POPULARITY
Súil siar ar thoghchán náisiúnta 2024 lenár gcomhfhreagraí Eoin Ó Catháin
Eoin Ó Catháin, iar-comhfhreagraí polaitíochta Raidió na Gaeltachta ag caint linn faoin díopspóireacht idir Simon Harris, Micheál Martin agus Mary-Lou McDonald.
Pléimid toghchán Uachtaránachta Mheiriceá le Katie Whelan, Eoin Ó Catháin agus Rónán Ó Muirthile.
Tá fás agus borradh mór théis teacht ar tháirgí Uisce Beatha le cúpla bliain a dúirt Stiúrthóir Chumann Uisce Beatha na hÉireann ag a gcomhdháil bhliantúil a bhí ar siúl i nDrioglann Shliabh Liag in Ard a Rátha inné.
Scéalta nuachta na seachtaine ar Splanc
Scéalta na seachtaine ón Taoiseach nua go polaitíocht Mheirceá le Cuán Ó Flátharta agus Eoin Ó Catháin
Eoin Ó Catháin, Conall Mac Dhonnagáin, Sorcha Grieswood agus Daragh Ó Conchúir ar an gclár ag caint ar na scéalta is spéisiúla atá i mbéal an phobail go dtí seo i mí Feabhra
Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars', agus tá Cárthach Bán Breathnach linn leis an spórt agus scéal Bill Belichick!Irischlár na Gaeilge ar Newstalk le Cuán Ó Flátharta
Cill na Martra agus Cill Mhichíl an Chláir a bheidh á fhéachaint le chéile i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan i bPáirc Uí Chuana Dé Domhnaigh. Colceathracha Eoin ag imirt do Chill Mhichíl.
TD Pa Daly,agus Comhairleoir Connor D Mc Guinness;Ard Fheis Shinn Féin. Laura Harmon; seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre i gcathair Chorcaí.Ailbhe Ní Ghearbhuigh;Filí Innti. Máire Uí Laoire;Cill na Martra i gcluiche 1/4 ceannais na Mumhan. Eoin Ó Catháin;Uisce Beatha agus Cill Mhichíl.
An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!
Marina Ní Dhubháin,agus Ceaití Ni Bheildiún;Ceardlanna scríobhnóireachta sa Díseart. Eoin Ó Catháin,Liam Ó Néil;Cumann Uisce Beatha na hÉireann. Tomás Mac Ginneá;Deire seachtaine Garry Mac Mathúna.Cárthach Mac Craith; Comhluadar an Fhómhair sa Rinn
Tá Eoighan Ó Cath áin ceapaithe ina Stiúraitheoir ar Chumann Uisce Beatha na h-Éireann. As a bhlaiseadh is fearr an t-uisce beatha a deir an t-ealaíontóir Liam Ó Néil.
Lorraine Clifford-Lee, Fianna Fáil Senator; Pauline Tully, Sinn Féin TD for Cavan-Monaghan; Bríd Smith, People Before Profit TD for Dublin South Central; Eoin Ó Catháin, Political Correspondent for Nuacht RTÉ
Dr. Brian Turner, UCC; Lorraine Clifford-Lee, Fianna Fáil Senator; Pauline Tully, Sinn Féin TD for Cavan-Monaghan; Bríd Smith, People Before Profit TD for Dublin South Central; Eoin Ó Catháin, Political Correspondent for Nuacht RTÉ
Lorraine Clifford-Lee, Fianna Fáil Senator; Pauline Tully, Sinn Féin TD for Cavan-Monaghan; Bríd Smith, People Before Profit TD for Dublin South Central; Eoin Ó Catháin, Political Correspondent for Nuacht RTÉ
Tá plean nua seolta ag an rialtas ina bhfuil 6 sprioc faoi leith, chun dul i ngleic leis an mbochtannas i measc páistí agus é ráite ag an Taoiseach go bhfuil seo mar phríomh-chuspóir ag an rialtas don chéad bhliain eile.
Céard atá á rá ag an rialtas faoi na postanna atá le cailleadh sa gcomhlacht comhairleoireachta ‘Accenture' agus scéalta polaitíochta eile. Beidh deis ón lá inniu ar aghaidh ag tuilleadh daoine iarratas a dhéanamh ar an scéim rialtais tithíocht ar cíos de réir costais.
Rinne Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Éamon Ryan iarracht an t-easaontas idir a pháirtí agus Fine Gael a cheansú aréir agus é ag labhairt ag ócáid i gCeatharlach agus tá €10m eile ceadaithe ag an rialtas do ragobair Gardaí i mBleá Claith.
Tá omós léirithe ag an Uachtarán agus ag an Taoiseach don amhránaí Sinéad O'Connor a bhásaigh inné. Diúltaíodh beagnach 60% de na hiarratais a rinneadh sna chéad sé mhí den bhliain seo, faoin scéim atá ag na hUdaráis aitiúla do dhaoine atá ag iarraidh tithe a cheannacht.
Chaith an Taoiseach Leo Varadkar amhras ar thuairiscí go dtabharfaí tús áite d'infheistíocht iarnróid in áit tograí bóithre amach anseo, in ainneoin fógraí atá déanta ag an Aire Iompair Éamon Ryan.
Tabharfaidh an rialtas a bheannacht inniu do phleananna na Roinne Sláinte toirchiú in vitro a chur ar fáil mar chuid den tseirbhís sláinte phoiblí. Tá imní léirithe ag an gCoiste Comhairliúcháin um Athrú Aeráide nach mbainfidh an tír seo a spriocanna aeráide amach.
Léiríonn tuarascáil nua ón Institiúid um Thaighde Sóisialta & Eacnamaíoch go gcaitheann muintir na hÉireann ar an meán thart ar 20% dá n-ioncam ar chostais tithíochta. Mhaígh an tAire Tithíochta Darragh O'Brien go mbainfidh an Stát a spriocanna tithíochta amach arís i mbliana, ach ghéill sé go bhfuil imní ann i gcónaí faoin soláthar tithíochta.
Thug an tAire Meáin, Catherine Martin le fios go mb'fhéidir go gcaithfear níos mó ná €16m a chur ar fáil do RTÉ sa gcáinaisnéis. Tá sé aontaithe ag an rialtas na teorainneacha ioncaim a ardú do dhaoine a bhfuil tithe inachmhainne ar cíos acu.
Tá an Tánaiste Micheál Martin ag leanacht lena thuras chúig lá san Afraic Theas agus i Mósaimbíc. Pleananna ar na bacáin ag an Aire Heather Humphries íocaíochtaí leasa shóisialaigh níos airde a thabhairt do dhaoine a ligtear chun bealaigh óna gcuid oibre. Agus laghdú ar an líon daoine atá ag íoc as an gceadúnas teilifíse.
Beidh Feidhmeannaigh RTÉ ag teacht os comhair Coiste na gCuntas Poiblí inniu.
An dearcadh polaitiúil ar chonspóid RTÉ agus vótáilfidh baill de Pharlaimint na hEorpa inniu ar Dhlí nua Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh.
Chlis an line roimh an Nuacht agus thug Eoin le fios go raibh ráitis tosaigh Ryan Tubridy agus a ghníomhaí, Noel Kelly faighte ag an gCoiste Cuntas Poiblí. Inniu freisin pléifidh an cruinniu rialtais an t-Ospidéal Nua Máithreachais.
Inné, os comhair Chomh choiste Oireachtais na Meán dúirt Siún Ní Raghallaigh cathaoirleach bhord RTÉ go mba dona an scéal é go raibh muinín "creimthe" sa mbord feidhmiúcháin agus go raibh sí thar a bheith mí-shásta leis an méid eolais atá dá roinnt ag feidhmeannaigh stiúrtha an chraoltóra.
Beidh feidhmeannaigh ó RTÉ ag éisteacht eile de Chomh Choiste na Meán inniu, áit a gceisteofar iad faoi íocaíochtaí a fuair Ryan Tubridy. Tá fáilte curtha ag cathaoirleach an choiste, Niamh Smyth roimh an dá fhiosrúchán atá le déanamh faoi RTÉ.
Pléifear na socruithe faoin athbhreithniú neamhspleách atá le déanamh ar RTÉ i bhfianaise na n-íocaíochtaí breise a fuair an craoltóir, Ryan Tubridy ag cruinniú an rialtais inniu.
