POPULARITY
Labhraíonn Rónán Mac Niallais le Seán faoin méid atá bainte amach aige le Gaoth Dobhair, mar pheileadóir agus mar bhainisteoir, faoi chúrsaí teagaisc, obair sa teilifís agus go leor eile.
Ag cur síos ar an bhaint a bhí aige leis an railí le daichead bliain, an obair a bhíonn ar siúl aige le linn an railí agus an ról a bheas aige i railí na bliana seo.
Ag caint ar an tionchar a bheas ag na rialacha úra a d'fhógair an Roinn Tithíochta maidir le daoine ar mian leo tithe a ligean go gear téarmach ar Airbnb ó suíomhanna de mhacasamhail le hiarracht a dhéanamh níos mó tithe a bheith ar fáil ar chíos go fad téarmach.
Róisín Ní Chearbhaill as Gaoth Dobhair ó dhúchas atá ag cuir fúthu I mBéal Feiriste le roinnt blianta. B'éigin dí a teach a fhágáil arú aréir sa gcathair sin.
Craolfar clár faisnéise ar TG4 anocht áit a leanfar pearsaí spóirt ar a dturais féin i saol an spóirt ague beidh Fodhla, Pádraig agus Róisín le feiceáil ar an chlár.
Seolfar plean comhtháite Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair inniu.
Beidh an ócáid, Darkness into Light ar siúl ag láithreacha éagsúla ar fud na tíre an deireadh seachtaine le haird a tharraingt ar chúrsaí meabhairshláinte, beidh siúlóid ar siúl i nGaoth Dobhair arís i mbliana.
Beidh teacht le chéile ag daltaí a d'fhreastal ar Choláiste na Croise Naofa ar an Fhál Carrach trí scór bliain ó shin i mbliana agus labhair siad beirt faoin am a chaith siad ar an choláiste.
Beidh Frankie, an Dr Edward Harkin agus Declan Ferry ag déanamh Rás Eachtraíochta Bhaloir nó “The Balor Adventure Race” agus iad ag bailiú airgid d'Ospís Dhún na nGall.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dgmvzon Contact: irishlingos@gmail.com Legendary singer Moya Brennan has died. An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis. Northwest Reporter The famous singer from the Donegal Gaeltacht, Moya Brennan, has died. Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis. She was 73 years old and had been ill for some time. Bhí sí 73 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall. Máire Ní Bhraonáin first achieved fame as the lead singer and harpist with the group Clannad from Dobhar in Gaoth Dobhair. Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair. Máire was the eldest of nine children – Clannad – who took music seriously since 1970. Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970. She, her sister Eithne (Enya) and her brothers captivated millions with their modern versions of Irish music before taking to the international stage and singing English songs. Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla. It was their own Irish language song they recorded for the television series Harry’s Game in 1982 that introduced them to the wider world outside of Ireland. Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry’s Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d’Éirinn. “The east and the west, which have always come, the moon and the sun will go… “Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian … ” – part of the significance of those lyrics and Máire’s magical voice together. ” – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht. From a young age, Máire was involved in music at home with her mother Máire Ní Dhúgáin, later in dance halls and in her father’s pub, Leo Brennan, and in local gigs in Gaoth Dobhair. Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair. Much later, she recorded music with some of the greatest performers of her time, such as Bono and Shane MacGowan. I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan. She recorded a total of 25 albums – with Clannad and on her own – and sold 20 million of them. 25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu. In the Year of the Millennium, she sang her song Perfect Time on World Youth Day in Rome in front of Pope John Paul II and two million pilgrims. I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach. Her voice can also be heard on major films such as Titanic, King Arthur and To End All Wars. Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars. Since 2007, Moya has performed in the female group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread and Tríona NÍ Dhomhnaill. Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill. Since 2013 she has returned to harp music with a new traditional group. Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta. Moya often donated her musical talents free of charge to causes and charities close to her heart, including the families of the Creeslough disaster in her own county. Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc. In 2023, Máire was awarded the Donegal Personality of the Year Award and the following year Donegal County Council awarded her and Clannad the freedom of the county for their contributions to music and the Irish language. In 2023, bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall ar Mháire agus an bhliain dar gcionn bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge. She is survived by her husband and manager Tim Jarvis and their two children Paul and Aisling. Maireann a fear céile agus a bainisteoir Tim Jarvis agus a mbeirt chlainne Paul agus Aisling.
