Podcasts about seoladh

  • 13PODCASTS
  • 67EPISODES
  • 18mAVG DURATION
  • 1MONTHLY NEW EPISODE
  • May 13, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about seoladh

Latest podcast episodes about seoladh

RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál Ó Leidhin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 13, 2025 16:50


Seoladh leabhar le Michael Ua Ciarmhaic ‘Glór ón Sceilg: ‘ sa leabharlann i gCathair Saidhbhín.

miche seoladh
RTÉ - Iris Aniar
Ócáid seoladh leabhair ag pleanáil teanga Chonamara Láir.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 21:12


Ócáid seoladh leabhair ag pleanáil teanga Chonamara Láir.

plean teanga chonamara seoladh
RTÉ - Iris Aniar
Seoladh Taispeántas griangrafadóireacht atá in Ionad Cultura an Phiarsaigh, Rosmuc.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 7, 2025 22:26


Bhí Mícheál Ó Tuathail i láthair ag an seoladh agus labhair sé le roinnt daoine a ghlac páirt sa taispeánta a bhí ar siúl in Ionad Cultura an Phiarsaigh Rosmuc.

cultura tuathail ionad seoladh
RTÉ - Adhmhaidin
Diarmuid Ó Mathúna, Pota Caifé, An Tulach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 9, 2024 4:39


Seoladh feachtas nua Údarás na Gaeltachta le deireanas ar a dtugtar “An Chéad Chéim Eile” le léargas a thabhairt ar ré nua i gcúrsaí tionscail sa nGaeltacht.

RTÉ - Barrscéalta
Rónán Ó Dochartaigh, Oideas Gael.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 5, 2024 9:35


Seoladh acmhainní digiteacha oideachais le gairid mar chuid den togra idirnáisiúnta, HEART agus bhí Oideas Gael atá lonnaithe i nGleann Cholm Cille páirteach sa togra.

heart dochartaigh seoladh oideas gael ngleann cholm cille
RTÉ - An Saol ó Dheas
Leabhar le Liam Ó Néil seolta;Liam ag aithris an dáin-An fathach.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 18, 2024 7:29


Tá leabhar do shaothar ealaíne agus filíocht le Liam Ó Néil foillsithe ag an gcomhlucht Dingle Literature. Seoladh an leabhar in Ionad an Bhlascaoid tráthnona de Sathairn. Seo mar a dheineann Liam cur síos air a athair -An Fathach.

seo leabhar ionad seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Peadar Ó Riada; Seoladh an leabhair Ceoltóirí Cualann

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 14, 2024 11:57


Seolfaidh Peadar Ó Riada an leabhar 'Ceoltóirí Cualann' in Ionad an Bhlascaoid ar a 7 a chlog tráthnona de Sathairn.

peadar riada ceolt ionad seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 14ú Samhain 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 14, 2024 47:49


Aoibhinn Ni Shúilleabháin;Amhrán Bhaile Bhuirne. Méabh Ní Mhathúna;Rúnaí CLG Naomh Abán. Doireann Ní Dhuinín;Aithriseoireacht. Peadar Ó Riada; Seoladh an leabhair Ceoltóirí Cualann. Cárthach Mac Craith; Comhluadar an Fhómhair

RTÉ - An Saol ó Dheas
Seoladh an leabhair Bríde Liath in Ionad an Bhlascaoid aréir.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 8, 2024 12:26


Sé Micheál de Mordha a sheol an leabhar Bríde Liath,foillsithe ag Ponc Press, in Ionad an Bhlascaoid aréir. Scéal é seo fé Bhríd Ui Shúilleabháin ó Chom Dhíneol a chuir a fear agus a h-ochtar clainne le linn a droch shaoil.

bhr liath ionad seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 8ú Samhain 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 8, 2024 50:15


Séamus Cosaí Mac Gearailt; Toghchán agus Óisp. Pobail Chorca Dhuibhne. Páidí Ó Sé; Deontas do Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Seoladh an leabhair Bríde Liath in Ionad an Bhlascaoid aréir. Amhrán Saothair; Seán agus Conchubhar Ó Luasa. Scoil Cheanntra-Sciath Chumann na mbunscol i gCiarrai buaite acu inné.

Nuacht Mhall
2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 2, 2024 6:46


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn. Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin. Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tarrthálaithe - rescuers rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning litir chomhbhróin - letter of condolence comhthíreach - fellow countryman nuachtán clóite - print newspaper ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis

RTÉ - An Saol ó Dheas
Seoladh leabhair 'Memories of Coláiste Íosagáin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 23, 2024 15:51


Sheol Seán Ó Sé an leabhar 'Memories of Coláiste Iosagáin' in Óstán Ghobnatan tráthnona de Sathairn. Bhí slua mór bailithe don ócáid.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 23ú Meán Fómhair 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 23, 2024 48:00


Seán Ó Ceallaigh;Fine Gael. Marina Ní Dhubháin;Áisitheoir ealaiona Ealaíon na Gaeltachta.. Seoladh leabhair 'Memories of Coláiste Íosagáin. Sinéad Crowley;The Maid of Fifth Avenue. Séamus Ó Muircheartaigh;Bua Chumann Rugair Chorca Dhuibhne inné.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Joanne Ní Churráin;Com Uí Dhuibh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 13, 2024 5:59


Seoladh córas ard luais leathan bhanda Chom Uí Dhuibh inniu,agus beidh nasc láidir idirlín ins na h-aon tigh is treabh ansan as seo amach.

seoladh
RTÉ - Adhmhaidin
Ciarán Mac Giolla Bhéin : stiúrthóir Fhís an Phobail.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 9, 2024 4:55


Seoladh taighde ag Féile an Phobail i mBéal Feirste inné faoi na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne i gceantar pleanála teanga Fhís an Phobail i mBéal Feirste.

