nochtadh neamhúdaraithe” fhaisnéis nó dhoiciméid an PSNI. Dúirt an PSNI go ndéanann sé thart ar 8,500 iarratas sonraí cumarsáide gach bliain. Ach, i ráiteas, dúirt an Bord Póilíneachta nár thug an tuarascáil “gach ráthaíocht a bhí de dhíth ar dhaoine”. Ní ba luaithe an tseachtain seo, d'fhógair an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher go ndéanfaidh dlíodóir, Angus McCullough KC, athbhreithniú ar chúrsaí faireachais.Cháin príomhfheidhmeannach na Náisiún Aontaithe ionsaí a rinne Iosrael ar scoil a bhí á reáchtáil ag na Naisiúin Aontaithe le déanaí. Líomhnaíonn Iosrael go raibh “comhdháil Hamas” á reachtáil sa scoil. Dúirt dochtúirí Gaza gur maraíodh 40 duine ar a laghad. “Níl ann ach sampla uafásach eile den phraghas atá á íoc ag sibhialtaigh, go bhfuil fir, mná agus leanaí na Palaistíne faoi chos agus iad díreach ag iarraidh maireachtáil” a dúirt urlabhraí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres. "Beidh gá le cuntasacht as gach rud a tharla in Gaza," a dúirt sé. Tá iarrtha ag na Stáit Aontaithe ar Iosrael a bheith fírinneach faoin ionsaí seo - lena n-áirítear ar maraíodh leanaí san ionsaí. Dúirt an tUasal Miller gur chreid polaiteoirí na Stát Aontaithe measúnuithe agus tuairisc Iosrael go bhfuil Hamas i bhfolach uaireanta i mbonneagar sibhialta, ach dúirt sé go raibh sé ag fanacht le faisnéis ar an ionsaí is déanaí. Thuairiscigh Iosrael gur bhuail siad an scoil mar ionsaí ón aer, spriocdhírithe ar níos mó ná 30 trodaithe Hamas taobh istigh, ach dúirt oifigeach Palaistíneach gurb iad 40 duine lena n-áirítear mná agus leanaí a maraíodh agus iad ag baint úsáid as an suíomh NA mar fhoscadh. Tá rogha de thráchtaireacht bheo as Gaeilge i measc na bhféidearthachtaí atá á bplé ag an tseirbhís sruthaithe GAAGO do na cluichí craoibhe ar fad a chuirtear ar fáil ar líne, a thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, le fios. Mheabhraigh Ó Broin nach raibh cluichí Gaelacha á sruthú ag an gCumann cúig bliana ó shin ach nuair a tharla an phaindéim go raibh dualgas ar CLG an cumas a chruthú. “Craoladh 222 cluiche Gaelach anuraidh le tráchtaireacht i nGaeilge as 300 – ní olc sin nuair a smaoiníonn tú air agus ba bhreá linn é sin a dhéanamh,” a dúirt sé, agus é ag caint ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar na mallaibh. “Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an BBC ábalta é a dhéanamh agus fiú an BBC, b'fhéidir go dtiocfadh le GAAGO féachaint air sin . Tá cuid mhór féidearthachtaí ag GAAGO gan amhras agus sin ceann de na féidearthachtaí atá againn, beidh muid ag breathnú agus ag leathnú amach na seirbhíse agus, insan todhchaí, má leanaimid sa treo ina bhfuil muid ag dul, sílim go dtiocfaidh linn sin a dhéanamh," a dúirt sé. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS íospartaigh - victims amhrastaigh - suspects fiannéithe - witnesses bonneagar sibhialta - civil infrastructure tráchtaireacht bheo - live commentary féidearthachtaí - possibilities
An tseachtain seo labhraíonn Eoin Ó Cátháin faoi RTÉ, Toghchán Uachtaránachta Mheiriceá agus Kate Middleton, Aoife Granville faoi chás Kneecap le Comhairle Ealaíon na Breataine, Louisa Ní Éideáin faoi easpa scéalta nua i scannáin agus teilifís agus Willy's Chocolate Experience i nGlaschú agus Daragh Ó Conchúir faoi Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael.
Off The Ball's GAA correspondent Tommy Rooney spoke to Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy & Camogie Association President Hilda Breslin at the media update on the integration process of the GAA, LFGA and Camogie Association.
Bronnfar Gradam Uachtarán CLG ar Shéamus Mac Ruairí as Anagaire ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inniu. Bhéarann na Gradaim seo aitheantas do dhaoine áirithe as an tseirbhís a thugann siad don Chumann Lúthchleas Gael.
Ag labhairt faoin giom nua atá i gceist a dhéanamh i Rosmuc.
Tháinig ionadaithe ó Chumann Lúthchleas Gael agus RTÉ os comhair Comhchoiste na Meán inné le plé a dhéanamh ar a bhfuil I ndán don chraoltóireacht spóirt agus pléadh an chonspóid faoin tseirbhís GAAGO.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann Lúthchleas Gael. Níor buaileadh Ciarraí sa chraobh i gCill Áirne le naoi gcluiche is tríocha, ó bhí 1995 ann, go dtí gur chuir Maigh Eo faoi smacht iad an Satharn seo caite. Bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh thar Thír Eoghain freisin, agus chríochnaigh Sligeach ar comhscór le Cill Dara. Tá neart cluichí le himirt an deireadh seachtaine seo, agus beidh Ros Comáin ag súil le caighdeán ard neamhbhuailte na bhfoirne Connachtacha a choimeád ar siúl, agus iad ag imirt i gcoinne Bhaile Átha Cliath. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, chaith Ron DeSantis, gobharnóir Florida, a hata san áireamh i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Phobhlachtánaigh chun iarrthóir uachtaránach a roghnú. Bhí sé ag iarraidh an fógra a dhéanamh beo ar Twitter, le chéile le Elon Musk, acht do rinne fadhbanna móra teicniúla praiseach de. D'éirigh príomhinnealtór Twitter as a phost an lá dá gcionn. Tá leathnú cearta gunna, maoiniú a bhaint de scéimeanna éagsúlachta agus cosc ar leabhair áirithe luaite ag DeSantis mar pholasaithe dá chlár rialtais, rud a rinne laoch de i measc na gcoimeádach agus bithiúnach i measc forásaithe. I Londain an deireadh seachtaine seo, tá an Ghaeltacht Cois Tamaise ar siúl arís. Is é an t-imeacht is mó le Conradh na Gaeilge i Londain i rith na bliana, agus thart ar caoga Gaeilgóirí ag freastal air. Thosaigh an deireadh seachtaine le PopUp Gaeltacht aréir, agus tá dianchúrsaí Gaeilge ar siúl ar trí leibhéil ar an Satharn agus ar an Domhnach. Imeachtaí eile ar siúl ná ceardlann amhránaíocht ar an tsean-nós, agus siúlóid Ghaelach in Westminster. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS céim na ngrúpaí - the group stage an lámh in uachtar - the upper hand toghchán tosaigh - primary election scéimeanna éagsúlachta - diversity schemes dianchúrsaí Gaeilge - intensive courses in Irish amhránaíocht ar an tsean-nós - sean-nós singing
Beidh Gaeil Leitir Ceanainn ag tabhairt aghaidh ar Chraobh Uladh don chéad uair riamh, áit a gcasfaidh siad ar Dhoire Núis, Ard Mhacha, sa Chraobh Shóisir, De Domhnaigh.
Osclóidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Larry McCarthy agus an tAire Stáit Jack Chambers áiseanna úra CLG Dhún na nGall i gConmhaigh go hoifigiúil ag meán lae inniu.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ermydu3 Contact: irishlingos@gmail.com Allegations of an assault on a child at a GAA match being investigated. Líomhaintí faoi ionsaí ar pháiste ag cluiche CLG á bhfiosrú. Gardaí are investigating allegations of an alleged attack on a child during a game under 9 Gaelic Athletic Association in Co Tipperary. Tá líomhaintí faoi ionsaí a deirtear a rinneadh ar pháiste le linn cluiche faoi 9 Chumann Lúthchleas Gael i gCo Thiobraid Árann á bhfiosrú ag na Gardaí. Munster Council, GAA are also investigating the matter. Tá Comhairle na Mumhan, CLG ag fiosrú an scéil freisin. It is understood that the child was injured when a man went on the playing field. Tuigtear gur gortaíodh an leanbh nuair a chuaigh fear ar an bpáirc imeartha. The incident happened during a blitz competition that was held in MacMurris Park near Semple Stadium in Thurles last Saturday morning. Tharla an eachtra le linn blitzchomórtais a bhí ar siúl i bPáirc Mhic Mhuiris in aice le Staid Semple i nDurlas ar maidin Dé Sathairn seo caite. The spokesperson for Munster Council said that a report is awaited from those who organized the blitz competition. Dúirt urlabhraí Chomhairle na Mumhan go bhfuiltear ag fanacht le tuairisc ón dream a d'eagraigh an blitzchomórtas. The cause of concern in the Gaelic Athletic Association at the moment is the number of clashes at Gaelic games in different parts of the country over the past three months. Údar imní i gCumann Lúthchleas Gael faoi láthair is ea an líon achrann ag cluichí Gaelacha in áiteanna éagsúla sa tír le trí mhí. Two GAA mentors in Wexford and another in Roscommon have recently been suspended by the organization due to various incidents. Tá beirt mheantóirí CLG i Loch Garman agus duine eile i Ros Comáin curtha ar fionraí ag an eagraíocht le gairid de bharr eachtraí éagsúla.
