POPULARITY
Cuirfear tús tráthnóna inniu le Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn i gContae na Mí.
Reáchtáladh Ardfheis Aontú i mBaile Mhic Gormáin i gContae na Mí ag an deireadh seachtaine. Labhair ár n-eagraí polaitíochta Cuan Ó Seireadáin le Gemma Uí Bhrollaigh, Deirdre Ní Laighléis, Comhairleoir agus Lucas Ó Míocháin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí. I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad. Mar gheall ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte níos luaithe sa tseachtain. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach' nó ‘cinedhíothú', agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.Tá fáilte curtha ag Gaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann roimh an gcinneadh tuairim is 100 comhartha dhátheangacha a chur suas i gContae an Dúin agus i gContae Ard Mhacha. Cé go raibh polaiteoirí Aontachtacha ina choinne le sé bliana, tá sé deimhnithe anois ag an dá chomhairle contae go mbeidh na comharthaí le feiceáil go luath. Leanann sé seo le polasaí na gcomhairlí contae an Ghaeilge a chur chun cinn. Úsáidtear comharthaí dátheangacha cheana féin ar fhoirgnimh údaráis áitiúil sna ceantair seo. Tagann an scéal seo ag an am céanna go bhfuil mic léinn ag Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh ag éileamh comharthaí Gaeilge ar an gcampas.Tá painéal imreoirí roghnaithe ag bainisteoir fhoireann sacair ban na hÉireann, Carla Ward, don dá chluiche dheireanacha i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche in aghaidh na Tuirce thall in Iostanbúl an deireadh seachtaine seo chugainn, agus beidh siad ar ais sa bhaile an tseachtain dár gcionn in aghaidh na Slóivéine i gCorcaigh. Má tá seans ar bith acu críochnú ar bharr an ghrúpa, caithfidh siad an dá chluiche a bhuachaint. Tá Erin Healy, tosaí le Adelaide United san Astráil, ar an bpainéal den chéad uair riamh, chomh maith le Louise Quinn sula n-éireoidh sí as sacar gairmiúil go hiomlán. Go n-éirí go geal leis an mbeirt acu, agus leis an bhfoireann uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgorta - faminegnóthaí daonnúla - humanitarian affairsglanadh eitneach - ethnic cleansingcinedhíothú - genocidefoirgnimh údaráis áitiúil - local authority buildingsgairmiúil - professional
Tá beagán le cois leathmhilliún euro i mbuiséad Chomhairle Contae na Gaillimhe i mbliana le hobair chothabhála a dhéanamh ar chéibheanna sa gContae.
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh - trucesocrú síochána - peace settlementbitheolaíoch - biologicalsainmhíniú - definitionan Chaithréim Mhór - the Grand Slaméacht - feat
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d'fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d'athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D'eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge', de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScion sa chion - tit-for-tatborradh - boom, growthcoirloscadh - arsoncoimhraiceoir dóiteáin - firefightercomharthaí dátheangacha - bilingual signsdoicheallach - unwelcoming
Bhuaigh Scoil Iognáis Rís Craobh na hÉireann sa Liathróid Láimhe Oilimpeach an tseachtain seo i gContae na Mí.
Beidh cruinniú ar siúl ag an ghrúpa Gaeilge an Chabháin amárach le coiste a bhunú leis an Ghaeilge a chur cinn i gContae an Chabháin.
I mí Aibreán na bliana 1993 labhair Seán Ó Siadhail as Fánaid ó dhúchas le Feardorcha Ó Colla faoi mar a bhog siadsan go Baile Ghib i gContae na Mí sa bhliain 1937.
Celebrating 90 years since families moved to Contae na Mi from the Gaeltacht. (for copyright reasons the full tracks performed during this interview cannot be made available in the podcast)
Inniu rachaidh muid siar go dtí an bhliain 1975 nuair a labhair Condy Mhicí Hiúdaí Ó Domhnaill as Rann na Feirste le Feardorcha Ó Colla faoin am gur aistrigh sé féin agus a theaghlach ó Rann na Feirste go Baile Ghib i gContae na Mí sa bhliain 1936.
An t-uinéir ar Cháis Naomh Tola i gContae an Chláir ag caint faoi mhargadh na Nollag agus í ag caint thar ceann ISME.
Tá roinnt imeachtaí eagraithe ag Glór Uachtar Tíre i gCaisleán Uidhilín i gContae an Dúin.
Eolas curtha faoi bhráid Chomhairleoir Contae Chiarraí inné inné faoi chúrsaí pleanála sa gContae .
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táirgeadh gáis a mhéadú sna deich mbliana atá romhainn. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise. Tá sé aontaithe ag ceannairí domhanda roimhe seo, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid, ach sáraíodh an teorainn sin cheana féin i mbliana. Chuaigh bean ar iarraidh ó Thrá na gCeann i gContae na Gaillimhe Dé Máirt. Ba dhuine de bheirt í a chuaigh amach ag snámh san uisce. Cuireadh scairt ar na seirbhísí éígeandála, nuair nár fhill an cumadóir aitheanta Johnny Duhan ar ais óna shnámh féin, agus fuarthas a chorp roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí meascán seirbhísí ag tabhairt faoi chuardach na mná, na Gardaí, an Garda Cósta, an Chosaint Shibhialta, agus an RNLI ina measc, i dteannta le buíonta cuardaigh agus tarrthála as áiteanna éagsúla in Éirinn. Maidin Dé Sathairn, bhí an cuardach ag dul ar aghaidh ar muir agus ar tír, ón Spidéal go hÓran Mór agus soir go Cinn Mhara. Tharla sochraid Duhan, a bhí ceithre bliana is seachtó d'aois, ar an Chnoc Breac i gContae na Gaillimhe inné. Tá muintir Mháire Ní Fhátharta ag bailiú airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach, agus iad ag súil go mbeidh siad ábalta í a thabhairt abhaile. Aimsíodh fige 2,000 bliain d'aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh agus dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach, áit ina raibh stáisiún tradála tábhachtach de chuid na Romhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhdháil aeráide - climate conference stoc breoslaí iontaise - fossil fuel stock cumadóir - composer buíonta cuardaigh agus tarrthála - search and rescue groups torthaí andúchasacha - exotic fruits tochailt seandálaíochta - archaeological dig
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cduvuqm Contact: irishlingos@gmail.com Enoch Burke imprisoned again. Príosún curtha ar Enoch Burke an athuair. For the third time, the High Court has jailed teacher Enoch Burke for violating a court order. Den triú uair, tá príosún curtha ag an Ard-Chúirt ar an múinteoir Enoch Burke as ordú cúirte a shárú. Judge Michaell Quinn said today that he was satisfied that Burke was in breach of the permanent appeal granted to Wilson's Hospital school in County Westmeath last year. Dúirt an Breitheamh Michaell Quinn inniu go raibh sé sásta go raibh Burke ag sárú an achomhairc bhuan a deonadh don scoil Wilson's Hospital i gContae na hIarmhí anuraidh. The Judge ordered that Enoch Burke be imprisoned until he was cleared of contempt of court. D'ordaigh an Breitheamh go gcuirfí príosún ar Enoch Burke go dtí go mbeadh an díspeagadh cúirte glanta aige. Enoch Burke will be in court again on October 11 but he can clear the contempt court whenever he wants. Beidh Enoch Burke os comhair na cúirte arís an 11 Deireadh Fómhair ach is féidir leis an díspeagadh a ghlanadh os comhair na cúirte aon uair is mian leis. Enoch Burke