RTÉ - Adhmhaidin
Pacáiste Poncanna, Máire Áine Ní Chuaig.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 5, 2024 6:16


Seoladh leabhrán eolais Dé hAoine faoi na haibhneacha agus na cuanta atá i gConamara atá áirithe ar na huiscí is glaine dá bhfuil ann agus a bhfuil ardchaighdeán ag baint leo.

iste gconamara d haoine seoladh
Nuacht Mhall
20 Eanáir 2024 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 20, 2024 7:34


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thóg an Aifric Theas cás roimh an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ag líomhain gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael i nGaza. Chualathas an cás i gcúirt sa Háig an tseachtain seo caite. Sa tuarascáil, atá 84 leathanach i bhfad, mhaígh an Aifric Theas go bhfuil an Iosrael ciontach “d'iarracht grúpa náisiúnta, eitneach nó reiligiúnach a scriosadh i bpáirt nó san iomlán" faoin gCoinbhinsiún um Chinedhíothú 1948. Dhiúltaigh Iosrael na héileamh go láidir. Is dócha go dtógfaidh sé blianta chun cinneadh ar an gcúiseamh a fháil sa chúirt. Mar sin, d'iarr an Aifric Theas ar an CBI roinnt beart sealadach a thógáil, an chéad cheann chun “stad láithreach a chur ar oibríocht mhíleata Iosrael in agus i gcoinne Gaza”. D'áitigh dlíodóir ar son Iosrael nach raibh aon bhunús dlí ag an mbeart agus go bhfágfadh sé Hamas saor le gníomhú. I gcinneadh conspóideach, dhiúltaigh rialtas na hÉireann tacaíocht a thabhairt don Aifric Theas sa chás ach tá abhcóide Éireannach, Blinne Ní Ghrálaigh, ag déanamh ionadaíocht ar son na hAifrice Theas. Rinne sí cur síos sa chúirt ar an “uafás de chinedhíothú i gcoinne mhuintir na Palaistíne”. In 2021 bhí Blinne Ní Ghrálaigh ina habhchóide nuair a fuair Conradh na Gaeilge i Londain an deis idirghabháil a dhéanamh san achomharc i gcás chlann Margaret Keane, nár bhfuair cead teachtaireacht Ghaeilge ar leac uaighe a máthair. Bhí an bua acu san achomharc. Fuair níos mó ná 21,000 saoránach Éireannach Víosa Saoire Oibre na hAstráile idir mí Iúil 2022 agus mí na Bealtaine 2023 de réir figiúirí a d'fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Baile san Astráil. Sin anlíon is airde a taifeadadh le 16 bliana ar a laghad. Ardú 105% atá i gceist i gcomparáid leis an mbliain roimhe, ach bhí laghdú ar na figiúirí i rith na paindéime. Le haghaidh comparáide, deonaíodh 11,077 víosa i rith na tréimhse céanna idir 2018 agus 2019, roimh na paindéime. Ní fhacthas an méid seo eisimirce ó ard an chúlaithe eacnamaíochta in 2008 agus deir saineolaithe go bhfuil siad ag tnúth le níos mó daoine fós ag lorg víosa i mbliana, agus tuarastail níos airde agus caighdeán maireachtála níos fearr san Astráil ag mealladh daoine óga ó Éirinn. In 2023 mheall TG4 an sciar is mó den lucht féachana náisiúnta don chainéal ó bhí 2009 ann. Bhí 2.09% den lucht féachana in Éirinn ag TG4 anuraidh, ardú ó 1.96% an bhliain roimhe agus an céatadán is mó ó 2009, nuair a bhain siad 2.6% den lucht féachana amach. 2023 san áireamh, ba é an ceathrú bliain leanúnach inar tháinig ardú ar chéatadán den lucht féachana a bhí ag an gcainéal. Ba é TG4 an seachtú cainéal is mó sa tír ó thaobh lucht féachana de in 2023 fosta. Maidir leis na figiúirí atá foilsithe ag TG4 d'fhéach 3.67 milliúin daoine ar TG4 i rith na bliana. Bhí mí na Nollag ar an mí is rathúla don chainéal agus mheall an Cluiche Ceannais na Sraithe Peile idir Gaillimh agus Maigh Eo, an líon is mó daoine ag TG4 in 2023. Seoladh cainéal nua do pháistí ‘Cúla4' anuraidh agus dúirt Ard-Stiúirthóir TG4 Alan Esslemont go raibh an-bhliain acu in 2023. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Coinbhinsiún um Chinedhíothú 1948 - Genocide Convention 1948 idirghabháil - intervention achomharc - appeal ard an chúlaithe eacnamaíochta - the height of the recession caighdeán maireachtála - quality of life lucht féachana - audience

RTÉ - Adhmhaidin
Phil Ní Shéaghadha, Árdrúnaí Chumann Altraí agus Bancabhrach na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 19, 2024 6:20


Seoladh craobh nua den chumann altra agus ban cabhrach na hÉireann, an INMO, i gCill Airne aréir.

