SiúnCast

Follow SiúnCast
Share on
Copy link to clipboard

Siún ag labhairt lena hathair faoi chúrsaí an tsaoil. Siún chats with her Dad about life.

Seán Ó Duinnín


    • Apr 1, 2021 LATEST EPISODE
    • weekdays NEW EPISODES
    • 23m AVG DURATION
    • 24 EPISODES


    Search for episodes from SiúnCast with a specific topic:

    Latest episodes from SiúnCast

    Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide

    Play Episode Listen Later Apr 1, 2021 27:48


    Comhrá thar a bheith taitneamhach leis an gcraoltóir raidió agus teilifíse Dara Ó Cinnéide.

    Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh

    Play Episode Listen Later Mar 26, 2021 41:24


    Is léachtóir sinsearach cliniciúil síciatrach i gColáiste na Trionóide é an Dr Séamus Ó Ceallaigh. Sa phlé leathan seo ar chúrsaí meabharshláinte, dheineamar scagadh ar an tábhacht a bhaineann le corp folláin, an Stócas, alcól agus na céimeanna le tógaint má tá amhras ar dhuine faoina meabharshláinte féin.

    Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín

    Play Episode Listen Later Mar 13, 2021 36:26


    Amhránaí & múinteoir í Nell a bhíonn ag canadh ag féiltí ar fud an domhain. As Béal Átha’n Ghaorthaidh i Múscraí, bhuaidh sí Corn Uí Riada i 2014 agus tá sí ag spreagadh daoine lena dea-shampla ceolmhar ó shin.

    Cairdeas

    Play Episode Listen Later Mar 10, 2021 10:15


    Píosa machnaimh ar chairdeas.

    Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr & Cruthaitheacht

    Play Episode Listen Later Feb 24, 2021 36:46


    Is cumadaóir, scríbhneoir agus craoltóir é Peadar atá ina chónaí i gCúil Aodha. Stiúraíonn sé Cór Chúil Aodha gach Domhnach agus bíonn a chlár ‘Cuireadh Chun Ceoil’ ar RnaG oíche Dé hAoine. Bainigí taitneamh as an gcomhrá doimhin seo ar an dtábhacht a bhaineann le pobal, an nádúr, spioradáltacht agus cruthaitheacht. http://www.peadaroriada.ie/

    Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.

    Play Episode Listen Later Feb 19, 2021 32:52


    File, scríbhneoir & láithreoir teilifíse í Ciara a chumann filíocht dá-theangach a spreagann machnamh agus féin-fheasacht doimhin. Tá spreagadh sa mhéid atá le rá aici linn agus don glúin atá ag fás aníos.

    Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

    Play Episode Listen Later Feb 11, 2021 34:42


    Múinteoir eolaíochta é Dan atá ag cur faoi i mBéal Átha’n Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Roineann sé cuid des na nósanna dearfacha laethúla atá aige maraon leis na luachanna a thugann fuinneamh agus dóchas dó.

    “Sláinte chugatsa agus breis agus sláinte chugamsa leis!”

    Play Episode Listen Later Feb 6, 2021 38:11


    An dtógann tú do shláinte dáiríre nó an athsmaoineamh (afterthought) é? An dtarlaíonn do nósanna sláintiúla trí sheans nó d’aon ghno? An cineáltas is fearr gur féidir a leiriú duit féin ná aire a thabhairt dod’ shláinte intinne agus coirp. Nutrition Facts (Michael Greger M.D.)

    'Anseo?' Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois. Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.

    Play Episode Listen Later Feb 4, 2021 16:32


    Tá imní orainn agus níl a fhios againn cad ina thaobh. Táimid buartha faoin méid a tharla inné. Faoin gcruinniú atá againn amárach. Faoin aimsir don deireadh seachtaine. Nuair a bhímid gafa le tuairimí nó buairt nó ábhair mhóra an tsaoil, bímid in áit éigin eile - san aimsir chaite nó sa todhchaí. Ach, ní bhímid 'anseo.' 'Anseo' ar Spreagadh

    “Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.

    Play Episode Listen Later Jan 30, 2021 37:13


    Is as Cúil Aodha do Liadh Ní Riada agus is Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí faoi láthair í. Tá sí pósta le Nicky agus tá triúr clainne acu. Is iar-fheisire Eorpach í agus tá dearcadh an-dearach aici ar na dúshláin a chuirtear ina treo agus na constaic a bhíonn sa tslí orainn sa saol. Comhrá luachmhar, spreagúil. Bainigí taitneamh as!

    comhr aodha eorpach
    Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?

