Podcasts about conradh

  • 53PODCASTS
  • 605EPISODES
  • 10mAVG DURATION
  • 5WEEKLY NEW EPISODES
  • May 30, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about conradh

Latest podcast episodes about conradh

Nuacht Mhall
30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 30, 2026 7:13


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D'inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire. Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearánach - complainantcúiseamh éignithe - accusation of rapeleáiteach - meltingmeánteochtaí - average temperaturesbuabhall ailbíneach - albino buffalodos gruaige - tuft of hair

donald trump pr donaldson bh eid mh copernicus zn 3c dhaka agus dup sna adha aer gaeilge 7c phl 6c bealtaine uachtar conradh jeffrey donaldson darach theas ngall londain aontaithe inniu heorpa eoraip nuacht mhall
Nuacht Mhall
24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 24, 2026 8:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhi Bealtaine, Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ni LoinsighThascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d'Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIS

israel pr gaza arsenal leeds manchester city budapest rs bournemouth bh buckingham thug paris saint germain gunners mh hammersmith inni mbl rann phr gaeilge itamar ben gvir tarl bealtaine uachtar docht conradh sasana labhair london irish centre londain aontaithe gaelach chonradh irish cultural centre cuireadh tuachtar breataine nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Cormac Ó Dualacháin, Abhcóide Sinsireach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 19, 2026 6:37


“Ní chun leas na teanga ná na heagraíochta é go mbeadh Conradh na Gaeilge ag ‘gníomhú i dtreo Éireann Aontaithe” - a dhearcadh ar sheasamh Chonradh na Gaeilge ar an gceist.

cormac gaeilge conradh aontaithe chonradh
Nuacht Mhall
16 Bealtaine 2026 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 16, 2026 6:20


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D'admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d'fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b'éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D'fhág an long darb ainm ‘Ambition' Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomh-aireacht - cabinet (politics)feisire - MPearnáil craoltóireachta - broadcasting sectorléargas - insightcúram éigeandála - emergency careiniúchadh - investigation

Léargas: A Podcast by Gerry Adams
The Disunited Kingdom | The Irish Language and Irish Unity | Marwan Barghouti – A Resolute Defender of Freedom

Léargas: A Podcast by Gerry Adams

Play Episode Listen Later May 14, 2026 15:54


The Disunited KingdomAt the time of writing this week's column Keir Starmer is still the Leader of the British Labour Party and Prime Minister. On Monday he delivered a ‘Save Keir Starmer' speech which may or may not work for him. Can he survive the voices of opposition within Labour? That is a matter for his party.The reality is that his leadership of Labour and its success in the 2024 general election had little to do with Starmer and more to do with voters' deep antipathy toward the Conservative party. With a landslide victory and a massive majority of 174., Starmer was given a mandate to right the wrongs of a decade of Tory mismanagement and corruption, and of the Brexit debacle.Instead and in just 23 months Starmer has lost the confidence of the vast majority of the electorate in Britain. His funding of public services in the North is disgraceful; his government's abject failure to tackle the cost of living crisis; or his bizarre and stupid appointment of Peter Mandelson to the post of Ambassador to the USA, have cost Labour dearly. Allied to these has been his shameful support for Israel's genocidal war against the Palestinian people. Consequently, Starmer is now reputedly the most unpopular British Prime Minister since opinion polling began decades ago.The Irish Language and Irish UnityWell done to Conradh na Gaeilge on the publication of its report – ‘A United Ireland: A Transformative Opportunity for the Irish language and Gaeltacht.' The report, written by Roisin Nic Liam, a researcher at Queens University, is an insightful examination of how the Irish Language has been traditionally viewed in the context of Irish Unity and its place in the growing conversation now taking place on unity. It accepts that “comprehensive planning is required in order to clarify what a united Ireland might look like. Such clarity would ensure that the people of Ireland are able to make an informed decision about the future of the country. Central to this discussion is the question of the Irish language.”Marwan Barghouti – A Resolute Defender of FreedomAfter 24 years the continued imprisonment of Palestinian Leader Marwan Barghouti is more than a punitive act of judicial oppression by Israel. It is a calculated strategic decision to prevent the emergence of a united Palestinian leadership. Barghouti is widely recognised among Palestinians as the leader who can unite the various Palestinian groups and provide a united, coherent political strategy to challenge Israel's occupation of the Palestinian territories and its genocidal policy in Gaza.For more than 50 years Marwan Barghouti has been part of the struggle against Israel's apartheid regime, its brutality and occupation of Palestine. He was born in 1959 in the west Bank. When he was eight years old the 1967 war resulted in Israel occupying the west Bank, East Jerusalem and the Gaza Strip. It was under this military occupation that Marwan grew up.

