Commune in Bourgogne-Franche-Comté, France
POPULARITY
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ba7sqej Contact: irishlingos@gmail.com Attack on a drone control center in southern Iran. Ionsaí ar ionad stiúrtha drón i ndeisceart na hIaráine. A US government spokesman has confirmed that the American air force attacked a drone control center belonging to Iranian military forces in the Strait of Hormuz overnight. Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche. The spokesman said the Americans also shot down four drones when they attacked the base in the port of Bandar Abbas. Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d’ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas. In retaliation, as they themselves said, Iranian forces attacked a military base belonging to the United States. Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d’ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe. Although the Iranians did not say which base was attacked, authorities in Kuwait have indicated that several missiles and drones were fired at that country. Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach (which base exactly) a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin. Officially, a ceasefire has been in place in the region since the beginning of April, but it is unclear what direction it is heading – whether it will be consolidated or fall apart – especially since US President Donald Trump has often and simultaneously played both sides of the fence in relation to it. Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéile – go háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis. The price of oil has risen again on international markets in light of the latest attacks after falling 5% yesterday. Tá praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5 faoin gcéad inné. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987, le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISráig - outbreakcreimirí - rodentsan Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisationmaoiniú - fundinglogainmneacha - placenamesfrith-Éireannach - anti-Irishcraoltóir - broadcasterrialtóir - controller
San eagrán seo, cúrsaí polaitíochta sa Bhreatain Mór agus conspóid Peter Mandelson ag leanúint. Tuairisc le Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh – plé ar nuacht agus cúrsaí reatha ar Raidió na Life gach Máirt ag 19:00.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Plé le Judy-Meg Ní Chinnéide ar an 29 Aibreáin sa stair: 1992: Círéibeacha in Los Angeles tar éis breith neamhchiontach do phóilíní as léasadh a thabhairt d'fhear Mheiriceánach-Afracach, Rodney King 1943: 'Operation Mincemeat' curtha i bhfeidhm ag na Breatanaigh chun an dallamullóg a chur ar na Gearmáinigh le linn an Dara Chogadh Domhanda 1969: Osclaíonn an ceoldráma rac conspóideach, 'Hair', ar Broadway Is clár nuachta agus cúrsaí reatha é Éadra, á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
á léamh ag Máire Bn Uí Nunáin News sponsored by Boru Entertainment https://linktr.ee/boruentertainment
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Tuairisc ar dhea-scéalta na seachtaine seo le Judy-Meg Ní Chinnéide: - Tá Molly, an turtair, ag filleadh ar an aigéin tar éis breis is dhá scór bhliain in Oceanworld sa Daingean - Méadú tagtha ar fhoinsí inathnuaite fuinnimhe - Reathaí as Contae an Dúin ag tabhairt lámh cúnta do reathaí eile le linn Maratóin Boston Is clár nuachta agus cúrsaí reatha é Éadra, á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán.Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth, bíonn sé deacair ar pháirtithe an Rialtais fothoghcháin a bhuachan. Mar sin féin, ní athróidh na torthaí mórán sa Dáil. Tabharfaidh na toghcháin seo léargas dúinn ar thuairimí na ndaoine tar éis na n-agóidí breosla le déanaí.Bhuaigh Manchester City 1-0 in aghaidh Burnley ag Turf Moor le linn na seachtaine, bua a d'fhág go bhfuil siad chun tosaigh ar Arsenal den chéad uair le sé mhí anuas. Ba é an t-urchar luath ó Erling Haaland—an fichiú cúl aige an séasúr seo—an t-aon chúl sa chluiche. Cé gur bhuaigh siad, bhí imní ar lucht leanúna City mar nár thapaigh an fhoireann go leor deiseanna eile chun an cluiche a chur chun deiridh. Maidir le Burnley, is toradh tubaisteach é seo; tá sé deimhnithe anois go mbeidh siad dícháilithe ón Phríomhshraith. Tá an rás don teideal gor ar ghob. Tá 70 pointe ag City agus Arsenal chomh maith agus tá difríocht na gcúl mar an gcéanna acu freisin. Mar sin féin, tá City sa chéad áit mar gheall ar an líon iomlán cúl atá scóráilte acu. Níl ach cúig chluiche fágtha sa tséasúr.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsíneadh - extensionbonneagar - infrastructurefothoghchán - by-electionagóidí breosla - fuel protestsurchar - shotan Phríomhshraith - the Premier League
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Labhair Anne ar ócáid chuimhneacháin a bhéas ar siúl i gcuimhne ar Clann Uí Dhomhnaill, an cúigear a cailleadh go tragóideach i dtine ina dteach in Ard Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn ar an seisiú lá fichead de mhí Aibreán 1986.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine - GAA Plus, Ger Brennan, Rory McIlroy agus go leor eile.
Tá moltaí iontacha ag Cuán an tseachtain seo, idir scannáin (ar nós Social Reckoning agus Devil Wears Prada), amhráin ó Olivia Rodrigo, Juston Bieber agus eile, leabhair cosúil le 'Nora Ephron' agus go leor eile.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár speisialta maidir le Daonáireamh 1926, an chéad daonáireamh a déanadh tar éis bunú an tsaorstáit.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach.Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”.Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIStoghchán parlaiminte - parliamentary electiontubaiste toghcháin - electoral disasterdornán tíoránach - a handful of tyrantsdiagacht Chríostaí - Christian theologycumadóir amhrán - songwriterfuaim sainiúil - unique sound
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha, idir cheol, leabhair, scannáin agus eile.
Láithriú- Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Eagrán speisialta le Jackie Ó Siochrú ó Chlochán na nUagh i mBaile an Sceilig, Co. Chiarraí.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d'éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna díosail agus peitril ag ardú go mór, agus Caolas Hormuz fós dúnta. Tá rabhadh tugtha ag daoine eile sa phobal feirmeoireachta freisin go n-ardóidh praghas an bhia má leanann ardú praghsanna, mar gheall ar úsáid breosla san fheirmeoireacht. Tráthnóna Dé Máirt, tháinig trucailí agus tarracóirí isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus lean na hagóidí ar aghaidh thar oíche agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Cháin an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín an lucht agóide as carrchlós a dhéanamh de Shráid Uí Chonaill, ach dúirt sé go leanfadh sé de bheith ag plé le grúpaí ionadaíochta tionscail.Tá treoraithe Everest cúisithe ag póilíní Neipeal as roinnt camscéimeanna a bhain le dreapadóirí. Ina measc tá drugaí a thabhairt do dhreapadóirí i ngan fhios dóibh ionas go mbeadh orthu iad a tharrtháil, le billí bréige thart ar fiche milliún dollar gearrtha ar na dreapadóirí agus ar árachóirí. Chuir daoine eile púdar bácála ina mbia ionas go mbeadh tinneas goile ar dhreapadóirí, rud a bhaineann le tinneas airde de ghnáth. I ndiaidh na dtarrthálaithe héileacaptair, bhronnaigh cuid acu na doiciméid taistil agus cóireála leighis chun cistí breise a éileamh ó árachóirí taistil eachtracha. Deirtear gur bhuail na camscéimeanna seo thart ar cheithre mhíle seacht gcéad dreapadóir. Tá stair ag an gcineál seo eachtra i Neipeal. Fuarthas amach i bhfiosrúcháin roimhe seo go raibh taistealaithe páirteach sna camscéimeanna uaireanta.D'fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá sos cogaidh leis an Iaráin oíche Dé Máirt, ach faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí comharthaí ann cheana féin go raibh sé ag titim as a chéile. Dé Máirt, chomhaontaigh an dá thír, agus Iosrael, sos cogaidh coicíse, níos lú ná dhá uair an chloig roimh an am a dúirt an tUachtarán Donald Trump go scriosfadh sé an tír. Cé go raibh Iosrael i measc na dtíórtha, dúirt an Príomh-Aire Netanyahu nach raibh an Liobáin san áireamh ann agus ina dhiaidh sin sheol sé ionsaithe ar an Liobáin. Dúirt an Iaráin gur bhris sé seo ceann de théarmaí a sos cogaidh, agus gur briseadh dhá théarma eile, lena n-áirítear lainseáil dróin isteach in aerspás na hIaráine. Thuairiscigh roinnt láithreáin nuachta gur chinn an Iaráin Caolas Hormuz a dhúnadh arís dá bharr, cé gur shéan na Stáit Aontaithe é seo.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbreosla - fueltarracóirí - tractorstreoraithe - guidescamscéimeanna - scamsdreapadóirí - climbersárachóirí - insurers
Láithriú - Máirín Ní Ghadhra.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta móra spóirt na seachtaine,
Tugann Cuán neart moltaí iontacha dúinn, idir leabhair, ceoil, cad le breathnú ar, agus neart eile.
