POPULARITY
Óráid a thug Uachtarán nah Éireann i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a raibh comóradh 175 de bhlianta teagaisc san Ollscoil.
Fógra ar maidin faoi mhaoiniú breise do mhná tí na gColáistí Samhraidh.
Ceoltóir agus rinceoir Chorca Dhuibhne atá i measc grúpa ag dul chun stáitse anocht i Halla Uí Riada i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Iar-scoláirí Choláiste Íde i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá podcraoladh acu in Áras Uí Thuama sa Choláiste.
Iar-scoláire agus iar-mhúinteoir i gColáiste Íosagáin.
Iar-mhúinteoir i gColáiste Íosagáin a bhí sa scoil sna 1980dí.
Tá thart ar 500 múinteoir bailithe le chéile ag comhdháil bhliantúil Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, ina measc Conall Ó Dufaigh, múinteoir i gColáiste Ráithín i mBré, i gContae Chill Mhantáin. Labhair sé le Máire Ní Bhraonáin.
Fear Chuair an Chláir a bhí i gColáiste Iosagáin breis is 70 bliain ó shin le cuimhní cinn ar an dtréimhse a chaith sé i mBaile Mhuirne.
Tá mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag vótáil inniu i reifreann de chuid Aontas na Mac Léinn, ar son ról Oifigeach na Gaeilge agus an Chultúir lánaimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn.
Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh - leacht aige anocht ar Lámhscríbhinní Gaeilge ó Mhainistir Cnoc Mheilearaí.
Cnuasach nua filíochta tríthangach ag an bhfile Déiseach den teideal ‘Scéal Ó Carolina' á sheoladh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an Deardaoin beag seo.
Agallamh leis an Dr Rosemary Day, Ceannasaí Roinn na Meán agus Cumarsáide i gColáiste Mhuire Gan Smál Luimnigh, agus saineolaí ar chúrsaí ar chúrsaí raidió in Éirinn, faoi bhunú agus stair Raidió na Life.
Leachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i mbun ceoil.
Tá imní mhór ar mhicléinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoina harduithe ar chíosanna a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm mar gheall ar an reachtaíocht nua do thionóntachtaí cónaithe.
Bhí cruinniú poiblí i gColáiste Chuimhneacháin an Phiarsaigh trathnóna inné faoin iarratas atá déanta ag an gcomhlacht Arramara ar cheadúnas bainte feamainne.
Beidh cruinniú poiblí i gColáiste Chuimhneacháin an Phiarsaigh Dé Luain leis an iarratas átá déanta ag an gcomhlacht Arramara ar chéadúnas bainte feamainne.
Cur síos ag an leachtóir i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an gComhdháil Lae ar Fhéile na Brídeoige an Máirt seo chugainn.
Dúirt ceannairí ón Spáinn, ón mBrasaíl, ón tSile, ón gColóim, ó Mheicsiceo agus ón Urugua aréir gur sampla contúirteach bhí sa méid a rinne na Stáit Aontaithe i Veiniséala do chúrsaí slándála agus síochána sa réigiún.
Tháinig ceannairí na hEorpa ag cruinniú mullaigh an Aontas Eorpaigh sa mBruiséil ar comhréiteach luath ar maidin go gcuirfear iasacht airgid de luach 90 billiún euro ar fáil don Úcráin.
Tá cuid mhór fadhbanna spáis i gColáiste an Earagail i Leitir Ceanainn , a dúirt an Comhairleoir.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d'éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin.I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós agFarage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d'aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó agmí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% snaphobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú.Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabharmar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScoir chogaidh - war crimemairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailorsbulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullyingd'aon ghnó - on purposeoidhreacht mhuirí - maritime heritagean Chlochaois - the Stone Age
D'fhreastail ionadaithe ó na Stáit Aontaithe, an Úcráin agus ón Eoraip ar chainteanna sa Ghinéiv san Eilvéis inné ina ndearnadh plé ar an bplean le teacht ar chomhréiteach síochána faoin gcogadh san Úcráin.
Ag labhairt ar an Clár úr Tréidliachta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceannainn a dhéanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu.