told the Judge that God will be responsible for imprisoning someone because of their faith. Dúirt Enoch Burke leis an mBreitheamh gur do Dia a bheidh sé freagrach as príosún a chur ar dhuine de bharr a gcreidimh. Enoch Burke has spent over 400 days in Munsey in two shifts, for breaching a court order, which made him stay clean at Wilson's Hospital. Tá os cionn 400 lá caite ag Enoch Burke i Muinseó ina dhá sheal, as urghaire cúirte a shárú, urghaire a chuir air fanacht glan ar Wilson's Hospital. He was released at the end of June when the school closed for the summer. Scaoileadh saor é ag deireadh an Mheithimh nuair a dhún an scoil don samhradh. But Enoch Burke is coming back to the school since it opened after the Summer vacation. Ach tá Enoch Burke ag teacht i láthair na scoile arís ó d'oscail sí tar éis shaoire an tSamhraidh. The school said in court that Burke's presence was stressful and disruptive for both staff and students. Dúirt an scoil sa chúirt gur strus agus suaitheadh don bhfoireann agus do dhaltaí araon Burke bheith ann. It was also said that having Burke's support groups on and off the school grounds is also a health and safety issue. Dúradh freisin gur fadhb shábháilteachta agus sláinte é freisin grúpaí tacaíochta Burke bheith ar thailte na scoile agus taobh amuigh di. Enoch Burke was fired from his job at the school last January but he is appealing that. Briseadh Enoch Burke as a phost sa scoil mí Eanáir seo caite ach tá sé sin á achomharc aige. That appeal was unsuccessfully heard, and Burke has initiated legal proceedings in relation to the appeals panel in the case. Níor éisteadh an t-achomharc sin go fóíll, agus tá imeachtaí dlí tionscnaithe ag Burke maidir leis an bpainéal achomhairc sa chás. Enoch Burke was arrested on the school grounds in the evening, and a lawyer for Wilson's Hospital, Rosemary Mallon, asked that he be jailed. Gabhadh Enoch Burke ar thailte na scoile tráthnóna, agus d'iarr abhchóide ar son Wilson's Hospital, Rosemary Mallon, go gcuirfí príosún air. She said if that wasn't done he would be at school again tomorrow. Dúirt sí mura ndéanfaí sin go mbeadh sé i láthair na scoile arís amárach. Enoch Burke said that the court was denying him his faith. Dúirt Enoch Burke go raibh an cúirt ag séanadh a chreidimh air. The former principal had ordered to 'force transgenderism on students'. Bhí ordú curtha ar ag an iar-phríomhoide 'trasinscneachas a bhrú ar dhaltaí'. He said his students knew he was an honest man but he wouldn't tell them that. Dúirt sé go raibh a fhios ag a chuid daltaí gur fear ionraic a bhí ann ach nach mbeadh sé á rá sin leo. He referred to a passage from the Book of Jesus and said that the belief in man and woman was at ...
Tá Cumann Alzheimer na hÉireann ag comóradh Mí Dhomhanda Alzheimer an mhí seo - Mí Mheán Fómhair.