Podcasts about nua eabhrac

  • 20PODCASTS
  • 127EPISODES
  • 18mAVG DURATION
  • 1EPISODE EVERY OTHER WEEK
  • Apr 27, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about nua eabhrac

Latest podcast episodes about nua eabhrac

Raidió na Life 106.4FM
Slow and Easy Day (Beo) - Paul Spring

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Apr 27, 2025 5:06


Bhí lúcháir orainn le déanaí cuairt a fháil ó Paul Spring. Le 4 albam eisithe aige le 2 bhliain anuas, clúdaíonn an ceoltóir ó Nua Eabhrac an-chuid talamh, ó cheol tíre go pop go cheol leictreonach go clasaiceach. Tá Paul ar camchuairt timpeall na tíre faoi láthair, beidh sé le feiscint i mBÁC sa Cobblestone an Déardaoin beag seo 1ú Bealtaine.

bh mbc cobblestone bealtaine paul spring nua eabhrac
Raidió na Life 106.4FM
Eye to Eye (Beo) - Paul Spring

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Apr 27, 2025 3:20


Bhí lúcháir orainn le déanaí cuairt a fháil ó Paul Spring. Le 4 albam eisithe aige le 2 bhliain anuas, clúdaíonn an ceoltóir ó Nua Eabhrac an-chuid talamh, ó cheol tíre go pop go cheol leictreonach go clasaiceach. Tá Paul ar camchuairt timpeall na tíre faoi láthair, beidh sé le feiscint i mBÁC sa Cobblestone an Déardaoin beag seo 1ú Bealtaine.

Raidió na Life 106.4FM
Far From The Flame (Beo) - Paul Spring

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Apr 27, 2025 4:07


Bhí lúcháir orainn le déanaí cuairt a fháil ó Paul Spring. Le 4 albam eisithe aige le 2 bhliain anuas, clúdaíonn an ceoltóir ó Nua Eabhrac an-chuid talamh, ó cheol tíre go pop go cheol leictreonach go clasaiceach. Tá Paul ar camchuairt timpeall na tíre faoi láthair, beidh sé le feiscint i mBÁC sa Cobblestone an Déardaoin beag seo 1ú Bealtaine.

flame bh mbc cobblestone bealtaine paul spring nua eabhrac
RTÉ - Iris Aniar
Gearóidín Nic an Iomaire ag labhairt le cuid de lucht peile na Gaillimhe i Nua Eabhrac .

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 7, 2025 11:13


Gearóidín Nic an Iomaire ag labhairt le cuid de lucht peile na Gaillimhe i Nua Eabhrac ag cluiche na Gaillimhe inné.

RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 17, 2025 5:33


Beidh an Tánaiste Simon Harris i Nua Eabhrac inniu.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Niall O'Dowd

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 11, 2025 10:16


Iriseoir ó Irish Central i Nua Eabhrac d'oidhreacht Chorca Dhuibhne ag trácht ar chuairt an Taoisigh Micheál Martin chuig and Teach Bán agus cad a bheidh in ann dó.

niall o nua eabhrac chorca dhuibhne
Tipp FM Radio
Ar An Lá Seo 10-3-25

Tipp FM Radio

Play Episode Listen Later Mar 11, 2025 1:53


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 10ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1984 thaisteal Taoiseach Garret Fitzgerald chuig Nua Eabhrac tar éis scanradh a tharla nuair a bhí sé thar an fharraige. Cheap siad go mbeidís chun taisteal chuig Montreal mar tháinig síobadh sneachta I Nua Eabhrac nuair a d'fhág sé an tSionainn. I 2003 tháinig Mickey Joe Harte amach ar barr sa chomórtas You're A Star mar fuair sé an chuid is mó de na vótaí. De bharr sin chuaigh sé chuig an Eurovision an bhliain sin lena amhrán We've Got The World. I 2000 dúirt an Bord Sláinte den Iarthar Láir nach mbeadh na huimhreacha chun titim san ospidéal dá mbeidís chun bogadh. I 2012 bhuaigh iománaí an chontae corn. Bhí cluiche iontach ag Tiobraid Árann I gcoinne an Chláir agus bhuaigh siad an Corn Waterford Crystal. Sin Christina Aguilera le Beautiful – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1988 fuair Andy Gibb ó The Bee Gees bás san ospidéal. Fuair sé bás de bharr athlasadh an chroí. I 2009 tháinig an nuacht amach gur dhíol ticéid amach do cheolchoirm Paul McCartney I seacht soicind. Chosain na ticéid 750 dollar agus bhí timpeall 4,000 thicéad ann don cheolchoirm I Las Vegas. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Sharon Stone I Meirceá I 1958 agus rugadh amhránaí Robin Thicke I Meirceá ar an lá seo I 1977 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

RTÉ - Iris Aniar
Cormac Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge CLG na Gaillimhe.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Feb 20, 2025 10:58


Beidh an comórtas 'Dancing Like a Star' á reáchtáil ag CLG na Gaillimhe i Nua-Eabhrac san Aibreán.

cormac gaeilge clg beidh gaillimhe aibre nua eabhrac conaire
Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 10-03-2025

