POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte ba chúis leis an tine. Agus Hong Cong ag streachailt leis an tine is measa sa chathair le breis agus 60 bliain, tá na céadta de chónaitheoirí an réigiúin tar éis obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú leis na híospartaigh easáitithe. Tá thart ar 500 cónaitheoir scaipthe faoi láthair i naoi n-ionad tithíochta sealadacha.Tá Pam Hogg, an dearthóir faisin Albanach a chruthaigh stíleanna do réaltaí lena n-áirítear Rihanna agus Kate Moss, tar éis bháis, a d'fhógair a teaghlach. Tuigtear go raibh Hogg ina seascaidí, ach níor nocht sí a haois go poiblí riamh. Níor tugadh cúis an bháis ach oiread, ach dúirt a teaghlach gur mian leo "buíochas a ghabháil le foireann uile Ospís Naomh Seosamh, Hacnaí as an tacaíocht álainn a thug siad do Pamela ina laethanta deiridh". Ba cheoltóir í Hogg freisin agus thacaigh sí le Debbie Harry ó Blondie agus The Pogues, sular bhunaigh sí an banna, Doll.Díoladh uaireadóir póca óir a fuarthas ó lánúin scothaosta a cailleadh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill ar os cionn €2 mhilliún ag ceant. Ba é an tsuim is airde a íocadh riamh as cuimhneachán Titanic, a dúirt na ceantálaithe. Ba leis an bpaisinéir sa chéad ghrád Isidor Straus an t-uaireadóir óir 18 carat, a bádh nuair a bhuail an long cnoc oighir i mí Aibreáin 1912, rud a d'fhág 1,500 duine marbh. Léiríodh é féin agus a bhean chéile Ida i scannán mór le rá James Cameron, Titanic, sa bhliain 1997 mar an lánúin ag coinneáil le chéile agus an Titanic ag dul faoi.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhraiceoirí dóiteáin - firefightersfaillíoch - negligenteasáitithe - displaceduaireadóir póca - pocket watchceant - auctionpaisinéir sa chéad ghrád - first class passenger
Is é an Domhnach seo teacht, an deichiú lá fichead de mhí na Samhna, an dáta deiridh a mbeidh Cumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath ag glacadh le hainmniúcháin do Phearsa Dhún na nGall 2025. Bhí Finian i Londain fosta ag an deireadh seachtaine nuair a bronnadh Pearsa Dhún na nGall i Londain ar Shéamus Carr as Gleann Cholm Cille ó dhúchas.
‘An Bhean go Chuaigh a hiníon go Meiriceá' – scéal a bhí aici ag Oireachtas na Samhna.
Cloisfidh muid inniu ó Mháire Nic Fheargail as Ard Leathan sa Ghaeltacht Láir agus muid ag dul ar ais go mí na Samhna 1995. Bhí sí cúig bliana déag agus na ceithre scór d'aois 95 bliain ar an dara lá is fiche de mhí na Samhna 1995. Seo mar a labhair sí le Conall Ó Dubhaigh.
Ar an 29ú lá de mhí na Samhna beidh ceiliúradh mór in Óstán Loch Altan nuair a bheas Eddie Hannah Ó Briain ag ceiliúradh 70 bliain d'aois, labhair Eddie faoina aistear ailse féin agus tá John mar chara mór aige agus beidh sé ag seinm ar an oíche. Rachaidh achan phingin a chruinneofar chun sochar d'Eitiltí agus Seirbhísí ailse Dhún na nGall.
Sraith na Samhna ag teacht chun críche ag an deireadh seachtaine agus labhair Cian le Hugh O'Sullivan agus Colm de Buitleir chun na mór scéalta a phlé.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmionn oifige - oath of officeneodracht - neutralitylománaíocht - loggingdífhoraoisiú - deforestationearnáil na talmhaíochta - the agricultural sectorlucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits
Madra Rua agus an Portán - scéal a bhí aige ag Oireachtas na Samhna.
Cul an Tí – dán a bhí aige ag Oireachtas na Samhna.
Amrhán na Leabhair a chan sé ag Oireachtas na Samhna.
Seachtain na hEolaíochta atá ann and Doireann doesn't even know what STEM stands for! So this was a sorely needed ep.. An tseachtain seo labhraíomar le Abigail Walsh, atá ag obair leis an togra eStór, agus Liam Lonergan, atá ag obair le Abair.ie. Two ambitious and revolutionary projects linking Gaeilge & AI. We spoke to them about the need for more Irish language resources online, the mistakes AI makes as Gaeilge - and whether Gaeilge & AI are compatible? Science Week 2025 is taking place from the 9th – 16th November. From technology and Al to sustainability and health, science impacts the way we engage with the world around us and enhances our collective strengths then, today and tomorrow. So, this Science Week, let's explore where we were, where we are, and where science can take us. Téigh go scienceweek.ie to find out what's happening near you. Chomh maith le sin bhí na cailíní ag Oireachtas na Samhna agus rave san RDS - Pólca 4 x Fred Again cathain?! Follow our sponsor Discover Ireland on Instagram & Tik Tok. Keep Discovering and visit discoverireland.ie to plan your next short break. Email howtogael@gmail.com with comments, suggestions and gach rud eile. Instagram: @howtogael @doireannnighlacain , @louise_cantillon , @siomhaniruairc Join us on Patreon for a bonus episode once a week and lots of bonus content https://www.patreon.com/c/HowToGael Sign up to our newsletter here: www.howtogael.com/contact Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Sheol TG4 scéim úr ag Oireachtas na Samhna ar na mallaibh - Scéim Forbartha do Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta, tá an scéim seo a reachtáil ag TG4 i gcomhar le Gréasán na Méan Skillnet agus Ealaín na Gaeltachta agus tá Deirbhle linn le cur sios a dhéanamh air.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 29ú lá de mí Dheireadh Fómhair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1976 stop siad an choisc ar agóid Éireannach I Trafalgar Square de bharr go raibh gluaiseacht síochánta ag tarlú ar an 27ú lá de mhí na Samhna agus go mbeadh níos mó ná 40,000 duine ann. I 1982 thit an caighdeán maireachtála in Éirinn agus bhí sé is ísle is a bhí sé I 1977. I 2001 bhí Durlas an chéad bhaile eile a raibh scanraigh antrasc nuair a tháinig pacáiste chuig tí sa bhaile. De réir na nGardaí bhí an pacáiste brúite tríd an bhosca litreacha. Fuair bean é nuair a tháinig sí abhaile. Dúirt na Gardaí go raibh sí amhrasach de bharr an tomhas den bhosca agus an tslí a raibh sé dúnta. I 2009 bhí baill den comhairle contae Tiobraid Árann chun ceannas a bheith acu ar phíosa den M7 de bharr go raibh siad ag fanacht ar airgead ó fhochonraitheoir. Chuireadh cheist ar na comhairleoir chun aontaigh le comhairle contae Luimneach agus ó é sin go mbeadh ceannas ar píosa den M7 ag Comhairle Tiobraid Árann. Sin Bruno Mars le Just The Way You Are – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2010. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2006 shroich McFly uimhir a haon sa Bhreatain lena hamhrán Star Girl. Bhí sé a séú huimhir a haon. Sheinm an t-amhrán chun dúisigh na spásaire sa stáisiún spáis tar éis feachtas Twitter iontach chun ceist a chuir ar NASA chun an t-amhrán a sheinm. Thosaigh amhránaí Tom Fletcher an feachtas. I 2007 fuair Kylie Minogue onóir leis an Music Industry Trust do 20 bhliain sa tionscal agus ainmníodh í mar íocón do pop agus stíl ag searmanas I Londain. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Fleur East sa Bhreatain I 1987 agus rugadh aisteoir Winona Ryder I Meiriceá ar an lá seo I 1971 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 29th of October, with me Lauren Ní Loingsigh 1976: A 4 year ban on Irish Demonstrations in Trafalgar Square is being lifted for the peace movement rally on November 27th expercted to attarct more than 40,000. 1982: Standard of living have dropped dramtically to its lowest level since 1977, retail figures for july showed. 2001 - THURLES became the latest victim of an anthrax scare when a suspicious package was delivered to a private house in the town. According to Gardai the package was pushed through a letter box. The package was discovered by the lady of the house on her return home. A Garda spokesman explained that she immediately became suspicious because of its size and the manner in which it was sealed. 2009 - Members of North Tipperary Co Council were holding out on taking control of a section of the new M7 pending payment of local subcontractors who owed monies for works on the motorway. Local councillors were asked to approve amending an agreement with Limerick Co Council, which would see North Tipperary Co Council assuming control of a section of the M7 from the lead authority. That was Bruno Mars with Just the Way You Are– the biggest song on this day in 2010 Onto music news on this day In 2006 McFly scored their 6th UK No.1 single with 'Star Girl'. The song was played in space to wake up the astronauts on the space station, after a successful twitter campaign asking NASA to play the song started by band member Tom Fletcher. 2007 Kylie Minogue was honoured with the Music Industry Trust prize for her 20-year career and status as an "icon of pop and style" at a London ceremony. And finally celebrity birthdays on this day – singer Fleur East was born in the UK in 1987 and actress Winona Ryder was born in America in this day in 1971 and this is some of the stuff she has done. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.
Buachaill ó Chathair an Treantaigh a chan 'Slán le Máigh' ag Oireachtas na Samhna.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d'achan íospartach. Dúirt ‘máthair bhaistí' na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsaoránach - citizenéigeandáil - emergencycalaois - fraudailse - cancermáthair bhaistí - godmotherintleacht shaorga - artificial intelligence
Amhránaí a ghlac páirt in Oireachtas na Samhna agus a chan 'Raca Breá mo Chinn'.
Celebrating our Language, Arts and CultureComhghairdeas to all of those who helped make Oireachtas na Samhna the huge success it was. Thousands of Irish language speakers from across the island of Ireland spent part of last week enjoying the music, dance, culture, arts, craic and discussions that are part of the oldest Irish language and arts event on the island of Ireland. The Waterfront Hall and other venues were filled with the very young to the not so young Gaels, all actively and enthusiastically enjoying the enormous diversity of Oireachtas na Samhna. Many took part in competitions, including sean-nós singing, sean-nós step dancing and lúibíní (poetic verses).A special well done to Máirín Nic Dhonnchadha and the leadership team which ensured the smooth running of an amazing and ambitious occasion. The presence of President Elect Catherine Connolly, due to be sworn in as Uachtarán na hÉireann next week was a special bonus. The Oireachtas was her first visit North following the presidential election. So too did the presence of Pól Deeds, the new Irish Language Commissioner, who along with Lee Reynolds the Ulster Scots Commissioner, will take up their posts next week.This is another important step forward. The Irish Language Commissioner will play an important role in enhancing the opportunities for the growth of the Irish Language.Ról na nGael i dTógáil Éire NuaCeann de na himeachtaí ag Oireachtas na Samhna eagraíodh é ag Coimisiún Shinn Féin ar Thodhchaí na hÉireann. Scrúdaigh sé go sonrach ról na nGaelgóirí i dtreo aontú na hÉireann.Cuir Tomás Ó Néill fáilte roimh an tionál ar son Shinn Fein mBeal Feirste. D'oscail Aisling Reilly MLA, duine den ghlúin úr seo sa chathair, an imeacht agus labhair sí ar na deiseanna romhainn fríd Aontacht – “deis fháis, deis cheangail agus deis ar rathúlachta chomhchoitinn”.Dúirt Aisling gur mór an seans go mbeadh ann don Reifreann le linn Uachtaránacht Catherine Connolly agus go bhfuil muidne, muintir na hÉireann i bhfad chun tosaigh ar an Rialtas. Lá i ndiaidh lae, tá níos mó daoine, eagraíochtaí agus grúpaí a rá go bhfuil dualgas ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath tabhairt fán phleanáil agus ullmhúchán do reifreann agus d'athaontú na tíre.The Olive is never just a TreeThe number of people killed by Israel's genocidal war on the Palestinian people of the Gaza Strip has passed 68,000, with a further 10,000 at least still buried under the rubble. Over 150,000 have been wounded, many of them permanently disabled. The most recent figures on Israeli actions in Gaza reveal that the so-called ceasefire that began on 10 October is far from that. So far Israeli forces have violated the ceasefire on 194 occasions, including 55 shootings and 55 shellings. Other attacks have occurred since then. At least 226 people, including 97 children have been killed. What price the ceasefire?Last week, the Israeli government allowed some heavy machinery in to help in the search for dead Israeli captives. They continue to ban heavy equipment for the retrieval of Palestinian victims.Under the agreement agreed between the USA, Qatar, Egypt and Turkey humanitarian aid should now be flowing into the Gaza Strip. However, instead of the 600 trucks cleared to enter Gaza each day less than a quarter of this number are currently being allowed in. Critically trucks carrying frozen meat, eggs and livestock are still blocked.
Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agallaimh beirte do dhaoine óga idir 11-12 ag Oireachtas na Samhna 2025.
Fuair sé an dara sa gcomórtas aithriseoireachta ag Oireachtas na Samhna leis an dán 'Baile Thír an Fhia'.
Fuair siad an dara háit ag Oireachtas na Samhna 2025 leis an lúibín 'Ceacht Tiomána'.
Buaiteoirí Stéip faoi aois ag Oireachtas na Samhna 2025.
Fuair siad an dara háit leis an agallamh beirte 'Dídean do na Gaeil' ag Oireachtas na Samhna i mbliana.
Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agaillimh beirte do dhaoine óga idir 9-11 ag Oireachtas na Samhna 2025.
Fuair Mártán an chéad áit sa gcomórtas damhsa ar an sean-nós do dhaoine óga faoi ocht mblianta ag Oireachtas na Samhna 2025.
Fear na Rinne le amhrán ó Oireachtas na Samhna.
Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agallaimh beirte do dhaoine óga idir 6-9mbliana d'aois ag Oireachtas na Samhna 2025.
Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agallaimh beirte do dhaoine óga idir 6-9mbliana d'aois ag Oireachtas na Samhna 2025.
Fuair Pádraig an chéad áit sa gcomórtas amhránaíochta do dhaoine óg idir 14-15 ag Oireachtas na Samhna 2025.
Páirteach in Oireachtas na Samhna le Agallamh Beirte – 'Santa Imithe Amú ag an tOireachtas'
San eagrán seo, plé ar Oireachtas na Samhna 2025.
Muintir Chorca Dhuibhne a bhí páirteach i in Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le tríseachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D'éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítearcomórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d'oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas agtarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISspéirling - hurricaneMuir Chairib - the Carribean Seaionsaithe buamála - bombing attackssíocháin leochaileach - fragile peacetaibhealaíona - performing artsUachtarán tofa - President-elect
Na ceisteanna is mó a bhaineann leis an nGaeilge faoi láthair de réir na ceannasaithe ar na heagraíochtaí seo. Na hathruithe agus dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, i bhfianaise an méid atá pléite ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.
Labhraíonn Uachtarán nua-thofa na hÉireann, Catherine Connolly, beo as Oireachtas na Samhna faoin méid a bhfuil sí ag súil le baint amach le linn a tréimhse oifige.
I láthair ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.
Labhraíonn Máirín Ní Dhonnchadha le Seán faoi Oireachtas na Samhna 2025.
Clár imeachtaí á n-eagrú aige i Mainistir Fhear Maí an mhí seo chugainn d'Fhéile na Samhna.
Iar-oifigeach le Turas in Oirthear Bhéal Feirste ag tnúth le Oireachtas na Samhna.
Agallamh le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, beo ar Eadra faoi cheapadh Pól Deeds mar an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh. Craolta 29ú Deireadh Fómhair agus Oireachtas na Samhna á sheoladh i mBéal Feirste don chéad uair ó 1997.
Tá Banríon na Samhna (agus b'fhéidir an domhain?) Roz Purcell linn an tseachtain seo le nósanna an tséasur is ansa léithi a phlé. Between her fiddle playing and her story telling abilities, she fit RIGHT in - fancy covering a mat leave Roz? Follow Roz online HERE. You can check out her all the Samhain events she mentioned HERE. Follow our sponsor Discover Ireland on Instagram & Tik Tok. Keep Discovering and visit discoverireland.ie to plan your next short break. Email howtogael@gmail.com with comments, suggestions and gach rud eile. Instagram @howtogael @doireannnighlacain , @louise_cantillon @siomhaniruairc Join us on Patreon for a bonus episode once a week and lots of bonus content https://www.patreon.com/c/HowToGael Sign up to our newsletter here: https://www.howtogael.com/contact Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Táthar ag súil go mbeidh le suas le 15,000 duine ag freastal ar cheann de na himeachtaí is mó i saol na Gaeilge an tseachtain seo i mBéal Feirste – is é sin Oireachtas na Samhna.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 29ú lá de mí Dheireadh Fómhair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1976 stop siad an choisc ar agóid Éireannach I Trafalgar Square de bharr go raibh gluaiseacht síochánta ag tarlú ar an 27ú lá de mhí na Samhna agus go mbeadh níos mó ná 40,000 duine ann. I 1982 thit an caighdeán maireachtála in Éirinn agus bhí sé is ísle is a bhí sé I 1977. I 1982 d'oscail ceardlann agus oifigí don bhord iascaigh I gCora Finne. I 2010 dúradh go mbeadh nach mór 10,000 post nua chun a bheith ann sa chontae I 2020 dá mbeadh an fuinneamh in-athnuaite aitheanta. Sin Bruno Mars le Just The Way You Are – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2010. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2006 shroich McFly uimhir a haon sa Bhreatain lena hamhrán Star Girl. Bhí sé a séú huimhir a haon. Sheinm an t-amhrán chun dúisigh na spásaire sa stáisiún spáis tar éis feachtas Twitter iontach chun ceist a chuir ar NASA chun an t-amhrán a sheinm. Thosaigh amhránaí Tom Fletcher an feachtas. I 2007 fuair Kylie Minogue onóir leis an Music Industry Trust do 20 bhliain sa tionscal agus ainmníodh í mar íocón do pop agus stíl ag searmanas I Londain. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Fleur East sa Bhreatain I 1987 agus rugadh aisteoir Winona Ryder I Meiriceá ar an lá seo I 1971 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 29th of October, with me Lauren Ní Loingsigh 1976: A 4 year ban on Irish Demonstrations in Trafalgar Square is being lifted for the peace movement rally on November 27th expected to attract more than 40,000. 1982: Standard of living have dropped dramatically to its lowest level since 1977, retail figures for July showed. 1982: A workshop and offices for the central fisheries board was opened last week at Cooga, Corofin. 2010: up to 10,000 jobs could be created in Clare by 2020 if the economic potential of wind and wave energy is fully realized, a local renewable energy developer has claimed. That was Bruno Mars with Just the Way You Are – the biggest song on this day in 2010 Onto music news on this day In 2006 McFly scored their 6th UK No.1 single with 'Star Girl'. The song was played in space to wake up the astronauts on the space station, after a successful twitter campaign asking NASA to play the song started by band member Tom Fletcher. 2007 Kylie Minogue was honoured with the Music Industry Trust prize for her 20-year career and status as an "icon of pop and style" at a London ceremony. And finally celebrity birthdays on this day – singer Fleur East was born in the UK in 1987 and actress Winona Ryder was born in America in this day in 1971 and this is some of the stuff she has done. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.
[English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach? Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Nóra Nic Con Ultaigh agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] If the best hurler in the country, Seán Ó Glaimhín, is shot dead during the All Ireland Final then he must have got in with the wrong crowd reasons the private detective Réics Carló to this assistant Brian Ó Ruairc both of them shocked at what they have just witnessed in Croke Park. The action on the pitch may have come to a sudden stop but now its time for quick wits to get to the bottom of this gruesome murder. Réics and Brian are only too happy to answer the call of duty and help An Garda Síochána to solve the mystery. But where to start? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Nóra Nic Con Ultaigh and Rónán Mistéil
Sa chlár seo, labhraímid faoi na scéalta móra atá i mbéal an phobail; rás don uachtaránacht, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, (easpa) nasc idir uathachas agus Tylenol, agus (easpa) sos cogaidh i nGaza. Ar an taobh níos éadroime, tá muid ag súil le Cork Jazz Festival agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste! I saol na healaíne, roinnimid ár gcuid moltaí le déanaí:Staidéar ar an gCailleach le Doireann Ní GhlacáinTraic úr ó Huartan (agus albam nua ar na bacáin)Daughters of Jerusalem Choir ag teacht go hÉirinn gan mhoill
Labhir Michelle le Sinead Uí Bhaoil a thug tarrtháil ar thachrán dhá bhliain d'aois in Anagaire i mí na Samhna anuraidh, Diane Robinson, mathair an tachráin, Maitiú Clerkin, Joe Heron, Turlagh McDaid agus Dualta Bracken a thug tarrtháil ar bheirt pháistí agus fear amach ón Trá Mór in Ard a Rátha i mí Lúnasa i mbliana.
Beirt atá ag tnúth le Oireachtas na Samhna an tseachtain seo chugainn.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O'Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d'éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISclúmhilleadh - defamationneamhchiontach i ngach cúis - innocent of all chargescéilí comhraic - competitorbotháin vótála - voting boothsgníomh ró-mhígheanasach - gross indecencygarmhac - grandson
Palestine Must Be Free A population greater than that of Belfast has been moving back to the northern Gaza strip following the ceasefire announcement last week. Awaiting them is utter destruction. The infrastructure of Gaza has been levelled by the Israeli state's genocide. The return of the Gazans. is based on hope. Hope that humanitarian aid will arrive. Hope that the indiscriminate bombing by Israel and the deliberate slaughter of desperate, starving people at aid stations has stopped. Hope that the big powers – which have allowed this holocaust to go on for two years will ensure that this is a meaningful end to the war.Liam Mellows and the Irish Revolution – ‘a Very Important Book'I was very pleased to speak at the launch in Áras Uí Chonghaile last week of the latest edition of Desmond Greaves' wonderful book, ‘Liam Mellows. And the Irish Revolution.' Dr. Ruan O'Donnell, a Senior Lecturer in History, was instrumental in updating the book. Present also was Anthony and Muriel Coughlan. Anthony is Desmond Greaves literary executor. He is owed a debt of gratitude for his lifelong work on many issues, but especially the work of collating Desmond's writings. Oireachtas na SamhnaOireachtas na Samhna is coming to Belfast. The oldest Irish language festival in the country which celebrates an Ghaeilge, sean-nós music, dance, literature, recitation and even a rap music category - a sign of the times! Thousands of Gaeilgeoirí - families, children, young people and some older folk too, will gather in Belfast where the Oireachtas is being held for the first time since 1997. There will be lots of events, including competitions, book launches, conversations, live broadcasts and debates - all completely as Gaeilge.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna.Dé hAoine i Londain, caitheadh amach an cás i gcoinne Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den ghrúpa ceoil Kneecap. Cuireadh ina leith gur thug sé tacaíocht d'eagraíocht thoirmiscthe, nuair a tháinig físeán de cheolchoirm a rinne an grúpa i Londain i mí na Samhna 2024 chun aird na bpóilíní, tar éis dóibh a ndlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne a chur in iúl ag an bhféile Coachella sna Stáit Aontaithe i mí Aibreáin. Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Paul Goldspring go raibh an cúiseamh neamhdhleathach, mar níor thug an tArd-Aighne agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a gcead dó dul ar aghaidh laistigh de sé mhí, agus bhí an cead a thug siad lá thar am. Dúirt Ó hAnnaidh nach raibh an cás faoi sceimhlitheoireacht, acht faoi Gaza. Bhí Blinne Ní Ghrálaigh KC, abhcóide Chonradh na Gaeilge i Londain i gcás leacht cuimhneacháin Margaret Keane, ina fhoireann cosanta.D'fhoilsigh an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt anailís costais is tairbhe ar an mBunioncam do na hEalaíona, a shocraigh gur as gach euro a caitheadh, cruthaíodh €1.39 de thairbhí sóisialta agus eacnamaíochta. Thosaigh an scéim píolóta in 2022, agus ó shin tá 2000 ealaíontóirí ag fáil €325 inaghaidh an tseachtain, chun deis a thabhairt dóibh díriú isteach ar a n-obair chruthaitheach. Tá an scéim chun críochnú i mí Feabhra 2026, acht tá an rialtas ag obair ar cheann nua, a bheidh mar chuid de Bhuiséad 2026.Foilsíodh staidéar faoi bhlaosc de Homo longi, an speiceas de daoine ársa ar a thugtar na “Deiniseóbhaigh”, san irisleabhar “Science” an tseachtain seo. D'aimsíodh an blaosc in Yunxian sa tSín, agus de réir na hanailíse, tá sé thart ar mhilliún bliain d'aois. Tá an iontaise brúite go dona, acht bhí na heolaithe in ann é a scannáil, an dífhoirmiú a bhaint de go digiteach, agus priontáil thríthoiseach a dhéanamh de cheann ceartaithe, a chruthaíonn gur Deiniseóbhach a bhí i gceist. Tá an fhionnachtain tábhachtach, má tá sé dátaithe i gceart, mar tá an blaosc i bhfad níos sine ná gach iontaise eile de chuid na nDeiniseóbhach a aimsíodh cheana; agus léiríonn sé an fhéidearthacht go bhfuil ár speiceas fhéin, Homo sapiens, i bhfad níos sine ná a ceapadh cheana freisin. Agus tá oidhreacht na nDeiniseóbhach inár measc go fóill; mar atá cúpla faoin gcéad de DNA Néandartálach i ngach duine ar domhan seachas na hAfraicigh fho-Shaháracha, tá cúpla faoin gcéad de DNA Deiniseóbhach fós i ndaoine éagsúla in oirdheisceart na hÁise agus ar oileáin an Aigéin Chiúin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISeagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisationPríomh-Bhreitheamh - Chief JusticeArd-Aighne - Attorney-GeneralStiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí - Director of Public Prosecutionsanailís costais is tairbhe - cost-benefit analysisBunioncam do na hEalaíona - Basic Income for the Artsblaosc - skullDeiniseóbhach - DenisovanAfraicigh fho-Shaháracha - sub-Saharan Africans
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bairro Alto, ceantar eile a bhfuil siamsaíocht oíche ann. Bhí daoine ó thíortha éagsúla i measc na n-othar gortaithe, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Eilvéis, Ceanada, an Chóiré Theas, Maracó agus Rinn Verde. Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil aon saoránach Éireannach i measc na dtaismeach. Tharla an timpiste mar gur bhris an cábla agus gur sciorr an carr den rian. D'fhógair an rialtas sa Phortaingéil Lá Náisiúnta Dobróin agus tá fiosrúchán ar siúl.Tá Conor McGregor tar éis físeán a phostáil lasmuigh d'Fhoirgnimh an Rialtais, ag impí ar dhaoine dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí contae chun tacú leis mar iarrthóir uachtaránachta. Chun a bheith ar an mbosca ballóide, caithfidh sé ceithre údarás áitiúla nó 20 ball den Oireachtas a fháil lena thaobh. Osclóidh fuinneog na n-ainmniúchán amárach agus caithfear iad a chur isteach roimh an cheathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. I bhfíseán dhá nóiméad go leith, luaigh sé Forógra na Saoirse agus rinne sé comhartha na croise ag an deireadh. I mí na Samhna anuraidh, d'aimsigh giúiré i dtriail shibhialta go ndearna McGregor ionsaí gnéis ar Nikita Hand in 2018, agus tugadh damáistí beagnach €250,000 di. Chaill sé a achomharc sa chás i mí Iúil i mbliana. Tá sé ráite ag Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé comhaontuithe trádála ar ceal má deir an Chúirt Uachtarach go raibh na taraifí a thug sé isteach neamhdhleathach. Rialaigh cúirt achomhairc le déanaí nach raibh údarás aige na taraifí a ghearradh gan cead na Comhdhála. Deir Trump go bhfuil muinín aige go rialóidh an Chúirt Uachtarach ina fhabhar, ach d'admhaigh sé go mbeadh caillteanas mór ann dá gcaillfeadh sé. Mhaígh sé freisin go raibh an tAontas Eorpach ag íoc “beagnach trilliún dollar” leis na Stáit Aontaithe, cé gur i ndáiríre is iad lucht iompórtála Meiriceánach a íocann na taraifí sin. Rinne an Seanadóir Mitch McConnell comparáid idir polasaithe Trump maidir leis an gheilleagar agus gnóthaí eachtracha agus polasaithe na naoi déag tríochaidí, agus é ag rá gurb é seo "an tréimhse is contúirtí ó roimh an Dara Cogadh Domhanda".*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISiarnród cáblach - funiculartaismeach - casualtybosca ballóide - ballot boxcomhartha na croise - the sign of the crosscomhaontuithe trádála - trade agreementsgnóthaí eachtracha - foreign affairs