POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Bíonn níos lú ná 1% den chaint ar fad a dhéantar i nDáil Éireann i nGaeilge, de réir taighde úr. Léirigh an taighde nach raibh ach 11,919 focal labhartha i nGaeilge as an os cionn 1.6 milliún focal a labhraíodh le linn tréimhse seacht seachtaine i mbliana. Mionchaint, beannachtaí agus focail bhuíochais a bhí i gcuid mhaith den chaint i nGaeilge sa Dáil. De réir an taighde, dá gcuirfí i ndiaidh a chéile gach focal Gaeilge a dúradh sa Dáil le linn na tréimhse de 19 lá sa taighde, ní bheadh ann ach thart ar uair agus 25 nóiméad an chloig cainte. Tá drisiúr leathan dearg ón 19ú céad a bhí le feiceáil sa chistin i dteach Phadraig sa scannán The Banshees of Inisherin , i measc na dtroscán a bheidh ar díol ón scannán ag ceant d'earraí dúchasacha atá á reáchtáil ag an chomhlacht ceantála Adam's i mBaile Átha Cliath. €3,000 – €4,000 atá luaite leis an drisiúr dearg ó scannán Martin McDonagh agus é ar cheann de na hearraí is daoire sa cheant ag muintir Adam's a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Tá dhá phictiúr tírdhreacha ‘le tithe sa stíl shoineanta' a bhí crochta i dteach Choilm ar díol chomh maith. Beidh an ceant ar siúl ar an 12ú Aibrean, agus beidh troscán is feisteas tí, ealaíona, earraí ceardaíochta is criadóireachta ar díol ann chomh maith le hearraí eile a shantaíonn bailitheoirí.Tá tacaíocht ón pharlaimint buaite ag an rialtas Briotanach do chuid dá chomhaontú nua Brexit le 515 vóta in aghaidh 29, in ainneoin éirí amach ó chuid dá fheisirí féin agus frithfhreagairt ó chomhaltaí an DUP. Dúirt Rúnaí Thuaisceart Éireann Chris Heaton-Harris go raibh coscán Stormont “ar cheann de na hathruithe is suntasaí” sa phlean don réigiún – “athrú láidir a thugann cros don Riocht Aontaithe ar ailíniú dinimiciúil le rialacha an Aontais Eorpaigh”. Ach dhiúltaigh na hiar-phríomh-airí Boris Johnson agus Liz Truss tacaíocht a thabhairt don pholasaí, agus dúirt Johnson go gciallódh sé nach raibh “an Ríocht Aontaithe ar fad” in ann “éagsúlú i gceart agus leas a bhaint as an Bhreatimeacht”. Agus dúirt ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, nach féidir leis gealltanas a thabhairt dá pháirtí “na hinstitiúidí polaitiúla a athbhunú” i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an socrú. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mionchaint - small talk beannachtaí - greetings drisiúr - dresser ceant - auction ailíniú dinimiciúil - dynamic alignment frithfhreagairt - backlash
Tá Comhlacht Gaeltachta ceannaithe ag Comhlacht Sasanach le cúnamh a thabhairt dóibh a gcuid earraí fhéin a chur ar mhargadh na hEorpa mar gheall ar na srianta atá an Bhreatimeacht a chruthú dóibh thall.
Méadú ar chostas bídh. Easpa earraí ins na siopaí agus an Bhreatimeacht fé ndearra méadú ar chuid mhaith rudaí atá teacht ón mBreatain.
Tá méadú tagtha ar ábhar tógála tí mar gheall ar Chovid-19 agus an Bhreatimeacht. Tá sé seo tar éis cur go mór le costais tógáil tí, a dúradh i dtorthaí suirbhé a d'fhoilsigh Cumann na dTógalaithe - an IHBA le gairid. Labhair Séamus linn faoi seo.
Tá éileamh níos airde ar tháirgí ó Chomhlacht Beachóg Dhún na nGall i nGleann Cholmcille mar gheall ar an Bhreatimeacht a deir sé.
Taobh amuigh den imní atá ann go gcuirfear isteach ar ghluaiseacht earraí ach a mbeidh an Bhreatimeacht ann, tá réimse mór seirbhísí freisin a bheidh buailte ag an athrú saoil.
Tá feachtas a reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta le h-impí ar Ghnóanna a bheith ag ullmhú agus a bheith réidh don Bhreatimeacht.
Tuarascail ag kléiriú imní faoi chomh réitithe agus atá co,hlachtaí gaeltachta do Bhreatimeacht.
Cainteanna fé Bhreatimeacht agus an tionchar a bheidh aige ar iascairí na h-Éireann. Pádraig Ó Drisceoil a cáiseamh ghleamaigh Mheiriceá teacht go h-Éirinn agus an tionchar a bheidh aige sin ar phraghasanna sa tír seo.
Cúrsaí Polaitíochta – an Dáil ina suí aréir, Ceannaireacht an Chomhaontais Ghlais & an Bhreatimeacht.
Tá an samhradh buailte linn, agus táimid buailte aige. San eagrán seo, phléann Natália agus Críostóir imeachtaí an t-samhraidh, an Bhreatimeacht agus suilóid sna sléibhte.
Ar an gclár seo chualamar ó Mike Ravey i Learpholl Sasana faoin Nollaig ansin agus 2016 sa Ríocht Aontaithe, an Bhreatimeacht san áireamh. Chomh maith leis sin labhair mé le Cian Mac Cárthaigh ón mbanna ceoil IMLÉ faoin mbliain a bhí acu féin anuraidh agus faoin turas a rinne siad go dtí an Iodáil le déanaí