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Feb 14, 2025 2:03


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 10ú lá de mí an Mhárta, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1984 thaisteal Taoiseach Garret Fitzgerald chuig Nua Eabhrac tar éis scanradh a tharla nuair a bhí sé thar an fharraige. Cheap siad go mbeidís chun taisteal chuig Montreal mar tháinig síobadh sneachta I Nua Eabhrac nuair a d'fhág sé an tSionainn. I 2003 tháinig Mickey Joe Harte amach ar barr sa chomórtas You're A Star mar fuair sé an chuid is mó de na vótaí. De bharr sin chuaigh sé chuig an Eurovision an bhliain sin lena amhrán We've Got The World. I 2006 fuair 3 óstán sa chontae gradam ag an CIE Awards. Fuair Dromoland Castle an gradam mór. Fuair The Radison SAS I Meelick gradam do lóistín agus fuair Bunratty Castle gradam do sheirbhís iontach. I 2017 bhí Lá na mBan á cheiliúradh in Inis. Bhí imeacht ar an droichead timpeall Bank Place le mná ag caitheamh dubh agus bhí bratach acu le fadhbanna a bhí tábhachtach dóibh. Sin Christina Aguilera le Beautiful – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1988 fuair Andy Gibb ó The Bee Gees bás san ospidéal. Fuair sé bás de bharr athlasadh an chroí. I 2009 tháinig an nuacht amach gur dhíol ticéid amach do cheolchoirm Paul McCartney I seacht soicind. Chosain na ticéid 750 dollar agus bhí timpeall 4,000 thicéad ann don cheolchoirm I Las Vegas. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Sharon Stone I Meirceá I 1958 agus rugadh amhránaí Robin Thicke I Meirceá ar an lá seo I 1977 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

Raidió na Life 106.4FM
Pop Up Gaeltacht: Cobblestone, Nua-Eabhrac, Bolivia - Mícheál Ó Nualláin

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Feb 11, 2025 7:25


Mícheál Ó Nualláin, stiúrthóir BÁC le Gaeilge ag labhairt faoi feinimeán na Pop Up Gaeltachta, a stair agus a thodhchaí.

bc bolivia gaeilge cobblestone nua eabhrac pop up gaeltacht
How To Gael
#55 How to Celebrate

How To Gael

Play Episode Listen Later Feb 3, 2025 47:17


Tá sceitimíní ar na mná roimh a dturas go Nua-Eabhrac and they are in celebratory form. So, an tseachtain seo taimid ag caint faoi ceiliúrtha. From an cúis cheiliúrtha is randamach/amaidí/ greannmhar that they've celebrated to the best Irish celebrations and more.  How to Gael on Tour ! Tickets and Info https://bit.ly/m/HowToGael Instagram @howtogael @doireannnighlacain , @louise_cantillon  @siomhaniruairc  Join us on Patreon for a bonus episode once a week and lots of bonus content ! https://www.patreon.com/c/HowToGael A CWB Podcast www.cwb.ie Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices

Raidió na Life 106.4FM
Fada is Fairsing 10ú Nollaig 2024

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Dec 17, 2024 24:56


Ar an gclár seo bhí Seán Ó Baoill, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí na hÉireann linn le labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil ag an gCumann i gcomhpháirtíocht le Cairde Ceardchumann na Pailistíne, ceardchumainn eile agus grúpaí sibhialta eile faoi chearta páistí na Palaistíne mí Eanáir. Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Briana Ní Loinsigh as New Jersey, ina cónaí i Nua Eabhrac anois, faoina turas foghlama teanga leis an nGaeilge and leis an bPolainnis, a blag agus neart eile!

new jersey fada ean nollaig ngaeilge chomh nua eabhrac baoill
Nuacht Mhall
14 Nollaig 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 14, 2024 4:37


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh. Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D'iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000. Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh. Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cogadh cathartha - civil war príomh-aire eatramhach - interim prime minister amhrastach - suspect (person) árachas sláinte - health insurance searmanas athoscailte - reopening ceremony spuaic - spire

Tipp FM Radio
Ar An Lá Seo 9-12-24

Tipp FM Radio

Play Episode Listen Later Dec 11, 2024 2:21


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 9ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1985 tharla cruinniu ríthábhachtach chun cosc a chur le cur isteach ar na mbus timpeall mí na Nollaig. Tharla easaontas ar an DART mar sin de fhuaidrigh 140 tiománaithe agus bhí a lán bealach curtha ar ceal. I 1986 chuir agóid Ian Paisley stop le hóráid Margaret Thatcher ag Parlaimint na hEorpa ach dhiúltaigh sí é. I 1998 dhícháiligh CBS Durlas ón Dr Harty Cup de bharr níor aistrigh imreoir ó scoil chuig an scoil eile. Fuair an t-imreoir fionraí ar feadh trí mhí. I 2006 fuair lucht oibre i monarcha i Ros Cré amach go mbeidh an mhonarcha á dhúnadh. Chaill 30 duine a bpost. Sin Michael Jackson le The Way You Make Me Feel – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1987. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1988 tháinig suirbhé amach i Meiriceá go raibh amhráin Neil Diamond an ceol is fearr chun a bheith sa chúlra, tháinig Beethoven sa dara háit agus Luther Vandross sa tríú háit. I 2003 chuaigh Ozzy Osbourne chuig an ospidéal tar éis a bhí sé i dtimpiste cuadrothar taobh amuigh de a theach sa Bhreatain. Bhris sé a dealrachán, ocht easna agus a veirteabra ina mhuineál. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Felicity Huffman i Nua Eabhrac i 1962 agus rugadh aisteoir Judi Dench sa Bhreatain i 1934 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 09-12-2024

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Nov 14, 2024 2:22


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 9ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1985 tharla cruinniu ríthábhachtach chun cosc a chur le cur isteach ar na mbus timpeall mí na Nollaig. Tharla easaontas ar an DART mar sin de fhuaidrigh 140 tiománaithe agus bhí a lán bealach curtha ar ceal. I 1986 chuir agóid Ian Paisley stop le hóráid Margaret Thatcher ag Parlaimint na hEorpa ach dhiúltaigh sí é. I 1986 bhí dinnéar ag Cumann an Chláir i Manchain. Mhol Frank O'Dea an cúnamh ón phobal agus na h-imeachtaí cultúrtha. Bhí an oíche lán de cheol traidisiúnta. I 1987 scríobh Lorna King ó Rinn na Spáinneach dán darbh ainm The Wave. Mhol na moltóirí an dán ag gradam críonna do scríbhneoireacht chruthaitheach. Sin Michael Jackson le The Way You Make Me Feel – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1987. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1988 tháinig suirbhé amach i Meiriceá go raibh amhráin Neil Diamond an ceol is fearr chun a bheith sa chúlra, tháinig Beethoven sa dara háit agus Luther Vandross sa tríú háit. I 2003 chuaigh Ozzy Osbourne chuig an ospidéal tar éis a bhí sé i dtimpiste cuadrothar taobh amuigh de a theach sa Bhreatain. Bhris sé a dealrachán, ocht easna agus a veirteabra ina mhuineál. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Felicity Huffman i Nua Eabhrac i 1962 agus rugadh aisteoir Judi Dench sa Bhreatain i 1934 agus seo chuid de na rudaí a rinne sí. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Donnchú Ó Murchú, Pacáiste Nua Eabhrac.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 7, 2024 4:01


Labhair an t-iriseoir Donncha Ó Murchú ó Nuacht TG4 le daoine i Nua Eabhrac faoina hábhair chinniúnacha a chas an taoide i dtreo Donald Trump.