Tá sé tugtha le fios ag réiteóirí Chumann Lúthcleas Gael i gContae Chiarraí, go bhfuil siad le sraith cruinnithe a eagrú le Cumainn agus le Boird Réigiúnacha an Chontae, chun dul i ngleic le fadhb an drochíde a fhaigheann réiteoirí ag cluichí áirithe.
Deir CLG an Daingin, a bhí i bhfeighil an fheachtais bailithe airgid don gcomórtas ‘WIN A HOME IN DINGLE', ná raibh an 12,000 ticéad a bhí mar sprioc acu a dhíol, díolta, agus gur de bharra sin a deineadh an cinneadh an tarrac le cur ar athló ar feadh dhá mhí. Labhair an Cathaoirleach le Sláine Ní Chathalláin.
Conas dul i ngleic le fadhbanna smachta i gcluichí Chumann Lúthchleas Gael?
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine seo nach bhfuil Gaeilgeoirí abálta an Ghaeilge a úsáid go cothrom i dTuaisceart Éireann. Tháinig daoine ó achan coirneál den tír, le cur in iúl do pholaiteoirí go bhfuil siad ag fanacht go fóill. Gheall Comhthionól Chnoc an Anfa agus Rialtas na Breataine Acht Gaeilge mar chuid den phacáiste cúlturtha sa chomhaontú "New Decade, New Approach" in 2020, agus Dé Céadaoin, faoi dheireadh thar thall, tógadh reachtaíocht maidir le Gaeilge agus Ultais araon isteach in Westminster. Tháinig ardú €15.55 billiún ar shaibhreas na mbilliúnaithe in Éirinn i rith Covid, dé réir tuairisc úr a rinne an carthanas Oxfam. Is é sin ardú 55% ar shaibhreas na ndaoine seo, 15 billiúnaí san iomlán, a thógann méid airgid eatarthu go €55 billiún. Dúirt Jim Clarken, stiúrthóir Oxfam in Éirinn gur brabúsach an rud é an phaindéim do na daoine seo, agus gurb é an t-ardú costas maireachtála a lean an phaindéim a thug seans do bhilliúnaithe níos mó airgid a thuilleadh. Idir an dá linn, a deirtear sa tuairisc "Profitting from Pain", tá dúshlán mór roimh na milliúin daoine faoi latháir agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ardú atá tágtha ar an chostas maireachtála. Tá grúpa mac léinn ó Ollscoil Rutgers in New Jersey Mheiriceá tagtha go hÉirinn an tseachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an tacaíocht atá ar fáil don teanga agus don chultúr Gaelach. Tháinig dhá dhuine dhéag, atá ina mic léinn cumarsáide, go hÉirinn ag tús na seachtaine. Caithfidh siad am sa Cheathrú Rua, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar obair Raidió na Gaeltachta, a cheiliúir 50 bliain ar an fhód le déanaí, agus TG4, agus casfaidh siad le hionadaithe ón dá sheirbhís. I mBaile Átha Cliath tabharfaidh siad cuairt ar Chonradh na Gaeilge agus ar cheanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh. D'eascair an cúrsa as cuairt a thug Ollamh an chúrsa ar an Cheathrú Rua cúpla bliain ó shin. Chonaic sí an borradh atá faoi thionscal na meán cumarsáide i gConamara agus mheas sí go raibh ábhar ann le gearrchúrsa a fhorbairt sa réimse staidéir a bhfuil plé aici leis in Ollscoil Rutgers. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gléasta - dressed Ultais - Ulster-Scots saibhreas na mbilliúnaithe - the wealth of billionaires brabúsach - profitable borradh - growth, boom réimse staidéir - field of study
Tá áiseanna breise le forbairt ag Cumann Lúthchleas Gael Naomh Náille i bparóiste Inbhear ar chostas de thart ar mhilliún euro.
Seoladh an feachtas ‘Hurling for Hope' an tseachtain seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Grúpa cairde, imreoirí agus ball foirne ó Chumann Lúthchleas Gael Bhéal Átha hAmhnais i Maigh Eo a tháinig le chéile chun airgead a bhailiú do dhá charthanacht, Oispís Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus Cumann Néarón Luadrach na hÉireann.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ya3anock Ashling Murphy: "a young woman who spreads joy and love". Ashling Murphy: "bean óg a scaip aoibhneas agus grá". Ashling Murphy, the young woman who was killed in Tullamore last week, was buried in Co Offaly today. Adhlacadh i gCo Uíbh Fhailí inniu Ashling Murphy, an bhean óg a maraíodh i dTulach Mhór an tseachain seo caite. Ashling Murphy, a 23 - year - old teacher, was assaulted and killed on a sidewalk alongside the Grand Canal in Cappacurra, Tullamore, at around 4pm last Wednesday evening. Ionsaíodh agus maraíodh Ashling Murphy, múinteoir 23 bliain d'aois, ar chosán taobh leis an gCanáil Mhór i gCeapach an Churraigh, Tulach Mhór, ag thart ar 4 a chlog tráthnóna Dé Céadaoin seo caite. One of the main funerals at this morning's Mass at St. Brigid's Church in Bolas Hill was the family of Ashling Murphy - Raymond and Kathleen - her sister Amy, brother Cathal and partner Ryan Casey. Ar na príomhshochraidigh ag an Aifreann éagnairce i Séipéal Naomh Bríd i gCnocán Bhólais ar maidin, bhí muintir Ashling Murphy - Raymond agus Kathleen - a deirfiúr Amy, a deartháir Cathal agus a páirtí Ryan Casey. Leading celebrant Father Michael Meade said in his address that Ashling was a triumph of victory snatched from his family and party. Dúirt an príomhcheiliúraí an tAthair Michael Meade ina aitheasc gur séad bua ab ea Ashling a sciobadh óna teaghlach agus óna páirtí. She is a person, he said, who has given joy, love, excitement and laughter to many people. Duine í, a dúirt sé, a dháil aoibhneas, grá, sult agus gáire ar a lán daoine. Father Meade also pointed out that many questions have been raised in the community since Ashling 's death and that he hoped that the necessary change in circumstances would come in the light of what had happened to the young woman. Thug an tAthair Meade le fios chomh maith gur tógadh go leor ceisteanna i measc an phobail ó maraíodh Ashling agus go raibh súil aige go dtiocfadh an t-athrú a bhfuil gá leis ar chúrsaí i bhfianaise ar tharla don bhean óg. Bishop of Meath Dr Thomas Deenihan was also one of the celebrants of the Mass and said that Ashling 's murder casts doubt on people's attitudes towards women, and challenges our values and morals. Bhi Easpag na Mí an Dr Thomas Deenihan ar dhuine de cheiliúraithe an Aifrinn chomh maith agus dúirt seisean go gcaitheann marú Ashling amhras ar dhearcadh daoine ar mhná, agus go dtugann sé dúshlán ár gcuid luachanna agus ár moráltachta. As they read the public prayer, Ashling's cousins drew attention to all the beeping that took place in his honor throughout Ireland and abroad. Agus guí an phobail á léamh acu, tharranig col ceathracha Ashling aird ar na bigilí ar fad a bhí ar siúl ina hónóir ar fud na hÉireann agus thar lear. It has been argued that these beggars would be the beginning, the end of violence against women. Impíodh gur tús a bheadh sna bigilí sin, tús an deiridh le foréigean ar mhná. Also present at the funeral were many of his friends from school, college, the Gaelic Athletic Association and Comhaltas Ceoltóirí Éireann. I láthair ag an tsochraid chomh maith, bhí go leor dá cairdre ón scoil, ón gcoláiste, ó Chumann Lúthchleas Gael agus ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Ashling was a member of the Athboy Fellowship. Bhí Ashling ina ball de Chomhaltas Bhaile Átha Buí. Ella Flaherty, Ashling's best friend since they were children, was among the local musicians who played the music at Mass. Bhí Ella Flaherty, cara cléibh Ashling ó bhí siad ina bpáistí, i measc na gceoltóirí áitúla a chas an ceol ag an Aifreann. A number of symbols of Ashling's life were brought to the altar in her homage - a fiddle, a Kilcormac / Killaghy camogie jumper, a picture of her family, a school book and a photograph of herself. Tugadh roinnt samhailchomharthaí ar shaol Ashling chun na haltóra ina hómós - fidil,
Plé ar chúrsaí an Chumann Lúthchleas Gaeil, agus na cluichí a bheas ar siúl i gCraobhacha Uladh an deireadh seachtaine seo.
