POPULARITY
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireacht agus plandaí. Labhair Deirdre inniu faoi na plandaí a mheallann feiliceáin.
Labhraíonn Edel Ní Bhraonáin le Seán faoin bhféile Aon Scéal, a cuid oibre leis an bpobal, Gaelbhratach, na Gaeil Óga agus go leor eile.
Mír rialta faoi chúrsaí nádúr agus garraíodóireachta. Plé inniu ar an dóigh le haire a thabhairt do phlandaí agus do bhláthanna san aimsir mhaith, comhairle ar bhiatas a fhás, agus eolas ar na plandaí tí atá furast a fhás agus cúram a thabhairt daofa agus an planda umbrella.
Mír rialta le Deirdre ag tabhairt eolas agus comhairle maidir le cúrsaí garraíodóireachta agus nádúr, ag freagairt ceisteanna ón phobal agus ag tabhairt comhairle fosta ar an dóigh le hamharc i ndiaidh plandaí agus glasraí sa teas mhór.
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta.
Comhairle inniu faoin dóigh le haire a thabhairt do phlandaí agus do ghlasraí ag am go mbíonn teas mór ann agus eolas maidir leis an bhaol a bhaineann le cartáin.
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Inniu labhair Deirdre ar an dóigh le leas a chur ar a gcuid glasraí agus torthaí.
Mír rialta ag tabhairt comhairle faoi chúrsaí garraíodóireachta. Labhair Deirdre inniu faoin chaor throim, raidis agus an Lus Mór inniu.
Labhair Deirdre inniu faoi bhás a dheirfiúra, Máire Ní Bhraonáin le gairid. Thug sí comhairle fosta faoin dóigh le talamh portaigh fliuch a ullmhú le hábhar a fhás ann.
Labhraíonn Fódhla Ní Bhraonáin le Seán faoin méid atá bainte amach aici sa spórt, sa chraoltóireacht agus go leor eile.
Treasa Ní Bhraonáin, Oifigeach Caidrimh Poiblí Bád Tarrthála Árann. Tá ócáid á heagrú ag an eagraíocht Fiadh Irish Wolfhounds i nDúlainn an deireadh seachtaine seo ar mhaithe le Bád Tarrthála Oileáin Árann.
Tá dúbailt an sprioc bailithe ag Edel Ní Bhraonáin agus Clíodhna Ní Mhianáin lena bhfeachtas Tumsú don Phailistín agus beagnach €10,000 bailithe acu
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach.Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”.Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIStoghchán parlaiminte - parliamentary electiontubaiste toghcháin - electoral disasterdornán tíoránach - a handful of tyrantsdiagacht Chríostaí - Christian theologycumadóir amhrán - songwriterfuaim sainiúil - unique sound
Táthar ag dréim le scaifte ollmhór freastal ar thórramh an cheoltóra agus an t-amhránaí aitheanta Mháire Ní Bhraonáin inniu.
Labhair Andy inniu faoi na míreanna cartlainne atá ar fáil ar www.taisclann.ie faoi Mháire Ní Bhraonáin agus Clannad agus labhair Mícheal ar ócáid a bhéas ar siúl aige in Óstán Loch Altan i nGort a'Choirce faoi Sheanchas agus Scéalta faoi Naomh Dubhthach agus Oileán Dúiche.
Tháinig an scéal brónach aréir gur cailleadh an t-amhránaí agus ceoltóir iomráiteach as Gaoth Dobhair, Máire Ní Bhraonáin.
Mír rialta le Deirdre faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr ag caint inniu faoi gairleog fiáin, an bláth lus buí na Bealtaine agus an tábhacht a bhaineann le huisce a bheith amuigh d'éanacha le hól agus le hiad féin a nigh ann.
Tá thart ar 500 múinteoir bailithe le chéile ag comhdháil bhliantúil Chumann na Meánmhúinteoirí, an ASTI, ina measc Conall Ó Dufaigh, múinteoir i gColáiste Ráithín i mBré, i gContae Chill Mhantáin. Labhair sé le Máire Ní Bhraonáin.
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr. Labhair sí inniu faoi chrainn silíní agus na rudaí ar cheart a dhéanamh sa gharradh ag an am seo bliana agus cómhrá faoi bhiatais chomh maith agus na húsáidí gur féidir a bhaint as.
Mír rialta faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr ag díriú inniu ar na bumbóga agus na plandaí atá maith daofa agus fosta bláthanna maithe le dath a chur sa gharraí faoin am seo bliana agus cur síos ar an luibh, síobhas.
Mír rialta faoi chúrsaí nádúr agus garraíodóireachta ag caint inniu ar an dóigh a bhfuil an athrú aimsire ag cur isteach ar an nádúr, an t-éan an tiuf-teaf atá anseo sa tír anois ag fógairt an earraigh agus comhrá faoin phlanda an caiméilia.
Mír rialta le Deirdre faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr. Ag caint inniu ar an bhrocailí corcra agus ar na glasraí eile is fearr le cur faoin am seo bliana.
Mír seachtainiúil faoi chúrsaí garraíodóireachta agus nádúr. Ag caint inniu faoi phór prátaí agus ag ullmhú talamh le prátaí a chur.