Tháinig an scéal brónach aréir gur cailleadh an t-amhránaí agus ceoltóir iomráiteach as Gaoth Dobhair, Máire Ní Bhraonáin.
Tá Otharlann na hOllscoile Leitir Ceanainn ag cur seirbhís úr ar fáil d'othair le galar duáin atá ag staid a 5 agus comhar leighis scagdhealú peireatóinéim a chur ar fáil d'othair sa bhaile agus tá Tara ag baint úsáide as an tseirbhís seo.
Ag caint ar dtús maidir leis an dóigh a bhfuil an cogadh sa Mhean Oirthear ag cur isteach ar an saol thall agus ansin ag tabhairt eolais maidir le Gaelscoil úr atá bunaithe ag pobal na tíre seo i Dubai le deis a thabhairt do phobal na hÉireann thall ansin an Ghaeilge a chleachtadh.
Tá Coiste Gaeilge curtha ar bun arís ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus sí Bernie Ní Dhuibhir, as Gaoth Dobhair, Cathaoirleach an Choiste.
Fear as Gaoth Dobhair a bhfuil cónaí air i nDubai ag caint faoin méid atá ag tarlú ann ó rinne an Iaráin ionsaithe díoltas ar thíortha eile sa réigiún.
Tá mí-shuaimhneas arís sa Mheán Oirthear áit ar tharla ionsaithe arís ag an deireadh seachtaine idir Meiriceá agus Iosrael agus an Iaráin agus tá an UAE sáite ina lár áit a bhfuil na mílte Éireannach ag cur futhu.
Ag déanamh cur síos ar an tsneachta atá acu thall fá Nua Eabhrach faoi láthair.
Labhair Bríd faoin chinneadh atá déanta ag an Roinn Oideachais gan leanstan leis na hathruithe a bhí beartaithe acu a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí riachtanais speisialta i ndiaidh daofa machnamh a dhéanamh ar a gcinneadh.
Páirteach sa chlár seo i gcuimhne ar Phádraig bhí iar-pholaiteoirí a d'obair leis ina shaol poiblí, iar-chomhghleacaithe óna am mar mhúinteoir scoile agus mar úinéir an bháid farantóireachta An Tor Mór, roinnt de phobal Oileán Thoraí a chaith Pádraig bliantaag freastal orthu, iar Bhainisteoir Réigiún Údarás Na Gaeltachta i nDún na nGall.
Paul Noonan and Brian Crosby aka Pilgrims release their debut album Wintering on Friday, January 30. Built around hushed piano and an intimate vocal, the album prizes space and atmosphere. Over nine track,s it moves from tender stillness to shimmering moments of euphoria. Paul and Brian were in Juniper together in the 1990s before continuing with Bell X1 into the 2000s - Brian left the band in 2008, going on to become an acclaimed film composer. Meanwhile Paul has had solo projects over the past year, including Printer Clips and HousePlants as well as performing shows with Gemma Hayes and Lisa Hannigan - all while Bell X1 continue to inspire. Buy Wintering: https://pilgrimsireland.bandcamp.com/album/wintering Pilgrims live dates: January 30: Ballincollig Winter Music Festival, Cork February 1: All We Have Are Days, Limerick February 5: Riverbank Arts Centre, Kildare February 6: Whale Theatre, Greystones, Wicklow February 7: The Social, Gaoth Dobhair, Co Donegal February 8: Hawk's Well Theatre, Sligo February 12: Spirit Store, Dundalk February 14: Solstice Arts Centre, Navan February 15: Watergate Theatre, Kilkenny February 19: Connolly's of Leap, West Cork February 20: Live at St Luke's, Cork February 21: Green Acres, Wexford March 1: Róisín Dubh, Galway
Níl go leor tithe a gcur ar fáil ag an rialtas agus ardóidh luach na dtithe ar a mheán 10% i nDún na nGall i mbliana, dar leis an gceantalaí as Gaoth Dobhair.
Tá Daniel agus Danny ag labhairt ar an gearr scannán “Dúirt Bean Liom”, scannán atá suite anseo i nGaeltacht Thír Chonaill, An Fál Carrach, Gort an Choirce agus Gaoth Dobhair, agus a craoladh ar RTE 2 agus RTE Player Déardaoin s'chuaigh thart.
Tá cónaí ar Carol agus a teaghlach i dteach le brící lochtacha ann agus tá an teach le leagan agus le h-áthógail. Tá sí ag lorg tigh le glacadh ar cíos do theaghlach de sheisear fhad agus atá an obair sin a dhéanamh. Cuireann Carol síos ar an dóigh a bhfuair siad eolas faoi na deacrachtaí an chéad lá.
Ag déanamh plé ar chluiche ceannais sinsear peile Dhún na nGall ar an Domhnach, áit a raibh lámh in uachtar ag Naomh Conaill ar Ghaoth Dobhair.
Tháinig saineolaí na bhfíricí peile anseo i nDún na nGall, an tAthair Seán Ó Gallchóir isteach againn agus seo mar a rinne sé cur síos ar an stair idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill.
Tá muid ag druidim i dtreo chluiche ceannais peile na contae ar an Domhnach idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le bhainisteoir Ghaoth Dobhair, Rónán Mac Niallais ag an ócáid preas a bhí ar siúl ar an tseachtain seo a chuaigh thart.
In the lead up to next weekend’s Donegal senior and junior championship finals, Oisin Kelly broadcast this weeks DL Debate LIVE from the Highland Motors Showroom where he was joined by members of the Gaoth Dobhair, Naomh Conaill, Letterkenny Gaels and Carndonagh clubs. The DL Debate in association with Sara's Kitchen at Sister Sara's Letterkenny: The post DL Debate – Championship Finals Special – 06/10/25 appeared first on Highland Radio - Latest Donegal News and Sport.
Craolfar clár faisnéise anocht ar RTÉ 1 dírithe ar shaol agus ar shaothar Bhreandáin de Gallaí as Gaoth Dobhair agus déanann Breandán cur síos ar an chlár.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/277epztj Contact: irishlingos@gmail.com Presidential Election: three candidates on the Atlantic path. Toghchán Uachtaránachta: triúr iarrthóirí ar shlí an Atlantaigh. The three candidates in the Presidential election are canvassing in Co. Donegal and Co. Kerry today. Ta an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag canbhasáil i gCo Dhún na nGall agus i gCo Chiarraí inniu. Left-wing candidate Catherine Connolly will be in Donegal town, Killybegs, Clifden and Ardara. Iarrthóir na heite clé Catherine Connolly, beidh sí i mbaile Dhún na nGall, sna Cealla Beaga, sa Chlochán Liath agus in Ard an Rátha. Since Sinn Féin is supporting Catherine Connolly, that party's finance spokesman, Pearse Doherty from Gaoth Dobhair, is canvassing alongside her today. Ó tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly, tá urlabhraí airgeadais an pháirtí sin, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, ag canbhasáil in éindí léi inniu. Kerry is home to both Fine Gael candidate Heather Humphreys and Fianna Fáil candidate Jim Gavin. I gCiarraí atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin araon. They may run into each other as they are both due to go to the Listowel Races this afternoon. D'fhéadfadh sé go gcasfaí ar a chéile iad ó tá an bheirt acu le dul chuig Rásaí Lios Tuathail tráthnóna. The two were interviewed from various locations on Radio Kerry this morning. Cuireadh an bheirt faoi agallamh ó áiteanna éagsúla ar Radio Kerry ar maidin. Jim Gavin is in Tralee, where he will be giving a tour of the Tralee Bay Wetland Ecopark. Tá Jim Gavin i dTrá Lí, áit a dtabharfaidh sé sciuird ar Éiceapháirc Bhogach Bhá Thrá Lí. Heather Humphreys went on a short cart ride in Killarney, she is due to be in Muckross House soon and will also visit the Tralee Women's Hut. Chuaigh Heather Humphreys ar thuras gairid i gcairt i gCill Airne, tá sí le bheith i dTeach Mhucrois ar ball agus tabharfaidh sí cuairt freisin ar Bhothán Ban Thrá Lí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Ag plé cluichí an deireadh seachtaine i gcraobhacha peile na contae agus Gaoth Dobhair, Naomh Michéal, Na Ceithre Máistirí cáilithe do na cluichí leathcheannais sa Chraobh Shinsir agus Málainn agus Naomh Columba cáilithe don chluiche ceannais sa Chraobh Idirmheánach.
Ghlac Rónán agus a chara Frankie páirt i rása ultra 222 Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine le hairgead a bhailiú d'Aonad Uathachais Scoil Chonaill an Bhun Bhig.
Chas Michelle le Angela Uí Fhearraigh agus a iníon Áine le labhairt faoin togra atá ar bun ag Áine agus a máthair agus tairgí baile a ndíol acu leis an phobal ar thaobh an bhóthair i gCnoc an Stollaire, Gaoth Dobhair.
