Podcasts about oile

  • 60PODCASTS
  • 453EPISODES
  • 14mAVG DURATION
  • 5WEEKLY NEW EPISODES
  • Jun 19, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about oile

Latest podcast episodes about oile

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Diarmuid Ó Drisceoil

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Play Episode Listen Later Jun 19, 2026 34:02


Labhraíonn Diarmuid Ó Drisceoil le Seán faoin shaothar scríofa, scéalaíocht agus stair, a leabhar nua 'Blúirí Oileánda' agus go leor eile.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Diarmuid Ó Drisceoil; Blúirí Oileánda

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jun 16, 2026 14:18


Tá a leabhar nua 'Blúirí Oileánda' foilsithe, agus an leabhar dírithe ar ghnéithe de stair agus stair shóisialta Chléire

RTÉ - An Saol ó Dheas
Seánas Guithín.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jun 3, 2026 19:25


Duine d'amhránaithe bhreátha Chorca Dhuibhne, ó Bhaile an Éanaigh ó dhúchas. É i stiúideó Chorcaí ag trácht ar a shaol i gCorcaigh. Amhrán: Oileán Dhún an Óir.

dh amhr oile bhaile duine gcorcaigh chorca dhuibhne
Splanc
Splanc Mínithe: Oileán Chléire

Splanc

Play Episode Listen Later May 29, 2026 15:46


Labhraíonn Niamh Ní Dhrisceoil le Cuán faoi Oileán Chléire agus saol ar oileán.

chl oile labhra n chl
RTÉ - Barrscéalta
Niamh Ní Dhubhgáin.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 22, 2026 5:55


Beidh plúr na gceoltóirí agus craic iontach ar Oileán Thoraí an deireadh seachtaine seo agus Feis Thoraí agus Féile Jimí Mhairí Bhillí ag ceiliúradh cúig bliain is fiche a bunaithe. Labhair Niamh Ní Dhubhgáín linn ar maidin agus í ag caitheamh súil chun cinn ar an fhéile.

RTÉ - Barrscéalta
Neilly Caomhánach ó Oileán Aráinn Mhór.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 21, 2026 14:01


Ón chéad lá de mhí Mheithimh ar aghaidh ní bheidh cead ag iascairí greim a fháíl ar níos mó ná trí dheargóg. Má bheirtear ar dheargóg ar bith eile i ndiaidh don iascaire greim a fháil ar thrí cinn beidh orthu an t-iasc a chur arais san fharraige.

inns oile mheithimh
RTÉ - Barrscéalta
Denis Ó Domhnaill.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 20, 2026 7:15


Beidh Féile Siúlóide Oileán Árainn Mhóir ar siúl an deireadh seachtaine seo agus clár ama breá tarraingteach curtha le chéile

denis mh oile domhnaill
RTÉ - Adhmhaidin
Enda Ó Conghaile, Comharchumann Acmhainní Mara Oileáin na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 19, 2026 5:14


Tá fo-dhlí nua ag teacht i bhfeidhm ó thús na míosa seo chugainn nach mbeidh cead níos mó na trí mhangach a thógáil in aghaidh an lae.

Nuacht Mhall
16 Bealtaine 2026 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 16, 2026 6:20


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D'admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d'fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b'éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D'fhág an long darb ainm ‘Ambition' Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomh-aireacht - cabinet (politics)feisire - MPearnáil craoltóireachta - broadcasting sectorléargas - insightcúram éigeandála - emergency careiniúchadh - investigation

RTÉ - Barrscéalta
Fíona Ní Ghloinn.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 15, 2026 6:29


Labhair Fiona linn faoi Fhéile Roise Rua a bhéas ar siúil ar Oileán Árainn Mhór an deireadh seachtaine seo.

RTÉ - Iris Aniar
John Ó Cuireáin, ceannaire oibreachtaí le Muintearas.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 13, 2026 8:03


John Ó Cuireáin, ceannaire oibreachtaí le Muintearas. Scéim phíolótach le seirbhísí don óige á chur ar fáil ar Oileáin Árann.

