POPULARITY
Toghadh an Comhairleoir d'Fhianna Fáil Breandán Mac Gearailt ina Chathaoirleach ar Cheantar Bardasach Oileán Ciarraí/Corca Dhuibhne don dara huair inné, tar éis a chéad tréimhse sa phost idir 2019-2020. Labhair sé le Joe Ó Muircheartaigh.
Tá an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire den tuairim gur cheart an séasúr a leathnú amach ina mbíonn cead ag daoine agus na húdaráis féar atá rófhada a bhaint ar mhaithe le sábháilteacht ar na bóithre. Labhair sé le Paddy Ó Gríofa.
Labhair ár dtuairisceoir Ríona Ní Mhainín le roinnt de na daoine a bhí i láthair ag Marglann an Tí Dóite.
Ag caitheamh súil chun cinn ar chluiche Dhún na nGall v Baile Átha Cliath agus cluichí eile a bheas ar siúl i gCraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine. Labhair sé fosta faoi bhás Donald Uí Bhreisleáin, fear a bhí iontach gníomhach i CLG Ghaoth Dobhair i rith a shaoil mar imreoir agus mar riarthóir.
Caithfidh daoine cead pleanála a fháil agus clárú le Fáilte Éireann nuair atá áiteachaí á ligean ar feadh achar gearr acu. Labhair an Teachta Dála Kyne le Séamus Ó Scanláin.
Seolfar leabhar úr atá curtha le chéile ag páistí ó Scoil an Chaisil, bunaithe ar scéalta agus stair na háite. Thug Conor Ó Gallachóir cuairt ar an scoil agus labhair sé le roinnt de na daltaí a bhí páirteach sa togra. Labhair sé fosta le múinteoir sa scoil, Clár Nic Grianna agus an príomhoide, James Mac Aodha.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhi Bealtaine, Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ni LoinsighThascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d'Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIS
Labhair an comhairleoir contae le Frances Nic Géadaigh faoin imní atá ann faoi stádas Naíonra Bhaile na Finne.
Labhair fear de chuid an pholl dóite i Rann na Feirste, Odhrán Mac Ruairí, ó Cannes na Fraince áit a bhfuil an Fhéile Scannánaíochta ar siúl agus tá Odhrán ag obair thall ansin thart an coirnéal agus ag coinneáil súil ar an chraic uilig atá ag tarlú.
Shílfeá gur anois nó riamh é d'Ard Mhaca an deireadh seachtaine seo i gcraobh Uladh agus i gCúige Laighean tá na Dubs ag iarraidh Craobh Laighean a sciobadh ar ais arís. Labhair muid le Charlie Vernon agus muid ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Thug múinteoirí agus daltaí ó Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, Contae Lú, Gaelcholáiste nua-bhunaithe, cuairt orainn anseo sa raidió. Labhair an príomhoide, Caoimhe Hearún linn, an múinteoir Máire Nic Cathmhaoil, agus na daltaí, Nóra Ní Shiúradáin agus Arden Mac Darach, atá sa chéad agus dara bliain sa scoil.
Cuireadh tús le cúrsa in Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh le gairid le curacha a chóiriú agus thug Conor Ó Gallachóir cuairt ar an chúrsa. Labhair sé leis an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh agus leis an teagascóir Owenie Ó Duibhir agus le le Colm Ó Briain.
Labhair muid le hAisling Mhic Cumhaill, Oifigeach Oideachais agus Oiliúna le hÚdaras na Gaeltachta agus le Padaí Ó Cnáimhsí dalta as Pobalscoil na Rosann, Lucas Mac Dáibhéid as Pobalscoil Ghaoth Dobhair atá páirteach sa chomórtas.
Tá Mícheal i láthair ag cruinniú poiblí atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar oileán Thoraí inniu atá le heolas a thabhairt faoin obair atá déanta ar sholáthar uisce an oileáin le sé mhí dhéag anuas. Labhair sé fosta faoin mhíshástacht atá air go bhfuil an píopa uisce briste go hoileán Ghabhla go fóill ina luí ar bharr na farraige.
Labhair na múinteoirí Laura Ní Bhaoill agus Sara Ní Lochlainn agus roinnt de na haisteoirí Ellie Ní Chnáimhsí, Jack Mac Aoidh, Méabh Ní Chanainn, agus Susan Ní Dhochartaigh faoin cheoldráma úr “The School of Rock” a bheas le feiceáil ar an ardán ar an tseachtain seo chugainn.
Labhair an Dochtúir Delap faoin éileamh atá ann do chlár vacsaíne náisiúnta do dhaoine fásta agus fosta faoin imní atá ann maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta le suíomh a aimsiú d'aonad úr faoisimh do pháistí sa chontae.
Bhí coinne ag Gráinne i mBaile Átha Cliath inné agus labhair sí faoi mar a bhí cursaí i mBaile Átha Cliath inné agus na hagóidí breosla ag leanstan ar aghaidh. Labhair sí fosta faoin imní atá uirthi mar phríomhoide bunscoile i Scoil Chnoc na Naomh, Doire Chonaire faoi luach an bhreosla.
Tá ár dtuairisceoir Paddy Ó Gríofa ag an ionad breosla ag Dug na Gaillimhe arís inniu leis an scéal is deireanaí ar maidin. Labhair sé le polaiteoirí áitiúla a bhí ar an láthair inné, an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin ina measc.
Déanadh roinnt mhaith plé ar fhoirgnimh atá fágtha tréigthe agus i ndrochchaoi sa gContae ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae na Gaillimhe le gairid. Labhair an Comhairleoir Tomás Ó Curraoin le Séamus Ó Scanláin.
Tá thart ar 500 múinteoir bailithe le chéile ag comhdháil bhliantúil Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, ina measc Conall Ó Dufaigh, múinteoir i gColáiste Ráithín i mBré, i gContae Chill Mhantáin. Labhair sé le Máire Ní Bhraonáin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/252unhu8 Contact: irishlingos@gmail.com Poet Gabriel Rosenstock has died. An file Gabriel Rosenstock básaithe. Poet and writer Gabriel Rosenstock has died at the age of 76. Tá an file agus scríbhneoir Gabriel Rosenstock tar éis bháis agus é 76 bliain d’aois. His family confirmed his death this evening in a statement about “an international poet who brought many of the world’s great writers to the attention of Irish language readers“. A chlann a dheimhnigh a bhás tráthnóna i ráiteas faoi “fhile idirnáisiúnta a chuir go leor de mhórscríbhneoirí na cruinne faoi shúile lucht léitheoireachta na Gaeilge”. He believed “in the power of poetry” they said “and in the ability of poetry to build bridges between cultures”. Chreid sé “i gcumhacht na filíochta” a dúirt siad “agus i gcumas na filíochta droichead a thógáil idir cultúir”. “He was a prolific and restless soul who published over 400 books.” “Anam torthúil agus corrach a bhí aige a d’fhoilsigh breis is 400 leabhar. We will miss him, all of us who knew him and read his writing. Aireoidh muid uainn é, iad siúd go léir a raibh aithne againn air agus a léigh a chuid scríbhneoireachta. “At the right hand of God, may his soul rest in peace.” Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.” Gabriel Rosenstock spoke for several weeks to the Irish Independent and Raidió na Gaeltachta – speaking with his broadcaster son Tristan on the programme “The Man Who Was Never Born” – about his cancer which had spread, the treatment which was no longer working and his acceptance before his death. Labhair Gabriel Rosenstock le roinnt seachtainí leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta – ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár “An fear nár saolaíodh riamh” – faoin ailse a bhí air a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás. He was keeping a diary about his time with the illness and his attitude towards it. Bhí sé i mbun dialainne faoina thréimhse leis an tinneas agus a dhearcadh ina leith. He spoke courageously to Nuacht TG4 a few days before his death, looking back on his life and forward to eternity. Labhair sé go misniúil le Nuacht TG4 cúpla lá sular cailleadh é, ag breathnú siar ar a shaol agus chun cinn chun na síoraíochta. He was born in Kilfinane in Co. Limerick. I gCill Fhíonáin i gCo Luimnigh a rugadh é. His mother was a nurse from Athenry in Co. Galway, and his father was a doctor and writer from Germany. Altra as Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe a bhí ina mháthair, agus dochtúir agus scríbhneoir as an nGearmáin a bhí ina athair. He first achieved fame at University College Cork, in the Innti group of poets, which also included Michael Davitt, Liam Ó Muirthile and Nuala Ní Dhomhnaill. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh a bhain sé cáil amach ar dtús, sa ngrúpa filí Innti, ina raibh Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill freisin. He was a member of Aosdána and a former Chairman of Poetry Ireland/Éigse Éireann. Ball d’Aosdána a bhí ann agus iarChathaoirleach ar Poetry Ireland/Éigse Éireann. He wrote poetry, drama, haiku, novels, essays and translated over 180 works. Thug sé faoin bhfilíocht, drámaíocht, haiku, úrscéalta, aistí agus aistriúchán ar bhreis is 180 saothar. He is survived by his wife Eithne and their children. Maireann a bhean Eithne agus a gclann. Gabriel Rosenstock in 2021 Gabriel Rosenstock i 2021
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr. Labhair sí inniu faoi chrainn silíní agus na rudaí ar cheart a dhéanamh sa gharradh ag an am seo bliana agus cómhrá faoi bhiatais chomh maith agus na húsáidí gur féidir a bhaint as.
Mír rialta le Andy agus é ag tabhairt comhairle teicneolaíochta don phobal. Labhair sé inniu faoi réabhlóid úr i nGaoth Dobhair, Wifi na gaoithe, na meáin shóisialta agus mar a éiríonn daoine iontach tugtha daofa agus costais srúthaithe san am i láthair.
Labhair Éilis faoi sceideal úr na n-eitiltí faoin chonradh úr PSO idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath atá i bhfeidhm ó bhí an lá inné ann.
Bua de phointe amháin a bhí ag peileadóirí Faoi 20 Dhún na nGall ar Fhear Manach aréir ina gcéad chluiche craoibhe i mBun Cranncha, an scór deiridh, Dún na nGall 2-15, Fear Manach 3-11. Labhair léiritheoir an chláir, Conor Ó Gallachóir le Cathal Rua i ndiaidh an chluiche.
Mír rialta le hAndy faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta. Labhair sé inniu faoin ardú atá tagtha ar bhreosla le tamall agus na háiteanna is saoire le breosla a cheannacht.
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh agóid ar siúl ag an ghrúpa feachtasaíochta tithíochta, Tinteán amárach taobh amuigh de Theach Laighean le haird a tharraingt ar an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Labhair sé fosta faoin Tionól Pleanála Teanga a bhí ar siúl inniu leis an Aire Gaeltachta Dara Calleary inniu i gCaisleán an Bharraigh.
Labhair an Teachta Dála John Connolly faoi scéim scoileanna beaga Iorras Aithneach. Bunaíodh an scéim seo leis na scoileanna beaga sa gceantar a choinneáil oscailte agus iad ar fad ag tacú lena chéile.
Bhí Patricia ag siopadóireacht arís. Labhair sí ar maidin faoin gcostas a bhaineann le héadaí don Chéad Chomaoineach agus don Chóineartú.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Éamonn inniu faoi ceathrar fear a ghabh na Gardaí mar chuid de fhiosrúchán atá ar bun acu, ar staitisticí úra ón Lár Oifig Staidrimh agus chur sé síos ar roinnt eachtraí gadaíochta i dtithe sa chontae le seachtain anuas.
Labhair siad faoin tábhacht go mbeadh an Ghaeilge lárnach i gcuid oibre na Comhairle Contae i nDún na nGall agus go mbeadh sé mar aidhm go mbeidh Comhairlí Contae eile ar fud an stáit seo ag baint úsáid rialta as an Ghaeilge agus tá tionscnamh úr seolta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe dírithe ar an cheist seo.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair sé faoi dhrugaí a dtángthas orthu sa chontae le gairid, faoi úsáid chuadanna ar bhealtaí poiblí, Lá Sábhailteachta ar an Idirlíon agus thug sé comhairle do dhaoine a bheas ag freastal ar chluiche Dhún na nGall ar an Domhnach.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair sí faoi chúrsaí ar na bóithre ag an deireadh seachtaine, faoi thimpiste bóthair i nDún Mhaoile i Srath an Urláir, tá siad ag lorg eolais faoi dhamáiste coiriúil a rinneadh i gceantar Leitir Ceanainn agus labhair sí faoi ócáid a bhéas ar siúl acu don phobal ar an Tearmann Déardaoin seo ag teacht.
