Tá Beo, ar Éigean dhá chur i láthair ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá Áine, Sinéad agus Siún ag dul ar sos ar feadh seal mar go bhfuil Siún ag súil lena baé féin! Éist anseo leo ag caint faoi athruithe saoil agus an chaibidil nua seo.
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi na hathruithe atá ag teacht orthu, bíodh 'fhios go bhfuil siad uatha nó nach bhfuil!
Bhí Beo ar Éigean i láthair ag Féile Tonnta i nGaillimh, féile nua dátheangach i gCathair na dTreabh. Labhair siad faoi Bhandia Bhríd agus faoi thábhacht an phobail, i measc go leor eile!
Táimid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, bhí ábhair éagsúla idir chamáin againn le dhá mhí dhéag, ina measc brú dearfach, dul chun cinn, blaiseadh den gcomhrá faoi choincheap na fírinne sa lá atá inniu ann. Cad iad na bréaga beaga a insíonn muid dúinn féin agus an mbímíd ionraic linn féin, fiú?
Labhair na BAÉs faoin teacht i láthair atá acu agus an tslí go gceapann siad go dtagann siad i láthair... an bhfuil an bearna mhór idir an dá rud?
Tá na BAÉs ag caint faoi fhrustrachas agus an tslí a dtéann siad i ngleic leis an mothúchán ciotach seo.
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhród, agus ár gcaidreamh casta leis an mothúchán áirithe seo.
Féachann na BAÉs ar aghaidh ar a bhfuil rompu sa bhliain nua.
Deir siad go bhfuil trí ní nach féidir a mhúineadh ach an bhfuil 'cop on' le cur againn ar an liosta sin againn?
Cad iad focail na bliana do Shinéad, do Shinéad agus do Shiún agus conas a mhúnlaíonn an teanga a úsáideann muid an domhan ina maireann muid
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhia an tseachtain seo, óna gcúlraí bia go cultúr an bhia atá foghlamtha acu go nuige seo, cuirfidh an t-eagrán seo ocras ort!
An dtuigeann muid cén uair le slán a fhágáil le nithe agus daoine nach bhfuil ag cur lenár saol?
Ó Wagatha Christie go branda Beckham, tá Áine, Sinéad agus Siún ag caint faoi thionchar na tréimhse seo orthu mar dhaoine.
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi choincheap na fírinne, coincheap atá níos doiléire ná riamh.
Tá Áine, Siún agus Sinéad ag caint faoina bhféiniúlachtaí ar eagrán na seachtaine seo, an tslí go ngléasann siad iad féin agus go bhfeiceann siad iad féin
Labhair Sinéad, Áine agus Siún faoin lorg a d'fhág Rónán Mac Aodha Bhuí craoltóir agus cara, orthusan agus ar an saol trí chéile.
Tá brionglóidí againn ar fad; bád a cheannach, bogadh go Nua-Eabhrach, cad a dhéanfadh Sinéad, Áine agus Siún mura mbeadh aon bhac orthu?
Tá Beo ar Éigean ag caint faoi a bheith 'i láthair', fiú nuair nach bhfuil siad ar fónamh. Cad is brí le géilleadh do Shinéad, d'Áine nó do Shiún?
Tá na BAÉs ag caint faoi bhrú ach brú atá dearfach, dul chun cinn agus faoi a bheith uaillmhianach.
Cé mhéid mothúcháin a airíonn muid in aon lá amháin? An ionann mothúcháin agus smaointí agus cén chaoi a ndéanann muid idirdhealú eatarthu?
An bhfuil muid ar fad iomaíoch ach nach scaoileann muid leis 'theacht amach? Pléann Siún, Sinéad agus Áine feith na hiomaíochta tríd an saol ar fad go dtí seo, ar Bheo ar Éigean.
Cad a chuifeá in Seomra 101? Tá rudaí áirithe a chuireann Áine, Sinéad agus Siún soir, ó nithe neafaiseacha chuig na bratacha dearga tábhachtacha sin nach féidir linn neamhaird a dhéanamh orthu.
Tá Beo ar Éigean ag caint faoi aontacht san eagrán seo, ach go háirithe faoin neart a bhraitheann muid nuair a thugann muid faoi dhúshlán le chéile seachas linn féin.
Dá mbeadh na BAÉs ar oileán gan aon chomhluadar, cad a bheadh leo ó thaobh leabhar, scannán agus ceol de?
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi choincheap na fírinne sa lá atá inniu ann. An mbíonn muid ionraic linn féin, fiú?
Tá Beo ar Éigean ag caint faoin ndearfacht nach ndearfacht í in aon chor an tseachtain seo.
Ón duine is óige, chuig an duine is sine, Z list celebs, agus leasainmneacha. Is ag labhairt faoi theidil agus stádas atá Áine agus Sinéad san eagrán seo de Bheo ar Éigean.
Cad a chabhraíonn le Siún, Sinéad agus Áine nuair a éiríonn cúramaí an tsaoil iomarcach? An nós leo teitheadh nó cúlú? Conas a thugann siad aghaidh ar na constaicí a bhíonn rompu amach?
An dtabharfadh Sinéad, Siún agus Áine an dara seans do dhuine? An raibh aiféala riamh orthu gur thug? Agus an dtéann siad riamh sa tseans iad féin?
Tá sé ina shamhradh agus tá na BAÉs ag féachaint chun cinn ar na pleananna atá déanta acu le sult a bhaint as na laethanta fada atá rompu.
San eagrán speisialta seo, labhair Sinéad, Áine agus Siún leis an gcraoltóir Síomha Ní Ruairc faoi íomha choirp agus a clár teilifíse nua ar an ábhar sin do TG4
Labhair Siún, Sinéad agus Áine faoin tionchar a atá ag Rónán Mac Aodha Bhuí orthu mar chraoltóirí agus mar Ghaeil
Tá na mná ag caint faoi fhocal nach raibh ar eolas acu go dtí seo, iomas nó intuition! Cad é agus cad a dhéanann muid leis?
An tseachtain seo ar Bheo ar Éigean, tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoin tslí go mbaineann siad rudaí amach, ó cháilíochtaí oideachasúla go jabanna beaga timpeall an tí.
Eagrán speisialta ag comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta le Bláithín Mhic Cana, as Ard Mhacha Theas, ag caint faoina cuimhní ar an tréimhse agus mar atá anois.
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag cur ceisteanna tábhachtacha agus seafóideacha ar a chéile ar eagrán na seachtaine
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoin oidhreacht a fhágfaidh siad ina ndiaidh nó ar dheas leo a fhagáil ina ndiaidh!
Chuaigh Sinéad, Áine agus Siún chomh fada le Bóthar na bhFál i mBéal Feirste le eagrán speisialta den phodchraoladh a thaifead.
Labhair Siún, Sinéad agus Áine faoi fhéiniúlacht chomhaimseartha na hÉireann agus a bhaineann léi.
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi na daoine a chuireann amú ar gcuid ama, iad féin san áireamh!
Tá gá againn uilig le paisean sa saol, ó ghníomhachas sóisialta go paisean faisean, tá Beo ar Éigean ag caint faoi na nithe a chuireann tine futhu.
Ó bhéaldath go ballpoints, tá go leor, leor in málaí na mBAÉs ach cad a deireann na málaí fúinn?