Highlights from Newstalk Breakfast
What's causing students not to sit the Irish leaving cert exams?

Highlights from Newstalk Breakfast

Play Episode Listen Later May 14, 2026 3:15


Conradh na Gaeilge will appear before the Oireachtas to protest the lack of Irish-medium education. This comes following record-breaking numbers of Irish exemptions in schools. Julian De Spáinn, Ard Runaí of Conradh na Gaeilge joins Ciara Doherty.

Newstalk Breakfast Highlights
What's causing students not to sit the Irish leaving cert exams?

Newstalk Breakfast Highlights

Play Episode Listen Later May 14, 2026 3:15


Conradh na Gaeilge will appear before the Oireachtas to protest the lack of Irish-medium education. This comes following record-breaking numbers of Irish exemptions in schools. Julian De Spáinn, Ard Runaí of Conradh na Gaeilge joins Ciara Doherty.

Nuacht Mhall
9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 9, 2026 8:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987,  le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISráig - outbreakcreimirí - rodentsan Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisationmaoiniú - fundinglogainmneacha - placenamesfrith-Éireannach - anti-Irishcraoltóir - broadcasterrialtóir - controller

earth pr bbc chan sh david attenborough ruanda aig bbc2 buna gaeilge bealtaine conradh banr ollscoil feirste roinn londain aibre inniu eoghain hoile chuaigh nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 5, 2026 13:54


Seolfar taighde úr inniu a dhéanann scrúdú agus anailís ar ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe ag ócáid a bheas ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar maidin. B'iad Conradh na Gaeilge a choimisiúnaigh an taighde.

mb ciar gaeilge uachtar conradh banr ollscoil feirste aontaithe chonradh
Nuacht Mhall
2 Bealtaine 2026 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 2, 2026 7:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz an cogadh leis an Iaráin. Tá láithreacht mhíleata láidir ag na Stáit Aontaithe sa Ghearmáin ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus thart ar tríocha cúig míle saighdiúir ann faoi láthair. Ag an am chéanna, níor thángthas ar réiteach go fóill le deireadh buan a chur leis an chogadh, agus mharaigh ionsaithe Iosraelacha dháréag sa Liobáin le cúpla lá anuas.Tá albam úr Kneecap FENIAN ar fáil ó inné, Lá Bealtaine. Rinne siad an t-albam leis an léiritheoir ceoil mór le rá Dan Carey, a d'oibrigh le grúpaí ar nós Fontaines DC agus Franz Ferdinand roimhe seo. Tagann an ceirnín úr i ndiaidh cúpla bliain de chonspóid, agus Mo Chara ag dul i ngleic le cúiseamh go raibh sé ag tacú le grúpaí toirmiscthe. Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil go mór san albam nua, agus rapálaí Palaistíneach le cluinstin in amhrán amháin, ach tá téamaí níos pearsanta ann fosta, agus críochnaíonn an t-albam le traic in ómós do mháthair Móglaí Bap, a fuair bás sa bhliain 2020.Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimh Sabastian Sawe ina bhaile dúchais sa Chéinia an tseachtain seo, i ndiaidh dó Maratón Londan a bhuachan agus curiarracht úr taobh istigh de dhá uair an chloig a bhaint amach. Tugadh fleasc traidisiúnta agus deoch de bhainne coipthe ag an aerfórt, agus dúirt Sawe leis an tslua gur leis an phobal ar fad an bua seo. Ina dhiaidh sin, tugadh duaiseanna eile dó ag fáiitiú mór in áras Uachtarán na Céinia. Tá clú agus cáil ar reathaithe na Céinia, agus bhí seanmháthair Sawe féin páirteach ag na Cluichí Oilimpeacha in München sa bhliain 1972. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISachrann - spatcomhghuaillí - allygrúpaí toirmiscthe - proscribed groupsfáilte an ghaiscígh - a hero's welcomefleasc - wreathbainne coipthe - fermented milk

