POPULARITY
San eagrán seo, cúrsaí sa Tuaisceart.
San eagrán seo, amharc chun tosaigh ar Bhuiséad 2026.
San eagrán seo, plé ar an treo a bhfuil á ghlacadh ag an tAontas Eorpach.
San eagrán seo, NAMA tagtha chun críoch.
Tuairisc ar dhea-scéalta na seachtaine seo le Judy-Meg Ní Chinnéide: - Léiríonn taighde nua go bhfuil foraoiseacha bháistí athléimneach in Ecuador - Radharcanna ar mhíolta móra ag dul i méid ceatharcha bliain tar éis státchairde ar shealgaireacht - Cuntas OnlyFans cruthaithe le haghaidh marmait Colorado Is clár nuachta agus cúrsaí reatha é Éadra, á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
Tuairisc ar dhea-scéalta na seachtaine seo le Judy-Meg Ní Chinnéide: - Cás cúirte i gcoinne comhlachtaí mheán shóisialta as teipeadh as cosaint a thabhairt do pháistí ar na hardáin, ag druidim ar aghaidh sna Stáit Aontaithe - Iarsmalann bunaithe ag páiste naoi mbliana d'aois darbh ainm Anderson Taylor - Naoi boinn bainte amach ag Éireann sna craobhchomórtais Eorpacha sa lúthchleasaíocht agus sa snámh Is clár nuachta agus cúrsaí reatha é Éadra, á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craoltar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
San eagrán seo, mórfhéilte an tsamhraidh. Tuairisc le Liam Mac Amhlaigh agus Eoin Ó Fearghail – plé ar nuacht agus cúrsaí reatha ar Raidió na Life gach Máirt ag 19:00.
San eagrán seo, cúrsaí polaitíochta na Breataine. Tuairisc le Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh – plé ar nuacht agus cúrsaí reatha ar Raidió na Life gach Máirt ag 19:00.
San eagrán seo, ag leanúint le cúrsaí polaitíocht na Breataine. Tuairisc le Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh – plé ar nuacht agus cúrsaí reatha ar Raidió na Life gach Máirt ag 19:00.
San eagrán seo, cúrsaí spóirt, agus An Chorn Domhanda. San eagrán seo, ag leanúint le cúrsaí polaitíocht na Breataine. Tuairisc le Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh – plé ar nuacht agus cúrsaí reatha ar Raidió na Life gach Máirt ag 19:00.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dxvycyh Contact: irishlingos@gmail.com Two oil refineries in Russia attacked by Ukraine. Dhá scaglann ola sa Rúis ionsaithe ag an Úcráin. Two oil refineries in Russia were reportedly damaged in drone attacks carried out by Ukrainian military forces overnight. Tuairiscítear go ndearnadh damáiste do dhá scaglann ola sa Rúis in ionsaithe drón a rinne fórsaí míleata na hÚcráine orthu i gcaitheamh na hoíche. Ukrainian President Volodymyr Zelensky said that two refineries in Bashkortostan in southern Russia and in Yaroslavl northeast of Moscow were attacked. Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le fios gur ionsaíodh an dá scaglann i mBaiscíria i ndeisceart na Rúise agus in Yaroslavl soir ó thuaidh ó Mhoscó. According to authorities in Yaroslavl, nearly 100 drones were intercepted before they reached the refinery, but debris from the drones caused damage to the site. Dar leis na húdaráis in Yaroslavl gur idircheapadh beagnach 100 drón sular bhain siad an scaglann amach ach go ndearna smionagar ó na dróin damáiste don áit. Zelensky said that the Russians are financing the war in Ukraine with proceeds from the oil sector and that the damage caused by the attacks on the two refineries was a thorn in their side. Dúirt Zelensky go maoiníonn na Rúisigh an cogadh san Úcráin le fáltas ón earnáil ola agus gur dris chosáin acu an díobháil a rinne na hionsaithe don dá scaglann. Zelensky also claimed that Ukraine shot down drones with military boats and other vessels belonging to Russia in the Black Sea. Mhaígh Zelensky freisin gur scaoil an Úcráin dróin le báid mhíleata agus le soithigh eile leis an Rúis sa Mhuir Dhubh. It is understood that the other vessels were tankers carrying oil for illegal sale on the international market. Tuigtear gur tancaeir a bhí sna soithigh eile a bhí ag iompar ola lena dhíol go neamhdhleathach ar an margadh idirnáisiúnta. In Ukraine, eleven people were reportedly killed in attacks carried out by Russians on various parts of the country. San Úcráin, tuairiscítear gur maraíodh aon duine dhéag in ionsaithe a rinne na Rúisigh ar áiteanna éagsúla sa tír. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D'fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d'ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún. Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D'aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an DUP ag tús ghnó an Tionóil Dé Máirt agus mhol polaiteoirí misneach íospartaigh Donaldson as na líomhaintí a thabhairt chun cinn . Bhí an ceannaire cumhachtach agus suntasach roimhe seo tar éis é féin a chur i láthair mar dhuine a thacaigh le luachanna láidre Críostaí. Ó tugadh an breithiúnas, tá tuilleadh nochtuithe déanta ag iar-oifigigh shinsearacha póilíní agus polaiteoirí faoi iompar bréagchráifeach Donaldson.Tá an tonn teasa tubaisteach ag cur isteach ar an saol in iarthar na hEorpa, go háirithe i Sasana, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Sa Ríocht Aontaithe dhún go leor scoileanna agus gnólachtaí go luath mar gheall ar an teas dian agus tá rabhaidh ann faoi mhoilleanna agus cealuithe traenacha de réir mar a sháraíonn an teocht 37C. Tá cruinneachán teasa tar éis teochtaí a bhrú os cionn 40 céim i gcodanna d'Iarthar na hEorpa an tseachtain seo, rud a d'fhág na céadta marbh. In Éirinn tá rabhaidh tugtha faoi stoirmeacha toirní atá ar tí tarlú ar fud na tíre.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmarthanóirí - survivorsuachtarán eatramhach - interim presidentnochtuithe - revelationsbréagchráifeach - hypocriticaltonn teasa - heat wavecruinneachán teasa - heat dome
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D'úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d'fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d'iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abusemarthanóirí - survivorsan Roinn Bonneagair - Department for Infrastructurego huathoibríoch - automaticallybabhta díbeartha - elimination round
Tuairiscítear go bhfuil sé ráite ag Aire Sinsearach sa mBreatain go bhfuil sé ag fáil faoi réir le n'eirí as a chuid cúramaí ansin