RTÉ - Adhmhaidin
John Mac Eamharcaigh, Oileán Árainn Mhór.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 8, 2026 5:17


Tá sé tábhachtach línte agus comharthaí a chur in áit ag Céidh na Leibhe Gairbhe ar Oileán Árainn Mhór, a dúirt Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta an Oileáin John Mac Eamharcaigh.

RTÉ - Adhmhaidin
Mark Wringe, Samhail Mór Ostaig, Oileán Sciathánach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 7, 2026 5:18


Beidh pobal na hAlban ag caitheamh vóta inniu don Phairlimint I nDún Éideann.

oile beidh halban
RTÉ - Adhmhaidin
Pádraig Ó Conghaile, Coiste Chéibh an Chaladh Mhóir.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 6, 2026 4:53


Tá feachtas seolta ag Coiste Céibh an Chaladh Mór in Inis Meáin ag míniú an phráinn atá leis go bhforbrófaí Cuan Sábhailte ar an Oileán.

RTÉ - Iris Aniar
Treasa Ní Bhraonáin, Oifigeach Caidrimh Poiblí Bád Tarrthála Árann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 6, 2026 8:58


Treasa Ní Bhraonáin, Oifigeach Caidrimh Poiblí Bád Tarrthála Árann. Tá ócáid á heagrú ag an eagraíocht Fiadh Irish Wolfhounds i nDúlainn an deireadh seachtaine seo ar mhaithe le Bád Tarrthála Oileáin Árann.

RTÉ - Barrscéalta
John Mac Eamharcaigh, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhóir.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 28, 2026 4:50


Labhair John ar thionscnamh úr atá ar bun ag an ghrúpa The Lions Club, ‘Teachtaireacht i mBuidéal' sa chontae faoi láthair agus go bhfuil Comharchumann Forbartha agus Fostaíochta Oileán Árainn Mhór ag iarraidh tairbhe a bhaint as an tionscnamh seo.

RTÉ - Iris Aniar
Pádraig Ó Fátharta, ó Choiste Chomórtas Peile Oileáin na hÉireann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 20, 2026 7:26


Beidh Comórtas Peile Oileáin na hÉireann ar bun in Inis Mór Oileáin Árann ag an deireadh seachtaine.

RTÉ - Barrscéalta
Andy Caomhánach agus Micheál Ó Domhnaill.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 16, 2026 10:55


Labhair Andy inniu faoi na míreanna cartlainne atá ar fáil ar www.taisclann.ie faoi Mháire Ní Bhraonáin agus Clannad agus labhair Mícheal ar ócáid a bhéas ar siúl aige in Óstán Loch Altan i nGort a'Choirce faoi Sheanchas agus Scéalta faoi Naomh Dubhthach agus Oileán Dúiche.

mh agus miche clannad oile domhnaill n bhraon
RTÉ - Iris Aniar
Máire Ní Neachtain, as an Spidéal & Liam Ó Maoldhia, ó Galfchumann Oileáin Chonamara

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 10, 2026 18:21


Mír ómóis: Peadar Ó Treasaigh as Baile an Domhnalláin sa Spidéal.

baile spid domhnall oile neachtain chonamara
Kerry Today
Oileán na nÓg: New Playground for Dún Chaoin - March 5th, 2026

Kerry Today

Play Episode Listen Later Mar 5, 2026


RTÉ - Barrscéalta
Cartlann Na Céadaoine.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 4, 2026 6:55


Áine Ní Churráin i mbun cainte le Owenie Ó Duibhir a rugadh i nGabhla ag caint ar an leictreachas agus an uisce reatha a beith ar fail ar an Oileán agus ansin píosa gairid le fear eile de bhunadh an oileáin, a bhí sa bhaile as Londain, Freddy Mac Aoidh nó Freddy Ned.

oile londain
RTÉ - Iris Aniar
Tríona Nic Fhionn, Oifigeach Oideachais don Óige i gCúrsaí ETIM

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 3, 2026 9:17


Beidh daltaí Scoil Eoin Pól II in Inis Mór Árainn ag glacadh páirte sa togra inbhuanaitheachta; Oileáin Chliste: Níos Faide ná na Droichid.