RTÉ - Adhmhaidin
Máirín Ní Ghadhra, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 7, 2024 3:52


Thug leasuachtarán Mheiriceá Kamala Harris aitheasc aréir inar aithin sí go raibh a rás rite agus go raibh an bua ag an iar-Uachtarán Donald Trump. Tá an scéal is deireanaí ag Máirín Ní Ghadhra as Nua Eabhrac.

Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 15-11-2024

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Nov 6, 2024 2:04


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 15ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1983 bhuaigh Sheila Rohan ó chontae Ciarraí bean an tí den bhliain agus bhuaigh sí 1,000 punt dá pearsantacht agus a scileanna cócaireachta. I 2004 thacaigh le Taoiseach Bertie Ahern do chearta daoine aeracha le cáin agus oidhreacht. I 1977 bhí tuirlingt éigeandála ag Aerfort na Sionainne ar Air India Boeing 747 le 189 paisinéir tar éis bagairt buama. Bhí an t-eitleán ag eitilt ó Nua-Eabhrac go Londain. Nuair a tháinig sé chuig Aerfort na Sionainne chuardaigh an fhoireann slándála an t-eitleán ach ní raibh aon bhuama ann. I 1983 bhí bleachtaire agus feirmeoir ceangailte le teip ar fhuascail ar capall darbh ainm Shergar. Rinne na nGardaí fhiosrú den ngadaíocht agus fuair siad 80,000 punt ó charr sa chontae. Sin U2 le Vertigo, an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2004. Ag lean ar aghaidh le nuacht ceoil ón lá seo – I 2007 chuaigh Jay-Z chuig uimhir a haon lena albam 'American Gangster'. Ag an am bhí an méid céanna albam a chuaigh go dtí uimhir a haon ag Jay-Z agus Elvis Presley. Ag an am bhí The Beatles an banna cheoil leis an méid is mó albam a chuaigh go dtí uimhir a haon. I 1980 fuair Blondie a cúigiú singil a chuaigh chuig uimhir a haon agus a tríú singil an bhliain sin le 'The Tide Is High'. Scríobh John Holt an t-amhrán a raibh uimhir a haon I Meiriceá chomh maith. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla inniu, rugadh aisteoir Shailene Woodley I 1991 I gCalifornia agus rugadh amhránaí ó Nickelback Chad Kroeger I gCeanada I 1979, agus seo chuid de a hamhráin. Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le eagrán nua de Ar An Lá Seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy, saineolaí taidhleoireachta agus míleata.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 28, 2024 4:01


Beidh cruinniú ag comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac inniu chun plé a dhéanamh ar an ionsaí a rinne Iosrael ar an Iaráin thar an deireadh seachtaine.

sl agus reidy iar beidh aontaithe nua eabhrac
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240929_IRISH_na_scortha_taidhleoir_siulta_amach_agus_netanyahu_ag_labhairt

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 29, 2024 9:34


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ampglsq Contact: irishlingos@gmail.com Scores of diplomats walked out as Netanyahu spoke. Na scórtha taidhleoir siúlta amach agus Netanyahu ag labhairt. The Prime Minister of Israel, Benjamin Netanyahu, was speaking before the General Assembly of the United Nations later. Bhí Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, ag labhairt os comhair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar ball. During his speech, he accused the United Nations of being an "anti-Jewish scum". Le linn a oráide, chuir sé i leith na Náisiún Aontaithe gur "eanach frith-Ghiúdach" atá ann. He warned Iran not to attack his country and was vague in his comments on Israel's willingness to continue talks on implementing a ceasefire in Gaza and Lebanon. Chuir sé fainic ar an Iaráin gan ionsaí a dhéanamh ar a thír agus bhí sé doiléir ina chuid cainte maidir le toilteanas Iosrael leanúint le cainteanna maidir le sos cogaidh a thabhairt i bhfeidhm in Gaza ná sa Liobáin. Half of the diplomats present left the room when Netanyahu began to speak, scores of them. D'fhág leath de na taidhleoirí a bhí i láthair an seomra nuair a thosaigh Netanyahu ag labhairt, na scórtha acu. Meanwhile, many explosions were heard throughout Beirut today and Israel says it has attacked a "Hezbollah center" in a village in the south of the city. Idir an dá linn, bhí go leor pléascanna le cloisteáil ar fud Beiriút inniu agus deir Iosrael go bhfuil siad i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar "lárionad Hezbollah" i sráidbhaile i ndeisceart na cathrach. At least one person was killed and 50 injured in that attack, according to Hezbollah's television service, al-Manar. Maraíodh duine amháin ar a laghad agus gortaíodh 50 duine san ionsaí sin, de réir sheirbhís teilifíse Hezbollah, al- Manar. The leader of Hezbollah, Hassan Nasrallah, was not injured in the explosion, according to sources in the region. Níor gortaíodh ceannaire Hezbollah, Hassan Nasrallah, sa phléasc, dar le foinsí sa réigiún. It is reported that there was a clampar in the city. Tuairiscítear go raibh clampar sa chathair. Ambulances were trying to come to the aid of people injured in the explosions and the roads were crowded with people fleeing the city. Bhí lucht na n- otharcharr ag iarraidh teacht i gcabhair ar dhaoine a gortaíodh sna pléascanna agus bhí na bóithre plódaithe agus daoine ag teitheadh ón gcathair. Authorities in Lebanon say 800 people have been killed in Israeli attacks since Monday. Deir na húdaráis sa Liobáin go bhfuil 800 duine maraithe in ionsaithe de chuid Iosrael ón Luan. And Israel has killed 42,000 people in Gaza since October 7. Agus tá 42,000 duine maraithe in Gaza ag Iosrael ón 7 Deireadh Fómhair. Speaking in New York before the United Nations, Lebanese Prime Minister Najib Mikati today accused Israel of waging a "genocidal war" and urged the international community to stop them. Agus é ag caint i Nua-Eabhrac os comhair na Náisiún Aontaithe, chuir Príomhaire na Liobáine, Najib Mikati, i leith Iosrael inniu go bhfuil "cogadh cinedhíothach" ar bun acu agus ghríosaigh sé an pobal idirnáisiúnta chun stop a chur leo.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240926_IRISH_an_liobain:_caint_ar_shos_comhraic_ach_maireann_an_bhuamail

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 26, 2024 11:19


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24lom9kg Contact: irishlingos@gmail.com Lebanon: talk of a ceasefire but the bombing continues. An Liobáin: caint ar shos comhraic ach maireann an bhuamáil. Israeli military forces are continuing their bombing of Lebanon since the beginning of this week despite requests from the United States and France to implement a ceasefire. Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den bhuamáil atá siad a dhéanamh ar an Liobáin ó thús na seachtaine seo ainneoin iarratais ó na Stáit Aontaithe agus ón bhFrainc sos comhraic a chur i bhfeidhm. The Government of Lebanon indicated that thirteen people were killed in bombing attacks carried out by the Israeli air force on parts of the east and south of the country during the night. Thug Rialtas na Liobáine le fios gur maraíodh trí dhuine dhéag in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar áiteanna in oirthear agus i ndeisceart na tíre i gcaitheamh na hoíche. However, that report appears to have been a hoax since it was later reported that 23 people – mostly women and children – were killed when the Israelis bombed a small town in eastern Lebanon. Is cosúil gur maolaisnéis a bhí sa tuairsic sin, áfach, ó tuairiscíodh ina dhiaidh sin gur maraíodh 23 duine – mná agus leanaí a bhformhór – nuair a bhuamáil na hIosraelaigh baile beag in oirthear na Liobáine. The dead were apparently refugees from the war in Syria. Teifigh ón gcogadh sa tSiria a bhí sna mairbh, de réir dealraimh. According to the Israelis, their missiles hit 75 Hezbollah sites - arsenals, rocket launching bases and other military infrastructure. Dar leis na hIosraelaigh gur bhuail a gcuid diúracán 75 ionad de chuid Hezbollah – armlanna, bunáiteanna lainseála roicéad agus bonneagar míleata eile. Yesterday, the bombing killed at least 72 people and injured hundreds. Inné, maraíodh 72 duine ar a laghad agus gortaíodh na céadta de bharr na buamála. The Israelis claimed they attacked Hezbollah positions and destroyed nearly 300 of them. Mhaígh na hIosraelaigh gur ionaid de chuid Hezbollah a d'ionsaigh siad agus gur scrios siad beagnach 300 acu. About 100,000 people have fled the danger zone in the hope of finding refuge in the capital, Beirut, and other towns in northern Lebanon. Tá thart ar 100,000 duine tar éis teitheadh ó bhearna an bhaoil ar shúil go bhfaighidh siad tearmann sa phríomhchathair, Béiriút, agus i mbailte eile i dtuaisceart na Liobáine. In New York, US President Joe Biden and French President Emmanuel Macron both expressed concern that there would be an all-out war in the region. I Nua-Eabhrac, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron araon go raibh imní orthu go mbeadh cogadh iomlán sa réigiún. They called for a three-week ceasefire to be implemented and to seize the opportunity to engage in talks about easing the crisis. D'iarr siad sos comhraic trí seachtaine a chur i bhfeidhm agus breith ar an bhfaill le dul i mbun comhráite faoin ngéarchéim a mhaolú. Joe Biden and Emmanuel Macron are attending the United Nations General Assembly in New York. Tá Joe Biden agus Emmanuel Macron ag freastal ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu is scheduled to address the Assembly this evening. Tá Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le óráid a thabhairt sa Chomhthionól tráthnóna inniu. RTÉ News and Current Affairs People watch the bombing of their own village near Tuir in southern Lebanon, 26 September 2024 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daoine ag faire ar bhuamáil a sráidbhaile féin in aice leis an Tuír i ndeisceart na Liobáine, 26 Meán Fómhair 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas
Sinéad Crowley;The Maid of Fifth Avenue

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 23, 2024 8:36


Scéal an ghrá, scéal an ghrá faoí cheilt,scéal an bháis,na h-imirce. Scéal a cheanglaíonn Corca Dhuibhne le cathair Nua Eabhrac agus abhaile arís.

maid crowley fifth avenue nua eabhrac corca dhuibhne
RTÉ - An Saol ó Dheas
Dr. Méidhbhín Ní Úrdail;Trácht ar an scoláire Pádraig Feiritéar a cailleadh 100 bliain ó shoin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 9, 2024 19:53


100 bliain a dtaca seo d'fhág Pádraig Feiritéar 39 láimhscribhínn dá chuid le h-uacht ag Coláiste na h-Ollscoile Baile Átha Cliath. Bhí a shaol caite bailiú aige aige baile agus i gcéin i Nua Eabhrac mar a gcaith seo cuid mhór dá shaol.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Siobhán Ní Chíobháin & Cárthach Ó Faoláin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 2, 2024 8:55


