Clár cúrsaí reatha agus nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil le tuairisc spóirt agus tuairisc ar na nuachtáin.

Scéalta polaitíochta an lae.

Caitheadh na Votaí san fhothoghchán i gClacton in Essex Shasana inné, le suíochan an iarfheisire Nigel Farage, a d'éirigh as an mhí seo caite a líonadh, agus tugadh le fios go luath ar maidin go bhfuil a shuíochán bainte aríst ag Nigel Farage sa fhothoghchán.

Tá an obair thógála toisithe an tseachtain seo ar mhór-fhorbairt an scoil dara leibhéal Choláiste Cholmcille, in Indreabhán.

Tá Cumann na bhFeirmeoirí, an IFA ag rá go bhfuil An Aimsir thirim ag cruthú deacrachtaí do Fheirmeoirí.

Beidh stair shóisialta uathúil Chorca Dhuibhne le feiceáil den chéad uair mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta.

Tá a gcuid tacaíochta do Gianni Infantino mar uachtarán ar Chumainn Sacair an Domhain FIFA tarraingthe siad ag Cumann Sacair na hÉireann an FAI.

Beidh breis agus 150 imeacht ar siúl i nDún na nGall mar pháirt d'imeachtaí Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta na bliana seo.

Bhí radharc dochreidte le feiceáil sa spéir i roinnt áiteacha ar fud na hEorpa tráthnóna inné agus na milliúin tagtha amach le súil a fháil ar an urú gréine.

Fogróidh an Tanaiste Simon Harris plean úr inniu le deileáil le caimiléíri a bhíonn ag sciúradh airgid sa tír seo. Seo é an chéad phlean don sórt seo caimiléireachta ag an rialtas in Eirinn.

Tá foláireamh tugtha ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil an Bruach Thiar ag pointe géarchéime, agus go bhfuil an foréigean a bhaineann le lonnaitheoirí Iosraelacha ag dul in olcas ann.

Tá fothoghchán ar bun i gClacton, Shasana inniu, fothoghchán a d'eascair as Nigel Farage éirí as mar fheisire mar gheall ar siúntas de £5 mhilliún punta sterling a fuair sé ón Billiunaí Christopher Harbourne.

Bhí meitheal mhór tarrthála i gCorca Dhuibhne inné i ndiaidh do ráth deilfeanna teacht i dtír ar Thrá na Feothanaí.

Tá níos mó éilimh ná mar a bhí riamh ar phainéil ghréine, de bharr buntáiste eacnamaíochta a bhaineann leo, a dúirt an conraitheoir leictreach Máirtín Ó Duibhir as Gaoth Dobhair.

Tá plean nua poílíneachta seolta ag Gardaí na Gaillimhe – a chinnteoidhs go mbeidh comhaltaí breise ar dualgas ar shráideannaí na Cathrach agus i mBóthar na Trá as seo amach.

Láithriú - Máire Bríd Ní Chualáin.

Scéalta polaitíochta an lae.

Tá cuardach ar siúl i gconaí san Cholóim tar éis an crith talúna tharla sa tír Dé Luain.

Caithfidh an Rialtas infheistíocht fhiúntach a dhéanamh sna seirbhísí sláinte ag leibhéal pobail, má táthar le theacht ar réiteach ar na deacrachtaí atá ag daoine clárú le dochtúir teaghlaigh, a dúirt an Comhairleoir Contae Dakota Nic Mheanman.

Tá páirtithe an fhreasúra ag achainí ar an Rialtas gan a dhul chun cinn leis an ardú atá beartaithe acu ar an dleacht ar bhreosla an chéad mhí eile.

Tá imní ag méadú go bhféadfadh galar na teanga gorma, a théann i bhfeidhm ar chaoirigh agus ar eallach, scaipeadh níos faide in Éirinn.

Tá turais as Gaeilge beartaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí an tseachtain seo chugainn mar chuid don tSeachtain Oidhreachta.

Tá an smugairle róin den chineál leonmhongach (Lion's Mane) a bhfuil contúirt ag baint leis, feiceálach ar go leor tránna in Iarthar na Gaillimhe le seachtain anuas.