oile beidh inis m
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Feb 26, 2026 20:51


[English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas do Sheosamh Céitinn. D'fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Katie Whelan agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] This is the first short story collection by Seosamh Céitinn. An unexpected kiss; a teenager stumbles across a valuable object in the Burren; tense penalty shootouts; a young contestant on Who Wants to Be a Millionaire?; amateur actors stepping onto the stage for the very first time—and plenty more. This is a captivating collection that takes readers on a variety of journeys: back to the author's childhood in Cork; to faraway cities like Sydney, Manchester, and London; to the remote Scottish island of Barra; into the General Post Office during the Easter Rising of 1916; and to a haunting massacre site in 1914. Seosamh Céitinn was born and raised in Cork City. He attended University College Cork, where he earned both a BA and an MA in Modern Irish before completing a Higher Diploma in Education. He spent over thirty years teaching Irish in Athlone before retiring in 2022. He published his first book, Tomás Oileánach, in 1992, about the well- known Irish-language writer Tomás Ó Criomhthain. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Katie Whelan and Jody Buckley-Coogan

RTÉ - Barrscéalta
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 25, 2026 5:24


Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta agus teicneolaíochta, plé inniu ar 200 post úr in earnáil na teicneolaíochta i nDún na nGall agus i nDoire agus faoi leathanbhanda a bheith ar fail anois faoin Nasc faoin Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ar fáil anois ar Oileán Thoraí.

fear thora nasc oile ngall ndoire
RTÉ - Iris Aniar
Paula Ní Loideáin, Oifigeach Turasóireacht Chosta Gaelach Chonamara agus Árann

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Feb 23, 2026 5:13


Béidh suas le 120 gnó áitiúil as Conamara agus Oileáin Árann ag teacht le chéile i Wildlands i Maigh Cuilinn an tseachtain seo chugainn don ócáid turasóireachta atá á eagrúag Costa Gaelach Chonamara agus Árann.

wildlands agus rann loide turas oile conamara gaelach chonamara
RTÉ - Barrscéalta
Clár ómóis faoin t-iar-Chomhairleoir Contae Pádraig Ó Dochartaigh, Pádraig Chití Tim, as Gaoth Dobhair, a fuair bás inne.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 19, 2026 56:12


Páirteach sa chlár seo i gcuimhne ar Phádraig bhí iar-pholaiteoirí a d'obair leis ina shaol poiblí, iar-chomhghleacaithe óna am mar mhúinteoir scoile agus mar úinéir an bháid farantóireachta An Tor Mór, roinnt de phobal Oileán Thoraí a chaith Pádraig bliantaag freastal orthu, iar Bhainisteoir Réigiún Údarás Na Gaeltachta i nDún na nGall.

inne chit thora draig oile dochartaigh ngall gaoth dobhair
RTÉ - Adhmhaidin
Enda Ó Conghaile, Comharchunann Acmhainní Mara Oileán na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 10, 2026 7:54


Tús le cur le feidhmiú rialacháin nua in Éirinn a imreoidh tionchar ar dhaoine a bhíonn ag iascaireacht mar chaitheamh aimsire.

RTÉ - Iris Aniar
Pádraig Bairéad, Bainisteoir Gníomhaíocht Fuinneamh An Iarthar & Avril Ní Shearcaigh , Bainisteoir Chomharchumann Fuinneamh OIleáin Árann

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Feb 3, 2026 17:45


Fograíodh an tseachtain seo caite go bhfuiltear le cur leis na deontais atá ar fáil le huasghrádú fuinnimh a dhéanamh ar thithe.

Irish with Mollie
#40 Diarmaid Ó Maolagáin - The Gaeltacht in Canada

Irish with Mollie

Play Episode Listen Later Jan 20, 2026 51:56


Is iarr Thánaiste do Ghaeltacht an Oileáin Úir é Diarmaid Ó Maolagáin - Diarmaid Ó Maolagáin was the Vice-President of the "New Island" Gaeltacht in Tamworth, Ontario.“A small community is drawn here, to a small patch of land in a tiny Ontario town where Gaelic acts as a lifeline to their history, their culture and to the Emerald Isle itself. This is the Canadian Gaeltacht.”— Susan Krashinsky, Canadian Broadcasting Corporationwww.gaeilge.caD'fhoghlaim sé a chuid Ghaelainne i gCeanada chun ceangal a dhéanamh len' dhúchais - He learned his Irish in Canada to make a link with his heritage. Fuair sé pobal láidir Gaelach agus d'fhoghlaim sé as bheith páirteach le himeachtaí tumoideachas agus sa tighe tabharnaí ag labhairt le cainteoirí líofa - He found a strong Irish community and he learned being part of immersive activities and in the pub speaking with fluent speakers.  Nuair a ghlac sé ról an Tánaiste bhí sé mar chuspóir aige an Ghaelainn a spreagadh - When he took up the role of Vice-President it was a goal of his to spread the language, agus mar sin thar aon rud éile bhí fonn múinteoireachta air - and therefore above all the desire to teach was on him. Thosnaigh sé ag múineadh tríd an Ghaeltacht agus théis tamaill thosnaigh sé ag múineadh ar a shon fhéin - He started to teach through the Gaeltacht agus after a while, for himself.  Anois tá sé ag múineadh agus ag freastal ar scoil chun céim a fháil sa Cheol Ceilteach - Now he is teaching and attending school to get a degree in Celtic Music. Oibríonn sé fós leis an nGaeltacht chun imeachtaí a eagrú - He still works with the Gaeltacht to organise events. Cuireann sé gliondar ina chroí go bhfuil sé in ann tacaíocht a thabhairt do fhoghlaimeoirí agus gur féidir leis cairdeas a dhéanamh tríd an teanga - It puts delight on his heart to be able to give support to learners and make friends through the language, agus tá sé ag tnúth le coinneáil ar aghaidh ag foghlaim agus ag labhairt na Gaelainne - and he is looking forward to carrying on learning and speaking Irish!Connect with Diarmaid here :) @gael_ceanadachGo raibh míle maith agat, a chara! Thanks a million, friend. Thaitin ár gcomhrá go mór liom - I really enjoyed our conversation!

canada vice president irish ontario cad gaelic emerald isle tamworth gaeltacht celtic music new island diarmaid oile ghaeltacht nuair gaelach ngaeltacht cuireann
RTÉ - Adhmhaidin
Avril Ní Shearcaigh, Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 16, 2026 5:12


Bhí ardú suntasach ar líon na gCarranna nua leictreach a díoladh in Iarthar na hÉireann i 2025.

Nuacht Mhall
10 Eanáir 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 10, 2026 5:59


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d'oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair. Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d'Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine.  Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpróiseas aistrithe cumhachta - power transfer processcompún - compoundfoláireamh - alertraic - debristachráin - small kidsiompraí cainíneach - canine behaviourist

donald trump science pr arizona amsterdam seo nicholas maduro ach bh ean gaeilge met office cilia flores uachtar oile conradh ngall londain aontaithe heorpa inniu nua eabhrac eoraip chuir corcaigh breataine gciarra nuacht mhall
RTÉ - Iris Aniar
Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin & Bríd Ní Dhonncha, Príomhoide Choláiste Ghobnait in Inis Oírr.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jan 7, 2026 9:10


Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin in Inis Meáin & Bríd Ní Dhonncha, Príomhoide Choláiste Ghobnait in Inis Oírr. Tá scoláirí ó Choláiste Naomh Eoin agus ó Choláiste Ghobnait in Oileáin ag glacadh páirte i gcomórtas Eolaí Óg na bliana seo. Cuirfear tús leis an bhféile san RDS inniu.

pr eoin rds iste fh chol oile eola inis o cuirfear
RTÉ - An Saol ó Dheas

Ag caint faoin gclár faisnéise atá aige – Oileán Glas, Fásach Bán.

RTÉ - Barrscéalta
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 10, 2025 7:29


Chas Ionadaithe poiblí Dhún na nGall le Bord Bainistíochta Ghairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór an tseachtain seo le héilimh an Bhoird maidir le plean forbartha don scoil a phlé agus i measc na n-ionadaithe bhí Path the Cope.

cope dh mh oile ngall teachta d
RTÉ - Adhmhaidin
Gráinne Ní Aodha, PA Ireland.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 8, 2025 5:24


An tuarascáil nua de chuid an ESRI atá mar chuid de thogra an Oileáin Chomhroinnte.