De réir na bhfigúirí is déanaí ón bpríomhoifig staidrimh, tá níos mó daoine ag fágaint slán leis an dtír ná mar atá ag filleadh - leabhar bean na Muirí atá i Nua Eabhrac agus fear na rinne atá i Lucsamburg faoin gcinneadh a dheineadar dul thar lear.

muir siobh faol nua eabhrac
Raidió na Life 106.4FM
Fada is Fairsing 6ú Lúnasa 2024

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Aug 6, 2024 29:10


Ar an glcár seo bhí an t-Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn ó Mhinnesota, áit a bhfuil sí mar léachtóir, faoina léamh is déanaí ar thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin ó Ollscoil Chathair BhÁC, atá i mbun taighde ar lámhscríbhinn Gaeilge in Ollscoil Columbia University, Nua Eabhrac, ag breathnú ar naisc trasAtlantacha ag an Leabharlann "Rare Books and Manuscripts", linn le labhairt faoina cuid taighde sall.

Seachtain
Donald Trump: GOP favourite basks in adulation as Biden falters

Seachtain

Play Episode Listen Later Jul 18, 2024 18:33


Leis an íomha íocónach de Donald Trump lena dhorn san aer agus fuil ar an aghaidh, creidtear go forleathan go bhfuil rás Joe Biden rite? Labhair Ciarán Dunbar leis an tOllamh Brian Ó Broin atá ag teagasc sa William Paterson University, New Jersey agus an scríbhneoir Séamas Ó Neachtain atá lonnaithe i Nua Eabhrac. Foclóir: Dall – blind Sleamhnú - sliding Antoisceach - Extremist Comhréiteach - compromise Cáinteach - critical Cobhsaí - stable Dúdóite - fed up Ginmhilleadh – abortion Geilleagar – economy Scaoileadh – shot Ionsaí - attack Bagairt – threat Feallmharú - assassination A mhilleadh – to destroy See omnystudio.com/listener for privacy information.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Pádraig Ó hAiniféin;Cearta fostaíochta

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jun 19, 2024 6:07


Labhair Pádraig aige na Naisiuin Aontaithe i Nua Eabhrac le déeaní fé chearta fostaíocht do dhaoin le m í chumas. Deir sé go bhfuil an tír seo ar cheann do na tíortha is measa san Eoraip nuair a thagann sé dtí cearta dá leihtéidí.

deir draig fosta nua eabhrac eoraip
Splanc
Banraíon na Siamsaíochta: Bodkin, Baby Reindeer agus Nua Eabhrac!

Splanc

Play Episode Listen Later Jun 14, 2024 28:47


le Sinéad Ní Uallacháin

RTÉ - Adhmhaidin
Micheál Ó Cinnéide, Iar Stiúrthóir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 6, 2024 5:17


‘Tá an domhan ag iarraidh rud a insint dúinn ach is cosúil nach bhfuil muid ag éisteacht'. Sin a dúirt Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres inné in óráid a thug sé i Nua Eabhrac faoi gníomhú ar son na haeráide.

Splanc
Toghcháin Áitiúla, Portal dúnta, Blockbusters agus GAAGO

Splanc

Play Episode Listen Later May 17, 2024 104:05


Labhraímid le hUrsula Ní Shabhaois faoi na toghcháin agus an pobalbhreith is déanaí, Cúnla Ní Bhraonáin-Morris faoin Portal le Nua Eabhrac, Conall Mac Dhonnagáin faoi Challengers, The Fall Guy agus X-Men '97 agus Daragh Ó Conchúir faoi GAAGO agus cluiche Bohs i gcoinne na Palaistíne sa sacar.

Nuacht Mhall
6 Aibreán 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 6, 2024 4:48


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Taoiseach is óige i stair an stáit ag seacht mbliana is tríocha d'aois. Baineadh croitheadh as lucht polaitíochta an Tuaiscirt seachtain ó shin nuair a gabhadh Jeffrey Donaldson, ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh, ar chúiseanna mí-úsáide stairiúla, ach roghnaíodh Gavin Robinson mar cheannaire sealadach an pháirtí agus táthar ag súil nach mbeidh aon drochéifeacht ar Thionól Chnoc an Anfa. Tá beagnach 40 ball den Pháirtí Daonlathach i Meiriceá, Nancy Pelosi ina measc, i ndiaidh impí ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus ar an Rúnaí Stáit, Anthony Blinken, stop a chur le díolacháin arm d'Iosrael. D'éiligh Biden féin sos cogaidh Déardaoin tar éis d'fhórsaí Iosraelacha seachtar oibrithe cabhracha a mharú. Tá súil ag an charthanacht World Central Kitchen go dtarlóidh fiosrúchán neamhspleách. Ghlac Iosrael freagracht as an eachtra, agus dúirt an Príomh-Aire nár tharla sé d'aon ghnó, ach níor gabhadh aon phardún faoi. Tá imní ann sa Mheánoirthear maidir le freagairt na hIaráine ar mharú seachtar oifigeach den Gharda Réabhlóideach i nDamaisc na Siria fosta. Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil an deireadh seachtaine seo agus foireann Londan ag imirt in aghaidh Chontae na Gaillimhe in Ruislip inniu. Beidh Maigh Eo ag imirt i Nua Eabhrac amárach agus roinnt cluichí ar siúl ar fud na hÉireann. Fuair Doire an lámh in uachtar ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite i gcluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta agus measann anailísithe gurb iad an dá fhoireann sin chomh maith le Ciarraí a bheidh ag dul in iomaíocht don duais is mó, Corn Mhig Uidhir, ag deireadh an chomórtais i mí Iúil. Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann san Iománaíocht an mhí seo fosta ach ar dtús tá cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta idir an Clár agus Cill Cheannaigh ar siúl i nDurlas Éile anocht. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cúiseanna mí-úsáide stairiúla - historical abuse charges Tionól Chnoc an Anfa - the Stormont Assembly díolacháin arm - arms sales fiosrúchán neamhspleách - independent investigation anailísithe - pundits ag dul in iomaíocht - competing

RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, Nua Eabhrac.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 22, 2024 5:16


D'fhógair gobharnóir Florida Ron DeSantis inné go raibh sé chun éirí as an iomaíocht d'aimniúchán na bPoblachtach i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá.

niall mheirice muilleoir nua eabhrac
Splanc
Epstein, Athrú Saoil, 90's Nostalgia agus Bill Belichick

Splanc

Play Episode Listen Later Jan 12, 2024 100:57


Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars', agus tá Cárthach Bán Breathnach linn leis an spórt agus scéal Bill Belichick!Irischlár na Gaeilge ar Newstalk le Cuán Ó Flátharta

RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy, Saineolaí Míleata agus Taidhleoireachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 20, 2023 7:06


Cuireadh siar an vóta ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac arís inné faoi shos comhraic a lorg i limistéar Ghaza láithreach.

agus reidy aontaithe nua eabhrac cuireadh
RTÉ - Barrscéalta
Seoirsín Ní Mheachair as Nua Eabhrac, Mheiriceá & Bríd Anna Ní Bhaoill as Rann na Feirste

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 14, 2023 12:45


Seoirsín ag cur síos ar thógra atá ar bun aici. 20 duine fásta a thabhairt go Rann na Feirste an Samhradh seo chugainn, do chúrsa go h-iomlán tré mheán na Gaeilge. Ba mhaith léi iad blaisú a fháil ar oidhreacht, cultúr agus teanga na Gaeilge. Bríd Anna as Rann na Feirste atá ag cuidiú léi an tógra seo a chur i gcrích.

rann gaeilge d'anna feirste mheirice nua eabhrac
RTÉ - Adhmhaidin
Jack O'Donovan, Comhghuaillíocht 2030.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 18, 2023 4:48


Leagfaidh an Taoiseach Leo Varadkar amach fís an rialtais níos déanaí inniu ag cruinniú mullaigh i Nua-Eabhrac ina ndéanfar plé ar spriocanna forbartha inbhuanaithe, nó SFI-anna, ag na Náisiúin Aontaithe.

jacko sfi taoiseach leo varadkar aontaithe nua eabhrac
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Siobhán Ní Chíobháin

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Play Episode Listen Later Jul 8, 2023 39:07


Labhraíonn Siobhán Ní Chíobháin le Seán faoina saol i Nua Eabhrac agus na rudaí ar fad atá bainte amach aici sna meáin chumarsáide agus le tograí móra i Meiriceá.

Nuacht Mhall
13 Bealtaine 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 13, 2023 5:42


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Dé Máirt, fuair giúire i Nua-Eabhrac go ndearna iar-uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll seacht mbliana is fiche ó shin. Os rud é gur cás sibhialta a bhí ann, gearradh píonós $5m ar Trump ach ní sheolfar go príosún é. Dúirt Carroll go raibh náire uirthi agus gur chaill sí a post mar gheall ar an éigniú agus gur spreag an feachtas #metoo í chun a scéal a insint. Bhí Trump i láthair ag imeacht de chuid CNN oíche Dé Céadaoin, inar mhaígh sé gurb iad cúrsaí polaitíochta ba chúis leis an triail, agus gur goideadh vótaí sa toghchán uachtaránachta in 2020. In ainneoin na bhfadhbanna dlí atá Trump, meastar go bhfuil a lán leantóirí aige i measc na vótálaithe, agus go bhfuil seans ann go mbainfidh sé an chéad toghchán eile in 2024. Tá eolaithe atá ag obair san Elvéis agus san Artach i ndiaidh teacht ar mhiocróib atá ábalta plaistic a dhíleá ag teocht íseal. Táthar eolach ar neart miocrób a bhriseann plaistic anuas ag teocht os ceann 30 céim cheana féin, ach baineann costas ard agus truailliú leis an chleachtas sin mar gheall ar an teas a bheadh de dhíth. Fuarthas roinnt baictéar agus fungas a dhíleánn plaistic ag 15 chéim celsius. Tá plaistic ar cheann de na truailleáin is coitianta ar domhan, agus deirtear go bhfuil plaistic le fáil sa bhia a itheann muid, san uisce a ólann muid agus mar sin inár gcorp féin. Is cosúil gurb é láithreoir teilifíse agus fear grinn Patrick Kielty rogha na coitiantachta don ról an láithreora ar The Late Late Show, an clár teilifíse is cáiliúla de chuid RTÉ. Tá Ryan Tubridy, a thosaigh ar an seó i 2009, chun éirí as ag deireadh na míosa seo, agus tá daoine mór le rá ar nós Claire Byrne agus Miriam O'Callaghan tar éis rá go poiblí nach nglacfaidh siadsan leis an phost. Cuireadh tús leis an chlár cainte sa bhliain 1962, agus bhí Gay Byrne ina óstach ón am sin go dtí 1999. Chaith Pat Kenny deich mbliana sa ról sular tháinig Tubridy isteach. Is as an Dún ó dhúchas do Kielty, agus maraíodh a athair le linn na dTrioblóidí sna Sé Chontae, agus meastar go mbeadh sé in ann dul i ngleic le topaicí tromchúiseacha chomh maith le hábhair éadroma. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mí-úsáid ghnéis - sexual abuse éigniú - rape díleá - digest truailleán - pollutant rogha na coitiantachta - front runner topaicí tromchúiseacha - serious topics

RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál Mac Giolla Phádraig;muintir Uíbh Ráthaigh agus peiladóirí Nua Eabhrac

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Apr 12, 2023 10:02


Rian láidir aige muintir Uíbh Ráthaigh maidir le cúrsaí urraíochta ar fhoireann peile Nua Eabhrac. Tá gnó le John Fitzpatrick ar cheann acu.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 12 Aibreán 2023.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Apr 12, 2023 47:33


John Joe Mac Gearailt;Comhairle Olla na h-Éireann.Caitlín Breathnach;suirbhé tithíochta Uíbh Ráthaigh.An Captaein Ruth Ní Riada;Arm na h-Éireann in Árdán Gholan.Micheál Mac Giolla Phádraig;muintir Uíbh Ráthaigh agus peiladóirí Nua Eabhrac.Bríd Ní Mhóráin;Áirithintí níos fearr ná riamh san ionad campála i mbliana.