Le déanaí fuair an t-amhránaí iomráiteach dochtúireacht oinigh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
San eagrán speisialta seo den Saol Ó Dheas caitheann Máire Ní Mhuircheartaigh Davis súil siar ar a hóige i nDún Síon a laethanta scoile i gColáiste Íde, agus Baile Átha Cliath.
Nochtadh plaic cuimhneacháin mar chomóradh ar Phádraig Tyers i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ar an Luain.
Ball d'Ionad na Gaeilge Labhartha i gColáiste na hOllscoile Corcaigh - nochtfar plaic mar chomóradh ar Phádraig Tyers ann ar an Luain.
Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d'aois slánaithe aige nuair a d'imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.*cabhlachán - flotillasoláthairtí fóirithinte - aid provisionsfuirseoir - comedianurlabhraí - spokespersondéantóir clár faisnéise - documentary maker
Cruinniú ag Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh mar gheall ar imeachtaí i gColáiste na Mumhan i 2026.
Múinteoir i gColáiste Cúram – beidh ceiliúradh leath chéad bliain acu ar an 20ú Meán Fómhair.
Triúr a bheidh ag tabhairt fén gColáiste don gcéad uair tar éis torthaí na hArdteistiméarachta.
Beidh ‘Taispeántas Chois Fharraige' ar siúl i dtús na míosa seo chugainn an 7ú lá de mhí Mheán Fhómhair, i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal agus tá an Coiste ag ullmhú anois agus iad ag súil le slua mór arís i mbliana.
Bitheolaí Mara san Ionad Marei i gColáiste na hOllscoile Chorcaí ag trácht ar an ndiobháil á dhéanamh do rónta ar an mBlascaod Mhór nuair a bhaineann daoine leo.
Seoladh an leabhair i gColáiste na Rinne le linn Daonscoil na Mumhan.
Ceoltóírí óga ó Bhaile Mhic Cairbre ag cur tús leis an gclár i gColáiste na Rinne.
D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary inné go bhfuil maoiniú de os cionn €250,000 ceadaithe aige do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Gaeilge (CONCOS) thar thréimse trí bliana lena gclár oibre a chur i bhfeidhm.
Ag caint faoin MA i gColáiste Mhuire gan Smál MA sa Ghaeilge, Ceannaireacht i dTeanga, Cultúr agus Pobal.
Tá tuairiscí ag teacht chun cinn go bhfuil Vladimir Putin, Uachtarán na Rúise agus Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hUcráine sásta dlús a chur le sos comhraic.
Bitheolaí Mara san Ionad Marie i gColáiste na hOllscoile Chorcaí ag trácht ar an ndroch thionchar ag na loing chrúsála ar chúrsaí timpeallachta mara.
Príomhoide gníomhach i gColáiste Ghobnatan le blianta beaga anuas.
Tá amhrán nua eisithe ag an amhránaí agus ealaíontóir cónaithe i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh.
Ba mhaith le iar-leachtóir i gColáiste Mhuire Gan Smál go mbeadh leagan difriúil ar scrúdaithe na hArdteiste.
Tá cainteanna ar bun in Istanbul le hiarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an gCogadh sa Úcráin.
Tá Gavin mar eagarthóir ar an Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste san am i láthair agus labhair Damien Ó Dónaill leis an tseachtain seo faoin mhéid atá ar bun acu ansin san am i láthair.
Toraíocht na Cásca do leanai in Uibh Ráthaigh agus i gColáiste Íde.
Eagarthóir ar Iris Breac - iris lán-Ghaeilge de chuid na mac léinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh a seolfar anocht
Bhí an bitheolaí mara i láthair ag an Skipper Expso i gColáiste na hOllscoile i Luimneach.
Beidh feidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta ag freastal ar sheoladh oifigiúil Cumann Feamainne na hÉireann a bheas ar bun i gColáiste na Tríonóide i mBleá Cliath inniu.
Beidh cruinniú ag Coiste Gnó na Dála inniu chun breathnú ar aighneacht ó chúig pháirtí agus grúpaí Fhreasúra faoi dhearcadh an Ceann Comhairle Verona Murphy faoi ghrúpaí teicniúla.