Bladhaire - RTÉ
Seoladh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair- Ceol beo

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Dec 14, 2023 57:47


Ceol agus comhrá le Cathal Ó Curráin, Megan Nic Fhionnghaile, Megan Nic Ruairí agus Mairéad Ní Mhaonaigh.

ceol scoil n mhaonaigh seoladh ghaoth dobhair
RTÉ - An Saol ó Dheas
Paul Duffy; 'Aon Scéal'?

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 4, 2023 8:06


Seoladh bailiúchán scéalaíochta agus filíochta 'Aon Scéal?' ar an Aoine i dTigh Uí Chatháin ar an mBuailtín - ó bhuíon scríbhneoirí atá ag teacht le chéile go rialta ón mbliain 2019.

duffy aoine seoladh
RTÉ - Iris Aniar
Pacáiste ó sheoladh leabhair Chonamara Láir.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 29, 2023 12:42


Bhí 7 mbunscoil ó limistéir pleanála teanga Chonamara Láir páirteach sa togra 'Scaip an Scéal'. Is faoi stiúir Fighting Words Chonamara a cuireadh an leabhar le chéile. Seoladh an leabhar fhéin ag ócáid in Ionad Pobail Chill Chiaráin.

bh iste chonamara seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Seoladh Órchiste Nollag.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 27, 2023 21:53


Sheol Bosco Ó Conchúir dlúthdhioscaí Órchiste Nollag i Scoil Bhaile na bhFionnúrach inné.

nollag seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas: Dé Luain 27 Samhain 2023.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 27, 2023 47:20


Dylan Ó Géibheannaigh, agus Danny Ó Conaill;Peil. Seoladh Órchiste Nollag.Seán Ó Lionáird; Maolú teora níotráití. Feisire Eorpach Seán KJelly;Trádáil idir an Bhreatain agus an Comhaontas Eorpach.

lion samhain peil saol dhea s nollag seoladh bhreatain d luain
RTÉ - Adhmhaidin
Cóilín Ó Neachtain, Tuairisceoir Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 25, 2023 5:58


Seoladh an togra turasóireachta Eorpach STEER, atá faoi stiúir Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inné.

raidi gaeltachta neachtain seoladh
RTÉ - Iris Aniar
Seoladh leabhar Séalta na gComharsan.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Oct 4, 2023 22:35


Pacáiste ón seoladh ar leabhar Séalta na gComharsan a bhí ar siúl in Áras Chois Fharraige.

pac leabhar seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Seoladh an leabhair Nain

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 26, 2023 33:29


Sláine Ní Chathalláin, Pádraig Ó Sé agus Jeaicí Mac Gearailt-seoladh leabhar Nain i Scoil Bhaile na bhFionnúrach.

sl nain seoladh n chathall
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 26ú Meán Fómhair 2023

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 26, 2023 49:57


Ciairín de Buis;Ómós do Bride Rosney a fuair bás le déanaí. Seoladh an leabhair Nain; Sláine Ní Chathallain, Pádraig Ó Sé agus Jeaicí Mac Gearailt. Seán Ó Laoi;Daonscoil an Fhómhair

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230909_IRISH_cula4_le_seoladh_inniu!

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 9, 2023 10:15


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yl7sf2f3 Contact: irishlingos@gmail.com Cúla4 to be launched today!. Cúla4 le seoladh inniu!. The Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sports and Media, Catherine Martin, will launch the first Irish language channel for children, later today. Seolfaidh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, an chéad chainéal Gaeilge do pháistí, níos déanaí inniu. Children of primary age who will be targeted in the educational programs, who have "clear links" to the curriculum. Leanaí in aois bhunscoile a ndíreofar orthu sna cláracha oideachasúla, a bhfuil "ceangail shoiléire" acu leis an gcuraclam. The broadcast will start at 4pm today and the service will be launched at TG4 Headquarters in Ballyna Abhann. Cuirfear tús leis an gcraoladh ag 4pm inniu agus is i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a seolfar an tseirbhís. Halloween 1996 was the first time TG4 was launched. Oíche Shamhna 1996 a seoladh TG4 den chéad uair. Cúla4 will be available on channel 18 on Saorview, on channel 602 on Virgin Media, on channel 624 Sky and on Eir. Beidh fáil ar Cúla4 ar chainéal 18 ar Saorview, ar chainéal 602 ar Virgin Media, ar chainéal 624 Sky agus ar Eir. Cúla4 will also be available online. Beidh Cúla4 ar fáil ar líne chomh maith. A wide selection of programs will be shown between 6am and 8pm each day. Beidh rogha leathan clár le feiceáil idir 6am agus 8pm gach lá. Along with the educational programs, there will be entertainment content. Le cois na gclár oideachais, beidh ábhar siamsaíochta. The channel will have a six-minute news service from Tuesday to Friday at 1.30pm, produced by Fíbín Media and presented by Aisling Ní Donnabháin and Seán Ó Maoilchiaráin. Beidh seirbhís nuachta sé nóiméad ag an gcainéal ón Máirt go dtí an Aoine ag 1.30pm, a léireoidh Fíbín Media agus a bheidh á cur i láthair ag Aisling Ní Dhonnabháin agus Seán Ó Maoilchiaráin. Ireland's independent production sector is set to benefit from the new channel, with much of Cúla4 commissioning content from them. Tá earnáil léirithe neamhspleách na hÉireann le sochar a bhaint as an gcainéal nua, agus go leor den ábhar coimisiúnaithe ag Cúla4 uathu. International cartoons will also be voiced. Déanfar athghuthú freisin ar chartúin idirnáisiúnta. Seosamh Mac Seoin, from Belfast, Síle Ní Chonghaile, from Galway, and Niamh Ní Chróinín, from Dublin, will be presenting the programs. Is iad Seosamh Mac Seoin, as Béal Feirste, Síle Ní Chonghaile, as Gaillimh, agus Niamh Ní Chróinín, as Baile Átha Cliath, a bheas ag cur na gclár i láthair. Seosamh Mac Seoin, from Belfast, Síle Ní Chonghaile, from Galway, and Niamh Ní Chróinín (above), from Dublin, will be presenters on Cúla4 Is iad Seosamh Mac Seoin, as Béal Feirste, Síle Ní Chonghaile, as Gaillimh, agus Niamh Ní Chróinín (thuas), as Baile Átha Cliath, a bheas mar láithreoirí ar Cúla4

RTÉ - An Saol ó Dheas
Seoladh Orla Uan i gClós na Feirme.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 10, 2023 15:20


Seoladh Orla Uan i gClós na Feirme sa Mhusaem i mBaile an Fheirtéaraigh inné. Seo mar a labhair ;Orla Ruiséal, Eibhlín Uí Iarlaithe,Caitríona Budhlaeir ar an láthair.

RTÉ - Iris Aniar
Saol Ella, TG4

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 18, 2023 6:49


Seoladh an tsraith nua teilifíse, Saol Ella, i bpictiúrlann an 'Eye' i nGaillimh ag an deireadh seachtaine. Labhair Marcus Mac Conghail le roinnt den chliar a bhí i láthair.

saol ngaillimh seoladh
Raidió na Life 106.4FM
Seoladh Béal Na Péiste - Fionntán De Brún

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 23, 2023 15:11


Seoladh Béal Na Péiste in An Ceathrú Póilí, Béal Feirste, ar an Satharn, 1 Aibreán.

iste alna feirste aibre seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Páidí Ó Lionáird;Seoladh 'Cois abha na Druipsí ó'

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jan 30, 2023 15:15


Sé Páidí Ó Lionáird a sheol an saothar filíochta 'Cois abha na Druipsí ó' sa Mhuileann i mBaile Mhúirne de Sathairn.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas: Dé Luain 05 Nollaig 2022.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 5, 2022 49:34


Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin; Conchúir Ó Luasa, Seán Potts,Seán Ó Liatháin, Máire Ní Chéilleachair. Seoladh an leabhair Mábúis;Cat ar Misean le Eibhlín Uí Iarlaithe agus Máire Breathnach. Dr. Nuala Ní Fhlatharta;Am curtha na gcrann.Ann Ní Chíobháin;Cáis na Nollag.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Seosaimhín Ní Bheaglaoich;Seoladh 'Cínnlínnte le Dairena Ní Chinnéide

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 21, 2022 9:57


Sheol Seosaimhín Ní Bheaglaíoch dlúthchéirnín nua leis an bhfile Dairena Ní Chinnéide aréir. 'Cínnlínnte-Breaking Verse' teideal an bhailiúcháin. Tá Steve Cooney agus Rónán Ó Snodaigh a tionlacann an fhile sa bhailiúchán.

snodaigh seoladh n chinn
RTÉ Radio Player: Most Popular Podcasts
An Saol ó Dheas: An Saol ó Dheas 21ú Samhain 2022

RTÉ Radio Player: Most Popular Podcasts

Play Episode Listen Later Nov 21, 2022 49:38


Louise Ní Mhuircheartaigh;Gradam réalt peile na bliana.Seosaimhín Ní Bheaglaoich;Seoladh 'Cínnlínnte le Dairena Ní Chinnéide.Sheelagh Smith;Bia Dingle.Paddy Bushe;Cill Buaine.John Joe Mac Gearailt,Micheál Ó Céilleachair;Astaíochtaí carbóin

RTÉ - An Saol ó Dheas
Dr. Breandán Ó Cróinín;Cath Fionntrá

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 7, 2022 9:09


Seoladh an leabhar 'Cath Fionntrá' atá curtha in eagar ag an Dr. Breandán Ó Cróinín le línn an Oireachtais. Tá'n leagan seo dílis d'ínsint an tSeabhaic air an eachtra ach é in oiriuint do léitheoirí an lae inniu.

cath breand seoladh
Raidió na Life 106.4FM
Jack Chambers,Aire Stáit - Seoladh Baile Átha Cliat le Gaeilge

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Oct 24, 2022 3:50


An tAire Stáit Jack Chambers, ag labhairt ag seoladh Bhaile Átha Cliath le Gaeilge, i dTeach an Ardmhéara ar an satharn 22 Deireadh Fómhair 2022.