Nuacht Mhall
8 Aibreán 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 8, 2023 5:19


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí imeachtaí ar siúl ar fud Thuaisceart Éireann Dé hAoine chun comóradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Síníodh an Comhaontú cúig bliana is fiche ó shin chun deireadh a chur leis na Trioblóidí, inar maraíodh trí mhíle go leith duine, agus ghlac an pobal leis an chomhaontú trí reifreann i mí na Bealtaine sa bhliain chéanna. Ba iad an DUP an páirtí mór amháin a sheas i gcoinne an chomhaontaithe ag an am sin. Beidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, sa réigiún an tseachtain seo ach ní thabharfaidh sé cuairt ar Stormont, os rud é nach bhfuil an Comhthionól ag feidhmiú faoi láthair. Agus é in Éirinn, rachaidh Biden go Contae Lú agus Contae Mhaigh Eo fosta, áiteanna a bhfuil gaoil aige. Deir eolaithe atá ag obair i gcomhlacht cógaisíochta go bhfuil siad muiníneach go mbeidh vacsaíní úra againn chun dul i ngleic le galair thromchúiseacha ar nós ailse agus galar croí faoin bhliain 2030. Tá clú ag an chomhlacht Moderna as an vacsaín dá gcuid i gcoinne COVID-19 agus is é an iarracht sin chun vacsaín a fhorbairt gan mhoill a spreag an dul chun cinn seo. Táthar ag súil go sábhálfar beatha na céadta míle daoine, nó b'fhéidir na milliúin. Dar leis na saineolaithe, tá infheistíocht de dhíth chun an sprioc seo a bhaint amach, agus tá baol ann nach mbeidh rialtais na hEorpa dírithe ar chúrsaí sláinte mar gheall ar an chogadh in oirthear na mór-roinne. Cuirfear tús le Craobh na hÉireann an deireadh seachtaine seo. Tosaíonn Craobh Sinsir na Peile le cluichí i Londain agus i Nua-Eabhrac, mar is gnách. Tá foireann Liatroma ag imirt trasna na dtonnta i Meiriceá, agus foireann Shligigh i bpríomhchathair Shasana. Tá struchtúr nua ar Chraobh na Peile i mbliana, agus sé chontae dhéag san iomaíocht do Chorn Mhig Uidhir - na hocht gcontae a bhainfidh áit i gcluiche ceannais na gCúigí amach, chomh maith le buaiteoirí Chorn Thailteann anuraidh, Contae na hIarmhí, agus na seacht gcontae is fearr eile, de réir thorthaí na Sraithe Náisiúnta. Imreoidh na contaetha eile do Chorn Thailteann i mbliana. Tosóidh Craobh Sinsir na hIomána i gceann coicíse. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Comhaontú Aoine an Chéasta - Good Friday Agreement Comhthionól - Assembly comhlacht cógaisíochta - pharmaceutical company galair thromchúiseacha - serious diseases Craobh na hÉireann - All-Ireland Championship trasna na dtonnta - across the waves

covid-19 pr joe biden dar moderna gc bh tos dup agus gaeilge stormont deir tosa bealtaine conradh meirice aibre heorpa londain inniu nua eabhrac eoghain d haoine cuirfear nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, Tráchtaire ar Pholaitíocht Mheiriceá

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 5, 2023 8:23


Tháinig an t-iar-uachtarán Donald Trump os comhair na cúirte i Nua Eabhrac inné, an chéad uair ariamh a cuireadh cúiseanna coiriúla i leith uachtaráin ná iar-uachtarán i Meiriceá.

donald trump niall meirice mheirice muilleoir nua eabhrac
RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, Tráchtaire i Nua Eabhrach Mheiriceá.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 31, 2023 4:46


Vótáil Ard-Ghiúiré i Nua-Eabhrac aréir chun iar-Uachtarán Mheiriceá Donald Trump a dhíotáil, as airgead a íocadh le Stormy Daniels, aisteoir a raibh baint aici le scannáin do dhaoine fásta. Seo'd a chéad uair ariamh go bhfuil cúiseanna coiriúla curtha i leith uachtarán ná iar-uachtarán Mheiriceá.

seo stormy daniels niall uachtar mheirice muilleoir nua eabhrac
RTÉ - Adhmhaidin
Caoimhe Nic Giollarnáith, Léachtóir Cúnta le Gaeilge in Ollscoil Chathair Nua Eabhrac.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 13, 2023 6:14


Cuirfear tús inniu le cuairt an Tánaiste Micheál Martin ar Nua Eabhrac, áit a mbeidh sé ag bualadh leis an bpobal Gael-Mheiriceánach le linn na seachtaine, agus ag freastal ar ócáidí le polaiteoirí agus grúpaí pobail, - cur síos faoina taithí mar imirceach óg i Meiriceá.

RTÉ - Adhmhaidin
Diarmuid Mac Suibhne, Tráchtaire i Nua Eabhrac

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 8, 2023 6:12


Reachtáilfear éisteacht phoiblí den choiste comhdhála atá bunaithe le géarchéim Chovid 19 a fhiosrú sna Stáit Aontaithe inniu.

diarmuid aontaithe nua eabhrac
RTÉ - Adhmhaidin
Jack O'Donovan, Oifigeach Cumarsáide, Fair Seas.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 6, 2023 8:10


Síníodh comhaontú i Nua Eabhrac oíche Shathairn chun farraigí an domhain a chosaint. Tá fáilte curtha ina leith ag Uachtarán na hÉireann agus an Tánaiste, ach céard a cheapann eagraíochtaí timpeallachta faoin gcinneadh seo?

