POPULARITY
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn. Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae. Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo? An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara? Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4. Foclóir: Fothoghchán: By-election Breithiúnas cúirte: Court judgement Moill: Delay Stocaireacht: Campaigning Codarsnacht: Contrast Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency Bruachbhaile: Suburb Áibhéil: Exaggeration Pobalbhreith: Opinion poll An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone's eyes Cuarbhóthar: Ring road Tachta: Choked Tráth dá raibh: Back in the day Vóta aistrithe: Transfers Frithbhunaíochta: Anti-establishment Teip: Failure Rogha na coitiantachta: The favourite Cinniúnach: Decisive Eachtrannaigh: Foreigners Iallach a chur ar: To force Comhaireamh: Count See omnystudio.com/listener for privacy information.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Bhí cruinniú ag Coiste Mhuintir na hÁite Carna oíche Dé hAoine.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Máirín Ní Ghadhra.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Laithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Tá bainisteoir a lorg ag Ionad Oidhreachta Isaac Butt agus Ionad Lae an Chlocháin sa Ghaeltacht Láir san am i láthair agus tá an spriocdháta d'iarratais ann amárach, Dé hAoine 27 Márta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain. Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d'aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners. Tráthnóna Dé hAoine, d'fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d'aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman's Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O'Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O'Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi dhliteanas pearsanta - personally liablecúiseamh - accusationscéinséir - thrilleranord galánta - beautiful chaosneamhaí - heavenlyball bunaidh - founding member
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Beidh an dornálaí Kieran Molloy ag troid i gCraobh IBF na hEorpa i mBéal Féirste Dé hAoine
Bhailigh slua mór ó Chumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, i gCill Airne tráthnóna Dé hAoine le comhaontú Mercosur a phlé leis na Feisirí Eorpacha, Sean Kelly agus Billy Kelleher.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Bhí cruinniú poiblí in Ionad Pobail an Mháma faoi thóraíocht mianraí i gCeantar an Mháma agus Chorr na Móna tráthnóna Dé hAoine.
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon cuairt ar Ros an Mhíl Dé hAoine in éineacht leis an Seanadóir Seán Kyne.
D'eagair Bord Stiúrtha Bhád Tarrthála Charna agus Cheantar na nOileán cruinniú sa Más trathnóna Dé hAoine seo caite le todhchaí an bháid a phlé.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Caitríona Ní Thiarnáin, ceoltóir ag labhairt faoin gceolchoirm a bhéas ag an mbanna Glór na dTonn i mBéal an Áth Dé hAoine ar mhaithe le Oispís Mhaigh Eo /Roscomáin.
Seolfar an t-irisleabhar liteartha ‘Muin na Muice' ag ócáid a bheas ar siúl i nGrúdlann Kinnegar i Leitir Ceanainn anocht (Dé hAoine) agus tá eagarthóir an irisleabhair, Eoghan Mac Giolla Bhríde linn le labhairt faoi.
Upcoming EventsTá Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna, ag óstáil plé ar an Ghaeilge agus ar aontú na hÉireann Dé hAoine seo ag a haon a chlog sa Chultúrlann.In addition, Scoil Gheimhridh Uí Chadhain is hosting another discussion this Saturday at 11am on Protestants & a United Ireland, featuring Claire Mitchell and Dr Robbie McVeigh.Sinn Féin's Commission is hosting a people's assembly in Cork, on the 19th February 7pm at Rochestown Park Hotel. Bígí Linn. South & East Belfast Sinn Féin is hosting an evening discussion on what a world class, all-Ireland health system could look like and how we make it a reality. Chaired by Deirdre Hargey MLA, with Guest speaker David Cullinane TD and joined by panellists from across the health sector. The event will take place on the 12th of February 7pm at the Malone Lodge. Self-Determination and Democratic RightsFor decades now I have argued that self-determination is one of the big issues of our time. In 2005 I wrote: “In my view the big international struggle of our time is to assert democratic control by people over the decisions which affect their lives. This does not mean retreating behind existing borders and refusing contact with the outside world, but it does mean reasserting the primacy of democracy and working together in order to pursue this objective.”Mickey Brady – A Cheerful Change Maker. Mickey Brady, former Sinn Féin MLA and MP for Newry and Armagh died last week. His sudden death came as a great shock to his family and to all of us who knew and respected him. I had the great fortune to work closely with Mickey in the Assembly and I often campaigned with him during elections. Some people are really good canvassing during elections. They have that way of engaging with people on the streets and at the doorstep and Mickey was a master at it.He was always positive. He knew the issues impacting on people and he could speak from his years of experience as an elected representative and as a champion for their rights through his work in the Newry Welfare Rights centre.Report on Rural Health in a New Ireland publishedSinn Féin's Commission on the Future of Ireland last week published its latest report - ‘Delivering Rural Health and Care in a New Ireland.' The public event took place in Enniskillen in November.A packed hall heard from a panel of health activists, including Pat Cullen MP, Fr. Brian D'Arcy – writer and broadcaster, Paula Leonard, CEO of Alcohol Ireland and Denzil McDaniel, author and former editor of The Impartial Reporter. The discussion and report examines the challenges faced by rural communities trying to access all-Ireland cardiac services, autism services, cancer provision, suicide support services and A&E.It makes no sense that we run two entirely separate health systems trying to solve the same problems. The report of the Enniskillen Assembly can be accessed in English and Irish here: www.sinnfein.ie/futureofireland
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leideanna cheanna, agus tar éis cruinniú le hArd-Rúnaí NATO Mark Rutte, dúirt sé go raibh samhail socraithe bainte amach acu, agus ní chuirfeadh sé na táillí a d'fhógraigh sé roimhe ar a chomhghuaillithe NATO, a bhí ag seasamh leis an Danmhairg faoin gceist. Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá ar intinn aige. Dúirt Trump nach ndearna éinne níos mó ar son NATO ná é fhéin, agus Déardaoin, chuir sé deargbhuile ar a chomhghuaillithe NATO uilig, nuair a dúirt sé nach raibh gá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leo riamh, agus gur fhan siad giota beag siar ó na línte tosaigh san Afganastáin. Fuair an Ghraonlainn an t-ainm Groenland, nó an Tír Ghlas, ó Erik Ruadh, an chéad Eorpach a chuir faoi ann, sa bhliain 986. Thug sé an t-ainm sin don oileán mar cheap sé gur ainm deas ab ea é, a mheallfadh daoine eile chun cónaí ann in éineacht leis.Cuireadh Enoch Burke ar ais sa phríosún Dé Luain, tar éis ord cúirte a shárú gan treaspás a dhéanamh ar Scoil Ospidéil Wilson i gContae na hIarmhí. Tá cúig chéad go leith lá caite aige sa phríosún go dtí seo, mar gheall ar a threaspás ar thailte na scoile ónar briseadh as a phost é mar gheall ar a iompar i gconspóid faoi dhalta trasinscneach a fhreastalaíonn ar an scoil. Scaoileadh amach as príosún é Dé Céadaoin an tseachtain seo caite, chun deis a thabhairt dó a chás a ullmhú ina achomharc i gcoinne a dhífhostaithe. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan, a lig amach é, nach raibh cead aige dul ar ais go dtí an scoil in aon chur, agus dá rachfadh, go gcuirfí ar ais sa phríosún é go díreach. Dúirt Enoch Burke roinnt amanna go rachfadh sé ar ais go dtí an scoil go díreach, dá scaoilfí amach é. Scaoileadh amach é agus chuaigh sé ar ais ag déanamh treaspás ar an scoil, Déardaoin, Dé hAoine, agus Dé Luain. Gabhadh é ansin agus cuireadh ar ais sa phríosún é.Tá muid thart ar uasghníomhaíocht na gréine faoi láthair, sa timthriall aon bhliain déag de ghníomhaíocht ár réalta. Dé Domhnaigh seo caite, bhrúcht grianbhladhm mór i dtreo an Domhain, a d'astaigh cáithníní luchtaithe inár gceann a shroich an t-atmaisféar oíche Dé Luain. Spreag siad ceann de na stoirmí geomaighnéadacha ba láidre le fiche bhlian anuas, agus bhí na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh fada ó dheas agus an Corn. Bhí dathanna láidre glas agus dearg le feiceáil sna Gealáin i ngach áit ina raibh an spéir glan. I Londain, faraor, bhí sé ag cur báistí ó spéir lán-scamallach nuair a bhí an feiniméan ar siúl.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhghuaillithe - alliesna línte tosaigh - the frontlinestreaspás - trespassingdífhostú - dismissaltimthriall - cyclegrianbhladhm - solar flarecáithníní luchtaithe - charged particlesna Gealáin Thuaidh - the Northern Lightsan Corn - Cornwall
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall
D'oscail an chéad stráice do Bhealach Glas Uíbh Ráthach Dé hAoine s'chuaigh thart, sin an stráice idir Oifig Post na gCeall agus an Seana Stáisiún Traenach - 3.2 ciliméadair ar fhad atá sé.
