Clár irise an Deiscirt á chur i láthair ag Helen Ní Shé / Mícheál Ó Sé / Aogán Ó Muircheartaigh agus á léiriú ag Dara Ó Cinnéide. Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan

Ceol Éireannach agus Eorpach le Gerry O' Connor, Kathleen Dineen, Matthias Deger agus Mattias Spoerry.

Pléisiúir aite an tsaoil leis an mbeirt seo inniu.

Bunmhúinteoir agus amhránaí ó Chill Chuáin ag caint ar cheol, an Samhradh agus a bheith ag taisteal go coirmeacha ceoil.

Cathaoirleach Chumann Rámhaíochta an Daingin agus Regatta an Daingin. Beidh an tAire Mara Timmy Dooley ar cuairt ar an regatta an deireadh seachtaine seo.

A bpíosaí ealaíne, mar aon le healaín Áine Uí Chíobháin le feiscint i dTeach Damhsa ar an nGlaise Bheag.

Beachaire ó Fheirm Mheala na nGaibhlte, Contae Thiobrad Árann ag caint ag Daonscoil na Mumhan faoina cheird.

Clár beo ó Dhaonscoil na Mumhan, á chraoladh ó Choláiste na Rinne

Éachtaint ar na buntáistí a bhaineann le bheith páirteach i meitheal mar seo.

A thuairimí maidir le conas is féidir bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar na cnoic. Ana chuid tinte sléibhe tarlaithe le déánaí, thar lear agus ar Shliabh na mBan anseo in Éirinn

Éachtaint ar cad a bheidh ar siúl ag Féile Cheoil na Fiacaile na bliana seo, agus tús curtha leis an bhFéile ón Luan

An bheirt acu ag trácht ar na rudaí beaga naifeasacha a thugann ardú croí dóibh

Bhí sé mar chuid de thoscaireacht a thug turas ar Oifigí BhonnEagar Iompair Éireann le déanaí , agus iad ag lorg níos mó infheistíochta do bhóithre Chiarraí. Míshástacht sa Daingean an Samhradh seo arís maidir le cúrsaí páirceála agus tráchta, an bhfuil aon réiteach ar seo?

Tá deontas do €23,000 fachta ag An Díseart ó An Chomhairle Oidhreachta, chun suirbhé a dhéánamh chun go mbeidh siad ábalta plean caomhnaithe a leagadh amach.

A leabhar ‘Leabhar Sheáin na Cille' curtha i gcló ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Éachtaint ar cén saghas duine ab ea Seán Mac Criomhthain

Ómós á thabhairt ag Seán Ó Ceallaigh dá chara Liam Ó Néill, Iar-Uachtarán an CLG, atá imithe ar shlí na fírinne

Súil chun cinn ar imeachtaí na féile, forbairtí Halla John L, agus blaiseadh den saibhreas atá sa leabhar nua 'Amhráin ó Lios Póil'

Rúnaí Chairde Éanlaithe Éireann i gCo. an Chláir ag caint ar an bhfeadóigín cladaigh atá ag neadú i gCuan a' Choill i bParóiste an Fheirtéaraigh faoi láthair.

Veidhleadóir clasaiceach agus traidisiúnta i gCorca Dhuibhne faoi láthair, ag seinmt in AIRT.

Máthair Chaptaen Fhoireann Sinsear caide Ban Chiarraí, Síofra Ní Shé ag caint ar chluiche ceannais na mBan Dé Domhnaigh.

Ómós don t-amhránaí agus ceoltóir Glen Hansard atá imithe ar shlí na fírinne. A dhlúth chairde ag roinnt a gcuimhní ar a gcara Glen. Siobhán Ní Bheaglaoich, Philip King, Liam Ó Maonlaí, Máire Uí Bheaglaoich agus Peadar Ó Riada

Tá sí ar saoire sa dúthaigh ó Bhaile Ghib fé láthair. tá an leabhar 'Cnuasach Dánta agus Smaointe' le John Joe Ó Caomhánaigh foilsithe ag Coiste Leabhar Bhaile Ghib

Bhí seans ag Mickey Ned Ó Súilleabháin Corn Sam Mhic Uidhir a árdach i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn, ní raibh deis aige san a dhéanamh i 1975 agus é ina chaptaen ar Chiarraí ach a mbuadar ar Bhleá Cliath, toisc go mbaineadh den ngort é agus é leagaithe amach.

Tá fiche bliain caite acu beirt i mbún trachtaireachta ar an Tour de France

É ag trácht ar na dúshláin a bhaineann le cúrsaí sábháilteachta ar na bóithre na laethanta seo

Tá Maude tar éis filleadh abhaile chun cabhrú lena máthair Adrienne i dTigh Bhric ar an Riasc.

Beidh mná na Ríochta i gCluiche Ceannais na h-Éireann ar an nDomhnach

Clár ó thábhairne Chaptaen Fhoireann Sinsear Caide Chiarraí lena chlann, cairde agus cuid do lucht caide na leithinise

Píobaire aitheanta ó Sheantreach, Áth Cliath, a bhí ag seinmt in ionad ealaíona AIRT aréir.

Ón nDúglas ó dhúchas. Cnoc Bréanainn curtha do aige i 35 nóimeant i rás de chuid IMRA Dé hAoine seo caite.

Bainisteoir Tionscadail Chomharchumann Chléire ag caint ar dhá thig nua faidtéarmacha a bheidh le fáil ar an oileán a bhuí le deontas ón gComhairle Contae.

Captaen Fhoireann Sinsear Caide Chiarraí ag caint le Dara Ó Cinnéide.

Páid Ó Neachtain agus an Comhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin.

Tá sé buartha go bhfuil mí úsáid á bhaint ag daoine óga sa chontae ocsaíd Nítriúil. Gá le linn snámha poiblí i nDún Garbhán

Labhair Diarmuid le Dara Ó Cinnéide ag preas ócáid a bhí ag Foireann Shinsir Caide Chiarraí ag an ndeireadh seachtaine

Cuireadh tús inné leis an Seachtain Náisiúnta Sábháilteacht Feirme.

Ag trácht ar an bPlean Uile-Éireann a bhaineann leis an bpailniú

Glacadh lena rún inné ag cruinniú na Comhairle-go raghfaí i dteangmháil leis an Aire Sláinte agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Iar Dheisceart chun an scéal is déanaí a fháil maidir le cá seasann cúrsaí earcaíochta in Óspidéal Pobail Chorca Dhuibhne

Mórtas pobail ar mhuintir Chiarraí Theas agus Ciarraí cáilithe do Chraobh na hÉireann ar an nDomhnach seo chughainn