Nuacht Mhall
18 Feabhra 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 18, 2023 6:05


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach idir an dá linn ar chúrsaí trádála, go mbeidh saorghluaiseacht ar earraí ag dul ón Tuaisceart go Poblacht na hÉireann mar a bhí eagraithe tar éis an Bhreatimeachta. Ach ansin bhí bacanna eacnamaíochta ar earraí ag dul ón Ríocht Aontaithe go dtí Tuaisceart Éireann. Braitheann an comhaontú seo ar dhílárú Stormont agus ar theacht ar réiteach chun na hinstitúidí polaitíochta a chur i bhfeidhm arís. D'fógair Nicola Sturgeon go mbeidh sí ag éirí as mar Chéad-Aire na hAlban. Chaith sí os cionn ocht mbliana mar cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban. Ba í an chéad bhean riamh a sheas mar Chéad-Aire agus a chaith an tréimhse is faide sa ról sin. Dúirt sí gur bhraith sí ina ceann agus ina croí go raibh sé in am eirí as. Fanfaidh sí mar Chéad-Aire go dtí go mbeidh a comharba tofa. Baineadh cor coise as Sturgeon agus an SNP le deanaí nuair a Rialaigh an Chúirt Uachtarach in aghaidh reifreann eile a reachtáil chun neamhspléachas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach. Buaileadh go dona iad leis, nuair a theip ar an bPáirtí Náisiúnta bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinsneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach. Tá cúpla duine ainmithe mar iarrthóirí san iomaíocht cheannaireachta: John Swinney, Kate Forbes agus Angus Robertson. Cuireadh amach píosa scannánaíochta neamhchoitianta den Titanic a deineadh taifeadadh air sa bhliain 1986. Dhein Institiúid Aigéaneolaíochta Woods Hole taifeadadh ar an Titanic agus í trí chilimeádar faoi dhromchla na mara. Thángadar ar an smionagar cúpla mí roimh ré. Bhí blúiríní den taifeadadh le feiscint ar chláracha faisnéise ach anois tá an físeán go léir,a mhaireann 80 nóimead, le fáil ar Youtube. Beidh daoine ábalta féachaint timpeall an bháid san áit a ndeachaigh sé go tóin poill. Bhuail an Titanic cnoc oighir in Aibreán 1912 san Altantach ar an mbealach go Nua-Eabhrac. Fuair os cionn 1500 daoine bás. Deineadh atheisiúint freisin ar an scannán Titanic a stiúir James Cameron mar tá an scannán 25 bliain ar an bhfód. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS idirbheartaíocht - negotiation saorghluaiseacht - free movement comharba - successor cor coise - setback deineadh/dhein = rinneadh/rinne smionagar - debris blúiríní - snippets

Bladhaire - RTÉ
Leah Ní Mhurchú - an saol thar lear

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Dec 8, 2022 30:34


Ag comhrá faoin seal a chaith sí ag obair i Nua Eabhrac

lear thar saol n mhurch nua eabhrac
RTÉ - Adhmhaidin
Eoin Ó Catháin – Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 23, 2022 4:23


Tá cáineadh géar déanta ar an Rúis ag an Taoiseach Micheál Martin agus é ag tabhairt óráide ag Oll-Tionól na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac inné.

taoiseach miche gaeltachta aontaithe rt raidi nua eabhrac eoin cath
Nuacht Mhall
27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 27, 2022 5:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháinig an comóradh sé mhí i ndiaidh d'Arm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an tír, agus meastar go bhfuil an cogadh ina sháinn faoi láthair. Tá sciar mhaith de dheisceart agus oirthear na hÚcráine faoi smacht na Rúiseach ach níl ceachtar den dá rialtas sásta tabhairt faoi chainteanna síochána ag an phointe seo. I Riga na Laitvia Déardaoin leagadh oibilisc chuimhneacháin ó ré an Aontais Shóivéadaigh a tógadh in ómós don Arm Dearg sna hochtóidí. D'éirigh an Teachta Dála Robert Troy as a phost mar Aire Stáit le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Tradála an tseachtain seo nuair a bhris an scéal sna meáin nár nocht sé sonraí a chuid réadmhaoine go léir i gClár Leasanna na gComhaltaí i gcomhréir le hoibleagáidí caighdeánacha atá ar Theachtaí Dála. Tá aon aonad déag ag Troy i mBaile Átha Cliath agus i lár na tíre. Tharla an chonspóid i gcomhthéacs géarchéime tithíochta in Éirinn, ina bhfuil formhór den phobal ag streachailt le cíos ard agus tithe nach bhfuiltear in achmainn a cheannach. Meastar gur tiarna talún é nó í duine as gach ceathrar atá sa Dáil. Fuair breathnóirí teilifíse na chéad bhlaiseadh den tsraith nua atá suite i ndomhan ficseanúil Westeros Dé Domhnaigh. Tháinig deireadh le Cluiche na Corónach, nó Games of Thrones as Béarla, a bhí ar cheann de na sraitheanna fantaisíochta ba rathúla riamh, in 2019, ach cáineadh séasúr deireanach an tseó go forleathan. Tá Teach an Dragain, nó House of the Dragon, ina réamhscéal ar an tsraith aitheanta, suite dhá chéad bliain roimh eachtraí Jon Snow agus Daenerys Targaryen. Tá réamhscéal fantaisíochta mór le rá eile le teacht an fómhar seo, agus sraith nua bunaithe ar fhicsean JRR Tolkien ar fáil ó thús mhí Mheán Fómhair. Beidh Fáinní na Cumhachta, nó The Rings of Power, suite na mílte bliain roimh eachtraí Tiarna na bhFáinní, The Lord of the Rings. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Aontas Sóivéadach - the Soviet Union sáinn - stalemate Cur Chun Cinn na Tradála - Trade Development Clár Leasanna na gComhaltaí - Members' Register of Interests réamhscéal - prequel eachtraí - adventures