Raidió na Life 106.4FM
Seoladh Bhaile Átha Cliath le Gaeilge - Na comhairleoirí Micheál Mac Donnchadha agus Nial Ring

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Oct 24, 2022 5:45


Beirt Iar-Ardmhéara ag labhairt ag seoladh Bhaile Átha Cliath le Gaeilge i dTeach an Ardmhéara 22 Deireadh Fómhair 2022. Nial Ring, Neamhsp;leách agus Micheal Mac Donnchadha, Sinn Féin.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Felicity Hayes McCoy;Leabhar nua le seoladh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 22, 2022 14:52


The Keepsake Quilters teideal an leabhair is dénaí ón údar Felicity Hayes McCoy. Seolfar an leabhar sa Daingean ag deireadh na míosa seo chughainn.

mccoy daingean leabhar seoladh
RTÉ - Iris Aniar
Mike Scanlon Sweeney Oil

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 19, 2022 9:37


Seoladh comórtas mór Sweeney Oil

Raidió na Life 106.4FM
Seoladh Sceideal an Fhómhair TG4 2022 - Niamh Ní Chróinín

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Aug 23, 2022 2:33


Seoladh Sceideal an Fhómhair TG4 2022 ar an 22/08/2022

Raidió na Life 106.4FM
Seoladh Sceideal an Fhómhair TG4 2022 - Alan Esselmont

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Aug 23, 2022 7:43


Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esselmont ag labhairt linn ag Seoladh Sceideal an Fhómhair TG4 22/08/22

fh tg4 seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Seoladh Beauty an oileáin in ionad an Bhlascaoid.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Aug 5, 2022 12:50


An Taoiseach Micheál Máirtín, Máire Ní Dhálaigh, agus Ríonach Ui Ógáin ag seoladh an leabhair agus an dlúth chéirnín Beauty Deas an Oileáin aréir.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Ceaití Ní Bheildiúin,Deirdre Nic Ghinneá;Agallamh leis an gCnoc

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Aug 2, 2022 20:58


Seoladh leabhar nua filíochta le Ceaití Ní Bheildiúin mar chuid d'Fhéile Lughnasa sa Leitriúch inné. Sí'n t-ealaiontóir Deirdre Nic Ghinneá a chruthaigh an ealaíon don leabhar. Ponc Press a d'fhoillsigh.

RTÉ Radio Player: Latest Podcasts
An Saol ó Dheas: Ceaití Ní Bheildiúin,Deirdre Nic Ghinneá;Agallamh leis an gCnoc

RTÉ Radio Player: Latest Podcasts

Play Episode Listen Later Aug 2, 2022 20:58


Seoladh leabhar nua filíochta le Ceaití Ní Bheildiúin mar chuid d'Fhéile Lughnasa sa Leitriúch inné. Sí'n t-ealaiontóir Deirdre Nic Ghinneá a chruthaigh an ealaíon don leabhar. Ponc Press a d'fhoillsigh.

Raidió na Life 106.4FM
Seoladh Leabhair Cathal Ó Saindair - Leabharlann Ráth Maonais

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jul 22, 2022 53:51


Seoladh atheagráin de Na Mairbh a d'Fhill agus An tEitleán Dofheicthe – an chéad dá leabhar a scríobh Cathal Ó Sándair - ag an nGúm i Leabharlann Ráth Maonais 14/07/22.

ng cathal seoladh
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20220625_IRISH_taispeantas_faoin_gcogadh_cathartha_sna_ceithre_cuirteanna

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 25, 2022 13:11


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29q2ab9r Contact: irishlingos@gmail.com An exhibition about the Civil War in the Four Courts. Taispeántas faoin gCogadh Cathartha sna Ceithre Cúirteanna. On June 28, 1922, the Civil War broke out when the IRA's anti - treaty forces were attacked by temporary government forces. Ar an 28 Meitheamh 1922, cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha nuair a rinne fórsaí an rialtais shealadaigh ionsaí ar fhórsaí frithchonartha an IRA. The anti-contract forces had been stationed in the Four Courts in Dublin since the previous April and had control of the place. Bhí na fórsaí frithchonartha curtha fúthu sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ón Aibreán roimhe sin agus smacht acu ar an áit. An exhibition with a digital app was launched in the Four Courts today to commemorate that fateful battle. Seoladh taispeántas a bhfuil aip dhigiteach ag dul leis sna Ceithre Cúirteanna inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcath cinniúnach úd. Dublin-based historian Lorcan Collins is best known for setting up The 1916 Walking Rebellion Tour, and says it is impossible to say whether it was right: "Michael Collins only had six weeks to negotiate with Lloyd George, who was British Prime Minister at the time. Tá cáil ar an staraí Lorcan Collins i mBaile Átha Cliath faoin turas treoraithe The 1916 Walking Rebellion Tour a bhunú, agus dar leis nach féidir a mhaíomh cé acu an raibh an ceart: "Ní raibh ach sé seachtaine ag Michael Collins chun idirbheartaíocht a dhéanamh le Lloyd George, a bhí mar Phríomh-Aire na Breataine ag an am. He was under terrible pressure. Bhí brú uafásach air. "When you think about it, they had six years to negotiate Britain's exit from the European Union, and yet, they made a mess of it. "Nuair a smaoiníonn tú air, bhí sé bliana acu chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, agus fós féin, rinne siad praiseach de. “When Henry Wilson was killed in London,” said Lorcan Collins, “that angered Lloyd George and Churchill and it was believed that Michael Collins had given the order to kill Wilson. "Nuair a maraíodh Henry Wilson i Londain," a dúirt Lorcan Collins, "chuir sin fearg ar Lloyd George agus Churchill agus bhíothas den tuairim gurbh é Michael Collins a thug an t-ordú chun Wilson a mharú. "So Britain ordered the provisional government in Ireland to abolish the IRA in the Four Courts." "Mar sin, thug an Bhreatain ordú don rialtas sealadach in Éirinn lucht an IRA sna Ceithre Cúirteanna a dhíothú." On 28 June 1922, the Four Courts were attacked and the battle lasted for 60 hours until the IRA surrendered. Ar 28 Meitheamh 1922, rinneadh ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna agus mhair an cath go ceann 60 uair an chloig go dtí gur ghéill an an tIRA. Although not many people were injured during the conflict, the Public Records Office was destroyed. Cé nár gortaíodh mórán daoine le linn na caismirte, scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí. "Thousands were killed during the Civil War," said Professor Paul Rouse of the School of History at University College Dublin, "and it has fostered a great division among the people that is still to be found in the political life of the country." "Maraíodh na mílte i rith an Chogaidh Chathartha," a dúirt an tOllamh Paul Rouse ón Scoil Staire sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, "agus chothaigh sé deighilt mhór i measc an phobail atá fós le brath ar shaol polaitiúil na tíre." Guided tours of the Four Courts are available as part of the exhibition. Tá turais treoraithe timpeall na gCeithre Cúirteanna ar fáil mar chuid den taispeántas. They can be booked online in advance. Is féidir iad a chur in áirithe ar líne roimh ré. A tour in Irish will take place tomorrow evening at 1:30. Beidh turas i Gaeilge ar siúl tráthnóna amárach ag 1:30. The app related to the demo is available in the Apple Store and Google Store.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol o Dheas 25ú Bealtaine 2022

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 25, 2022 47:36


Ostán Merrion. BAC. Seoladh taispeántas ealaíne Liam Ó Néil. Séamus Ó Súilleabháin, Liam Ó Néil,Lorcán Ó Cinnéide,Cyril Kelly,Ronán Ó Snodaigh,Sinéad Ní Uallacháin,Máire Ní Chonchúir,Caitlín Ní Chatháin,Deirdre Brugha,Risteárd Ó Laoide, Seán Ó Duinnshléibhe,Eddie Hutch,Gearóid Ó Conghaíle,Micheál Ó Maolchiaráin

RTÉ - Adhmhaidin
Pacáiste, seoladh Plean Gníomhaíochta Turasóireact Mhúscraí.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 4, 2022 4:48


Labhair Conn Ó Muineacháin le roinnt den dream a bhí i láthair ag seoladh an phlean inné.

RTÉ - Adhmhaidin
Neasa Bheilbigh, cathaoirelach cyclist.ie

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 22, 2022 1:35


Tá feachtas tosaithe ag grúpa rothaíochta chun plean rothaíochta faoin tír a éileamh ar údaráis áitiúla. Seoladh cóip den ‘Fís Tuaithe' chuig chuile comhairleoir Contae sa tír chun iad a spreagadh chun tacú leis an bplean.

RTÉ - Iris Aniar
Ferghal Lyons&nbsp;<strong>ó Chumann Luthchleas Gael Bhéal ÁthahAmhnais.</strong>

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jan 21, 2022 11:01


Seoladh an feachtas ‘Hurling for Hope' an tseachtain seo caite i bPáirc an Chrócaigh. Grúpa cairde, imreoirí agus ball foirne ó Chumann Lúthchleas Gael Bhéal Átha hAmhnais i Maigh Eo a tháinig le chéile chun airgead a bhailiú do dhá charthanacht, Oispís Mhaigh Eo agus Ros Comáin agus Cumann Néarón Luadrach na hÉireann.

bp lyons chr hurling nbsp mhaigh eo chumann l seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 14ú Nollaig 2021

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 14, 2021 47:48


Seoladh leabhar an chéid Scoil Naomh Eirc; Siún Nic Gearailt,Máire Uí Chinéide,Dr. Pádraig Ó hÉalaí.Bríd Criomhthain,Ceol;Berni Pháid Ní Mhuircheartaigh,Muiris Ó Cuinn,Máiréad Nic Gearailt,Máire Breathnach.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Máire Ní Dhálaigh;seoladh an leabhair 'Port na bPúcaí'.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 23, 2021 19:42


Sí Máire Ní Dhálaigh a sheol an leabhar 'Port na bPúcaí' sa Daingean an deireadh seachtaine seo. Bhí baint lárnach aige na muintir le seachadadh an cheoil sin ón Inis.

sm bp bh inis daingean seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Dáibhí Ó Cróinín; Eagrán nua ar shaothar Bhess Cronin le seoladh.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 19, 2021 11:06


Tá eagrán nua don leabhar The Songs of Elizabeth Cronin foillsithe ag Four Courts Press. Sé Dáibhí Ó Cróinín,garmhar Bhess Cronin údar an leabhair.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Tadhg Evans; Leabhar dá chuid le seoladh Dé Sathairn.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 19, 2021 11:30


A Storied Kingdom is teideal do leabhar scéalta le Tadhg Evans a seolfar Dé Sathairn seo chughainn. Sraith agallaimh a dhein Tadhg don Kerryman atá sa leabhar, scéalta na laochra spóirt agus scéalta na ndaoine.

evans tadhg leabhar seoladh d sathairn
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20210815_IRISH_fear_as_luimneach_le_seoladh_timpeall_an_domhain_ina_luamh

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Aug 15, 2021 12:54


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yhbp5ryc Limerick man to sail around the world in his yacht. Fear as Luimneach le seoladh timpeall an domhain ina luamh. A man, a native of Limerick City, is making the final preparations for a trip around the world in his yacht. Tá fear, gurb as Cathair Luimnigh ó dhúchas dó, ag déanamh na n-ullmhúchán deireanach chun tabhairt faoi thuras timpeall an domhain ina luamh. Peter Lawless wants to be the first Irishman to ever sail around the world on his own. Ta Peter Lawless ag iarraidh a bheith ar an gcéad Éireannach riamh le seoladh timpeall an domhain gan stad ina aonar. Peter Lawless is 52 years old and has spent two years preparing for his major journey around the world. Tá Peter Lawless 52 bliain d'aois agus tá dhá bhlian caite aige ag ullmhú dá mhór-aistear timpeall an domhain. In his yacht, which is 41 feet long, he is embarking on a journey around the globe. Ina luamh, atá 41 troigh ar fad, atá sé ag tabhairt faoin turas timpeall na cruinne. He has been preparing for this sea challenge for two years with his boat ready for the great seas ahead. Tá sé ag ullmhú don dushlán farraige seo le dhá bhliain agus an bád réitithe aige do na farraigí móra atá roimhe. He is a native of the sea and sailing. Tá an fharraige agus an tseoltóireacht sa dúchas aige. His father, Pat, made the trip around the world in the nineties. Dhein a athair, Pat, an turas timpeall an domhain sna nóchaidí. It was a journey that took three years. Turas a thóg trí bliana a bhí ann. He didn't do it non-stop, though. Ní dhearna sé é gan stad, áfach. He returned to Kilrush in 1996. D'fhill sé ar Chill Rois i 1996. Peter will be following part of his father's course and will also be relying on his maps and pose to steer the yacht. Is ag leanúint cuid de chúrsa a athar a bheidh Peter agus é ag brath ar a mhapaí agus a sheiseamhán freisin chun an luamh a stiúradh. It will travel down through the Atlantic to South Africa, across the bottom of the globe and the Pacific Ocean before turning north again at Cape Corn and through the Atlantic home. Síos tríd an Atlantach go dtí an Afraic Theas a rachaidh sé, trasna íochtar na cruinne agus an Aigéin Chiúin sula gcasfaidh sé ó thuaidh arís i Rinn an Choirn agus tríd an Atlantach abhaile. Peter said he knows there is a big challenge ahead. Dúirt Peter go bhfuil a fhios aige go bhfuil dúshlán mór roimhe. “I've been sailing all my life and there's nothing I like better in the world than being in my boat at sea,” he said. "Táim ag seoltóireacht mo shaol ar fad agus níl aon ní eile is fearr liom ar domhan ná a bheith i mo bhád ar an bhfarraige", a dúirt sé. "I've always wanted to sail around the world and when I found out that no other Irishman had ever made that trip - a non - stop journey - I decided to take it." "Theastaigh uaim riamh seoladh timpeall an domhain agus nuair a fuaireas amach nach raibh an turas sin - turas gan stad - déanta ag aon Éireannach eile riamh, bheartaigh mé tabhairt faoi." Peter estimates the journey will take between eight and ten months. Measann Peter go dtógfaidh an turas idir ocht agus deich mí. He has enough food and medicine on board that he could spend a year on board, if the weather doesn't run out. Tá a dhóthain bia agus ábhair leighis ar bord aige go bhféadfadh sé bliain a chaitheamh ar bord, mura ritheann an aimsir leis. It will be a particular challenge for him to spend this long time alone without any company. Dúshlán ar leith a bheidh ann dó an tréimse fhada seo a chaitheamh ina aonar gan aon chomhluadar. "I know that will be very difficult but I am a person who is comfortable alone. "Tá a fhios agam go mbeidh sin an-deacair ach is duine mé atá compordach i m'aonar. It's sick to people how I will cope with myself during the journey ", said Peter with a laugh. Tá sé ag déanamh tinnis do dhaoine conas a réiteoidh mé liom fhé...

RTÉ - Iris Aniar
Bairbre Nic Dhonncha.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jul 13, 2021 10:33


Seoladh clár na féile do Fhleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo caite.

gaillimhe seoladh
RTÉ - Iris Aniar
Aodán Mac Gearailt, seoltóir.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jun 3, 2021 9:51


Seoladh an bád, an ‘Port of Galway' arú inné i nduganna na Gaillimhe, luaimh a bheas san iomaíocht sa rás, ‘An Mini Transat'. Labhair Treasa Bhreathnach le hAodán Mac Gearailt faoina chara Yannick Lemonnier ó Chlub Seoltóireachta Chuan na Gaillimhe, ‘sé Yannick a bheas ar an halmadóir sa rás aonair seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Deirdre de Bhailís, Corca Dhuibhne.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 18, 2021 5:04


Seoladh plean bainistíochta turasóireachta do Leithinis Chorca Dhuibhne ar líne ag an deire seachtaine.

corca dhuibhne seoladh bhail
Nuacht Mhall
14 Samhain 2020 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 14, 2020 4:13


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Seoladh fondúireacht trasphobail nua in ómós John agus Pat Hume an tseachtain seo. Beidh sé mar aidhm ag an fhondúireacht oidhreacht síochánta na Humes a chur chun cinn, chun an chéad ghlúin eile de síochánaithe a spreagadh. Deir cathaoirleach na fondúireachta, An tOllamh Seán Farren, go bhfuil luachanna Hume de dhíth go mór sa lá atá inniu ann. An chéad imeacht ag an fhondúireacht ná léacht le Martin Luther King a Trí an tseachtain seo chugainn. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Joe Biden i ndiaidh an bua a fháil i dtoghchán na huachtaránachta, agus sé vóta is trí chéad bainte amach aige. Leis sin, níor ghéill Donald Trump go fóill, cé go nglactar le bua Biden go forleathan agus nach raibh rath ar bith ag a agóidí dlíthiúla go dtí seo. Is léir gur bhain Biden vóta an phobail chomh maith, agus breis is cúig milliún vóta níos mó aige. Tá Peter Sutcliffe, an fear ar a dtugadh an Yorkshire Ripper, i ndiaidh bás a fháil. Gearradh príosún saoil ar Sutcliffe as dúnmharú triúr déag ban i dTuaisceart Shasana idir 1975 agus 1980. Deirtear nár gabhadh Sutcliffe níos luaithe mar gheall ar theipeanna na bpóilíní ó thaobh gnéasachais de mar níor eist siad le fianaise tugtha ag mná a bhí ag obair mar oibrithe gnéis ag an am. Dé hAoine ghabh Ardchonstábla Yorkshire Thiar leithscéal ó chroí le híospartaigh agus a dteaghlaigh atá fós beo. Agus scéal breise an tseachtain seo. D'fhógair bainisteoir fhoireann peile Thír Eoghain Mickey Harte go bhfuil sé i gceist aige éirí as i ndiaidh ocht mbliana déag sa ról. Faoi cheannas Harte, bhuaigh Tír Eoghain craobh na hÉireann den chéad uair in 2003. Bhí an bua acu arís in 2005 agus 2008, chomh maith le sé chraobh Uladh idir 2003 agus 2017. In ainneoin tragóid phearsanta tá sé ar dhuine de na bainisteoirí is rathúla i spórt na hÉireann. Ó mhuintir Thír Eoghain, go raibh míle maith agat Mickey. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fondúireacht trasphobail - cross-community foundation géill - concede, submit forleathan - widespread, broadly agóidí dlíthiúla - legal challenges dúnmharú - murder gnéasachas - sexism oibrithe gnéis - sex workers éirí as - stand down, quit in ainneoin - despite

RTÉ - An Saol ó Dheas
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Aug 12, 2020 5:47


Seoladh leabhar i gCorcaigh inné tabhairt imeachtaí Ghluaiseacht na saoirse 1920 chun cuimhne.

tuairisc gcorcaigh seoladh
Fada is Fairsing
Clár 198 - 2018 - Raidió na Life

Fada is Fairsing

Play Episode Listen Later Oct 9, 2018 30:00


Ar an gclár seo bhí Cuan Ó Seireadáin linn le labhairt linn faoi Fhondúireacht an Chraoibhín Aoibhinn a sheolfar i Nua Eabhrac Dé hAoine an 12 Deireadh Fómhair. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le mír a rinne mé le Síne Nic an Ailí, Comhordaitheoir Cultúr Club Chonradh na Gaeilge, ag Seoladh ábhair teagaisc ar líne de chuid an Chlub i rith na seachtaine. Ar deireadh, labhair Tom Fitzgerald linn faoi bhronnadh an ghradaim Laoch na Gaeilge 2018 de chuid litriocht.com ar Imelda White thall i San Francisco ar an 5 Deireadh Fómhair as an éacht atá déanta aici thar na blianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ann.

An tImeall – Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech
CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG

An tImeall – Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech

Play Episode Listen Later Jul 16, 2014 12:16


Déanfar seoladh eisiach anocht ar an dlúthdhiosca nua pop-cheoil i nGaeilge: Ceol #10, ar an gclár Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir a 9 agus a 10 a chlog. Tá Raidio Rí-Rá ar fáil go forleathan ar an idirlíon ar rrr.ie, agus ar an gcóras digiteach DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge. […] CD Gaeilge, Ceol #10, le Seoladh go h-Eisiach Anocht ar Raidio Rí-Rá ar RnaG originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

Cumann Carad na Gaeilge
Seoladh Súil Siar - Liam Mac Giodaire

Cumann Carad na Gaeilge

Play Episode Listen Later Feb 16, 2009


Seo caint le Liam Mac Giodaire, ar son Dhaltaí na Gaeilge.Podchraoladh Céad is Fiche a Dó (7:43)Má tá tú ag éisteacht, scríobh chugam agus inis dom do thuairim faoin bpodchraoladh seo!

Cumann Carad na Gaeilge
Seoladh Súil Siar - Hilary

Cumann Carad na Gaeilge

Play Episode Listen Later Feb 7, 2009


Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a trí.Seo caint eile ón oíche sin le Hilary Mhic Suibhne.Podchraoladh Céad is Fiche a hAon (7:03)

Cumann Carad na Gaeilge
Súil Siar - Éamonn Ó Cuív, Seosamh Ó Laoi agus Eibhlín Zurell

Cumann Carad na Gaeilge

Play Episode Listen Later Feb 7, 2009


Seoladh an leabhair Súil Siar, cuid a dó.Podchraoladh Céad is Fiche (11:29)

Cumann Carad na Gaeilge
Súil Siar - Seósamh Ó Laoi, James Keane,

Cumann Carad na Gaeilge

Play Episode Listen Later Jan 11, 2009


Seoladh an leabhair Súil Siar. An fháilte a d'fhear an tOllamh Seósamh Ó Laoi romhainn, agus ceol is caint le Séamas Keane agus cara eile dó. Podchraoladh Céad is a Naoi Déag (10:37)Seo alt faoin ocáid seo a bhí agam sa National Hibernian Digest.