RTÉ - Barrscéalta
Denis Ó Dónaill as Uileann, Oileán Árainn Mhór.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 11, 2025 7:00


Ceapadh Denis Ó Dónaill as Uileann, Oileán Árainn Mhór mar Oifigeach Turasóireachta ag Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Árainn Mhór ar an Bhealach Gorm idir Ailt a Chorráin agus Árainn Mhór. Tá sé ag obair le Fáilte Eireann agus grúpaí éagsula a chuireann lóistín, imeachtaí agus caithimh aimseartha ar fáil sa dá cheantar.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Páidí Ó hIarlaithe

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 10, 2025 8:40


Sonraí an mháistirphlean aige atá curtha le chéile do Oileán Ciarraí ag an gComhairle Contae

RTÉ - Iris Aniar
Eimear Ní Cheallaigh agus Alana Ní Iarnáin, as Inis Mór Oileáin Árann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 4, 2025 5:43


Fuair siad an chéad áit sa gcomórtas agallaimh beirte do dhaoine óga idir 6-9mbliana d'aois ag Oireachtas na Samhna 2025.

RTÉ - Adhmhaidin
Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir, Comharchumann Oileán Thoraigh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 23, 2025 5:20


Cuirfear tús le Seirbhís Héileacaptair an Gheimhridh go hOileán Thoraigh inniu.

oile hoile cuirfear
RTÉ - An Saol ó Dheas
Paudie O'Connor

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 23, 2025 5:34


Ceoltóir atá ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine nuair a bheidh Féile Phádraig Uí Chaoimh ar bun in Oileán Chiarraí.

oile ceolt
RTÉ - Adhmhaidin
Dónal Ó Colla - Leas Chathaoirleach Choiste na nOileán i nDún na nGall.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 21, 2025 4:46


D'fhreastal Dónal Ó Colla, Leas Cathaoirleach Choiste na nOileán ar a chéad chruinniú den Choiste le gairid. Thug sé le fios go bhfuil dul chun cinn a dhéanamh ar Oileán Inis Bó Finne le blianta beaga anuas ach go bhfuil sé tábhachtach oibreacha cothmhála a dhéanamh ar an Chéidh, Balla Cosanta a thógáil agus an bealach go dtí'n Traigh a choiriú.

RTÉ - Adhmhaidin
Eddie Joe Mac Aoidh, Coiste na nOileán, Comhairle Contae Dhún na nGall.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 15, 2025 4:57


Ní bheidh uisce ar Oileán Ghabhla go dtí'n bhliain seo chugainn ar a luaithe de réir eolais a tugadh ag cruinniú de Choiste na nOileán inné.

oile joe mac comhairle noile ngall
RTÉ - Adhmhaidin
John Mac Eachmharcaigh, Bainisteoir Chomharchumann Forbartha agus Fostaíochta Árainn Mhór.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 10, 2025 4:55


Beidh clúdach leathanbhanda snáthoptaice ar fud Oileán Árainn Mhór faoi lár na míosa seo, rud a bheas ina bhuntáiste mór do bhunadh an oileáin, a dúirt sé.

Nuacht Mhall
20 Meán Fómhair 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 20, 2025 7:36