    Play Episode Listen Later Jan 28, 2021 24:31


    Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir. Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir. Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality). Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.

    Sonas sa Chairdeas - Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.

    Play Episode Listen Later Jan 26, 2021 15:25


    Léiríonn an taighde go mbíonn daoine sásta agus sona má chaomhnaíonn siad cairdeas go fadtéarmach. Tá tábhacht faoi leith leis an gcairdeas idirphearsanta anois agus sinn scartha amach óna chéile. Ach, is feidir linn teagmháil a dhéanamh lena chéile. Is feidir linn cairdeas a chaomhnú. Agus a bheith sona. Spreagadh Taighde Harvard Lost Connections - Johann Hari

    Féin-fheasacht, buíochas & cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.

    Play Episode Listen Later Jan 25, 2021 37:39


    Is craoltóir aitheanta teilifíse agus raidió é Páidí. Sa chomhrá seo, labhraíonn sé faoin bhfuinneamh a fhaigheann sé ó bheith ag déileáil le daoine, na nósanna laethúla atá aige ar nós snámh farraige agus an oidhreacht a thug sé leis ón dteaghlach i gCúil Aodha.

    Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.

    Play Episode Listen Later Jan 24, 2021 29:06


    Is Príomhoide iar-bhunacoile é Toirdealbhach Ó Lionáird i gColáiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí. Is scríbhneoir, léitheoir, taighdeoir agus oideachasóir é. Pléitear an tábhacht atá le rithim an lae, nascadh le daoine, luachanna pearsanta a aithint agus a bheith macánta leat féin. Bíonn cúpla gáire againn chomh maith! Bainigí taitneamh as.

    Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.

    Play Episode Listen Later Jan 23, 2021 24:33


    Comhrá taitneamhach, tairbheach ina bpléitear bá, dóchas agus dearfacht. (Titeann caighdeán na fuaime i dtreo an deireadh. Mo leithscéal faoi seo.)

    Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá

    Play Episode Listen Later Jan 18, 2021 16:04


    Comhrá le Sláine Ní Chathalláin faoi na nósanna dearfacha laethúla a thugann fuinneamh agus spreagadh di.

    Fallaí Imní

    Play Episode Listen Later Jan 14, 2021 9:27


    Tá nósanna cruthaithe againn leis na mothúcháin a choimeád faoi cheilt - imní san áireamh. Tá fás, forbairt & saoirse ar fáil ach iad a bhriseadh.

    “Bí dílis duit féin.”

    Play Episode Listen Later Jan 11, 2021 12:10


    Comhrá le Clíodhna Ní Cheallacháin faoin tábhacht a bhaineann le bheith dílis duit féin sa saol.

    Fadhb ar Bith!

    Play Episode Listen Later Jan 10, 2021 7:57


    Bíonn fadhbanna againn go léir - gach lá! Conas a bhraitheann tú faoi na fadhbanna seo?

    Déan Nós agus Bris Nós

    Play Episode Listen Later Jan 5, 2021 17:40


    Is toradh carnach é do shaol ar na nósanna laethúla atá agat. Tabhair aird ar na nósanna sin.

    ‘Rós, Rós, Dealg, Bachlóg’

    Play Episode Listen Later Jan 3, 2021 18:33


    Cur síos ar chleachtas dearfach a thugann deis cainte do gach éinne sa teaghlach a chabhraíonn le meabhairshláinte agus tuiscint a fháil ar a chéile. ‘Rose, Rose, Thorn, Bud’.

    Rud Amháin ag an Am

    Play Episode Listen Later Jan 2, 2021 17:00


    Táimíd ar fad ró-ghnóthach agus sinn ag iarraidh iltascáil (multitasking). Sinn féin atá thíos leis. Ach, is féidir é a athrú.

    Bímis Cineálta - Spreagadh Saoil

    Play Episode Listen Later Jan 1, 2021 3:41


    Ba chóir dúinn a bheith cineálta, tuisceanach linn féin.

    Muiris a’ tSéipéil agus Neil Rua

    Play Episode Listen Later Jan 14, 2020 8:37


    Léamh (le botún nó dhó) de scéal Amhlaoibh Uí Luínse don Idirbhliain.

    Claim SiúnCast

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel