Cumann Carad na Gaeilge

Follow Cumann Carad na Gaeilge
Share on
Copy link to clipboard

Agallaimh agus caint as Gaeilge - Interviews and talk in Irish Gaelic

Séamas Ó Neachtain


    • Feb 21, 2016 LATEST EPISODE
    • infrequent NEW EPISODES
    • 16 EPISODES


    Search for episodes from Cumann Carad na Gaeilge with a specific topic:

    Latest episodes from Cumann Carad na Gaeilge

    Ag Ceilliúradh Shéamuis De Bláca, 19 Feabrha 2016

    Play Episode Listen Later Feb 21, 2016


    Ar an 19ú Feabhra 2016 bhí dinnéir in ómós do Shéamus De Bláca agus Eibhlinn Zurell.  Bhronn Tomás De hÍde agus Roinn na Gaeilge Ollscoil Lehman duaiseanna orthu.  Bhí sé d'ádh orm Séamus a chur in aithne ag an ócáid bhreá seo.  Rinne mé taifead den mhéid a dúirt mé féin, bronnadh na duaise ar Shéamus, agus an cúpla focal a dúirt seisean.  Seo é:OicheSheamuisDeBlaca.mp3 (10:45)Séamas Ó Neachtain

    Séamas Ó Neachtain ag Féasta Chultúr na nGael, Ollscoil Molloy, 7 Feabhra 2015

    Play Episode Listen Later Feb 8, 2015


    Haigh!  Nach fada an lá é!  Ní dhearna mé podchraoladh mar a bhíodh againn anseo, ach seo taifead de chaint a thug mé (Séamas Ó Neachtain) ag Féasta Chultúr na nGael ag Ollscoil Molloy ar Inis Fada, Nua-Eabhrac, 7 Feabhra 2015.  Tá an cuid is mó de as Gaeilge, ach amháin gur chuir mé roinnt Béarla ann mar gheall ar an lucht éisteachta.  Ag caint faoi ghnéithe na foilsitheoireachta i saol na Gaeilge agus i mo shaol féin.Caint faoi fhoisiú na leabhar is na n-irisleabhar srl. (57:13)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Trí (Críoch)

    Play Episode Listen Later May 16, 2010


    Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Chríochnímid na horáidí gearra ón bpainéil, le Séamus De Bláca, Roislin Ní Floinn, Máire Ní Mhaolagáin agus mise, Séamas Ó Neachtain, le cúpla focal eile ó Elaine Ní Bhraonáin ina measc.Podchraoladh Céad Tríocha a hAon (18:21)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a Dó

    Play Episode Listen Later May 16, 2010


    Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an triúir eile a labhair ón stáitse sin, Daithí Mac Lochlainn, Tomás De hÍde agus Breandán Ó Caollaí. Tá níos mó ag teacht fós, le cúnamh Dé!Podchraoladh Céad is Tríocha (9:59)

    Féile na Gaeilge ag Lárionad na nEalaíon Éireannach, Cuid a hAon

    Play Episode Listen Later May 1, 2010


    Comhdháil a bhí ann, le fírinne, agus ionadaithe i láthar ó beagnach gach eagras Gaeilge i limistéir Nua-Eabhraic, ag an Irish Arts Center i Nua-Eabhrac, 24 Aibreán 2010. Bhí painéal de aoi-chainteoirí ann mar chuid de, agus seo an chéad bheirt a labhair ón stáitse sin, Elaine Ní Bhraonáin agus an Doctúir Art Hughes. Beidh i bhfad níos mó ag teacht, le cúnamh Dé!Podchraoladh Céad Fiche a Naoi (15:39)

    Lá 'le Pádraig i Nua-Eabhrac, 2010

    Play Episode Listen Later Mar 28, 2010


    So mo chuid eachtraithe ar Lá 'le Pádraig i mbliana. Tá roinnt den Aifreann ag Néamh Agnes againn, agus agallaimh le daoine a bhí ansin agus ag an mórshiúl, agus píosaí den mhórshiúl fén. An-lá a bhí ann!Podchraoladh Céad Fiche a hocht (23:05)Tá físchraoladh ann faoin lá seo freisin!

    Seoladh Súil Siar - Liam Mac Giodaire

    Play Episode Listen Later Feb 16, 2009


    Seo caint le Liam Mac Giodaire, ar son Dhaltaí na Gaeilge.Podchraoladh Céad is Fiche a Dó (7:43)Má tá tú ag éisteacht, scríobh chugam agus inis dom do thuairim faoin bpodchraoladh seo!

    Súil Siar - Éamonn Ó Cuív, Seosamh Ó Laoi agus Eibhlín Zurell

    Play Episode Listen Later Feb 7, 2009


    Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a dó.Podchraoladh Céad is Fiche (11:29)

    Seoladh Súil Siar - Hilary

    Play Episode Listen Later Feb 7, 2009


    Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a trí.Seo caint eile ón oíche sin le Hilary Mhic Suibhne.Podchraoladh Céad is Fiche a hAon (7:03)

    Súil Siar - Seósamh Ó Laoi, James Keane,

    Play Episode Listen Later Jan 11, 2009


    Seoladh an leabhair Súil Siar. An fháilte a d'fhear an tOllamh Seósamh Ó Laoi romhainn, agus ceol is caint le Séamas Keane agus cara eile dó. Podchraoladh Céad is a Naoi Déag (10:37)Seo alt faoin ocáid seo a bhí agam sa National Hibernian Digest.

    Lá Gaeilge Í, 29 Márta 2008

    Play Episode Listen Later Jan 11, 2009


    Cúpla comhrá ag teacht le chéile na nGael ag Ollscoil Í, in New Rochelle Nua-Eabhrac. Lucht Dhaltaí na Gaeilge a bhíonn i láthair.Podchraoladh Céad is a hOcht Déag (14:48)

    An Mórshiúl, Lá 'le Pádraig 2008

    Play Episode Listen Later Dec 6, 2008


    Lá 'le Pádraig 2008:Podchraoladh Céad is a Seacht Déag (15:16)Rinne mé físchraoladh/youtube den lá seo, freisin.Agus seo cúpla grianghraf ón lá mór:Baill an ChumainnMary Holt Moore agus Gearóid Ó Ceallaigh Meirge na gCumann GaelachAibhinne a Cúig, Nua-EabhracCeamara TeilifíseBaill an Chumainn

    Naomh Agnes, Lá 'le Pádraig 2008, cuid a cúig

    Play Episode Listen Later Nov 24, 2008


    Ceol agus deireadh an Aifrinn, Lá 'le Pádraig 2008:Podchraoladh Céad is a Sé Déag (11:38)

    Naomh Agnes, Lá 'le Pádraig 2008, cuid a Ceathair

    Play Episode Listen Later Oct 29, 2008


    An phaidir eocairisteach, an ár n-athair, agus deasghnátha na comaoineach as Aifreann Dé i gCathair Nua-Eabhraic, Lá 'le Pádraig 2008:Podchraoladh Céad is a Cúig Déag (8:52)

    Naomh Agnes, Lá 'le Pádraig 2008, cuid a Trí

    Play Episode Listen Later Oct 25, 2008


    An Chré, guí an phobail agus ceol as Aifreann Dé i gCathair Nua-Eabhraic, 2008:Podchraoladh Céad is a Ceathair Déag (9:18)

    Naomh Agnes, Lá 'le Pádraig 2008, cuid a Dó

    Play Episode Listen Later Oct 14, 2008


    Cuid eile den Aifreann i gCathair Nua-Eabhraic, 2008:Podchraoladh Céad is a Trí Déag (10:12)

    Claim Cumann Carad na Gaeilge

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel