POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmionn oifige - oath of officeneodracht - neutralitylománaíocht - loggingdífhoraoisiú - deforestationearnáil na talmhaíochta - the agricultural sectorlucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits
Comhdháil ar ar fhreastal sí ag ar pléadh na deacrachtaí a bhíonn ag daoine atá ag obair in institiúidí tríú-leibhéal ar thaobh amháin na teorann agus ag cónaí ar an taobh eile.
Bhailigh os cionn 140 dalta le chéile ag Comhdháil bhliantúil Chomhairle na nÓg i gCiarrai inné le mórcheisteanna ógánaigh an chontae a phlé.
Bhí teacht le chéile ag múinteoirí agus ceannairí scoile in earnáil an Ghaeloideachais ag an dara leibhéal i Luimneach áit ar phlé siad na dúshláin agus na háiseanna atá ar fáil do mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh trí Ghaeilge.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tharla drochthimpiste ar an iarnród cáblach i Liospóin Dé Céadaoin. Maraíodh seisear déag agus gortaíodh duine is fiche eile ar an Elevador da Glória i lár na cathrach, a iompraíonn turasóirí agus muintir na háite idir cearnóg lárnach, Praça dos Restauradores, agus Bairro Alto, ceantar eile a bhfuil siamsaíocht oíche ann. Bhí daoine ó thíortha éagsúla i measc na n-othar gortaithe, lena n-áirítear an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Eilvéis, Ceanada, an Chóiré Theas, Maracó agus Rinn Verde. Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil aon saoránach Éireannach i measc na dtaismeach. Tharla an timpiste mar gur bhris an cábla agus gur sciorr an carr den rian. D'fhógair an rialtas sa Phortaingéil Lá Náisiúnta Dobróin agus tá fiosrúchán ar siúl.Tá Conor McGregor tar éis físeán a phostáil lasmuigh d'Fhoirgnimh an Rialtais, ag impí ar dhaoine dul i dteagmháil lena gcomhairleoirí contae chun tacú leis mar iarrthóir uachtaránachta. Chun a bheith ar an mbosca ballóide, caithfidh sé ceithre údarás áitiúla nó 20 ball den Oireachtas a fháil lena thaobh. Osclóidh fuinneog na n-ainmniúchán amárach agus caithfear iad a chur isteach roimh an cheathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. I bhfíseán dhá nóiméad go leith, luaigh sé Forógra na Saoirse agus rinne sé comhartha na croise ag an deireadh. I mí na Samhna anuraidh, d'aimsigh giúiré i dtriail shibhialta go ndearna McGregor ionsaí gnéis ar Nikita Hand in 2018, agus tugadh damáistí beagnach €250,000 di. Chaill sé a achomharc sa chás i mí Iúil i mbliana. Tá sé ráite ag Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé comhaontuithe trádála ar ceal má deir an Chúirt Uachtarach go raibh na taraifí a thug sé isteach neamhdhleathach. Rialaigh cúirt achomhairc le déanaí nach raibh údarás aige na taraifí a ghearradh gan cead na Comhdhála. Deir Trump go bhfuil muinín aige go rialóidh an Chúirt Uachtarach ina fhabhar, ach d'admhaigh sé go mbeadh caillteanas mór ann dá gcaillfeadh sé. Mhaígh sé freisin go raibh an tAontas Eorpach ag íoc “beagnach trilliún dollar” leis na Stáit Aontaithe, cé gur i ndáiríre is iad lucht iompórtála Meiriceánach a íocann na taraifí sin. Rinne an Seanadóir Mitch McConnell comparáid idir polasaithe Trump maidir leis an gheilleagar agus gnóthaí eachtracha agus polasaithe na naoi déag tríochaidí, agus é ag rá gurb é seo "an tréimhse is contúirtí ó roimh an Dara Cogadh Domhanda".*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISiarnród cáblach - funiculartaismeach - casualtybosca ballóide - ballot boxcomhartha na croise - the sign of the crosscomhaontuithe trádála - trade agreementsgnóthaí eachtracha - foreign affairs
Tugann Saltaire trí ghuth ceoil ar leith le chéile, múnlaithe ag na blianta ag seinm i mbannaí a bhfuil cáil orthu agus mar cheoltóirí seisiúin a bhfuil tóir orthu. Comhdhéanta den amhránaí/dordveidhleadóir Kaitlin Cullen-Verhauz, an giotáraí Ian Kinsella agus an seinnteoir bodhrán/bouzouki Conor Lyons, cruthaíonn Saltaire taipéis shaibhir fuaime, ag comhcheangal stíleanna tíre agus traidisiúnta na hÉireann agus Mheiriceá. Seo iad ag labhairt le Rossa.
Ard Rúnaí ar Chumann na nAltraí is na mBan Chabhrach ceaptha mar Uachtarán ar Comhdháil na gCeardchumann in Éirinn.
