POPULARITY
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23mtvmny Contact: irishlingos@gmail.com Gardaí recommend road safety over Christmas. Cúram ar na bóithre á mholadh ag na Gardaí thar an Nollaig. Today is the busiest day on the State's roads during the Christmas period, and An Garda Síochána is urging drivers to slow down and be mindful of other drivers, pedestrians and cyclists. Inniu an lá is gnóthaí ar bhóithre an Stáit i rith thréimhse na Nollag, agus tá an Garda Síochána ag impí ar thiománaithe maolú ar an luas agus bheith airdeallach faoi thiománaithe eile, coisithe agus rothaithe. Gardaí are today launching a 24-hour campaign to enforce speed limits more strictly, coinciding with this increase in Christmas traffic. Tá feachtas 24 huaire ar bun ag Gardaí inniu féachaint le teorainneacha luais a chur i bfheidhm níos géire, chomhuaineach leis an méadú seo ar an trácht Nollag. Gardaí say this is the latest element of a seasonal campaign which hopes to reduce the number of road accidents. Deir Gardaí gurb é seo an gné is deireanai den bhfeachtas séasúrtha atá ag súil le líon na dtaismí bóthair a laghdú. Drivers are being asked to stay within speed limits and be extra careful due to the high level of traffic and long journeys people are making. Táthar ag iarraidh ar thiománaithe fanacht laistigh de na teorainneacha luais agus bheith níos cúramaí de bharr an leibhéal ard tráchta agus turasanna fada atá ar bun ag daoine. 180 people have died on the State's roads so far in 2025. 180 duine a bhásaigh ar bhóithre an Stáit go dtí seo i 2025. Almost all bus, train, ferry and air services are at their peak today, as people head home for Christmas. Tá beagnach gach seirbhís bus, traenach, bád farantóireachta agus aeir ar teann a ndíchill inniu, agus daoine ag déanamh ar an mbaile don Nollaig. The services are recommending that people make advance reservations whenever possible. Tá na seirbhísí ag moladh do dhaoine réamh-áirithint a dhéanamh nuair is féidir. 50,000 people will come through Dublin airport today alone, with thousands more landing at Cork, Shannon, and Knock. 50,000 duine a thiocfaidh trí aerfort Átha Cliath inniu féin, leis na mílte eile ag tuirlingt ag Corcaigh, an tSionna, agus Cnoc Mhuire.
Craoladh beo ó Thigh Tabhairne Ua Fhlaithbheartaigh sa Daingean.
Tonight we recorded our last podcast of 2025 & we had our annual Christmas chat. We spoke about mince pies, there being no football on St. Stephen's Day & obviously "the Christmas crowd" got their usual mention.Míle buíochas to every guest who came on, to every one of you who listened in & to every single person who supported us again throughout 2025.Nollaig shona daoibh our lads & ladies & we wish you all a very happy new year!
Máire Uí Neachtain, Croílíne Chois Fharraige ag labhairt faoin rith/siúlóid 5km a bhéas acu idir dhá Nollaig.
Beó ó Tigh Seartan i mBéal Átha an Ghaorthaidh.
Chat with the two women who are being honoured this year by Dublin's North East inner city for their community work, an award that is presented every Nollaig na mBan/January 6th (pic: Bernie on left beside Miriam, Paula on right beside Miriam) Official website: https://nollaignamban.ie Paula's photography: www.paulatnolanphotography.com
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*
Le Máirín Ní Ghadhra.
Breandán Mac an Bhearshúiligh, duine den lucht eagraithe an seó bóthair Joyce Country Truck Run a bhéas ar bun ar an 28 Nollaig i mbliana.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Ag an Nollaig buailte linn, tá liosta moltaí den scoth ag Cuán daoibh, a choinneoidh gnóthach nó socair sibh thar na laethanta saoire.
Craoladh beo ó Tabhairne na hÚine, An Dromaid.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Bhuel a chairde, tá an t-eagrán seo lán de cheiliúradh – ní hamháin gurb í an Nollaig í, ach mhair muid an céad! San eip seo , tá súil siar á caitheamh againn ar an aistear atá théis a bheith againn ó thús HTG go dtí an 100ú eip. Pléimid na cuimhneacháin is fearr, na cuimhneacháin is náirí, and some that are a healthy dose of both. We also develop trust issues from a bad batch of Christmas crackers... They don't always crack, mar a tharlaíonn sé. Cinnte, ba mhaith linn lua anseo go bhfuilimid ana-bhuíoch go deo díbhse, ár n-éisteoirí. Murach sibhse, ní bheimis ar an turas seo ar chor ar bith. So, settle in i gcomhair eagráin atá níos faide agus níos chaotic than usual – the prosecco is flowing, tá na hataí Nollag orainn, agus táimid ag FIZZEÁIL! Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Oliver speaks to our favourite Gaeilgeoir, Doireann Ní Ghlacáin, who will be here to share cúpla frása a bhaineann leis an nollaig, and why the expression Sí an Nollaig í, gives you an excuse for indulgent behaviour at this time of year.
Labhair Bridie faoin Nollaig ar Inis Treabhair.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuachtáin - 15 Nollaig 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach.Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann.Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d'fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScúiteamh - compensationcaingean dlí - action at lawacmhainn - resourceaonteangach - monolingualgaiste éisc - fish trapclocha móra eibhir - large granite stones
Craoladh beo ó Halla Íde i Luimneach.
Tá Áine linn inniu le moltaí a thabhairt dúinn faoi leabharthaí maithe atá atá ar fáil do dhaoine fásta agus páistí don Nollaig.
Ta neart moltaí den scoth ag Cuán an tseachtain seo, idir leabhair, cláir, scannáin agus amhrán ailteirneach don Nollaig.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Rinneadh seoladh ar an 9ú Nollaig ar an chéad sciar den fhoclóir nua aonteangach Gaeilge le Foras na Gaeilge - an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge riamh. Fuair Cara Nic Giolla Chomhaill agus Rossa Ó Sioradáin deis fhreastail ar an tseoladh. Míle buíochas le hÉanna Ó Caollaí, Ola Majekodunmi, Eoin P. Ó Murchú, Dara Calleary, Liam Mac Amhlaidh, Cormac Breathnach, Pádraig Ó Mianáin agus Regina Uí Chollatáin as ucht a bheith ag labhairt linn ar an oíche. Craolta 10.12.2025
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
San eagrán seo, plé ar RTÉ.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
An leictreoir Pól Phaidí Dubh Ó Gallchóir ag tabhairt comhairle don phobal faoi chúrsaí sábháilteachta agus maisiúcháin a chur suas acu don Nollaig.
[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d'fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne' san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe' ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025 Versions of most of these stories were previously published in the author's column ‘Crobhingne' in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years. Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism. ‘Lá Breithe' is a longer story about Jesus' childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún Show less
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d'éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin.I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós agFarage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d'aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó agmí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% snaphobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú.Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabharmar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScoir chogaidh - war crimemairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailorsbulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullyingd'aon ghnó - on purposeoidhreacht mhuirí - maritime heritagean Chlochaois - the Stone Age
Clár cainte leis an Iar-Gharda, Tadhg nó Tim Ó Coileáin, a saolaíodh ar an 11 Nollaig 1938 i gcathair Chorcaí.
Tá Cuán ar ais le moltaí den scoth agus an Nollaig ag druidim linn.
Inniu an spriocdháta le pacáistí a sheoladh go Meiriceá le An Post. Tá spriocdhátaí níos luaithe tugtha i mbliana chun litreacha agus pacáistí a sheoladh in am don Nollaig, toisc an t-éileamh atá ar sheirbhísí poist.
Beo ó Thigh an Cheoil i mBaile na nGall, An Rinn, Port Láirge.
Ba ionsaí é a bhain siar as pobal beag Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe. I mí na Nollaig 1998, maraíodh déagóir óg, Siobhán Hynes, go brúidiúil agus í amuigh don oíche ar an gCeathrú Rua. Ní raibh ach seacht mbliana déag aici. Fuarthas a corp ar chladach beag, tuairim ar dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua. Cúisíodh John McDonagh, fear áitiúil, as an dúnmharú, agus tá 24 bliana caite aige sa phriosún as Siobhan a mharú agus a éigniú. Shéan sé gach cúis ón tús agus anois tá sé ag éileamh ath-thástáil nua ar an bhfianaise a chualathas sa chás. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: Ionsaí: Attack Éigniú: Rape Lá arna mhárach: The next day Fíochmhar: Vicious Tacht: Choke Báigh: Drown Fianaise: Evidence Slabhra: Chain Éadach: Clothing Snáithíní: Fibres Caomhnaithe: Preserved Machnamh: Deliberation Maígh: Claim or allege Athbhreithniú: Review Appeal: Achomharc Saineolaí: Expert An Chúirt Achomhairc: The Court of Appeal Ag séanadh: Denying Ath-thástáil: Retest Is iomaí: Many See omnystudio.com/listener for privacy information.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Tá Cuán ar ais le sraith iontach moltaí, agus tá neart amhráin agus scannáin don Nollaig á mholadh aige, chomh maith le leabhair, sraitheanna agus áiteanna le dul.
Mairéad Nic Dhonnacha, duine den lucht eagraithe ‘Gúnas for Gaza'. Reáchtálfar ócáid ar an 4 Nollaig i nGaillimh le hairgead a bhailiú don eagraíocht MAP a chuireann cóir leighis ar fáil do mhuintir na Palaistíne.
Beidh Ceolchoirm na Nollag le Cór Chois Fharraige ar siúl i Séipéal an Chnoic Dé hAoine 5 Nollaig.
Theip ar Chomhairleoirí Contae Dhún na nGall glacadh le Dréacht Bhuiséid do 2026 ag cruinniú Dé hAoine. Déanfar an Buiséad a phlé arís ar an 3ú lá de Nollaig.
Sheol Gaillimh le Gaeilge, feachtas an tseachtain seo – a thabharfas aitheantas do na fuinneoga is fearr sa gcathair atá maisithe le leaganachaí Gaelacha don Nollaig. Labhair Sinéad Ní Chuinn le Séamus Ó Scanláin.
Cuireann Cuán aithne ar The Gladstone Band, atá ag déanamh gig i Whelan's ar an 16 Nollaig, agus cloisimid blaiseadh álainn de cheol féinchumtha s'acu, beo i Stiúideó Splanc.
Tá sé molta gan e-scutar a cheannach do ghasúir don Nollaig. Labhair an Garda Eoin Ó Máille faoi na rialacha a bhaineann le he-scutar.
Send us a textKen from the Sounds of Christmas talks to Muirgen O'Mahony from Celtic Woman about the new album and tour (and lots more)!Celtic Woman websiteGet Celtic Woman's new Christmas album Nollaig – A Christmas JourneyCeltic Woman tour info Show links:Listen to the Sounds of Christmas stationFind the Sounds of Christmas podcastConnect with the Sounds of Christmas on social mediaCheck out all the artists that are making the 2025 season of the Sounds of Christmas station possibleSupport the show