Podcasts about aontaithe

  • 24PODCASTS
  • 749EPISODES
  • 11mAVG DURATION
  • 5WEEKLY NEW EPISODES
  • Jul 13, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about aontaithe

Latest podcast episodes about aontaithe

RTÉ - Adhmhaidin
Kara Owen, Ambasadóir na Ríochta Aontaithe chun na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 13, 2026 5:37


Chaith Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann an tseachtain seo caite in Inis Meáin, ag cur feabhais ar a cuid Gaeilge.

chun gaeilge aontaithe breataine
RTÉ - Adhmhaidin
Pacáiste, Cruinniú Éire Aontaithe, Conradh na Gaeilge, Corca Dhuibhne.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 13, 2026 5:20


Plé faoina deiseanna agus na dúshláin a bheas ann den Ghaeilge agus don Ghaeltacht má bhíonn Éireann aontaithe ann?

pl iste gaeilge conradh ghaeilge ghaeltacht cruinni aontaithe corca dhuibhne
Nuacht Mhall
11 Iúil 2026 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 11, 2026 7:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé. Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.gortuithe tromchúiseacha - serious injuriesfiosrúchán - investigation

pr dar cornwall agus gaeilge ann widdecombe gaeltachta ghaeilge ghaeltacht aontaithe rt raidi inniu ngaeltacht eoghain ghaeltachta cuireadh dtuaisceart nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Dan Mulhall, iar-ambasadóir na hEireann chuig na Stáit Aontaithe.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 9, 2026 5:03


Cruinniú NATO agus an méid atá ag tarlú sa Mheán Oirthear.

mulhall mhe heireann aontaithe
Nuacht Mhall
4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 4, 2026 9:42


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d'éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.De réir seandálaithe, d'fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua stairiúil - historic victoryconspóid - controversyFeisire - MPprintíseachtaí teicniúla - technical apprenticeshipsseandálaithe - archaeologiststírdhreacha - landscapes

pr bp tar gc chr bh baile burnham bun sir keir starmer deir phr gaeilge ciarra conradh beidh cliath banr gaillimhe ollscoil londain aontaithe inniu heorpa eoraip eoghain mhaigh eo d domhnaigh ard mhacha chorcaigh d sathairn nuacht mhall
Splanc
Splanc Mínithe: Na Stáit Aontaithe ag 250

Splanc

Play Episode Listen Later Jul 3, 2026 39:22


Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Cuán faoin ngaol láidir atá idir Éire agus na Stáit Aontaithe, an tionchar atá againn ar a chéile, agus na rudaí is fearr leo faoi na Stáit Aontaithe, i measc go leor eile.

labhra aontaithe
Splanc
Splanc Moltaí: 3 Iúil

Splanc

Play Episode Listen Later Jul 3, 2026 14:46


Tá na Stáit Aontaithe 250 bliain d'aois, agus tá moltaí iontacha ag Cuán, bainteach le Meiriceá.

molta meirice aontaithe
Splanc
Splanc Scéalta: Keir Starmer agus Pholaitíocht na Breataine; Jeffrey Donaldson agus an DUP; SAM ag 250

Splanc

Play Episode Listen Later Jul 3, 2026 45:10


Labhraíonn Ursula Savage le Cuán faoi Kheir Starmer ag imeacht mar Phríomhaire; an tionchar a bheidh ag sin ar Pháirtí an Lucht Oibre; Andy Burnham ag teacht chun cinn agus cá seasann na páirtithe eile sa Bhreatain. Faighimid léargas chomh maith ar an méid atá ag titim amach le Jeffrey Donaldson, agus an mbeidh tionchar ag an scéal ar an DUP. Agus leis na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh 250 bliain ar an bhfód, cloisimid faoi cad é mar atá na caidrimh idir na Stáit Aontaithe agus na rialtais ó dheas, ó Thuaidh agus sa Bhreatain.

Nuacht Mhall
27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 27, 2026 4:52