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) Butch Cassidy and the Sundance Kid agus The Way We Were. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, agus chuidigh sé le scannánóirí neamhspleácha Meiriceánacha a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Chloé Zhao, Quentin Tarantino, agus Richard Linklater. Chomh maith lena chuid oibre scannánaíochta, bhí cáil ar Redford as a dhíograis don ghníomhaíocht chomhshaoil.Rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. I gCaisleán Windsor, tionóladh ceann de na searmanais mhíleata is mó i gcuimhne na ndaoine do cheannaire eachtrach ar cuairt. Lasmuigh den chaisleán, áfach, mháirseáil na mílte agóideoir chun cur i gcoinne na cuairte. Bhí comharthaí ag roinnt agóideoirí a raibh manaí scríofa orthu, lena n-áirítear “ní hea don chiníochas”, “ní hea do Trump” agus “stop ag armáil Iosrael”. Ag preasagallamh leis an bPríomh-Aire, Keir Starmer, dúirt Trump nach raibh sé i bhfabhar pleananna na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint agus mhol sé úsáid fórsa míleata chun cosc a chur ar inimircigh teacht isteach sa tír.Tá sampla neamhchoitianta de shéadchomhartha deasghnátha ón gCré-Umhaois aimsithe ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo. Bhí an t-ailíniú cloiche i bhfolach ag crainn ársa a leagadh síos le linn Stoirm Éowyn níos luaithe i mbliana. Rinneadh an fhionnachtain le linn turas seandálaíochta le mic léinn Mheiriceánacha ar cuairt ó Ollscoil Notre Dame in Indiana. Bhí na mic léinn ar thréimhse thar lear in Ollscoil na Gaillimhe agus i Mainistir Choill Mhór. Tá raidhse séadchomharthaí agus dúnta réamhstairiúla ar Oileán Acla ach tá an suíomh Cré-Umhaoise seo atá ag breathnú amach ar Chuan Mó ar cheann de na cinn is suntasaí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgníomhaíocht chomhshaoil - environmental activismpreasagallamh - press conferenceséadchomhartha deasghnátha - ritual monumentan Chré-Umhaois - the Bronze Agefionnachtain - discoverydúnta réamhstairiúla - prehistoric forts

RTÉ - Iris Aniar
Enda Ó Conghaile, ó Chomharchumann Achmhainní Mara Oileáin na hÉireann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 15, 2025 7:48


Enda Ó Conghaile, ó Chomharchumann Achmhainní Mara Oileáin na hÉireann. Tá imní ar Chumann Táirgeoirí Éisc na hEorpa faoin thionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na beartais nua atá i gceist ag an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm ar an earnáil iascaireachta.

enda oile heorpa aontas eorpach
RTÉ - Barrscéalta
Príomhoide Gairmscoil Mhic Diarmada ar oileán Árainn Mhór, Derval Newman agus an múinteoir Sally Nic Eamharcaigh.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Sep 11, 2025 4:58


Tá ócáid ar siúl i nGairmscoil Mhic Diarmada ar oileán Árainn Mhór inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar chúig bliana déag is fiche ó osclaíodh an scoil.

RTÉ - Adhmhaidin
Nóra Flanagan - Oifigeach Caidrimh Phoiblí Bhád Tarrthála Árainn Mhór.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 7, 2025 4:36


Tá súil ag criú Bhád Tarrthála Árainn Mhór go mbeidh a mBád Tarrthála an Myrtle Maude ar ais acu ar an Oileán roimh dheireadh na míosa seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Cormac Ó Comhraí, Staraí.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 28, 2025 4:46


Tá léiriú ar an saol ar thrí Oileán Árann san 19ú céad, i measc na dtaifead ar dhaonáireamh 1821 atá le fáil anois i Leabharlann Fíorúil na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin
Roibeard Ó Brosnacháin - Comhairleoir Contae i gCiarrai.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 11, 2025 5:36


Bhí rún fé bhráid chruinniú Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne is Oileán Ciarraí inné ag an gcomhairleoir Roibeard Ó Brosnacháin ag iarraidh ar Chomhairle Chontae Chiarraí go bhféachfaí aríst ar na srianta atá ar fheithiclí áirithe dul thar Conair idir an Leithriúch is an Daingean.

RTÉ - Adhmhaidin
Anna Suttcliffe agus Colm Mac Eamharcaigh ó Oileán Acla chomh maith le Pádraig Ó Conchúir ón gcomhlacht NBI.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 10, 2025 5:38


Inné, reachtáil an eagraíocht Leathanbhanda Náisiúnta Eireann nó NBI, comhlacht atá ag cur an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) i bhfeidhm, ócáid in Acaill leis na chéad naisc le leathanbhanda snáithín ardluais ar an oileán iargúlta a chomóradh.