POPULARITY
Tá rún ag an rialtas dlús a chur le beartais infreastruchtúir a measann siadsan práinn a bheith leo agus ar an gcéad cheann a bhfuil sé i gceist acu a dheifriú tá Seach Bhóthar na Gaillimhe.
Máire Bríd Breathnach, coiste lár na gcurrachaí & Donal Ó hUaithnín, Cumann Húicéirí na Gaillimhe ag labhairt faoi gheallta Féile MhicDara.
Joe Connolly, iar iománaí & caiptean ar fhoireann na Gaillimhe ag labhairt faoi chluiche ceannais an lae inné.
I gCeantar na nOileán, i gConamara tá ciondáil dá déanamh ag Uisce Éireann ar an sholáthar i rith na hoíche le go mbeidh uisce ar fáil ag muintir na háite i rith an lae.
Bhí iarimreoir Luimnigh Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Chluiche Ceannais na hÉireann agus an féidir le Luimneach ceann eile a bhuachan i gcoinne na Gaillimhe. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais – clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le hanailís agus agallaimh.
Cómhrá leis an stiúrthóir clúiteach Damian McCann faoin gearrscannáin aige "Mí-Ádh" ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe. Fios Feasa le Rossa Ó Sioradáin – clár Gaeilge faoi chultúr agus na healaíona ar Raidió na Life, ó Luan go hAoine ag 20:00.
Donal Ó hUaithnín, Cumann Huicéirí na Gaillimhe & Máire Bríd Breathnach, Coiste Lár na gCurrachaí ag labhairt faoi gheallta an deireadh seachtaine.
Leanne Seoige, Foireann faoi 20 ban na Gaillimhe ag labhairt faoi chluiche ceannais na hÉireann.
Medb Johnstone stiúrthóir & scríobhnóir an ghearrscannán Ár gCluiche Féin a bhéas le feiceáil ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ag labhairt faoin scannán agus an fleadh.
Beidh an gearrscannán “Ár gCluiche Féin', atá léirithe ag Ann, le feiscint ag Fleadh Scanánnaíochta na Gaillimhe inniu
Ceoldráma nua Gaeilge "SAOIRSE" a bheidh le feiceáil ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe. Bhuail Máire Treasa isteach ag an Taibhdhearc le castáil leis an gcliar agus iad i mbun cleachtaithe.
Donal Ó hUaithnín, Cumann Húicéirí na Gaillimhe ag labhairt faoi gheallta Chill Chiaráin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d'éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.De réir seandálaithe, d'fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua stairiúil - historic victoryconspóid - controversyFeisire - MPprintíseachtaí teicniúla - technical apprenticeshipsseandálaithe - archaeologiststírdhreacha - landscapes
Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach na Gaillimhe. ag labhairt faoi Craobhchomórtas Mháistrí na hEorpa sa Lúthchleasaíocht Nach i Staid a bhéas ar siúl i nGaillimh i 2028.
Róisín Ní Chasaide ag labhairt le cuid den dream a bhí ag obair ar an togra Aniar Aneas Aniar Aduaidh. Chuir ceolóirí óga as an nGaeltacht ceolchoirm ar stáitse in Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo caite mar chuid den togra Aniar Aneas Aniar Aduaidh.
Cormac Ó Conaire, leantóir peile ag labhairt faoi chluichí na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ag an deire seachtaine.
Micil Mac Donncha, snámhaí & a athair Colm Mac Donncha ag labhairt faoi chumann snámha na Gaillimhe agus an comórtas a bhí acu sa nGearmáin le gairid.
Tá cúrsa bunscileanna seoltóireachta á chur ar fáil ag Club Seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe.
Plé ar an reachtaíocht ó thaobh an córas nua intleachta shaorga a bheas ag an nGarda Síochana le daoine a aithint.
Beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain Sláinte na bhFear.
Cén chúis go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag glacadh curam Chomhlacht Cultúrtha na Gaillimhe orthu fhéin?
Torthaí ó Fhéile na mBád i Rosmuc.
Thug innealtóir ó Chomhairle Condae na Gaillimhe le fios tráthnóna inné go bhfuil cuid mhaith de struchtúr an droichid ar Bhóthar na Scrathóg tugtha uaidh agus go bhfuil sé róchontúirteach do dhaoine a bheith ag taisteal air. Tá saineolaí i gcúrsaí droichid le measúnú a dhéanamh ar an áit inniu.
Tá an teach inar tógadh é ar cheann de na tithe a bheas le leagan má leantar ar aghaidh le Cuarbhóthar na Gaillimhe, nach bhfuil a fhios ag na húinéirí tí an ag teacht nó ag imeacht atá siad leis an laghad eolais atáthar a fháil ó Chomhairle Condae na Gaillimhe.
Fógraíodh go bhfuil Iar-Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, ceapaithe mar Chathaoirleach ar Chomhairle na hInstitúide um Thaighde Eacnamaíochta & Sóisialta, an ESRI.
Torthaí ó Thóstal na Gaillimhe a bhí ar siúl i mBóthar na Trá ag an deireadh seachtaine.
Beidh Tóstal na Gaillimhe ar bun i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh.
Beidh Comhchoiste na Gaeilge na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag plé an plean náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge i dTithe an Oireachtais inniu.
Beidh imeachtaí ar bun i gConmara mar chuid den fhéile eolaíochta 'Pint of Science'.
Bhí Aoife agus Patrick déanamh ionadaíochta ar son na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann sa mBadmantan faoi 15.
Cruinniú le bheith ag LCSP na Gaillimhe i gceantar Chonamara agus plé ar chúrsaí póilíneachta.
Beidh ócáidí eolais ar siúl ag an ngrúpa Páirtnéireacht Shábháilteacht Pobal Áitiúil na Gaillimhe ar an Cheathrú Rua agus in Uachtar Ard amárach.
Is í í Orla Nugent as Fear Manach ó dhúchas ach atá lonnaithe anois i gcathair na Gaillimhe a bheas mar iarrthóir ag an bpáirtí Aontú i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar.
Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Féile Ionspioráide Aeráid na Gaillimhe.
Róisín Ní Mhaoláin, An Trá Bháin ag labhairt faoi Fhéile Ealaíne na Gaillimhe.
Tionscnaimh nua de chuid Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht ailtireachta na Gaillimhe.
Beidh Megan le feiceáil ar na scáileáin mhóra sna pictiúrlanna ó amárach ar aghaidh, agus í ag aisteoireacht sa scannán TRAD, scannán a bhain scannán Duais an Lucht Féachána ag Fleadh Scannánaíochta na Gaillimhe.
Forbairt ar chlár faisnéise teilifíse eolaíochta i nGaeilge mar chuid den tionscnamh oideachais ETIM/STEM i nGaeilge atá ar bun ag Ollscoil na Gaillimhe.
Tuairimí an Chomhairleora maidir leis an bealach atá roghnaithe le haghaidh Cuarbhóthar na Gaillimhe
Freagra tugtha acu ar an nAire Gnóthaí Eachtracha ar maidin faoin méid a dúirt sí faoi Ollscoil na Gaillimhe agus Iosrael inné.
Síofra Ní Scanláin, imreoir peile na Gaillimhe ag labhairt faoi chluiche ceannais Chonnacht.
Ailbhe Seoige, Anna Banks, & Ciara Gannon, iarrthóirí Rós na Gaillimhe ag labhairt faoi chomórtas na bliana seo.
Maidhc Phad Ó Cualáin, leantóir foirne CLG na Gaillimhe ag labhairt faoi chostas ticéid.
An Seanadóir Seán Kyne ag labhairt faoin bhforbairt atá le déanamh ar Chalafort na Gaillimhe.
Tá sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe toscaireacht a thabhairt go Baile Átha Claith le casadh leis an Údarás Náisiúnta Iompair.
An plé a rinneadh faoi chuarbhóthar na Gaillimhe ag cruinniú de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo.
Tá súil ag an gcomhairleoir gur féidir díriú arís ar bhóthar nua a fhorbairt amach go Conamara, ó tháinig an scéal go bhfuil cuarbhóthar na Gaillimhe ceadaithe ag an gCoimisiún Pleanála.
Deir an t-innealtóir Breandán Ó Maolagáin ón bhfeachtas Gluas na Gaillimhe gur rud maith é go bhfuil cinneadh déanta faoi dheireadh ag an gCoimisiún Pleanála faoi Chuarbhóthar na Gaillimhe.
Tá lucht agóide ag cruinniú don cheathrú lá as a chéile ag bunáit bhreosla ag Dug na Gaillimhe ar maidin.
Tá fáilte curtha ag iar-aire na Mara agus acmhainní nádúrtha Frank Fahey roimh an fhógra go bhfuil cead pleanála tugtha ag an gCoimisiún Pleanála don togra le Port na Gaillimhe a leathnú.