Le Máirín Ní Ghadhra.
Craoladh beo ó Champas Íosagáin i mBaile Mhuirne don oscailt oifiigúil de mol forbartha réigiúnach.
Le Máirín Ní Ghadhra.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Máirín Ní Ghadhra.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin Aontaithe agus Amnesty International gur dlí leatromach atá i gceist - go teoiriciúil d'fhéadfaí an dlí a úsáid in aghaidh daoine Iosraelacha ach ní tharlóidh sin mar caithfidh gur “stad a chur l'eiseadh an stáit Iosraelach” é cuspóir an ionsaí. Deir saineolaí go mbeidh coir chogaidh i gceist le gníomhú an achta agus go dtugann sé cumhacht ollmhór do stát Iosrael Palaistínigh a marú laistigh den dlí, gan triail chóir. Láinseáil Artemis II Dé Céadaoin, misean tábhachtach i stair an taistil sa spás. Is é seo an chéad uair ó 1972 go bhfuil daoine chun taisteal lasmuigh d'fhithis an domhain agus chun eitilt trasna na gealaí. Mairfidh an turas 10 lá, leis an spásarthach ag taisteal timpeall na gealaí, ag úsáid dhomhantarraingt na gealaí chun éifeacht imtharraingthe, nó “slingshot”, a chruthú agus iad a sheoladh ar ais chuig an domhan. Má tá rath acu, beidh siad ag taisteal níos faide ón domhain ná a thaistil aon duine riamh, timpeall 402,000 ciliméadar. Ar an gcriú beidh an chéad bhean, an chéad duine de dhath agus an chéad duine nach Meiriceánach iad chun taisteal chuig an ngealach. Tá an misean seo ag ullmhú le haghaidh leaindeáil gealaí pleanáilte ag NASA don bhliain 2028. Tá an spásarthach deartha le haghaidh níos mó ná turas amháin, agus an sprioc acu bunachar taighde buan a chruthú ar an ngealach. Le roinnt moille, brú ó Trump agus fadhbanna eile i rith an tionscnaimh, tá sceipteachas faoin amlíne seo. Tá roinnt comórtas i gceist mar tá leandáil gealaí a phleanáil ag an tSín ag an am céanna. In Éirinn, tá bacainn eile tagtha ar thógáil an Metrolink, agus an Stiúrthóir Tionscnaimh Seán Sweeney tar éis éirí as. Tionscnamh cáiliúil nó mícháiliúil é an Metrolink. Tá bealach díreach á chruthú idir lár Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort mar cheann de príomhspriocanna an tionscnaimh. Moladh é den chéad uair in 2001, agus tháinig athruithe ollmhóra agus réimse dúshlán ar an tionscnamh le 25 bliain anuas, agus costas measta 11 billiún euro air ag an bpointe seo. D'éirigh Séan Sweeney as a ról le linn na seachtaine ar son a theaghlaigh, a bhfuil ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, dúirt se go raibh sé neamh-inbhuanaithe a bheith ina chónaí chomh fada uathu. Tar éis blianta d'fhadhbanna pleanála, dlí agus airgeadais tá imní ar an bpobal go mbeidh moill eile mar thoradh den athrú seo. Deir Príomhfheidhmeannach Metrolink Lorcan O'Connor go bhfuil muinín aige nach gcuirfidh an bacainn seo le moill an tionscnaimh, agus go bhfuil tógáil réidh le tosú in 2027, leis an tseirbhís a chur i bhfeidhm i lár na 2030idí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpionós an bháis - the death penaltyréamhshocraithe - defaultgan triail chóir - without a fair trialfithis an domhain - the earth's orbitdomhantarraingt na gealaí - the moon's gravitymícháiliúil - infamousneamh-inbhuanaithe - unsustainable
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Labhraíonn Cárthach Bán Breathnach le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine - sacar na hÉireann, Ger Brennan, an League Final Iomána agus neart eile.