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh tacaíocht mhór acu cúpla bliain ó shin. Bhí toghchán iontach ag páirtithe i bhfad amach ar an eite dheas sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, agus d'fhógair Uachtarán an Fraince Emmanuel Macron toghchán tobann parlaiminte ina thír féin. Sna tíortha Nordacha, áfach, d'éirigh go maith leis na páirtithe ar an eite chlé ach, ar an mhórgóir, is iad an grúpa den eite dheas EPP a bhfuil an líon is mó suíochán acu i bParlaimint na hEorpa. Bhí Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa ar siúl sa Róimh an tseachtain seo caite, agus ba é an comórtas ba rathúla riamh ag foireann Éireann agus ceithre bhonn á dtabhairt abhaile acu. D'éirigh le Ciara Mageean, ar as Port an Pheire i gContae an Dúin í, aisling a fhíorú nuair a ghlac sí an bonn óir sa rás 1500m, agus thug Rhasidat Adeleke ó Thamhlacht i mBaile Átha Cliath léiriú intinne do na Cluichí Oilimpeacha níos moille i mbliana nuair a bhain sise an bonn airgid sa rás 400m. Bhí Adeleke agus Sharlene Mawdsley páirteach sa dá bhonn eile a fuair Éire: bonn airgid i rás sealaíochta 400m na mban agus bonn óir i sa rás sealaíochta 400m measctha. Roimhe seo, ba í Sonia O'Sullivan an lúthchleasaí amháin a bhuaigh bonn óir ag an chomórtas seo. Cuireadh tús le craobhchomórtas na hEorpa eile inné agus foireann sacair na hAlban ag imirt in aghaidh na n-óstach, foireann na Gearmáine in München. Ar an drochuair, chaill na hAlbanaigh 5-1. Tá cruinniú mullaigh síochána ar siúl san Eilvéis faoi láthair, agus ceannairí na dtíortha G7 ag freastal ar chainteanna in ionad saoire ar bharr sléibhe gar do Lucerne. D'aontaigh siad pacáiste cabhrach $50m a thabhairt don Úcráin agus fógraíodh comhaontú slándála déthaobhach idir an Úcráin agus na Stáit Aontaithe go ceann deich mbliana. Tá níos mó ná 100 ceannairí i láthair an deireadh seachtaine seo, an Taoiseach Simon Harris ina measc, ach níl aon ionadaí ann ón Rúis ná ón tSín. D'eisigh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, liosta éileamh maidir le coinníollacha chun deireadh a chur leis an chogadh, ach dhiúltaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy na héilimh go neamhbhalbh, agus dúirt Seansailéir na Gearmáine, Olof Scholz, nach raibh siad dáiríre. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS toghchán tobann parlaiminte - snap parliament election ar an mhórgóir - overall rás sealaíochta - relay race léiriú intinne - a statement of intent cruinniú mullaigh síochána - peace summit comhaontú slándála déthaobhach - bilateral security agreement
An scéal is deireanaí faoina toghcheantair i gContae na Mí.
Súil ar na toghacháin aitiúla i gContae na Mí.
Ag labhairt faoi na toghcháin áitiúla i gContae na Mí.
Tá sé dochreidte go bhfuil an Bord Pleanála théis cead pleanála a cheadú le hionad faisnéise 200 MW a thógáil in Inis i gContae an Chláir, a deir an Seanadóir Ní Ghairbhidh.
Ceann Scríbe-Baile Ghib. Leabhar ar shaol mhuintir na Gaeltachta i mBaile Ghib i gContae na Mí á seoladh i gcuimhne na ndaoine a d'fhág an Ghaeltacht i 1937.
Cruinniú ag Comhchoiste póilíneachta na Gaillimhe méadú mór ar an líon drugaí ar tháinig na Gardaí orthu sa gContae anuraidh.
Réalt Michelin bronnta air bhialann Homestead Cottage i nDulainn i gContae an Chláir. Tá cáis gabhair St Tola ar an mbia chlár acu.
Cruinniú poiblí i gContae na Mí aréir faoin tairiscint atá déanta ag EirGrid ó thaobh úinéirí talún den líne ard-chumhacht 400 KV leictreachais.
Tharla tragóid uafásach ar na Madain, Ard Mhacha inár fágadh triúr páiste gan athair agus máthair. Comhrá le Ellen a bhfuil aithne mhaith aici ar an teaghlach faoin tragóid agus na páistí.
Reáchtálfar Tionól Forbartha Gaeloideachas leis An gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta inniu i gContae an Chabháin. Is bliain faoi leith é do Ghaeloideachas agus iad ag céiliúradh an leathchéid.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, comhairlí contae, ollscoileanna agus scoileanna. Beidh teidil roimh ainm duine roghnach fosta agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí, agus ceadófar “ainmneacha áitiúla” nó leasainmneacha a “idirdhealaíonn iad agus daoine aonair eile a bhfuil an t-ainm céanna orthu sa cheantar”. Tagann an fógra mar leasú ar an reachtaíocht atá thar téarma ach tá fáilte mhór roimhe. “Ba í seo an tsaincheist ar a bhfuair m'oifig an líon ba mhó gearán ina stair,” a dúirt Órla de Búrca ón rannóg gearán. Bhí Iúr Cinn Trá i gContae an Dúin tumtha in uisce tuilte nuair a phléasc canáil na cathrach a bruacha i measc báisteach throm thar oíche Dé Luain. Bhí na mílte gnóthas gafa sna tuilte, agus rinneadh damáiste forleathan d'fhoirgnimh, d'fheistis agus do stoc. Thug póilíní rabhadh do dhaoine fanacht amach as lár na cathrach agus tá na mílte málaí gainimh cruachta ar an chanáil chun iarracht a dhéanamh stop a chur le sruth i measc eagla roimh sháruithe breise. Thit píosa de bhallaí na canála isteach san uisce agus tá imní ar na húdaráis go bhféadfadh níos mó codanna éirí as sna laethanta amach romhainn. Bhuail an bháisteach ceantair eile in oirthuaisceart oileán na hÉireann go dona fosta thar oíche, agus tithe faoi uisce i gCamloch i gContae Ard Mhacha agus sa Chaisleán Nua i gContae an Dúin. Chuir tuilte isteach ar an phríomh-mhótarbhealach agus ar an líne traenach a nascann Béal Feirste agus Baile Átha Cliath Dé Máirt, rud a chuir isteach go mór ar thaistealaithe trasteorann. D'iarr peileadóir Learphoill Luis Diaz go scaoilfí saor a athair, ag tathant ar na fuadaitheóirí “é a shaoradh anois”. Bhí tuismitheoirí na réalta ag stáisiún peitril i mbaile Barrancas, in aice le teorainn na Colóime le Veiniséala, Dé Sathairn nuair a d'fhuadaigh fir armtha iad ar ghluaisrothair. Tarrtháladh máthair s'aige laistigh d'uaireanta an chloig i ndiaidh blocanna bóthair a bhunú - ach leanann an cuardach ar a athair Luis Manuel Diaz. D'eisigh an peileadóir an achainí trí phostáil Instagram oíche Dé Máirt - agus a mháthair agus baill eile den teaghlach ag glacadh páirt i bhfaireachán ag iarraidh go scaoilfí saor a ngaol. Tá patróil aer agus talún na bpóilíní ag cuardach foraoise i dtuaisceart na Colóime i measc eagla atá ag méadú go bhféadfadh athair Diaz a bheith smuigleáilte trasna na teorann isteach i Veiniséala. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS reachtaíocht - legislation thar téarma - overdue málaí gainimh - sandbags oirthuaisceart - the north-east fuadaitheóirí - kidnappers achainí - appeal
Beidh cruinniú ag an gcomhlacht Boliden le ceardchumainn na n-oibrithe i Mianaigh na Treamhrach i gContae na Mí inniu tar éis gur theip orthu dáta a thabhairt ar a gcuirfí tús arís le gnáth oibríochtaí na Mianach.
Tá an Roinn Oideachais ag diúltú Aonad Speisialta do ghasúir le riachtanais speisialta a bhunú i scoil bheag Ghaeltachta i gContae na Gaillimhe.
Tuairiscitear go bhfuil ganntán de suas le dhá scór muinteoir i scoileanna i gContae agus i gCathair na Gaillimhe faoi láthair agus muid i bhfoisceacht cúpla seachtain de thús na scoil bhliana nua.
Cé go bhfuil aimsir na turasóireachta ag teannadh le deiridh, tá na bóithre fud fad na tíre, fíor-ghraitheach go deo i gcónaí. Ní scéal le ceantar amháin é faraor mar atá i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir.
Deir an Teachta Farrell go bhfuil ardú suntasach tagtha ar an méid daoine i gContae na Gaillimhe a mbéigean an chumhacht aibhléise a ghearradh orthu nó nach bhfuil abálta a gcuid billí leictreachais a íoc.
Fógraíodh inné go mbeadh 160 duine eile le scaoileadh ar bhonn sealadach óna bpoist ag Mianaigh na Teamhrach i gContae na Mí. Tá 800 scaoilte go sealadach le coicís anuas.
Tá dea-scéala faighte ag an gComhairleoir Dáithí Ó Cualáin faoin gceist go gcuirfí plean ceart le chéile chun dul i ngleic leis an gcontúirt do roinnt ceantair i gContae na Gaillimhe ó thaobh cúrsaí tuillte agus creimeadh cósta. Labhair sé le Cóilín Ó Neachtain.
Nochtfaidh Máire Mhic Giolla Iosa dealbh bráide do Mhicheál Ciosóig ar an gCarn i gContae an Chláir de Sathairn seo chughainn.
Ag cur síos ar an fhéile a bheas ar siúl i gContae na Mí an deireadh seachtaine seo chugainn.
‘Spáineann figiúirí ó dhaonáireamh na bliana anuraidh agus a foilsíodh an tseachtain seo gur tháinig titim ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i sé cheantar limistéar pleanála teanga i gContae na Gaillimhe, ceantar na nOileán ina measc.
Tugann Micheál Ó Drisleáin lá oibre sa tseachtain i ngáirdín orgánach i gCathair Urthaile i gContae an Chláir. Tá 800 planda illbhliantúil a fás agus ar díol ann.
Tháinig lucht turasóireachta i nGaillimh le chéile in ionad Wildlands i Maigh Cuilinn an tseachtain seo caite áit ar phlé siad na deiseanna atá sa gContae le forbairt a dhéanamh ar an tionscail.
Níor ghlac Bus Éireann ná Bonneagair Iompar Éireann fós le cuireadh ó Chomhairleoirí Contae na Gaillimhe teacht ós a gcomhair leis an tseirbhís bus poiblí atá ag freastal ar cheantair tuaithe sa gContae a phlé.
Tá fochoiste nua bunaithe ag Comhairle Contae na Gaillimhe le dul i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta iompair le cúrsaí tráchta agus páirceála i gContae na Gaillimhe. Labhair an Comhairleoir Contae Tomás Ó Curraoin le Cóilín Ó Neachtain.
Cuireadh clár na mbóithre a mbeidh caoi le cur orthu i gCeantar Chonamara faoi bhráid Chomhairleoirí Bardasacha inné. Tá os cionn cúig mhilliúin euró sa mbreis faighte ag Comhairle Contae na Gaillimhe i mbliana le caitheamh ar bhóithre agus ar bhealaí glasa sa gContae a dúirt stiúrthóir seirbhísí Derek Pender.
Tá ceann de na piontaí Guinness is saoire sa gContae agus sa tír dTigh Khitt anseo i nGaeltacht Chonamara.
Labhair an Teachta Ó Cuív faoin gcaoi is fearr a chreideann seisean le dhul i ngleic leis an bhfadhb atá le drugaí i gContae na Gaillimhe.
Deir Cumann Seirbhísí Foréigean Baile i gContae Dhún na nGall go bhfuil ardú tagtha ar an éileamh atá ar a gcuid seirbhísí le bliain.
Tá sé curtha in iúl ag ceannasaíocht an Gharda Síochána i nGaillimh go bhfuil siad ag déanamh socrú anois ó thaobh clinicí a eagrú ar na hoileáin i gContae na Gaillimhe nach bhfuil garda lonnaithe go lánaimseartha orthu. Labhair an Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnacha le Cóilín Ó Neachtain.
Tháinig an scéal chun solais inné go bhfuil 88 duine de lucht iarrtha tearmainn ag fanacht i gcampaí i gCnoc an Lisín i gContae an Chláir, an láthair chéanna ina raibh 80 fear ag fanacht an mhí seo caite.
Bhí os cionn 80 fear ag fanacht sna campaí ag an Ionad Soláthar Díreach ag Cnoc an Lisín i gContae an Chláir ó mhí Mheán Fómhair ach léiríodh go leor imní faoina coinníollacha ar an láthair thar an deireadh seachtaine.