POPULARITY
Tiocfaidh méadú de bhreis is 10,000 ar líon na ngasúir atá ag fanacht ar mheasúnú riachtanais dar le figiúirí atá curtha ar fáil ag Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte don Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly.
Tá díomá ar an Teachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin faoin ráiteas a thug Comhairle Contae Chorcaí do Raidió Na Gaeltachta an tseachtain seo caite, ag leagan amach canataobh nach n-úsáideann siad coinníollacha teangan nó aon bheartas eile dá leithéid, ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris go raibh sé i dteagmháil lena chomhghleacaithe san Ísiltír agus sa Spáinn faoi go mbeadh athbhreithniú ar an gcaidreamh trádála atá idir an tAontas agus Iosrael.
Beidh an tAire Tithíochta James Brown ar cuairt ar Dhún na nGall inniu. Beidh cruinniú aige le Feidhmeannaigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus le toscaireacht ón Chomhairle Contae.
Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir go nglacann sé go fonnmhar lena cheapachán mar Urlabhraí Iascaigh agus Mara sa Dáil.
De réir an Teachta Dála do Shinn Féin tá An Creat Pleanála Náisiúnta lag ó thaobh tithíocht sa Ghaeltacht de.
Tá sé i gceist ag an bpáirtí Aontú reachtaíocht a thabhairt faoi bhráid na Dála nuair a fhilleann sí ag iarraidh go mbeadh cead vótála ag saoránaigh de chuid Thuaiscirt Éireann i dtoghchán na huachtaránachta.
Labhair an Teachta Dála John Connolly faoin mí-úsáid a bhaintear as spásanna páirceála do dhaoine faoi mhí-chumas.
Inné a d'fhoilsigh an rialtas a bplean gníomhaithe aeráide 2025 ina leagtar amach na beartais atá ag teastáil, dar leo, le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide.
Deir an Teachta Dála John Connolly gur aisteach an scéal é go bhfuil bac curtha ag Údarás Eitlíochta na hÉireann ar an nGarda Cósta othair atá ar shínteáin a iompar ar an héileacaptar nua, an AW189, mar nach bhfuil an t-aerárthach ag cloí le rialacháin sábháilteachta.
Labhair an Teachta Dála Aindrias Ó Muíneacháin le Dara Ó Cinnéide faoin eolas is deireanaí atá faighte aige faoi scéim tuilte Bhaile Mhuirne, Bhaile Mhic Íre agus Bhéal Átha an Ghaorthaidh.
D'fhógair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump aréir go gcuirfí táillí trádála ar sos ar feadh 90 lá, agus go laghdófaí an ráta taraifí go 10%.
Feachtas nua ó thaobh neodrachta le seoladh i mBleá Cliath inniu.
A bhí i measc na dteaghlach as Dún na nGall a bhí i mbun agóidíochta thar oíche taobh amuigh de Theach Laighean i mBaile Átha Cliath mar chuid dá bhfeachtas le háit a aimsiú dá bpáistí i Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn.
Ag caint leis An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. Le hEoin Ó Catháin, Stiúrthóir Chumann Uisce Beatha na hÉireann. Michelle Murphy, Ceartas Sóisialta na hÉireann agus le Karen Campbell Bainisteoir Lóistíochta Fáisc Miotail Éireann ar Pháirc Ghnó Ghaoth.Dobhair.
Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil sé scannalach go bhfuil ar theaghlaigh as Dún na nGall a dhul i mbun agóidíochta taobh amuigh de Theach Laighean inniu mar chuid dá bhfeachtas le háit a aimsiú dá bpáistí i Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn i Meán Fómhair.
Bhí cruinniú ag na Teachtaí Dála Mairéad Farrell agus John Connolly inné le hionadaithe ón Roinn Rannpháirtíochta faoi chás Óstán Chuan Charna.
Ag caint faoi chruinniú cinn bliana Ionad Oideachais Dhún na nGall a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn aréir agus faoin scéal is deireanaí ó Dháil Éireann áit a bhfuil sé ina raic le tamall faoi chearta cainte.
Bhí lá drámatúil i nDáil Éireann inné faoi chearta cainte, cur síos ó na Teachtaí Dála faoi sheasamh Sinn Féin ó Phiaras Ó Dochartaigh agus seasamh Fianna Fáil ó Pat The Cope Ó Gallachóir.
Tugadh le fios sa Dáil le gairid nár íocadh airgead ar bith go dtí seo ó dheontas a d'fhógair na hAirí Charlie McConalogue agus Ann Rabbitte i nDún na nGall i 2023 le seirbhísí a chur ar fáil do pháistí faoi mhíchumas, gur gealladh 3.6 milliún euro ag an am do cheithre eagraíocht i nDún na nGall.
Bhí an dara cruinniú poiblí aréir i mBaile Dhún na nGall leis an scéal is deireanaí maidir leis an ionad Oideachais ar an bhaile atá le haistriú go Leitir Ceanainn a phlé agus cuireadh in iúl go bhfuil sé ráite ag an Aire Oideachais, Helen McEntee gur faoi Bhord Bainistíochta an ionaid féin é, an t-ionad a dhruid ag deireadh na míosa.
Tá sé tugtha le fios don Teachta Dála John Connolly go mbeidh an t-eolas breise faoin iarratas pleanála do chuarbhóthar na Gaillimhe curtha chuig an mBord Pleanála ag Comhairle Condae na Gaillimhe ag tús na míosa seo chugainn.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2aeamuzk Contact: irishlingos@gmail.com Stray horses remain a major problem in Limerick. Capaill ar strae fós ina fhadhb mhór i Luimneach. By Tomás Ó Mainnín Limerick County Council and City Council have spent over €500,000 over the past 6 years trying to combat stray horses. Le Tomás Ó Mainnín Tá os cionn €500,000 caite ag Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach Luimnigh le 6 bliana anuas ag iarraidh dul i ngleic le capaill atá ar strae. Stray horses have been an ongoing problem in certain parts of the county for years, and the problem was recently raised in the Dáil. Is fadbh leanúnach í, capaill ar strae in áiteanna áirithe sa chontae le blianta, agus ardaíodh an fhadhb sa Dáil le deanaí. It was said that certain parts of Limerick felt like they were still in the Victorian era with horses and their manure visible all over the place. Dúradh go raibh áiteanna áirithe i Luimneach ar nós go raibh siad fós sa ré Victeoiriach le capaill agus a gcuid aoiligh le feiceáil ar fud na h-áite. It is a common sight in certain areas of Limerick city and county to see horses out on the roads and in public parks. Is radharc comónta i gceantair áirithe i gcathair agus i gcontae Luimnigh, capaill a fheiceáil amuigh ar na bóithre agus i bpáirceanna poiblí. Efforts have been made over the years to bring some control to the practice so that the horses do not cause a nuisance to the public. Tá iarrachtaí déanta le blianta smacht éigin a chur ar an gcleachtas chun nach mbeadh na capaill ag cur as don bpobal. The local authority has the power to seize horses if they are found stray or unattended on public land. Tá an chumacht ag an h-udaráis áitiúla na capaill thógaint má bhíonn siad ar strae nó gan éinne i bhfeighil orthu ar thalamh poiblí. This is saving Limerick county and city council thousands of euros every year. Tá sé seo ag cosaint na mílte euro ar an gcomhairle contae agu cathrach i Luimneach gach aon bhliain. According to figures obtained by RTÉ/TG4 News, local councils have taken possession of 605 horses at a cost of almost €643,000 in Limerick since 2019. De réir figuirí atá faighte ag Nuacht RTÉ/TG4 thóg na comhairlí áitiúla seilbh ar 605 capall ar chostas do nach mór €643,000 i Luimneach ó 2019. The horses are either taken to a horse shelter or euthanized. Tugtar na capaill do ionad dídine do chapaill nó cuirtear den saol iad. The problem and the cost were recently raised in the Dáil. Ardaíodh an fhadhb agus an costas sa Dáil le deanaí. Sinn Féin MP for Limerick city Maurice Quinlivan said that there were young people who had no control or respect for their horses. Dúirt an Teachta Dála do chuid Shinn Féin ó chathair Luimnigh Maurice Quinlivan go raibh daoine óga ann nach raibh aon smacht ná meas acu ar a gcuid capall. He said that there were certain areas of the city where there were still views, he said, that were as if the place was still hundreds of years behind today's life. Dúirt sé go raibh ceantair áirithe sa chathair ina raibh radharcanna fós ann, a dúirt sé, a bhí ar nós go raibh an áit fós na céadta blian laistiar do shaol an lae inniu. Minister of State for Agriculture Michael Healy Rae said that the disrespect shown to animals in some places was unacceptable. Dúirt an tAire stáit sa Roinn Talmhaíochta Michael Healy Rae nach raibh aon ghlacadh leis an ndroch mheas atá á léiriú d'ainmhithe in áiteanna. He said that the legislation was currently being reviewed and that it would be strengthened to give the authorities more powers to tackle the problem if necessary. Dúirt sé go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht fé láthair agus go ndéanfar é a neartú chun breis cumhachtaí a thabhairt do na h-údaráis chun dul i ngleic leis an bhfadhb má bhíonn gá leis sin. So far, already this year, the local authority in Limerick has taken possession of another 15 horses.
Tá infheistíocht de 4.27 milliún tugtha do Chomhairle Chontae Dhún na nGall le forbairt a dhéanamh ar bhealaigh glas, áiseanna siúil agus róthaíochta ar bhóithre náisiúnta na contae seo.
Phlé An TeachtaÓ Dochartaigh Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn sa Dáil tráthnóna inné.Tá foirgneamh úr nua díreach curtha ar fáil don scoil seo ach tá sé ráite anois go bhfuil an foirgneamh ró bheag agus go bhfuil daltaí úra a ndiúltú dá bharr.
Léirítear i bhfigiúirí atá faighte ag an Teachta Dála Conor D. McGuinness ón Roinn Oideachais, go bhfuil breis agus dhá scór rang scoile sna Déise, ina bhfuil níos mó ná 30 dalta á múineadh.
Foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin Tithíochta i mí na Bealtaine anuraidh. Inniu beidh deis ag Teachtaí Dála plé a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún i leith ceann de na ceisteanna is mó i saol na hÉireann. a.
Tá Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Chiarraí ag dul go na Stáit Aontaithe do cheiliuradh Lá le Padraig ach de réir leis an Teachta Dála is ceart nach mbeidh aon baint ag Mary Lou MacDonald le Donald Trump.
Caithfear reachtaíocht a thabhairt isteach láithreach le dul I ngleic le pearsan bhréaga ar na meáin shóisialta.
Tá sé ráite ag an Teachta Dála Charles Ward go gcaithfear dul i ngleic leis an mhoill atá ann le déileáil le hiarratais faoi Scéim na mBrící Lochtacha.
Tá lucht an fhreasúra ag lorg tuilleadh eolais faoin méid airgid a chaith an Chomhairle Ealaíon ar chóras ríomhaireachta nach raibh rath air.
Dúradh lena hoifig go raibh an scéim “cíos costais do thionóntaí in Situ” curtha ar fionraí. Ach dúirt an Taoiseach Micheál Martin leis an Teachta Dála Catherine Connolly sa Dáil inné nach bhfuil an scéim curtha ar fionraí.
Tá díomá léirithe ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh faoin laghdú a tháinig ar líon na bpost a cruthaíodh i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall anuraidh.
Leagann an Teachta Dála amach a chuid spriocanna don Dáilcheantar don tréimhse seo romhainn.
Tá ionaid leighis i gConamara fágtha gan aon chumhacht aibhléise le seachtain.
Thug breitheamh san Ardchúirt cead inné don Teachta Dála cás a thógáil faoi chinneadh an rialtais cead a thabhairt do airí stáit freastal ar chruinnuithe comhaireachta.
Tháinig dea-scéala inné gur athosclaíodh Ionad Sláinte Leitir Mhic a 'Bhaird inné i ndiaidh dó bheith druidte le dhá bhliain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders
Tuairiscítear gur labhair ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald agus an Ceann Comhairle Verona Murphy go neamhbhalbh tráthnóna aréir faoina pleananna gan cead cainte a thabhairt do cheannaire Shinn Féin sa Dáil agus í á ainmniú ag an bpáirtí mar Thaoiseach ar maidin.
Dúirt an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir go bhfuil lúcháir air go mbeidh sé ag pilleadh ar Dháil Éireann inniu.
Beidh na Teachtaí Dála ag filleadh ar Theach Laighean inniu chun Taoiseach a roghnú.
Cé go raibh Teachtaí Dála neamhspleácha, na Healy-Rae agus an Grúpa Réigiúnach, go mór i gcoinne arduithe i gcáin charbóin agus iad ag cáineadh na Glasaigh le blianta dá bharr, tá siad tar éis glacadh leis na haidhmeanna sa chlár rialtais ina bhfuil geallúint d'ardú bliantúil ar cháin charbóin go 2029.
Tá an iar-phreasrúnaí rialtais den bharúil go dtabharfaidh an socrú atá déanta ag Fianna Fáil agus Fine Gael leis na Teachtaí Dála Neamhspleácha seasmhacht don rialtas as seo go 2029.
Foilsíodh an clár rialtais nua inné inár leagadh amach na pleananna a bheas ag an rialtas nua as seo go ceann cúig bliana.
Tá sé ionann agus cinnte anois go mbeidh athraithe a ndéanamh ar leagan amach ceantair Gardaí i gcontae Dhún na nGall agus tá seans go mbeidh na hathraithe sin a gcur i bhfeidhm ag deireadh an Aibreáin i mbliana.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d'fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan.Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg.Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS scoil imeasctha - integrated school reachtaíocht - legislation seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers modhnóirí - moderators cónra caoladóireachta - wicker coffin scal ghréine - sunburst
Tá Pat ag caint ar an dea scéala faoi dheireadh maidir le hIonad Sláinte Dhún Fionnchaidh. Bhí an t-ionad druidte le tamall, ach beidh sé ag oscailt arís amárach, Déardaoin an 9ú Eanáir, ag a 2.30 i.n.
Tá litir seolta ag an Teachta Dála John Connolly chuig an Aire Stáit sa Roinn Sláinte Mary Butler, ag iarraidh ar an Roinn Sláinte brú a chur ar an Roinn Chumarsáide infheistíocht cheart a dhéanamh sa mbun-infreastruchtúr i gceantar Chonamara Thiar.
Le linn cruinniú Rialtais áitiúil I nGaillimh an tseachtain seo dúradh go raibh an scéim “cíos costais do thionóntaí in Situ” curtha ar fionraí nó go mbeadh Rialtas úr I mbun oibre sa tír seo agus dúradh nach le Gaillimh amháin a bhain sé seo ach le Rialtais áitiúil.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suíochán de dhíth chun móramh a bhaint amach, beidh siad ag caint le páirtithe eile agus le Teachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas a chur le chéile. Bhí lá maith ag na Daonlathaigh Shóisialta agus le Páirtí an Lucht Oibre agus tá seans ann go mbeidh ról acusan sa chéad rialtas eile. Dúradar go mbeidís ag caint le páirtithe eile ar an eite chlé ar dtús, Sinn Féin san áireamh. Bhí idir mhaith agus olc sna torthaí ó thaobh Shinn Féin de. Cé go bhfuil méadú ar an líon Teachtaí Dála atá acu, laghdaigh a sciar den vóta 24.5% i 2020 go dtí 19% i mbliana. Bhí torthaí tubaisteacha ag an gComhaontas Glas, a bhí sa rialtas deireanach. Chailleadargach Teachta Dála a bhí acu seachas ceannaire an pháirtí, Roderic O'Gorman. Tá rialtas na Fraince tar éis titim nuair a chaill an Príomh-Aire, Michel Barnier, vóta mímhuiníne tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí Barnier ag iarraidh buiséad a bhrú tríd an bparlaimint ach níor thaitin sé so leis an eite chlé ná leis an eite dheas. D'ardaigh Le Front Populaire, atá ar an eite chlé, rún mímhuiníne i rialtas Barnier agus thacaigh Le Rassemblement National, atá amach ar an eite dheas, leis. Bhí Barnier ag iarraidh €60 billiún a shabháil sa bhuiséad so, chun easnamh na tíre a réiteach ach dúirt na páirtithe eile go raibh na bearta ródhian ar ghnáthdhaoine. Is é an chéad uair ó 1962 gur chaill rialtas na Fraince vóta mímhuiníne agus d'éirigh Barnier as a phost mar Phríomh-Aire maidin Déardaoin. Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, faoi níos mó brú anois tar éis samhradh tubaisteach, nuair a chaill sé móramh a pháirtí sa rialtas, agus neamhchinnteacht sa mhargadh anois. Beidh sé deacair dóréiteach a fháil leis an bparlaimint gan tromlach atá sa tír faoi láthair agus ní féidir leis toghchán eile a ghairm go dtí mí Iúil 2025. Bhuaigh an banna rapcheoil, Kneecap, a chás cúirte i gcoinne iar-Aire Rialtais sa Bhreatain, Kemi Badenoch. Chuir Badenoch in éadan an deontais ealaíne a bhuadar anuraidh nuair a dúirt sí nach raibh sí sásta airgead cáiníocóra a thabhairt “do dhaoine atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe”. Mhaígh baill Kneecap go ndearnadh leithcheal orthu mar gheall ar a bhféiniúlacht agus d'aontaigh an Ard-Chúirt leo. Gheobhaidh siad an deontas atá dlíte dóibh ach dúradar go mbeidís ag tabhairt an airgid, €17,000 san iomlán, do dhá ghrúpa i mBéal Feirste, ceann amháin a oibríonn le daoine óga ó chúlra náisiúnach agus an ceann eile le daoine óga ó chúlra aontachtach. Tar éis an fhógra, dúirt Kemi Badenoch go raibh cinneadh na cúirte “dochreidte”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS móramh - majority an Comhaontas Glas - the Green Party rún mímhuiníne - motion of no confidence easnamh - deficit leithcheal - discrimination féiniúlacht - identity