Tá Cuán ar ais le moltaí iontacha dúinn agus laethanta saoire na Cásca buailte linn.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Digitiú Daonáireamh 1926 agus é le fáil ar líne don chéad uair riamh ar an 18ú AIbreán.
[English version below] Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne. I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha ar a bhfuil an dúiche ar fad beo. Tá cúrsaí polaitiúla agus sóisialta i gceist, chomh maith le cúrsaí grá agus pósta, rudaí nach ritheann go réidh do dhuine ar bith san áit, agus ní taise do bhean inste an scéil é. Tá lámh éadrom ag an údar ar an insint, agus súil ghéar, agus cluas ghéar, agus ligtear do phearsanra an scéil iad féin a léiriú, an-mhinic, trí ráitis a mbéil féin. Ón eagrán Iodáilise a d'fhoilsigh Einaudi i 1971 (athchló 1979) a aistríodh Glórtha an Tráthnóna. Aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe, 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: aitlín Nic Íomhair agus Oisín Montanari [Leagan Gaeilge thuas] Our primary narrator in Voices in the Evening is Elsa, an as-yet-unmarried woman of a certain age—dismaying her hypochondriac mother—who describes the colorful natives of this small village. Her dialogue is rich, ranging from amusing character studies to heartbreaking developments, all of which subtly reflect a society rebuilding itself after tremendous loss. Ginzburg's work often focuses on individuals in the time around World War II, when many isms—Communism, Fascism, Catholicism, Nationalism—provided conflicts across Italy, and within communities and families. Though the political context is important in understanding the nuances of her work, Ginzburg's talent, and how fresh these stories still feel, is in her note-perfect characterizations. The many political frictions offer a context, but it's these imaginary/real people who are front and center. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caitlín Nic Íomhair and Oisín Montanari
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona. D'eisigh na póilíní fógra faoi lámhachóir gníomhach. Dúirt siad gur aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Tá na póilíní fós ag cuardach tithe eile sa cheantar. Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge agus thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúnadh an scoil don chuid eile den tseachtain. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao. Léirigh ceannairí Cheanada brón agus comhbhrón leis na teaghlaigh. Dúirt siad gur tubaiste uafásach é seo. Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada.Bhuaigh an lúthchleasaí Ioruach Sturla Holm Laegreid bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh, ach tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, atá 28 bliain d'aois, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé botún mór trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó. Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún.Tá Parlaimint an Aontais Eorpaigh tar éis iasacht €90 billiún a cheadú don Úcráin, ceithre bliana i ndiaidh thús ionradh na Rúise. Clúdóidh an iasacht cuid mhór de riachtanais airgeadais na hÚcráine do 2026 agus 2027. Úsáidfear thart ar €60 billiún chun airm a cheannach, agus an chuid eile chun tacú leis an bhuiséad ginearálta. Ní bheidh ar an Úcráin an t-airgead a aisíoc go dtí go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste ón chogadh. Íocfaidh an tAontas Eorpach na costais úis. Faoin chomhaontú, is féidir leis an Úcráin roinnt arm a cheannach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla ó na Stáit Aontaithe, mura féidir leis an Aontas Eorpach iad a sholáthar go gasta. D'fhéadfadh tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe tairbhe a bhaint as seo freisin, ag brath ar chomhaontú faoi chostais na hiasachta. D'fhéadfadh an chéad íocaíocht teacht i mí Aibreáin. Idir an dá linn, mharaigh ionsaí le drón ón Rúis athair agus triúr páistí óga i réigiún Kharkiv. Dúirt an Úcráin gur lámhachadh síos formhór de na 129 drón a seoladh thar oíche. Deir an dá thaobh nach ndíríonn siad ar shibhialtaigh sa chogadh, a thosaigh le hionradh na Rúise in 2022.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISeachtra lámhaigh - shooting incidentan duine a bhí faoi amhras - the suspectIoruach - Norwegianfeall - betrayaliasacht - loansibhialtaigh - civilians