Le Máirín Ní Ghadhra.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Dé hAoine an spriocdháta chun aighneachtaí a sheoladh chuig Comhairle Contae Chiarraí maidir le Plean Chorca Dhuibhne a deir an comhairleoir contae.
Bhí Ciara sa lucht féachana ag an Late Late Toy Show, Dé hAoine.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Tá Coiste Ghradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall ag leanstan ar aghaidh ag glacadh le hainmniúcháin do Ghradaim 2025, agus an spriocdháta ag druidim linn— Dé hAoine, an 28ú Samhain. Tá Paula Mhic Cumhaill atá ar choiste Ghradaim Réalta Spóirt Dhún na nGall linn inniu le labhairt faoi.
Theip ar Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall glacadh le Dréacht Bhuiséid do 2026 ag cruinniú Dé hAoine. Déanfar an Buiséad a phlé arís ar an 3ú lá de Nollaig.
Le Máirín Ní Ghadhra.
Éamon Ó Cíosáin, Eagarthóir an leabhar dhátheangach Briotáinis-Gaeilge de shaothar Máirtín Uí Chadhain a bhéas le seoladh Tigh Chuláin Dé hAoine.
D'fhógair Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump inné go raibh sé chun billiún dollar a lorg ón mBBC mura ngabhtar leithscéal leis agus mura dtarraingeofaí siar faoi Dé hAoine clár faisnéise a rinneadh faoi.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú: Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Dé hAoine seo caite a tháinig Uachtarán na hÚcráine Volodomyr Zelenskyy abhaile ó chruinniú sa Teach Bán, cruinniú inar theip air aon gheallúint a fháil ó Donald Trump go dtabharfaí diúracáin Tomahawk don Úcráin chun an Rúis a ionsaí.
Caithfidh pobal na tíre vóta Dé hAoine seo leis an Chéad Uachtaran eile ar an thír a thoghadh.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogadh Iosrael ar Gaza, a mharaigh breis is 67,000 Palaistíneach go dtí an pointe seo. Tá sonraí an bhirt iomláin fós doiléir agus deirtear go bhfuil easaontú mór idir Iosrael agus Hamas maidir leis an bplean tar éis dheireadh an chogaidh. Is iad eochairphointí céadchéim an bhirt ná tarraingt siar feadhna Iosrael go “pointe aontaithe”, cead isteach do 600 trucail cúnaimh gach lá, agus saoradh na ngiall agus na bpriosúnach ón dá thaobh. Thosaigh feadhna Iosrael ag tarraingt siar maidin Dé hAoine ach lean ionsaithe ar shibhialtaigh i rith na maidine, rud a chruthaigh éiginnteacht faoin mbeart.Tharraing Jim Gavin amach as an bhfeachtas uachtaránachta an deireadh seachtaine seo caite, toradh náireach d'Fhianna Fáil, agus anois tá coimhlint laistigh den pháirtí. Fógraíodh an nuacht tar éis conspóid a tháinig chun cinn sna laethanta roimhe, maidir le iarthionónta Gavin. D'íoc an tionónta €3,300 sa bhreis chuige, mar thoradh ar thimpiste bainc, 16 bliain ó shin, agus níor thug Gavin aisíocaíocht dó. Tar éis díospóireacht uachtaránachta inar ceistíodh Gavin faoin gconspóid, b'é tuairim sciar mór den phobal nach raibh sé ullamh don díospóireacht ná do ról an Uachtaráin fiú. Anois, agus beirt fágtha sa rás, tá an teannas ag ardú. Léiríonn torthaí na bpobalbhreitheanna is déanaí gurb í Catherine Connolly rogha na coitiantachta agus bearna mhór idir í agus Heather Humphreys, ach níl figiúirí cruinne ar fáil ó d'éirigh Jim Gavin as. Tarlóidh an toghchán ar an 24 de mhí Dheireadh Fómhair.In Éirinn, foilsíodh Búiséad 2026 le linn na seachtaine. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an plean nua ar son fheabhsú an gheilleagair ach tá cáineadh ón bhfreasúra, agus ó chuid mhór den phobal, a deir nach dtuigeann an rialtas cad atá ar siúl sa tír, gan aon chabhair don ghnáthdhuine sa phlean. Tá an laghdú cánach is mó ar fáil le haghaidh forbróirí, gan athrú ar bith ar an gcáin ioncaim. Gearradh an CBL don earnáil fáilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Is bua é seo le haghaidh roinnt tithe tabhairne agus bialanna neamhspleácha. ach deirtear gurb iad na comhlachtaí móra na fíorbhuaiteoirí. Tá árdú 65c le teacht ar an íosphá, roinnt ardaithe ar íocaíochtaí leasa sóisialta, agus leanfaidh an creidmheas cánach cíosa, ach ní go leor le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Tá an Bunioncam do na hEalaíona le bheith buan, tar éis triail ráthúil. Deir an Rialtas go bhfuil €36 milliún sa bhreis ag dul chuig an nGaeltacht agus chuig an nGaeilge ach deir an freasúra go bhfuil bréag i gceist, agus go bhfuil siad ag athfhógairt airgead a bhí leithdháilte cheana féin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh buan - permanent ceasefireconspóid - controversyrogha na coitiantachta - the favourite (to win)CBL don earnáil fáilteachais - VAT for the hospitality sectorcostas maireachtála - cost of livingíosphá - minimim wage
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Cuid den dream a bhí ag cruinniú faoi chúrsaí tithíochta i Leitir Móir Dé hAoine.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d'eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun aird na bpóilíní, tar éis dóibh a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne a chur in iúl ag an bhféile Coachella sna Stáit Aontaithe i mí Aibreáin. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Paul Goldspring go raibh an cúiseamh neamhdhleathach, mar níor thug an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a gcead dó dul ar aghaidh laistigh de sé mhí, agus bhí an cead a thug siad lá thar am. Dúirt Ó hAnnaidh nach raibh an cás faoi sceimhlitheoireacht, acht faoi Gaza. Bhí Blinne Ní Ghrálaigh KC, abhcóide Chonradh na Gaeilge i Londain i gcás leacht cuimhneacháin Margaret Keane, ina fhoireann cosanta.D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt anailís costais is tairbhe ar an mBunioncam do na hEalaíona, a shocraigh gur as gach euro a caitheadh, cruthaíodh €1.39 de thairbhí sóisialta agus eacnamaíochta. Thosaigh an scéim píolóta in 2022, agus ó shin tá 2000 ealaíontóirí ag fáil €325 inaghaidh an tseachtain, chun deis a thabhairt dóibh díriú isteach ar a n-obair chruthaitheach. Tá an scéim chun críochnú i mí Feabhra 2026, acht tá an rialtas ag obair ar cheann nua, a bheidh mar chuid de Bhuiséad 2026.Foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de Homo longi, an speiceas de daoine ársa ar a thugtar na “Deiniseóbhaigh”, san irisleabhar “Science” an tseachtain seo. D'aimsíodh an blaosc in Yunxian sa tSín, agus de réir na hanailíse, tá sé thart ar mhilliún bliain d'aois. Tá an iontaise brúite go dona, acht bhí na heolaithe in ann é a scannáil, an dífhoirmiú a bhaint de go digiteach, agus priontáil thríthoiseach a dhéanamh de cheann ceartaithe, a chruthaíonn gur Deiniseóbhach a bhí i gceist. Tá an fhionnachtain tábhachtach, má tá sé dátaithe i gceart, mar tá an blaosc i bhfad níos sine ná gach iontaise eile de chuid na nDeiniseóbhach a aimsíodh cheana; agus léiríonn sé an fhéidearthacht go bhfuil ár speiceas fhéin, Homo sapiens, i bhfad níos sine ná a ceapadh cheana freisin. Agus tá oidhreacht na nDeiniseóbhach inár measc go fóill; mar atá cúpla faoin gcéad de DNA Néandartálach i ngach duine ar domhan seachas na hAfraicigh fho-Shaháracha, tá cúpla faoin gcéad de DNA Deiniseóbhach fós i ndaoine éagsúla in oirdheisceart na hÁise agus ar oileáin an Aigéin Chiúin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISeagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisationPríomh-Bhreitheamh - Chief JusticeArd-Aighne - Attorney-GeneralStiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí - Director of Public Prosecutionsanailís costais is tairbhe - cost-benefit analysisBunioncam do na hEalaíona - Basic Income for the Artsblaosc - skullDeiniseóbhach - DenisovanAfraicigh fho-Shaháracha - sub-Saharan Africans
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairsg.