POPULARITY
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d'aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D'agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d'fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach. Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISdílleachtlann - orphanageobair dhaonnúil - humanitarian worktáirgeadh plaistigh - production of plasticina cheangal de réir dlí - legally bindingbuaicphointe - climaxsiamsóirí sráide - street entertainers
Tá conradh ar fiú ceathrú milliún euro é sínithe ag CLG Dhún na nGall chun Craobhchomórtas Dhún na nGall a shruthú beo, ó seo go ceann trí bliana.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Cuirfear tús le Craobh Peile na mBan agus Craobh Peile na bhFear anseo i nDún na nGall an deireadh seachtaine seo.
Tá Rónán agus Frankie ag tabhairt faoi dhúshlán amárach agus iad ag tabhairt faoi rása Ultra 222KM Dhún na nGall le hairgead a bhailiú d'aonad uathachais Scoil Chonaill ar an Bhun Beag.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Beidh Éamonn ina rith ó Charn Uí Néid go Cionn Mhálanna le hairgead a bhailiú d'Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus ina chuideachta fosta tá Mary Uí Chomhaill ó choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí Lúnasa. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé fógartha ag gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe go bhfuil 20,000 páiste tugtha isteach i Stráice Gaza le haghaidh cúram éigeandála agus iad ag fulaingt de bharr easpa bia. Tuairiscíodh freisin go bhfuil méadú suntasach ar an líon páistí áta ag fáil bháis agus an t-ocras ina chúis leis. Tá níos mó ná 1,000 Palaistíneach maraithe ag fórsaí Iosrael ó dheireadh mhí na Bealtaine nuair a bhí na híospartaigh ag iarraidh bia a fháil ag ionaid a bhí á reáchtáil ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe. Fiú gan na hionsaithe, dar le breathnóirí, ní leor na hionaid chun dul i ngleic leis an ngorta áta le feiceáil ar an talamh. Muna gcuirtear uisce glan, bia ceart agus cúram leighis ar fáil, leanfaidh líon na marbh os cionn na 60,000 bás a tuairiscíodh cheana féin. Tá sé ráite ag tíortha lena n-áirítear Ceanada, an Fhrainc, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Ríocht Aontaithe go bhfuil siad ag smaoineamh ar aitheantas oifigiúil a thabhairt don Pháilistín, chun brú a chur ar Iosrael stop a chur leis an gcogadh.Ag cruinniú speisialta an tseachtain seo, thug rialtais na hÉireann a cheadú do mhaoiniú úr seacht gcéad milliún chun a thuilleadh tithíocht shóisialta agus acmhainní a sholáthar. Is maoiniú breise é seo anuas ar an airgead a fograíodh le déanaí sa leagan nua den phlean forbartha náisiúnta. Chomh maith leis sin, chun an mheánaicme a shásamh, tá tús curtha ag an rialtais le proiseás comhairliúcháin faoi rialacha pleanála a bhaineann le tithe mórscála. Amach anseo, ní bheidh gá cead pleanála a fháil má chloíonn úinéirí le rialacháin áirithe, mar shampla, má tá gairdín mór go leor ann.Is chun na Ríochta atá Corn Sam Mhig Uighir ag dul i ndiaidh an bhua chuimsithigh a fuair Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann. Bhí deich bpointe idir an dá fhoireann ag an bhfheadóg dheireanach, le cúl agus sé pointe is fiche scóráilte ag an Ríocht agus naoi bpointe déag scóráilte ag na fir ón iarthuaisceart. Mar a thuar go leor tráchtairí, bhí an tionchar ba láidre ag David Clifford, go háirithe sa chéad leath, nuair a d'aimsigh sé trí scor dhá phointe chun Ciarraí a chur i gceannas go compordach. Ach cé go raibh Clifford ina laoch, ní raibh sé ina aonar. Ba é a dheartháir Paudie a bhí ina cheannaire i lár na páirce agus threoraigh sé ionsaithe Chiarraí ar bhealach nárbh fhéidir le cosantóirí Dhún na nGall déileáil leis. In ainneoin taispeántas cróga ó Michael Murphy, a fuair ocht bpointe ar an lá, bhí lúth na ngéag caillte ag a fhoireann faoin am a scóráil Joe O'Connor an t-aon chúl den chluiche sa nóiméad deireanach. Tá naoi chraobh is tríocha buaite ag Ciarraí i stair an chomórtais anois.*gníomhaireacht - agencyag fulaingt de bharr easpa bia - suffering from starvationmaoiniú breise - extra fundingproiseás comhairliúcháin - consultation processlúth na ngéag - swiftness of limbs
Déanfar ceiliúradh míosa ar an scríbhneoir agus an drámadóir Brian Friel i nDún na nGall, Doire agus Tír Eoghain i rith na míosa seo, mí Lúnasa.
Ciarraí Abú! Bhí an 'Poc ar Buile' sa Ríocht agus an Sam Maguire imithe ó dheas. Cad a tharla do Dhún na nGall? Tugann Daragh Ó Conchúir agus Cuán súil siar ar Chluiche Ceannais na hÉireann.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Cuireadh tús le trí chomhlacht úr ar na moillibh i bparóistí Ghaoth Dobhair, na Rosann agus Chloich Cheann Fhaola.
Fáilte abhaile i mBaile an Daingin d'fhoireann Chiarraí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall i gCraobh na hÉireann.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Ag déanamh anailís agus plé ar chluiche ceannais peile na hÉireann idir Dún na nGall agus Ciarraí.
Ag cur síos ar chluiche ceannais peile na hÉireann idir Dún na nGall agus Ciarraí inné áit a raibh an bua ag Ciarraí.
Bhí an tAire Stáit ar chamchuairt ar Dhún na nGall inné agus plé ar chúrsaí forbartha pobail.
Cúrsaí pleanála Gaeltachta agus easpa coinníollacha teanga i gCorcaigh.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Ag plé Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Dún na nGall agus Ciarraí a bheas ag tarlú ar an Domhnach.
Ag labhairt ar an deireadh seachtaine stairiúil atá amach romhainn agus do CLG Dhún na nGall.
Maoiniú Fhóras na Gaeilge pléite ag cruinniú Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Ceoltóir ó Dhún na nGall agus a ceann eile ó Chiarraí i mbun ceoil roimh cluiche ceannais peile na hÉireann ar an nDomhnach.
Téann an ceathrar seo ag an chuid is mó de chuid cluichí Dhún na nGall. Cuireann siad síos dúinn ar thábhacht na gcluichí daofa, an dóigh a gcuireann an Chumann Lúthchleas Gael lena saol agus a na buaichphointí a sheasann amach daofa féin go dtí seo.
Bhí Tom Beag ina bhainisteoir ar fhoirne faoi aois Ghaoth Dobhair ar a raibh triúr de phainéal an Domhnaigh a bheas ag imirt do Dhún na nGall. Tugann Tom Beag a chuid tuairimí dúinn faoin chluiche.
Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day. Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana. Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O'Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis The Wicklow People, siar ar bhlianta órga na bhfathach peile seo. Foclóir: I bhfeighil: In charge Ré órga: Golden era Sean-naimhde: Old enemies Go smior: To the core Craobh: Championship Tréimshe: Period of time Tréaslú: Congratulations Athimirt: replay Dul san iomaíocht: To compete An lámh in uachtar: The upper hand Sár-choimhlint: Super contest Rogha na coitiantachta: The front runner Ní mar a shíltear a bhítear: Things are not as they seem A leithéid: The likes of Neodrach: Neutral Pointe beirithe: Boiling point See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba cheart don Rialtas Stádas Speisialta Tithíochta a bhronnadh ar Chondae Dhún na nGall i bhfianaise na ndeacrachtaí uilig atá sa Chondae, a deir sé.
Ba cheart go mbeadh comhoibriú níos mó agus níos fearr idir an dá Rialtas ó thuaidh agus ó dheas i dtaca faoi chúrsaí sláinte , a dúirt an Comhairleor Condae Albert Doherty.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Fuair Damien Ó Dónaill an deis labhairt le Daire Ó Baoill oíche Mháirt seo a chuaigh thart ag ócáid na meáin d'fhoireann Dhún na nGall roimh chluiche ceannais peile na hÉireann.
Bhuail an tAthair Seán Ó Gallchóir, saineolaí na staitisticí agus na bhfíricí peile anseo i nDún na nGall, isteach againn inné agus roinn sé a shaineolas linn faoi fhoirne Dhún na nGall agus Ciarraí roimh chluiche ceannais peile na hÉireann.
Is léir go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur brú ar chuid mhór teaghlaigh in iar thuaisceart Dhún na nGall, a dúirt Máire Uí Chomhail.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Tráchtaireacht ar thuras Dhún na nGall go Páirc a'Chrócaigh i mbliana.
Tá mac le Caitlín, Kevin Mac Eiteagáin agus a garmhac Eoghan Mac Eiteagáin ar phainéal Dhún na nGall agus labhair muid fosta le máthaireacha na n-imreoirí contae, Dónall Mac Giolla Bhríde, Dáire Ó Baoill, Odhrán Mac Pháidín Ó Fearraigh agus Eoin Mac Aodha agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh.
Ag caint ar na deacrachtaí a bhí le heitiltí ó Aerfort Dhún na nGall go Baile Átha Cliath Dé Sathairn seo a chuaigh thart agus na cúiseanna a bhí leis an deacrachtaí sin.
Tugadh le fios ag cruinniú d'fhochoiste Cho Co Dhún na nGall inné go bhfuil deacrachtaí móra leis an phróiseas riaracháin do Scéim Cúitimh na mBrící Lochtacha.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Bhí ócáid preas ar siúl in ionad sármhaitheasa ag CLG Dhún na nGall aréir do na meáin chumarsáide agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais peile na hÉireann agus bhí Damien i láthair. Labhair Damien le Máire Uí Cheallaigh fosta.
Inniu ar Chartlann na Céadaoine rachaidh muid ar ais go dtí an bhliain 1992 nuair a d'éirigh le Dún na nGall an bhua a fháil ar Mhaigh Eo le fáil fríd go dtí Cluiche Ceannais Peile na hÉireann don chéad uair riamh.
Caithfear suí síos le hUisce Éireann agus na deacrachtaí atá le Scéim Tithíochta an Fhalcarraigh a phlé a dúirt an Comhairleor Condae Denis Mac Aoidh.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Iar-mhuinteoir agus cigire ó Chorcaigh agus Baile na nGall atá ag aisteoireacht anois agus páirt aige sa ‘Young Offenders'.
Níl go leor eolais ag an phobal faoi na córais úr teasa agus fuinnimh atá ar fáil a chuidíonn na billí leictreachais a laghdú, dar le Páidí Mac Giolla Chearra, Oifigeach Traenála Fad Saol le Comhlacht Forbairt Áitiúil Dhún na nGall, nó an DLDC.
Blaiseadh de Chraobh Chomórtas Fhéile an Phráta i dTigh Bheaglaoich i mBaile na nGall ar an nDomhnach.