Beidh Éamonn ina rith ó Charn Uí Néid go Cionn Mhálanna le hairgead a bhailiú d'Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus ina chuideachta fosta tá Mary Uí Chomhaill ó choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
Bhí Tom Beag ina bhainisteoir ar fhoirne faoi aois Ghaoth Dobhair ar a raibh triúr de phainéal an Domhnaigh a bheas ag imirt do Dhún na nGall. Tugann Tom Beag a chuid tuairimí dúinn faoin chluiche.
Téann an ceathrar seo ag an chuid is mó de chuid cluichí Dhún na nGall. Cuireann siad síos dúinn ar thábhacht na gcluichí daofa, an dóigh a gcuireann an Chumann Lúthchleas Gael lena saol agus a na buaichphointí a sheasann amach daofa féin go dtí seo.
Fuair Damien Ó Dónaill an deis labhairt le Daire Ó Baoill oíche Mháirt seo a chuaigh thart ag ócáid na meáin d'fhoireann Dhún na nGall roimh chluiche ceannais peile na hÉireann.
D'éirigh leis na deartháireacha Simon, Rónán agus Micheal Ó Domhnaill as Gaoth Dobhair an chéad áit a bhaint amach i nDúshlán na dtrí Oileán a bhí ar siúl i mBaile Sceirí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath ar an tSatharn.
Tá Paul i Luimneach áit a bhfuil éacht bainte amach ag foireann Faoi 14 Dhún na nGall agus iad sa chluiche cheannais den Kennedy Cup.
Labhair Mícheál le Darren Mac Giolla Easbuig atá i mbun intéirneacht le RTÉ agus é ag obair linn anseo i gCasla faoi láthair.
Níl tithe ar bith le fáil ar cíos faoi láthair i gCloich Cheann Fhaola, Gaoth Dobhair nó na Rossa a dúirt Manus Ó Ceallaigh, ceantálaí as an Fhál Carrach.
Tá deireadh seachtaine mór peile romhainn an deireadh seachtaine seo agus cluichí leathcheannais Uladh ar siúl.
Bronnadh gradam DAISY, ar thriúr d'fhoireann altranais Otharlann Leitir Ceanainn, Nollaig ina measc, ar na mallaibh mar aitheantas ar an tionchar a bhíonn acu ar shaol na n-othar san otharlann.
Bhí slua mór i láthair sa Guildhall i nDoire aréir, nuair a thug Fondúireacht John agus Pat Hume aitheantas do Bhríd Rodgers, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, agus í ag ceiliúradh cheithre scór go leith bliain d'aois inné.
Tá Comhairle úr ceaptha ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus baill na comhairle fógraithe go poiblí ó mhaidin agus beidh siad faoi chathaoirleacht Noel Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair ó dhúchas ach atá ag cur faoi i nGort a'Choirce anois.
Tá Andrew Carr, nó Adgy as an Bhun Bheag, Gaoth Dobhair agus a dheirfúir Jennie ar dhuine de sheisear atá roghnaithe le páirt a ghlacadh sa chomórtas anocht ar chlár teilifíse Eurosong, clár speisialta de chuid an Late Late Show, a bhéas a chraoladh anocht.
D'éirí Bríd Campbell as Mín an Iolair, Gaoth Dobhair, as a cuid dualgais le An Post i ndiaidh dí 35 bliain a chaitheamh leis an eagraíocht.
Is inniu a chaithfidh 80 duine ón Úcráin aistriú óna lóistín sealadach i nGaoth Dobhair go hionaid lóistín eile, de réir comhfhreagrais a sheol an Roinn Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige roinnt seachtainí ó shin.
Ganntanas tógálaithe agus oibrithe ceirde is cúis leis an bhrú ar chúrsaí tithíochta sa chontae a dúirt Éamonn Mac Giolla Bhride, Ceantálaí as Gaoth Dobhair.
Fear gnó áitiúil ag léiriú a mhíshástacht maidir le moladh Comhairle Contae Dhún na nGall na rátaí gnó a ardú 4.7%.
Dúirt sé nach gcuireann sé iontas ar bith air go bhfuil Contae Dhún na nGall ar cheann dena contaetha is mó a bhfuil tiarnaí talaimh nach bhfuil cláraithe leis an Bhord um Thionóntachaí Cónaithe nó an RTB.