Beidh Comhdháil do thoscairí Chumann Ceardchumann na hÉireann ar siúl ón lá inniu go dtí Déardaoin san ICC, Béal Feirste
Comhdháil ar bun ag Cumann Barra na Gaeilge i bPáras an dá lá seo.
Cuirfear tús inniu i Loch Garman le Comhdháil Bhliantúil Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, an INMO.
Rinneadh plé ar an gcinneadh Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i mBleá Cliath a athrú ó ghnáth mheánscoil go Gaelcholáiste, ag Comhdháil Chumann na Meánmhúinteoirí (ASTI) i gCill Airne.
Moira Leyden, Oifigeach Oideachais agus Taighde leis an ASTI agus Gearóid Begley ó Choláiste Íde atá ag Comhdháil Bhliantúil den ASTI.
Cuirfear tús in Óstán An Galmont i nGaillimh inniu le Comhdháil Bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann.
Comhdháil Bhreandán Ó Buachalla a bhí ar siúl in Ollscoil Notre Dame in Indiana.
Sa sraith seo breathnaíonn Aonghus Ó Lochlainn ar stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (“An Comhdháil” amach anseo), a bhí lárnach i saol phobal na Gaeilge mar scátheagraíocht óna bunú i 1943 go dtí a dúnadh i 2014. Cé go raibh gnó na comhdhála ar cúl stáitse, bhí tionchar nár bheag aici ar stádas reachtúil agus dearcadh pobail ar an nGaeilge a mhéadú, agus bhí tionchar ollmhór aici ar na heagraíochtaí agus na daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ó lá go lá. Féachfaidh an sraith seo ar stair agus éabhlóid na Comhdhála, ar na daoine agus na tograí a raibh baint aici leo, agus ar an tionchar oidhreacht na heagraíochta anois go bhfuil sí imithe. Arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse. Craolta i 2019.
Sa tsraith seo breathnaíonn Aonghus Ó Lochlainn ar stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (“An Comhdháil” amach anseo), a bhí lárnach i saol phobal na Gaeilge mar scátheagraíocht óna bunú i 1943 go dtí a dúnadh i 2014. Cé go raibh gnó na comhdhála ar cúl stáitse, bhí tionchar nár bheag aici ar stádas reachtúil agus dearcadh pobail ar an nGaeilge a mhéadú, agus bhí tionchar ollmhór aici ar na heagraíochtaí agus na daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ó lá go lá. Féachfaidh an sraith seo ar stair agus éabhlóid na Comhdhála, ar na daoine agus na tograí a raibh baint aici leo, agus ar an tionchar oidhreacht na heagraíochta anois go bhfuil sí imithe. Arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse. Craolta i 2019.
Sa tsraith seo breathnaíonn Aonghus Ó Lochlainn ar stair Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (“An Comhdháil” amach anseo), a bhí lárnach i saol phobal na Gaeilge mar scátheagraíocht óna bunú i 1943 go dtí a dúnadh i 2014. Cé go raibh gnó na comhdhála ar cúl stáitse, bhí tionchar nár bheag aici ar stádas reachtúil agus dearcadh pobail ar an nGaeilge a mhéadú, agus bhí tionchar ollmhór aici ar na heagraíochtaí agus na daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ó lá go lá. Féachfaidh an sraith seo ar stair agus éabhlóid na Comhdhála, ar na daoine agus na tograí a raibh baint aici leo, agus ar an tionchar oidhreacht na heagraíochta anois go bhfuil sí imithe. Arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse. Craolta i 2019.
Cuirfear tús tráthnóna inniu le Comhdháil Bhliaintúil Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Dhún na nGall.
Cuirfear tús le Comhdháil Slándála München sa nGearmáin inniu. Beidh an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris i measc na gceannairí a bheas ag freastal air, le polasaí idirnáisiúnta a phlé.
Comhdháil á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta 'Mná na Mara' amárach.
D'fhreastal Pádraig ar an dtaispeántas turasóireachta sa Ghearmáin den teideal CMT Stuttgart thar ceann Comhdháil Turasóireachta an Daingin.
Tháinig páirtí an Comhaontas Ghlais le chéile I mBaile Átha Cliath ar an deire seachtaine ag a gcomhdháil bhliantúil.
Tá Comhar na nOileán, Comhdháil Oileáin na hÉireann agus an eagraíocht Foróige ag iarraidh plean a chur le chéile d'aos óg noileán.
Beidh comhdháil i gcuimhne ar Thadhg Ó Donnchadha,nó Tórna, in Ollscoil Chorcaí ag deireadh na míosa seo.
Holly Nic Cárthaigh;Amhrán,An Cailín Aerach. Micheál Ó Céilleachair; Soláthróir bainne. Breandán Ó Caoimh; Féile Liteartha aeráide. Lúibín ó dhaltaí Scoil Laichtín Naofa,Cill na Martra. An t-Ollamh Pádraig Ó Macháin;Comhdháil ar Thadhg Ó Donnchadha. Caoimhín Ó Grífín;Comórtas Peile na Gaeltachta 2027
Tá Claire Hanna bean a rugadh l nGaeltacht na Gaillimhe, ceaptha anois ina Ceannaire ar Pháirtí an SDLP ó thuaidh.
Reáchtálfar Comhdháil Pleanála Teanga i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath inniu, agus beagnach 10 mbliana caite ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga.
Reáchtáladh Ardfheis Shinn Féin in Áth Luain ag an deireadh seachtaine. Labhair ár n-eagraí polaitíochta Cuan Ó Seireadáin leis na baill a bhí i láthair.
Comhdháil i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo chugainn le plé agus anailís a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála teanga.
Comhdháil a bhí ar bun I nGaillimh an tseachtain seo caite ag scrúdú cén tionchar atá ag an n-aeráid ar an gcultúr ó thaobh na Meáin Chumarsáide.
Dhá scór bliain ó bunaíodh Comhdháil Oileáin na hÉireann le ceiliúradh in Inis Oírr inniu.
Craoladh ó Inis Oirr mar a bhfuil Comhdháil Oilean na h-Éireann ag comóradh 40 bliain a mbunaithe.
Ag caint ar an nGaeltacht mar ionsparáid dá cuid oibre féin ag Comhdháil an Oirdheiscirt amáireach agus dán dá cuid ‘An Sméar Mhullaigh' á dh'aithris aici.
Aréir ag Comhdháil Náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaí ghlac Kamala Harris go foirmeálta lena h-ainmniúchán mar iarrthóir an pháirtí don Uachtaránacht. Gheall sí deireadh a chur le Cogadh Gaza.
le hEoin Ó Catháin
Aréir ag Comhdháil Náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaí a tháinig Tim Walz i láthair an tslua.
Tá Donald Trump roghnaithe ag Comhdháil Náisiúnta an pháirtí Phoblachtaigh mar a n-iarrthóir don Uachtaránacht agus tá an Seanadóir as Ohio JD Vance Trump roghnaithe aige le seasamh don leas-uachtaránacht.
Ag cruinniú do chomhchoiste na Gaeilge inniu pléifear na bunriachtanas atá ann go mbeidh Gaeilge agus Béarla líofa ag Stúirthóirí na mBord Oideachais agus Oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoin gcúram.
While millions of bottles and cans have so far been processed through the Re-Turn Deposit Scheme here on the mainland, our island communities appear largely to have been forgotten about. Joining Seán to discuss is Chloe Ní Mháille, Public Relations Officer for Comhdháil Oileán na hÉireann, the Irish Islands Federation.
Breandán Ó Cróinín: Comhdháil na Bealtaine 2024 ar siúl ar Champas Phádraig i nDurlas ar an Aoine - téama na comhdhála ná ‘Saothar Liam Uí Mhuirthile'.
Susan Folan, ateangaire gairmiúil comhdhála agus stiúrthóir cláir an máinstreacht san ateangaireacht chomhdhála in Ollscoil na Gaillimhe ag labhairt faoi na seomraí nua ateangaireachta atá ansin.
Labharfaidh Siobhán ag Comhdháil faoin uathachas a bheidh ar bun in Ostán Osprey i gCill Dara an tseachtain seo chughainn. AUsome Training atá i mbun na Comhdhála agus go leor le foghlaim ann.
Lasse Mulcahy;Cuairt ar an Íoslainn.Jack O Donavan Trá; Slánú na Mara. Gabriel Ó Ciobháin, John Callanan;Madraí caorach. Siobhán Uí Dhálaigh;Comhdháil AUsome ar uathachas.
Dúirt Máirín Uí Fhearraigh le Mairéad Ní Mhaoilchiaráin gur chóir go mbeadh níos mó comhoibriú idir Comhdháil Oileán na hÉireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall maidir lena pleananna do na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall.
Comhdháil eagraithe don 20ú Aibreán chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar Dhónail Uí Chorcora ' The Hidden Ireland', céad bliain i ndiaidh dó bheith foilsithe ar dtús.
Beidh Comhdháil fén suathadh aigne a leanann gníomhartha cogaidh go h-áirithe cogaí cathardha i nDánlann Crawford i gCorcaigh de Sathairn.
Dr. Siobhra Aiken; Comhdháil i nDánlann Crawford.Micheál Ó Céilleachair;Feirmeoir déiríochta. Breandán Ó Murchú;Trácht air a mhac,an t-aisteoir Cillian Ó Murchú.
Comhdháil aeráide Cop28 agus ráiteas a rinne Uachtarán na Comhdhála Sultan Al Jaber.
Cuirfear tús le Comhdháil ag am dinnéir inniu i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. ‘An Béal Beo: Foclóireacht agus Frásaíocht na Gaeilge' an teideal ar an gcomhdháil atá á óstáil ag Roinn na Nua-Ghaeilge.
Tuarascáil a sheoladh ag Comhdháil Oileáin na hÉireann faoi chúrsaí tithíochta ar na hOileáin sa Dáil inniu. Labhair Máire Uí Mhaoláin le Cóilín Ó Neachtain.