Cuirfear tús inniu leis na Scrúduithe Stáit, agus beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin i mbun cruinnithe inniu i mBéal Feirste.
Tá ceisteanna á gcur arís faoi thiomantas Fhine Gael i leith cúrsaí aeráide agus cinneadh an EPP, an grúpa polaitiúil ina bhfuil Fine Gael san Eoraip, gan páirt a ghlacadh san idirbheartaíocht faoi úsáid talún.
Ní bhainfidh Éire a spriocanna aeráide amach mara ndéanann earnálacha áirithe athruithe móra chomh luath agus is féidir - de réir tuarascála atá foilsithe ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Dúirt an Teachta Dála Bríd Smith go mba bua do mhná na hÉireann é gur éirigh lena bille ar an dlí ginmhillte i vóta sa Dáil aréir.
Tá reachtaíocht réitithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly a chuirfidh cosc ar thoitíní leictreonacha a dhíol le daoine atá faoi bhun 18 bliain d'aois sa tír agus beidh cúrsaí tithíochta agus lóistín do theifigh á phlé ag Coiste Oireachtais.
Pléifear farasbarr suntasach na heacnamaíochta ag cruinniú rialtais a reáchtófar ar maidin, le meamram réitithe ag an Aire Airgeadais Michael McGrath a leagfaidh amach roghanna na tíre ina leith.
Ceaptar go n-ardóidh Banc Ceannais na hEorpa an ráta úis inniu agus an reachtaíocht don cháin amhantair ar an earnáil fhuinnimh le bheith ina dhlí roimh shaoire an tsamhraidh.
Tá an grúpa Women of Honour, atá i mbun feachtais le blianta chun aird a tharraingt ar an drochíde stairiúil i gcoinne na mban sna Forsaí Cosanta, tar éis tabhairt le fios go bhfuil siad míshásta leis na téarmaí tagartha don athbhreithniú atá ullmhaithe ag an Roinn Cosanta.
Buailfidh an tAire Roderic O'Gorman le hionadaithe áitiúla i gCathair Saidhbhín chun cúrsaí teifeach sa mbaile a phlé agus scéalta eile an lae.
Déanfaidh an tAire Stáit Niall Collins ráiteas sa Dáil inniu, agus polaitíocht eile an lae.
Tá an Teachta Niall Collins sásta theacht os comhair na Dála agus ráiteas a dhéanamh faoin gconspóid a bhaineann le teach a cheannaigh a bhean ón gComhairle Áitiúil a raibh sé mar Chomhairleoir ann.
Moltaí le teacht ós comhair an Rialtais le dhul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta & an méid a dúirt Teachta Dála Niall Collins aréir.
Bhí Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Robert Watt agus polaiteoirí an Choiste Sláinte in adharca a chéile le linn an chruinnithe a reáchtáladh inné ar cheapachán Tony Holohan.
Tá sé ráite ag lucht an fhreasúra go bhfuil pleananna tithíochta an rialtais ina gcíor thuathail agus go gcaithfear iad a athrú ó bhonn ionas go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí do phobal na tíre.
An méid atá dhá rá ag polaiteoirí tar éis deireadh an cás cúirte a bhain le heachtraí in óstán an Regency i 2016, agus céard a bheas le plé ag an gcruinniú rialtais ar maidin.
Beidh go leor ócáidí ar siúl i mBaile átha Cliath inniu mar chuid de chuairt Uachtarán Mheiriceá Joe Biden.
Beifear ag súil le teacht an Uachtaráin go Contae Lú inniu.
Tá díomá léirithe nár caitheadh an buiséad iomlán sa Roinn Tithíochta idir na blianta 2020 agus 2022, de réir eolais atá roinnte le hUrlabhraí Tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin & beidh roinnt cruinnithe agus ócáidí ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin i mBéal Feirste inniu.
D'fhógair na Gardaí ar maidin go bhfuiltear i mbun fiosrúcháin coiriúla faoi líomhaintí drochíde agus ciaptha gnéis atá déanta ag baill na bhFórsaí Cosanta.