Cúsaí Sláinte: Labhair an Dr. Clíona faoin maothaile inniu agus cinealachaí difriúla dhó atá ann.
Tá maoiniú bronnta ar an eagraíocht Psy Care Ireland chun an clár NITE a chur i bhfeidhm i gceantair thuaithe, faoin bPlean um Shábháilteacht Tuaithe a d'fhoilsigh an Rialtas i mbliana. Labhair an Dr. Kat Ledden le Aoife Ní Shúilleabháin.
Tá sé molta gan e-scutar a cheannach do ghasúir don Nollaig. Labhair an Garda Eoin Ó Máille faoi na rialacha a bhaineann le he-scutar.
Tá gearr ghá le scoil úr i bPobailscoil Chloich Cheann Fhaola. Thóg Piaras an ceist seo sa dáil aréir. Labhair sé chomh maith ar phlean úr tithíochta an rialtais agus ar easpa achmhainní na nGardaí sa chontae seo.
Fuaireas fliú na n-éan (H5N1) ar thurcaí ar dhá fheirm sna sé chontae is fiche. Chaith Chloe cúig bliana ag obair ar Grove farm i gCo. Mhuineachán. Labhair sí faoin na himpleachtaí a bheas ag fliú na n-éan ar na feirmeacha éanlaith anois ag teacht fhad leis an Nollaig.
Tá cruinniú anocht in Óstán an Earagail, do thuismitheoirí le cur síos a dhéanamh ar na contúirtí a bhaineann le páistí fón cliste a bheith acu. Labhair Éadaoin ar na contúirtí atá le cuid de na haipeanna ar an fón cliste agus an tionchar atá acu ar pháistí.
Labhair an dochtúir faoin Tuairisc a tháinig amach inné go bhfuil duine as gach ceathair i mbaoil stróc a ghlacadh ina saol. Seo mí Movember, nuair a bhíonn muid ag díriú ar chúram sláinte na fir.
Mír rialta le ball don Gharda Síochana go háitiúil ag tabhairt eolais ar eachtraí éagsula a tharla sa chontae le seachtaine agus ag cur comhairle ar an phobal. Labhair Éamonn inniu faoi shábháilteacht ar bhóithre agus roinnt eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le gairid.
Labhair ambasadóir na hÚcráine Larysa Gerasko leis an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil inné chun an scéal is deireanaí a thabhairt do baill an Oireachtais faoin gcogadh sa tír.
Inniu ar Chartlann na Céadaoine rachaidh muid siar go dtí an bhliain 2000 nuair a bhain Ard a'Rátha Craobh Shinsir Peile na Contae den chéad uair le naoi mbliana déag. Labhair Áine Ní Chuireáin le Máirtín Ó Faoláin as Ard a'Rátha ach ar tús labhair Séamus Mac Géidigh le Anthony Molloy agus Parthalán (Bart) Ó Faoláin ag an chluiche ceannais féin.
Mír Sláinte: Labhair an dochtúir Clíodhna Ní Mhorchú faoi tinneas cinn agus méigrim.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Éamonn inniu faoin fhiosrúchán leanúnach atá ar bun mar gheall ar thragóid an Chraoslaigh agus eachtraí gadaíochta a tharla i mBaile na Finne, Leitir Ceanainn agus Bealach Féich.
Tráthnóna aréir i gcruinniú do chuid comhairle cathair Chorcaí vótáil na comhairleoirí i gcoinne ainmniúchán a thabhairt d'aon iarrthóir d'ainmniúchán na comhairle do thoghchán na hUachtaránachta. Labhair an comhairleoir neamhspleách le hAoife Ní Shúilleabháin.
Tá athrúchán molta ag an gComhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin ar Phlean Forbartha Contae Chorcaí le coinníollacha teangan a chur san áireamh ar chead pleanála i gceantair Ghaeltachta sa chontae. Labhair sí le Aoife Ní Shúilleabháin.
Bhí Darren Mac Giolla Easbuig ar an Trá Mór in Indreabhán agus an aimsir go breá. Labhair sé le scolairí agus cuntoirí ó Colaiste Lurgan faoi cad is brea leo a déanamh agus an ghrian amuigh.
Labhair an tréidlia Máirín faoi na bealaí is fearr le haire a thabhairt do pheataí nuair atá an aimsir te.