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D'fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d'ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún. Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D'aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an DUP ag tús ghnó an Tionóil Dé Máirt agus mhol polaiteoirí misneach íospartaigh Donaldson as na líomhaintí a thabhairt chun cinn . Bhí an ceannaire cumhachtach agus suntasach roimhe seo tar éis é féin a chur i láthair mar dhuine a thacaigh le luachanna láidre Críostaí. Ó tugadh an breithiúnas, tá tuilleadh nochtuithe déanta ag iar-oifigigh shinsearacha póilíní agus polaiteoirí faoi iompar bréagchráifeach Donaldson.Tá an tonn teasa tubaisteach ag cur isteach ar an saol in iarthar na hEorpa, go háirithe i Sasana, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Sa Ríocht Aontaithe dhún go leor scoileanna agus gnólachtaí go luath mar gheall ar an teas dian agus tá rabhaidh ann faoi mhoilleanna agus cealuithe traenacha de réir mar a sháraíonn an teocht 37C. Tá cruinneachán teasa tar éis teochtaí a bhrú os cionn 40 céim i gcodanna d'Iarthar na hEorpa an tseachtain seo, rud a d'fhág na céadta marbh. In Éirinn tá rabhaidh tugtha faoi stoirmeacha toirní atá ar tí tarlú ar fud na tíre.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmarthanóirí - survivorsuachtarán eatramhach - interim presidentnochtuithe - revelationsbréagchráifeach - hypocriticaltonn teasa - heat wavecruinneachán teasa - heat dome

pr dc dm richter donaldson bh baile dup tion gaeilge iod jeffrey donaldson conradh cliath sasana londain aontaithe heorpa tuairisc inniu mheithimh nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Pacáiste ón ócáid ‘Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht'

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 23, 2026 15:14


Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag ócáid a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair le gairid dírithe ar an téama ‘Éire Aontaithe” Labhair Conor Róisín Nic Liam, a bhí i mbun taighde do Chonradh na Gaeilge ar an ábhar seo, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

cn ciar agus iste gaeilge deis uachtar ghaeilge ghaeltacht teanga aontaithe chonradh ngaoth dobhair
RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy, Saineolaí Míleata agus Taidhleoireachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 22, 2026 4:39


Tá sé ráite ag eadránaithe as an bPacastáin agus Catar go bhfuil dul chun cinn déanta sna cainteanna a bhí ar siúl idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin san Eilvéis inné.

Raidió na Life 106.4FM
Scéalta reatha_Félim Ó Maolmhána_220626

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jun 22, 2026 22:03


Plé ar na comhráití idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin, príomhaire eile le h-éirí as sa Bhreatain? agus easaontas i bhFianna Fáil maidir leis an nGlas Tríorach. Dáta: 220626

pl iar aontaithe reatha bhreatain
Nuacht Mhall
20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 20, 2026 6:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc' ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d'aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISlamháltais - concessionsbac cabhlaigh - naval blockadetréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting periodginmhilleadh - abortiontoirmeasc - prohibitionsuíomhanna cearrbhachais - gambling sitescompánaigh intleachta saorga - AI companions

ai donald trump pr g7 emmanuel macron dempsey astr inni taoiseach deir gaeilge iar uachtar conradh londain aontaithe teachta d luimneach shinn f fraince mheithimh aontas eorpach aontais eorpaigh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Bríd Ní Ghráinne, Ollamh Comhlach leis an dlí idirnáisiúnta in Ollscoil Mhá Nuad.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 19, 2026 6:20


Tá na cainteanna a bhí le tosú inniu idir an Iaráin agus na Stát Aontaite mar chuid de na hiarrachtaí réiteach buan a fháil ar an gcoimhlint sa murascail curtha ar athló agus ní bheidh leas uachtarán na Stát Aontaithe ag teacht chun na hEorpa.

inne leis iar n ghr ollscoil aontaithe heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Seosamh Mac Donncha, Iar-choirnéal airm, saineolaí míleata agus taidhleoireachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 18, 2026 5:32


Shínigh na Stáit Aontaithe agus an Iaráin conradh comhthuisceana aréir a chuirfidh tús leis an bpróiseas síochána. Leis an gcomhaontú seo, táthar ag súil le deireadh a chur le beagnach cheithre mhí de chogaíocht.

sh leis agus iar donncha seosamh aontaithe
RTÉ - Barrscéalta
Andy Caomhánach Fear na Riomhairí agus Diarmuid Ua Bruadair príomhoide Ghaelcholáiste Dhoire.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 15, 2026 13:11


D'fhógair an Ríocht Aontaithe ar maidin go bhfuil siad le cosc a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi 16 bliana d'aois ó thús na bliana seo chugainn.

Nuacht Mhall
13 Meitheamh 2026 (Liatroim)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 13, 2026 9:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D'úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d'fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d'iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abusemarthanóirí - survivorsan Roinn Bonneagair - Department for Infrastructurego huathoibríoch - automaticallybabhta díbeartha - elimination round

pr vancouver foils gaeilge kenneally conradh beidh feirste londain aontaithe tuairisc inniu nua eabhrac chuir choimisi mheithimh nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 11, 2026 8:52


Ag caint ar dtús ar na léirsithe atá ar siúl i gcathair Bhéal Feirste ón Mháirt, áit a bhfuil cónaí ar féin, agus ar an ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge anseo i nGaoth Dobhair san oíche amárach dírithe ar an téama Éire Aontaithe.

bh mh ciar gaeilge uachtar conradh feirste aontaithe chonradh ngaoth dobhair
RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 9, 2026 5:24


Tá sé ráite ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump gur thug sé foláireamh d'Uachtarán Iosrael Benjamin Netanyahu go raibh baol air go mbeadh Iosrael leo féin dá leanfadh siad ar aghaidh lena n-ionsaithe ar an Iaráin.

niall iar uachtar aontaithe mheirice muilleoir
RTÉ - Adhmhaidin
Aonghas Lambkin, Oibrí Daonchairdis, Na Náisiúin Aontaithe.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 8, 2026 5:50


Sheol an tAontas Eorpach 100 tonna de ábhair cúnaimh chuig bPoblacht Dhaonlathach an Chongó ag an deireadh seachtaine le tacú leis an bpobal atá buailte leis an víreas Ebola.

ebola chong sheol aontaithe aonghas
RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 5, 2026 3:33


Brú ar Uachtarán Mheiriceá Donald Trump théis dhá vóta faoina gcuid polasaithe i dTeach na nionadaithe agus an Seanad an tseachtain seo.

niall seanad uachtar aontaithe mheirice muilleoir
RTÉ - Adhmhaidin
Seosamh Mac Donncha, saineolaí taidhleoireachta agus míleata.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 3, 2026 5:15


Cé gur fógraíodh sos cogaidh idir Iosrael agus Hezbollah le tacaíocht ó na Stáit Aontaithe, tá ionsaithe Iosrael fós ag leanúint ar aghaidh i ndeisceart na Liobáine agus tá imní ann anois faoi cé chomh buan agus atá an sos cogaidh.

hezbollah agus donncha seosamh aontaithe
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20260531_IRISH__dochas_go_mbeidh_sineadh_leis_an_sos_lamhaigh_sa_mheanoirthear

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later May 31, 2026 3:05


 jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26nmt6k9 Contact: irishlingos@gmail.com Hope that the ceasefire in the Middle East will be extended. Dóchas go mbeidh síneadh leis an sos lámhaigh sa Mheánoirthear. There is now strong hope that the ceasefire between the United States and Iran will be extended. Tá dóchas láidir anois ann go gcuirfear síneadh leis an sos lámhaigh idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin. It is said that the new ceasefire will last 60 days and that the Strait of Hormuz will be reopened so that ships can bring goods and oil from Asian countries to Western countries more easily. Deirtear go mbeidh fad 60 lá ag an sos lámhaigh nua agus go n-osclófar Caolas Hormuz in athuair le go mbeidh longa in ann earraí agus ola a thabhairt ó thíortha san Áis chuig tíortha an Iarthair ar bhealach níos scafánta. However, neither US President Donald Trump nor Iranian leaders have given their blessing to any new agreement yet. Níl a bheannacht tugtha áfach ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ná ag ceannairí na hIaráine d’aon chomhaontú nua go fóill.

Nuacht Mhall
30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 30, 2026 7:13


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D'inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire. Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearánach - complainantcúiseamh éignithe - accusation of rapeleáiteach - meltingmeánteochtaí - average temperaturesbuabhall ailbíneach - albino buffalodos gruaige - tuft of hair

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20260530_IRISH__ionsai_ar_ionad_stiurtha_dron_i_ndeisceart_na_hiaraine

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later May 30, 2026 6:40


 jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ba7sqej Contact: irishlingos@gmail.com Attack on a drone control center in southern Iran. Ionsaí ar ionad stiúrtha drón i ndeisceart na hIaráine. A US government spokesman has confirmed that the American air force attacked a drone control center belonging to Iranian military forces in the Strait of Hormuz overnight. Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche. The spokesman said the Americans also shot down four drones when they attacked the base in the port of Bandar Abbas. Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d’ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas. In retaliation, as they themselves said, Iranian forces attacked a military base belonging to the United States. Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d’ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe. Although the Iranians did not say which base was attacked, authorities in Kuwait have indicated that several missiles and drones were fired at that country. Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach (which base exactly) a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin. Officially, a ceasefire has been in place in the region since the beginning of April, but it is unclear what direction it is heading – whether it will be consolidated or fall apart – especially since US President Donald Trump has often and simultaneously played both sides of the fence in relation to it. Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéile – go háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis. The price of oil has risen again on international markets in light of the latest attacks after falling 5% yesterday. Tá praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5 faoin gcéad inné. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nuacht Mhall
24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 24, 2026 8:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhi Bealtaine, Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ni LoinsighThascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d'Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIS

israel pr gaza arsenal leeds manchester city budapest rs bournemouth bh buckingham thug paris saint germain gunners mh hammersmith inni mbl rann phr gaeilge itamar ben gvir tarl bealtaine uachtar docht conradh sasana london irish centre labhair londain aontaithe gaelach irish cultural centre chonradh cuireadh tuachtar breataine nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Cormac Ó Dualacháin, Abhcóide Sinsireach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 19, 2026 6:37


“Ní chun leas na teanga ná na heagraíochta é go mbeadh Conradh na Gaeilge ag ‘gníomhú i dtreo Éireann Aontaithe” - a dhearcadh ar sheasamh Chonradh na Gaeilge ar an gceist.

cormac gaeilge conradh aontaithe chonradh
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20260512_IRISH__hantaivireas:_saineolaithe_dochasach_nach_mbeidh_raig_eile_ann

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later May 12, 2026 8:27


 jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25revzkx Contact: irishlingos@gmail.com Hantavirus: experts optimistic there won’t be another outbreak. Hantaivíreas: saineolaithe dóchasach nach mbeidh ráig eile ann. The World Health Organization has confirmed that nine people have the virus and two others are showing symptoms of the disease. Tá sé dearbhaithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil an hantaivíreas ar naonúr agus go bhfuil siomptóim an ghalair ar bheirt eile. It is understood that all eleven of these cases are related to the cruise ship Hondius which had an outbreak of the disease. Tuigtear go mbaineann gach aon cheann den aon chás déag sin leis an long chrúsála an Hondius a raibh ráig den ghalar uirthi. The head of the World Health Organization, Tedros Adhanom Ghebreyesus, said that unfortunately this is not the end of the story and that it is likely that more passengers from that ship will become ill in the coming days. Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, dúirt sé nach é sin deireadh an scéil ar an drochuair agus gurb é is dóichí go n-éireoidh tuilleadh paisinéirí ón long sin tinn sna laethanta amach romhainn. On the contrary, he said, there is currently no likelihood of an outbreak of the disease anywhere else. Os a choinne sin, arsa sé, níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go mbeidh ráig den ghalar in aon áit eile. On the other hand, however, he said, another outbreak cannot be ruled out because the anti-virus is a virus that lies dormant for a while before reaching a peak of development. Os a choinne sin arís, áfach, a dúirt sé, ní féidir ráig eile a chur as an áireamh mar gur vireas é an hantaivíreas a tholgann faoi go ceann scaithimh sula dtagann barr forbartha air. The World Health Organization advises people with the disease to quarantine for six weeks and Tedros Adhanom Ghebreyesus said that most of the countries involved are currently adhering to that advice. Comhairlíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte do dhaoine a bhfuil an galar orthu coraintín sé seachtaine a dhéanamh agus dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go bhfuil bunáite na dtíortha atá i gceist an uair seo ag cloí leis an gcomhairle sin. The head of the Centers for Disease Control and Prevention in the United States, Jay Bhattacharya, said, however, that the same advice might not be applied in that country. An té atá i gceannas ar an Lárionad um Ghalair a Chosc agus a Rialú sna Stáit Aontaithe, Jay Bhattacharya, dúirt seisean, ámh, go mb’fhéidir nach gcuirfí an chomhairle chéanna i bhfeidhm sa tír sin. Two Irish women were among the passengers aboard the Hondius. Bhí beirt bhan as Éirinn i measc na bpaisinéirí a bhí ar bord an Hondius. They are now at home and are said to be in good health. Tá siad sa bhaile anois agus deirtear go bhfuil siad i ndea-shláinte. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy, saineolaí míleata agus taidhleoireachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 11, 2026 2:47


Dúirt nuacht áisíneacht IRNA na hIaráine go bhfuil na húdarais théis freagra a thabhairt ar an bplean a mhol na Stáit Aontaithe faoi dheireadh a chur le cogadh an Mheánoirthir.

agus reidy mhe irna aontaithe
RTÉ - Adhmhaidin
Seosamh Mac Donnacha, saineolaí taidhleoireachta agus míleata.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 7, 2026 4:22


Dúirt urlabhraí ó Roinn Graithí Eachtracha na hIaráine go bhfuil na húdarais i dTehran ag déanamh a gcríonnachta ar mholtaí nua atá déanta ag na Stáit Aontaithe faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa Meánoirthear.

agus donnacha seosamh aontaithe
RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, cúrsaí na Stát Aontaithe.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 5, 2026 3:59


An scéal is déanaí ón Meánoirthear agus as Meiriceá faoin gcoibhlint idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin.

niall iar meirice aontaithe muilleoir
RTÉ - Adhmhaidin
Róisín Nic Liam, taighdeoir, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 5, 2026 4:37


Seoladh Taighde, na deiseanna don Ghaeilge in Éire Aontaithe.

ghaeilge banr feirste ollscoil aontaithe
RTÉ - Barrscéalta
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 5, 2026 13:54


Seolfar taighde úr inniu a dhéanann scrúdú agus anailís ar ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe ag ócáid a bheas ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar maidin. B'iad Conradh na Gaeilge a choimisiúnaigh an taighde.

mb ciar gaeilge uachtar conradh banr feirste ollscoil aontaithe chonradh
Nuacht Mhall
2 Bealtaine 2026 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 2, 2026 7:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz an cogadh leis an Iaráin. Tá láithreacht mhíleata láidir ag na Stáit Aontaithe sa Ghearmáin ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus thart ar tríocha cúig míle saighdiúir ann faoi láthair. Ag an am chéanna, níor thángthas ar réiteach go fóill le deireadh buan a chur leis an chogadh, agus mharaigh ionsaithe Iosraelacha dháréag sa Liobáin le cúpla lá anuas.Tá albam úr Kneecap FENIAN ar fáil ó inné, Lá Bealtaine. Rinne siad an t-albam leis an léiritheoir ceoil mór le rá Dan Carey, a d'oibrigh le grúpaí ar nós Fontaines DC agus Franz Ferdinand roimhe seo. Tagann an ceirnín úr i ndiaidh cúpla bliain de chonspóid, agus Mo Chara ag dul i ngleic le cúiseamh go raibh sé ag tacú le grúpaí toirmiscthe. Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil go mór san albam nua, agus rapálaí Palaistíneach le cluinstin in amhrán amháin, ach tá téamaí níos pearsanta ann fosta, agus críochnaíonn an t-albam le traic in ómós do mháthair Móglaí Bap, a fuair bás sa bhliain 2020.Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimh Sabastian Sawe ina bhaile dúchais sa Chéinia an tseachtain seo, i ndiaidh dó Maratón Londan a bhuachan agus curiarracht úr taobh istigh de dhá uair an chloig a bhaint amach. Tugadh fleasc traidisiúnta agus deoch de bhainne coipthe ag an aerfórt, agus dúirt Sawe leis an tslua gur leis an phobal ar fad an bua seo. Ina dhiaidh sin, tugadh duaiseanna eile dó ag fáiitiú mór in áras Uachtarán na Céinia. Tá clú agus cáil ar reathaithe na Céinia, agus bhí seanmháthair Sawe féin páirteach ag na Cluichí Oilimpeacha in München sa bhliain 1972. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISachrann - spatcomhghuaillí - allygrúpaí toirmiscthe - proscribed groupsfáilte an ghaiscígh - a hero's welcomefleasc - wreathbainne coipthe - fermented milk

pr marat friedrich merz franz ferdinand bap rinne gaeilge iar fontaines dc bealtaine uachtar dan carey conradh meirice londain aontaithe inniu cuireadh gearm ghearm nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Tom Ó Ceallaigh, tráchtaire, Londain.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 29, 2026 5:59


Níor éirigh le rún i Westminster aréir go ndéanfaí fiosrúchán parlaiminte faoi Phríomhaire na Breataine Keir Starmer faoi cheapachán Peter Mandelson mar Ambasadóir chun na Stáit Aontaithe i 2024.

westminster peter mandelson phr ceallaigh londain aontaithe
Nuacht Mhall
25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 25, 2026 6:57


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán.Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth, bíonn sé deacair ar pháirtithe an Rialtais fothoghcháin a bhuachan. Mar sin féin, ní athróidh na torthaí mórán sa Dáil. Tabharfaidh na toghcháin seo léargas dúinn ar thuairimí na ndaoine tar éis na n-agóidí breosla le déanaí.Bhuaigh Manchester City 1-0 in aghaidh Burnley ag Turf Moor le linn na seachtaine, bua a d'fhág go bhfuil siad chun tosaigh ar Arsenal den chéad uair le sé mhí anuas. Ba é an t-urchar luath ó Erling Haaland—an fichiú cúl aige an séasúr seo—an t-aon chúl sa chluiche. Cé gur bhuaigh siad, bhí imní ar lucht leanúna City mar nár thapaigh an fhoireann go leor deiseanna eile chun an cluiche a chur chun deiridh. Maidir le Burnley, is toradh tubaisteach é seo; tá sé deimhnithe anois go mbeidh siad dícháilithe ón Phríomhshraith. Tá an rás don teideal gor ar ghob. Tá 70 pointe ag City agus Arsenal chomh maith agus tá difríocht na gcúl mar an gcéanna acu freisin. Mar sin féin, tá City sa chéad áit mar gheall ar an líon iomlán cúl atá scóráilte acu. Níl ach cúig chluiche fágtha sa tséasúr.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsíneadh - extensionbonneagar - infrastructurefothoghchán - by-electionagóidí breosla - fuel protestsurchar - shotan Phríomhshraith - the Premier League

donald trump pr premier league arsenal tehran burnley erling haaland islamabad turf moor phr gaeilge iar paschal donohoe bealtaine uachtar conradh beidh cliath mbaile londain aontaithe aibre inniu aoine ngaillimh ard mhacha nuacht mhall
Seachtain
War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint

Seachtain

Play Episode Listen Later Apr 23, 2026 27:01


Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt. Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe. Foclóir: Oifig co-ordú: Cordination office Daonchairdeas: Philanthropy Stráitéis comhroinnte: Shared strategy Comhoibriú: Work together Ionadaíocht: Represent Ní airíonn muid: We don't feel Caighdeán beatha: Quality of life Na diúracáin: The missiles Éiginnteacht: Uncertainty Coimeádach: Conservative Acmhainní: Resources Cráifeach: Religious Taidhleoireacht: Diplomacy Antoisceach: Extremist Crith talún: Earthquake Coimhlint: Conflict Ag obair go dlúth: Working closely Leochaileach: Vulnerable Ag dul in olcas: Getting worse Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school Fostaithe: Employed Cinneadh: Decision Teip: Failure Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Máire Uí Laoire

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Apr 21, 2026 14:16


Bean Chill na Martra atá tar éis filleadh ó na Stáit Aontaithe – bhuaigh sí eitiltí Aer Lingus ar chomórtas ar Raidio na Gaeltachta.

aer lingus gaeltachta laoire aontaithe raidio
RTÉ - Adhmhaidin
Caoimhín Mac Unfraidh, iar-oifigeach cabhlaigh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 16, 2026 6:14


An bac atá na Stáit Aontaithe a chur ar ag teacht amach as calafoirt na hIaráine.

caoimh aontaithe
RTÉ - Adhmhaidin
Dan Mulhall, iar-ambasadóir na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 13, 2026 5:20


Cuireadh deireadh le cainteanna sa bPacastáin inné idir ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus an Iaráin gan toradh.

iar mulhall aontaithe cuireadh
Nuacht Mhall
11 Aibreán 2026 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 12, 2026 6:22


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d'éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna díosail agus peitril ag ardú go mór, agus Caolas Hormuz fós dúnta. Tá rabhadh tugtha ag daoine eile sa phobal feirmeoireachta freisin go n-ardóidh praghas an bhia má leanann ardú praghsanna, mar gheall ar úsáid breosla san fheirmeoireacht. Tráthnóna Dé Máirt, tháinig trucailí agus tarracóirí isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus lean na hagóidí ar aghaidh thar oíche agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Cháin an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín an lucht agóide as carrchlós a dhéanamh de Shráid Uí Chonaill, ach dúirt sé go leanfadh sé de bheith ag plé le grúpaí ionadaíochta tionscail.Tá treoraithe Everest cúisithe ag póilíní Neipeal as roinnt camscéimeanna a bhain le dreapadóirí. Ina measc tá drugaí a thabhairt do dhreapadóirí i ngan fhios dóibh ionas go mbeadh orthu iad a tharrtháil, le billí bréige thart ar fiche milliún dollar gearrtha ar na dreapadóirí agus ar árachóirí. Chuir daoine eile púdar bácála ina mbia ionas go mbeadh tinneas goile ar dhreapadóirí, rud a bhaineann le tinneas airde de ghnáth. I ndiaidh na dtarrthálaithe héileacaptair, bhronnaigh cuid acu na doiciméid taistil agus cóireála leighis chun cistí breise a éileamh ó árachóirí taistil eachtracha. Deirtear gur bhuail na camscéimeanna seo thart ar cheithre mhíle seacht gcéad dreapadóir. Tá stair ag an gcineál seo eachtra i Neipeal. Fuarthas amach i bhfiosrúcháin roimhe seo go raibh taistealaithe páirteach sna camscéimeanna uaireanta.D'fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá sos cogaidh leis an Iaráin oíche Dé Máirt, ach faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí comharthaí ann cheana féin go raibh sé ag titim as a chéile. Dé Máirt, chomhaontaigh an dá thír, agus Iosrael, sos cogaidh coicíse, níos lú ná dhá uair an chloig roimh an am a dúirt an tUachtarán Donald Trump go scriosfadh sé an tír. Cé go raibh Iosrael i measc na dtíórtha, dúirt an Príomh-Aire Netanyahu nach raibh an Liobáin san áireamh ann agus ina dhiaidh sin sheol sé ionsaithe ar an Liobáin. Dúirt an Iaráin gur bhris sé seo ceann de théarmaí a sos cogaidh, agus gur briseadh dhá théarma eile, lena n-áirítear lainseáil dróin isteach in aerspás na hIaráine. Thuairiscigh roinnt láithreáin nuachta gur chinn an Iaráin Caolas Hormuz a dhúnadh arís dá bharr, cé gur shéan na Stáit Aontaithe é seo.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbreosla - fueltarracóirí - tractorstreoraithe - guidescamscéimeanna - scamsdreapadóirí - climbersárachóirí - insurers

donald trump pr dc dm mount everest dempsey inni gaeilge iar shr mhe conradh bhaile cliath londain aontaithe aibre luimneach chuir tuachtar nuacht mhall
How To Gael
How To Unite Ireland? - Episode 4

How To Gael

Play Episode Listen Later Apr 9, 2026 43:09


Ceist na Gaeilge agus ceist an chultúir in Éire Aontaithe atá faoi chaibidil an tseachtain seo. PhD candidate and Cork woman Róisín Nic Liam joins Doireann agus Louise this week to discuss her research on the Irish-language reclamation movement since the Good Friday Agreement (1998) and the role colonial legacies and systems play in our society. In October 2025 BBC NI published a podcast series, Borderland, that tackled the question of Irish unity. While the series explored both sides of the argument on the question of unity, there was one clear agreement. It's time for the south to seriously engage with the Northern question if there is to be any real debate on the possibility of a united Ireland. Notre Dame University are also running a major research project investigating the constitutional future of Ireland called ARINS (Analysing and Researching Ireland North and South) that probs these questions.   This limited series in an answer to this work and looks to further the conversation amongst ordinary young people in the south. Shockingly, only 22% of southerners have made repeat trips north of the border so what do we really know about life in the North? What would a United Ireland look like? Is it something we really want? What does a modern Ireland for all look like? What are the concessions we would have to make and can we make them? This series looks to engage with the question of the North beyond the romantic notions ask practical questions of the south. How do we go about building a united Ireland for all? HOW TO GAEL: LE GEALAÍ Corcaigh: ⁠⁠⁠⁠https://corkpodcastfestival.ie/how-to-gael/⁠⁠⁠⁠ Baile Átha Cliath: ⁠⁠⁠⁠https://www.ticketmaster.ie/how-to-gael-dublin-05-04-2026/event/1800638AD058E413⁠⁠⁠⁠ Bonus content ar fáil ar Patreon: ⁠⁠⁠⁠patreon.com/HowToGael⁠⁠⁠⁠ Bí i dteagmháil linn! Ríomhphost: ⁠⁠⁠⁠howtogael@gmail.com⁠⁠⁠⁠ Suíomh: ⁠⁠⁠⁠https://www.howtogael.com/⁠⁠⁠⁠ Instagram: ⁠⁠⁠⁠https://www.instagram.com/howtogael/⁠⁠⁠⁠ TikTok: ⁠⁠⁠⁠https://www.tiktok.com/@howtogael⁠⁠ ⁠⁠Cwb.ie Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices

RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy - Sáineolaí Míleata agus Taidhleoireachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 7, 2026 5:27


Tá Uachtarán Trump Mheiriceá ag tabhairt go dtí luath maidin amárach (am na hÉireann) don Iaráin le margadh a dhéanamh nó go scriosfaidh na Stáit Aontaithe na hionaid chumhachta agus na drochid san Iaráin.

agus reidy iar aontaithe
Nuacht Mhall
4 Aibreán 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 4, 2026 5:06


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin Aontaithe agus Amnesty International gur dlí leatromach atá i gceist - go teoiriciúil d'fhéadfaí an dlí a úsáid in aghaidh daoine Iosraelacha ach ní tharlóidh sin mar caithfidh gur “stad a chur l'eiseadh an stáit Iosraelach” é cuspóir an ionsaí. Deir saineolaí go mbeidh coir chogaidh i gceist le gníomhú an achta agus go dtugann sé cumhacht ollmhór do stát Iosrael Palaistínigh a marú laistigh den dlí, gan triail chóir. Láinseáil Artemis II Dé Céadaoin, misean tábhachtach i stair an taistil sa spás. Is é seo an chéad uair ó 1972 go bhfuil daoine chun taisteal lasmuigh d'fhithis an domhain agus chun eitilt trasna na gealaí. Mairfidh an turas 10 lá, leis an spásarthach ag taisteal timpeall na gealaí, ag úsáid dhomhantarraingt na gealaí chun éifeacht imtharraingthe, nó “slingshot”, a chruthú agus iad a sheoladh ar ais chuig an domhan. Má tá rath acu, beidh siad ag taisteal níos faide ón domhain ná a thaistil aon duine riamh, timpeall 402,000 ciliméadar. Ar an gcriú beidh an chéad bhean, an chéad duine de dhath agus an chéad duine nach Meiriceánach iad chun taisteal chuig an ngealach. Tá an misean seo ag ullmhú le haghaidh leaindeáil gealaí pleanáilte ag NASA don bhliain 2028. Tá an spásarthach deartha le haghaidh níos mó ná turas amháin, agus an sprioc acu bunachar taighde buan a chruthú ar an ngealach. Le roinnt moille, brú ó Trump agus fadhbanna eile i rith an tionscnaimh, tá sceipteachas faoin amlíne seo. Tá roinnt comórtas i gceist mar tá leandáil gealaí a phleanáil ag an tSín ag an am céanna. In Éirinn, tá bacainn eile tagtha ar thógáil an Metrolink, agus an Stiúrthóir Tionscnaimh Seán Sweeney tar éis éirí as. Tionscnamh cáiliúil nó mícháiliúil é an Metrolink. Tá bealach díreach á chruthú idir lár Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort mar cheann de príomhspriocanna an tionscnaimh. Moladh é den chéad uair in 2001, agus tháinig athruithe ollmhóra agus réimse dúshlán ar an tionscnamh le 25 bliain anuas, agus costas measta 11 billiún euro air ag an bpointe seo. D'éirigh Séan Sweeney as a ról le linn na seachtaine ar son a theaghlaigh, a bhfuil ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, dúirt se go raibh sé neamh-inbhuanaithe a bheith ina chónaí chomh fada uathu. Tar éis blianta d'fhadhbanna pleanála, dlí agus airgeadais tá imní ar an bpobal go mbeidh moill eile mar thoradh den athrú seo. Deir Príomhfheidhmeannach Metrolink Lorcan O'Connor go bhfuil muinín aige nach gcuirfidh an bacainn seo le moill an tionscnaimh, agus go bhfuil tógáil réidh le tosú in 2027, leis an tseirbhís a chur i bhfeidhm i lár na 2030idí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpionós an bháis - the death penaltyréamhshocraithe - defaultgan triail chóir - without a fair trialfithis an domhain - the earth's orbitdomhantarraingt na gealaí - the moon's gravitymícháiliúil - infamousneamh-inbhuanaithe - unsustainable

donald trump pr nasa sweeney amnesty international tar ts sti rann deir gaeilge metrolink conradh bhaile cliath meirice londain aontaithe aibre inniu nua sh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 24, 2026 6:02


Cén chuis go bhfuil athrú intinne tagtha ar uachtarán Mheiriceá faoi ionsaí a dhéanamh ar ionaid fuinnimh san Iaráin?

niall iar aontaithe mheirice muilleoir
RTÉ - Iris Aniar
Bláithín Ní Mhainín, as Ros Muc & Meave Ní Mhonachán as an bhFód Dubh

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 24, 2026 10:09


Beidh Bláithín agus Meave san iomaíocht i gCraobh an Domhain sa damhsa Gaelacha sna Stáít Aontaithe an tseachtain seo chugainn.

dubh aontaithe ros muc
RTÉ - Iris Aniar
Éabha Ní Éallaithe, as Ghleann Chalraí

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 24, 2026 7:29


Beidh Éabha san iomaíocht i gCraobh an Domhain sa damhsa Gaelacha sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn

abha beidh aontaithe
RTÉ - Adhmhaidin
Úna Ní Murchú, GOAL.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 23, 2026 4:49


FolÁireamh tugtha ag na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh na milliún a bheith i mbaol ocrais má leanann an cogadh sa Meánoirthear.

goal murch fol aontaithe
RTÉ - Adhmhaidin
Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta tg4/RTE.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 16, 2026 4:59


Tá an Taoiseach Micheál Martin i Washington sna Stáit Aontaithe mar chuid de cheiliúradh na Féile Pádraig.

RTÉ - Adhmhaidin
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 13, 2026 5:01


Dúirt Príomh-aire na Breataine Keir Starmer inné go ndearna sé botún nuair a ceapadh Peter Mandelson mar ambasadóir na Breataine chun na Stáit Aontaithe.

pr newcastle peter mandelson aontaithe cadhain breataine