Podchraoladh míosiúil faoi chúrsaí siamsaíochta, cúrsaí reatha, an méid atá ar siúl inár saoil, pé rud is mian linn, srl...
Táimid ar ais! Tar éis briseadh fada (nach raibh de dheasca leisciúlacht in aon chor) tá Podchraoladh Cluasraon ar ais ar an aer agus níos fearr ná riamh.
Táimid ag an tOireachtas agus is é Roibeárd Liam Mac Cathmhaoil aoi na míosa. San eagrán seo, pléifear an tOireachtas, scéalta uafáis idir thaisteal agus chúrsaí osnádúrtha, an fáth go bhfuil Críostóir ag iarraidh a chuntas Facebook a scriosadh, an bhrí atá ag saoirse cainte agus, an fearr leat a bheith i do Shárlaoch nó i do Shárbhithiúnach?
In eagrán na míosa seo pléimid cúrsaí tithíochta, Gaeltacht Hopping agus go leor eile le h-aoi na míosa Seanachán Ó Cinnéide.
Tá an samhradh buailte linn, agus táimid buailte aige. San eagrán seo, phléann Natália agus Críostóir imeachtaí an t-samhraidh, an Bhreatimeacht agus suilóid sna sléibhte.
Tá Sibéal Turraoin sa bhaile ar cuairt agus bhí deis againn suí síos léi ar feadh tamaillín. Pléimid a saol agus a saothar, saol an imearcach i dtír nua, agus na scannáin is fearr linn.
San eagrán seo táimid ag caint le hÁine Ní Riain maidir lena saothar agus na tograí atá idir lámha aici, na rudaí is aistí atá feicithe againn ar líne, agus scéalta faoin méid a dheineamar agus sinn inár bpáistí.
Tá Lá Fhéile Vailintín buailte linn agus sinne báite i seisiúir an ghrá, ach cad is fiú é an ócáid seo? An fiú é a cheiliúradh in aon chor? Pléimid lá Vailintín, togra nua atá tosnaithe ag Críostóir agus an bealach eolaíochtúil le titim i ngrá.
Tá deireadh na bliana buailte linn, pléimid an Nollaig in Éirinn agus sa Bhrasíl, nósanna na hAthbhliana, Nollaig na mBan, Star Wars *SPOILERS*, agus go leor eile. Fáilte 'dtí eagrán a sé.
Chaith Natália agus Críostóir seachtain le chéile san Íoslainn, pleimid Réicivíc, cuairt ar pluais oighir in oirthear na hÍoslainne, an togra atá ar siúl ag Natália le NemetonTV, cuairt ar an Blue Lagoon agus go leor eile. Fáilte go dtí eagrán a cúig.
Bhuaileamar le hOla Majekodunmi, láithreoir den scoth le Raidió na Life, ag Oireachtas na Samhna. Seo eagrán an Oireachtais. Pléimid #OnaS17, an cupán tae foirfe, Disney, ciníochas in Éirinn, agus go leor eile. Fáilte 'dtí eagrán a ceathair.
Ghlac Natália agus Críostóir páirt i #Comhrá17, comhrá leanúnach ar feadh seachtain iomlán. Pléitear "cairde" ar Facebook, an chaoi gur bhuail sinn le chéile, cáranna féintiomána, Rian Glas na nDéise, agus go leor eile.
Tá Lisa Nic An Bhreithimh, láithreoir iomráiteach le Raidió na Life linn mar aoi na míosa. Pléimid Pórtó Ríce, an camino, An Pop-Up Gaeltacht agus i bhfad an iomarca reifrinn. Fáilte 'dtí an tarna eagrán.
Bhí Natália agus Críostóir ar an tolg ag plé an podchraoladh nua, Banc na hEireann dana, ealaíona nua atá faighte acu le déanaí, an duine is amadaí atá feicithe acu, tatú nua ag Natália agus eile. Fáilte 'dtí an chéad eagrán.
Beimid ag caint faoi chúrsaí reatha, na meáin, cúrsaí grá, cúrsaí leapa, an méid atá ag titim amach inár saoil, nó pé rud eile is mian linn. Tiocfaidh eagrán nua amach uair sa mhí, ar a laghad. Beidh idir 30 noiméad agus uair a chloig i ngach ceann acu. Tá sé breá easca bheith ag éisteacht linn. Beidh sé ar fáil ar cluasraon.ie, ar iTunes, ar Google Play, agus áiteanna eile nach iad. Níl le déanamh agatsa ach an cnaipe ‘Subscribe’ a bhrú. Tá súil agam go mbeidh tú linn :)