Ag cur síos ar chluichí leathcheannais sraith Allianz a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Tá Seáinín ag tabhairt faoi shiúlóid urraithe Dé Luain seo chugainn ar mhaithe le Ciste Traenála Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail. Fógraíodh i dtuarascáil chróinéara Dé Máirt go raibh deichniúir íospartach sléachta i mBaile Uí Mhurchú i mBéal Feirste in 1971 go hiomlán neamhchiontach agus níorbh iad aon bhagairt ar na saighdiúirí a dhúnmharaigh iad. Tháinig an breithiúnas seo i ndiaidh feachtas fada chun ainmneacha na n-íospartach a ghlanadh. Cáineadh príomh-aire na Ríochta Aontaithe Boris Johnson mar níor ghabh sé leithscéal poiblí as an choir. Agus idir an dá linn sa Tuaisceart, ceapadh Edwin Poots mar cheannaire ar an Pháirtí Aontachtach Daonlathach, sa chéad toghchán ceannaireachta a bhí acu riamh. Chuaigh an ghéarchéim sa Mheánoirthear in olcas inné nuair a bhí ar dhaoine i dtuaisceart Gaza a mbaile a thréigean roimh ionsaithe ón aer, ón fharraige agus ón talamh a rinne Fórsaí Cosanta Iosrael. Tá níos mó ná 120 duine marbh san fhoréigean, 31 páiste ina measc. Thosaigh an ghéarchéim sa cheantar Sheikh Jarrah in Iarúisailéim Thoir, áit a bhfuil grúpaí Giúdacha ag iarraidh Palaistínigh a chur amach. Tá imní ann go dtarlóidh an foréigean is measa ó bhí 2014 ann. Tá séasúr Chumann Lúthchleas Gael linn arís. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo. Mar gheall ar an phaindéim scarfar na ranna ina dhá leath i mbliana, tuaisceart agus deisceart, amhail Leath Cuinn agus Leath Moga fadó. Imreoidh Dún na nGall in aghaidh Thír Eoghain san Ómaigh, agus Gaillimh in aghaidh Ciarraí i dTrá Lí sna chéad chluichí Dé Sathairn. Cuireadh tús leis an tSraith Náisiúnta Iománaíochta seachtain ó shin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tuarascáil chróinéara - coroner's report íospartach sléachta - victim of massacre ionsaithe - attacks foréigean - violence roinn/ranna - division/divisions fadó - long ago
Thosaigh na lúthchleasaí ag traenáil inné arís, Rosaleen ag cur síos ar na rialacha atá le comhlíonadh acu. Bhí cláracha traenála acu ar líne le linn na dian ghlasála.
Tá fóirne fé aois Chumann Lúthchleas Gael thar n-ais i mbun traenáila ó thráthnona inné. Bhí scóp ar óige Naomh Abán Bhaile Bhúirne an deis a bheith acu.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ygb6y2yf Review of references in rape cases required. Athbhreithniú ar theistiméireachtaí i gcásanna éignithe á éileamh. Video Journalist Rape Crisis Network Ireland says the rules on testimonials that come before the court in rape cases should be reviewed. Iriseoir Fise Deir Rape Crisis Network Ireland gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le teistiméireachtaí a thagann faoi bhráid na cúirte i gcásanna éignithe. This is stated in the light of supporting testimonies written for a man from Dingle who was convicted of raping a woman. Deirtear an méid sin i bhfianaise teistiméireachtaí tacaíochta a scríobhadh d'fhear ón nDaingean a ciontaíodh in éigniú mná. Last week, Conor Quaid from Dingle was sentenced to eight years in prison in the Central Criminal Court. An tseachtain seo caite, sa Phríomhchúirt Choiriúil gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar Conor Quaid ón nDaingean. Conor Quaid, 26, was convicted of raping a young woman while she slept in her own home in 2018. Ciontaíodh Conor Quaid atá 26 bliain d'aois as bean óg a éigniú le linn di bheith ina codladh ina tigh féin i 2018. Before he was sentenced to prison a number of testimonials about Conor Quaid's character were brought before the court. Sula gearradh téarma priosúin air cuireadh roinnt teistiméireachtaí faoi charachtar Conor Quaid os comhair na cúirte. These included testimonials from home businessmen, a former member of An Garda Síochána and a member of Dingle Gaelic Athletic Association. Ina measc, bhí teistiméireachtaí tacaíochta ó fhir ghnó ar an mbaile, iar-bhall den Gharda Síochána agus ball de Chumann Lúthchleas Gael an Daingin. Today's Kerry's Eye publication focused on the testimonies and the dissatisfaction and anger shown by the woman's children about them. Dhírigh scéal i bhfoilseachán Kerry's Eye an lae inniu ar na teistiméireachtaí agus an mhí- shástacht agus fearg atá léirithe ag clann na mná fúthu. On RTÉ 's Liveline program today, a letter from the woman' s family was read outlining the shock that follows these testimonials. Ar chlár Liveline ar RTÉ inniu, léadh amach litir ó chlann na mná a chuir síos ar an suathadh a leanann na teistiméireachtaí tacaíochta seo. Clíona Saidléar, director of Rape Crisis Network Ireland, says the system of character references in rape cases should be reformed. Deir Clíona Saidléar, stiúrthóir Rape Crisis Network Ireland, gur chóir córas na dteistimiréachtaí charachtair i gcásanna éignithe a leasú. "If you think about the other side, the 'victim impact statements' or the statement that comes from the victim, there are very definite rules about what the victim can say at that point. "Má smaoiníonn tú ar an dtaobh eile, na 'victim impact statements' nó an ráiteas a thagann ón íobartach, tá rialacha ana-dheimhin ag baint le cad is féidir leis an íobartach a rá ag an bpointe sin. There are no rules as to what can be said in the character test of the convicted person. Níl rialacha ag baint le cad is féidir a rá i dteistiméireacht charachtair an duine atá ciontaithe. Maybe we need to look at putting rules in place here. " B'fhéidir go gcaithfimíd féachaint ar rialacha a chur in áit anseo." she said. a dúirt sí. In the evening, a spokesperson for the Dingle Gaelic Athletic Association told RTÉ News that the association had nothing to do with the testimonial sent by a member, that it was sent on a personal basis and that the scribe was appointed after the testimonial had been sent. on the committee of the society. Tráthnóna duirt urlabhraí thar ceann Chumann Lúthchleas Gael an Daingin le Nuacht RTÉ nach raibh aon bhaint ag an gcumann leis an teistiméireacht a sheol ball dá chuid, gur ar bhonn pearsanta a seoladh í agus gur tar éis don teistiméireacht sin a bheith seolta a ceapadh an scríobhaí ar choiste an chumainn.
Labhraíonn Declan Hannon, ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 agus captaen ar fhoireann iománaíochta Luimnigh a bhain Corn Liam Mhic Cárthaigh faoi dhó (2018 agus 2020), le Seán faoina thaithí mar ambasadóir, a haistear féin le Gaeilge, Gaeilge sa Chumann Lúthchleas Gael agus moltaí do fhoghlaimeoirí le cur lena gcuid Gaeilge.
Tá Sports Direct le urraíocht a dhéanamh ar Chumann Lúthchleas Gael Chorcaí. Cad is dóigh le muintir Chorcaí fén gcleamhnas seo?
Ag cur síos ar Comhdháil bhliantúil Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall ar siúl ar líne aréir agus roinnt daoine úr ceaptha i bpostanna éagsúla agus tá roinnt eile le líonadh go fóill.
Céad bliain ar aghaidh ó dúnmharaíodh ceathrar duine dhéag i bPáirc an Chrócaigh tugann Conall Ó Máirtín cuairt ar Pháirc an Chrócaigh chun oidhreacht agus tionchar an lae sin ar Chumann Lúthchleas Gael a mheas. Sa chlár labhraíonn sé le Jamie Ó Tuama, Oifigeach na Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael agus le Dónal Mac an Ailín, staraí Chumann Lúthchleas Gael. Chomh maith leis sin, tugann Conall cuairt ar reilg Glas Naíon i mBaile Átha Cliath. One hundred years on from the murder of 14 people in Croke Park Conall Ó Máirtín visits Croke Park to assess the legacy and influence of that day on the G.A.A. He speaks to Jamie Ó Tuama, the G.A.A.'s Irish language Officer and to G.A.A. historian Dónal Mac an Ailín and also visits Glasnevin Cemetery in Dublin.
Leabhair, Léitheoireacht agus Cúrsaí Eile: Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn i gcomhrá le Manchán Magan File agus scríbhneoir do pháistí í Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn. Bhuaigh trí cinn dá húrscéalta (Daideo, Hata Zú Mhamó & Boscadán) Gradam Reics Carló (Leabhar Gaeilge na Bliana). Bhuaigh Daideo Gradam Ficsin Leabhair Pháistí Éireann chomh maith le Gradam Leabhar na Bliana ó Chumann Léitheoireachta na hÉireann. Tá 26 leabhar do dhaoine óga foilsithe aici agus 5 chnuasach filíochta do dhaoine fásta. Údar agus craoltóir é Manchán Magan a bhfuil go leor cláir teilifíse déanta aige. Tá dhá úrscéal scríofa aige chomh maith le leabhair éagsúla faoi chúrsaí taistil. Scríobhann sé colún taistil don Irish Times agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar an raidió. Is iomaí clár faisnéise atá curtha i láthair aige faoi chúrsaí taistil agus faoi chultúir idirnáisiúnta. Is é an leabhar is déanaí dá chuid ná Thirty Two Words for Field. Is togra de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate na nÓg a fhaigheann tacaíocht ón Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Leabhair Pháistí Éireann, Éigse Éireann agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Books, Reading and Other Matters: Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn in conversation with Manchán Magan Áine Ní Ghlinn is a poet and children’s writer and is Laureate na nÓg 2020 – 2022. Three of her YA novels have won Gradam Reics Carló (Irish Language Book of the Year). Daideo also won a CBI fiction award and LAI Book of the Year. To date, she has published 5 collections of poetry and 26 books for children and young adults. Manchán Magan is a writer and documentary-maker. He has written numerous books on his travels and two novels. He writes occasionally for The Irish Times, reports on travel for various radio programmes, and has presented dozens of documentaries on issues of world culture. His latest book is Thirty-Two Words for Field. Laureate na nÓg is an initiative of the Arts Council, managed on the Council’s behalf by Children’s Books Ireland, with the support of the Arts Council of Northern Ireland, the Department of Children and Youth Affairs and Poetry Ireland.
Tús dhá chur ag Músaem an Chumann Lúthchleas Gael le comóradh Dhomhnach na Fola an deireadh seachtaine seo.
Seán Ó Síocháin, amhránaí agus iar-Uachtarán ar an Chumann Lúthchleas Gael ag ceol 1. An Maidrin Rua; 2. 3. Rince Philip an Cheoil.
Pléann an tOllamh le Gaeilge Regina Uí Chollatáin agus an léachtóir Gaeilge an Dr Cathal Billings agus an staraí ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael an Dr Dónall Mac an Aillinn an t-athbheochan cultúrtha a tharla ag deireadh na naoú haoise déag agus an mbeadh féiniúlacht neamhspleách againn murach é.
Ar an gclár seo chualamar ó Chaoimhe Ní Mhuilleoir i bPáras faoin 'An Ghaeltacht sur Seine', eagraíocht Ghaelach sa chathair agus na himeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl sa chathair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. D'inis sí dúinn faoi chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ann freisin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Dhónall(Danny) Doyle in Kingston, Ontario faoi stair na Gaeilge is na Gaidhlige i gCeanada agus faoi léacht a thug sé ar an ábhar in Ollscoil na Banríona i Kingston le déanaí.