pr marat friedrich merz franz ferdinand bap rinne gaeilge iar fontaines dc bealtaine uachtar dan carey conradh meirice londain aontaithe inniu cuireadh gearm ghearm nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
John Prendergast, Bainisteoir Abhcóidíochta Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 28, 2026 6:43


Tá feachtas nua darbh ainm AthGhaelú seolta ag Conradh na Gaeilge, ag iarraidh logainmneacha Gaeilge a chur chun cinn agus daoine a mhealladh chun iad a úsáid níos minice sa saol laethúil.

gaeilge john prendergast conradh chonradh
Nuacht Mhall
25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 25, 2026 6:57


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán.Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth, bíonn sé deacair ar pháirtithe an Rialtais fothoghcháin a bhuachan. Mar sin féin, ní athróidh na torthaí mórán sa Dáil. Tabharfaidh na toghcháin seo léargas dúinn ar thuairimí na ndaoine tar éis na n-agóidí breosla le déanaí.Bhuaigh Manchester City 1-0 in aghaidh Burnley ag Turf Moor le linn na seachtaine, bua a d'fhág go bhfuil siad chun tosaigh ar Arsenal den chéad uair le sé mhí anuas. Ba é an t-urchar luath ó Erling Haaland—an fichiú cúl aige an séasúr seo—an t-aon chúl sa chluiche. Cé gur bhuaigh siad, bhí imní ar lucht leanúna City mar nár thapaigh an fhoireann go leor deiseanna eile chun an cluiche a chur chun deiridh. Maidir le Burnley, is toradh tubaisteach é seo; tá sé deimhnithe anois go mbeidh siad dícháilithe ón Phríomhshraith. Tá an rás don teideal gor ar ghob. Tá 70 pointe ag City agus Arsenal chomh maith agus tá difríocht na gcúl mar an gcéanna acu freisin. Mar sin féin, tá City sa chéad áit mar gheall ar an líon iomlán cúl atá scóráilte acu. Níl ach cúig chluiche fágtha sa tséasúr.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsíneadh - extensionbonneagar - infrastructurefothoghchán - by-electionagóidí breosla - fuel protestsurchar - shotan Phríomhshraith - the Premier League

donald trump pr premier league arsenal tehran burnley erling haaland islamabad turf moor phr gaeilge iar paschal donohoe bealtaine uachtar conradh beidh cliath mbaile londain aontaithe aibre inniu aoine ngaillimh ard mhacha nuacht mhall
Nuacht Mhall
18 Aibreán 2026 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 18, 2026 7:36


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá deireadh tagtha le tréimhse 16 bliana de Viktor Orbán i gcumhacht le bua mór Peter Magyar i dtoghchán parlaiminte na hUngáire. Bhí slua níos mó ná mar a bhí riamh ann ag vótáil ar thodhchaí na tíre. In ainneoin tacaíocht láidir ó Trump agus Putin araon, theip ar Orbán tubaiste toghcháin a sheachaint. Tá sé fógartha ag Magyar go bhfuil sé i gceist aige beartais intíre neamhchoitianta Orbán a chur ar ceal agus caidrimh dhomhanda na hUngáire a athshocrú, go háirithe leis an Aontas Eorpach.Tá cáineadh déanta ag an Pápa Leo ar cheannairí a chaitheann billiúin ar chogaí agus dúirt sé go raibh an domhan “á scriosadh ag dornán tíoránach” i ráiteas thar a bheith láidir le linn cuairte ar Chamarún an tseachtain seo. Le roinnt laethanta anuas, tá an Pápa Leo XIV faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump agus a chomhghuaillithe as diúltú tacú leis an gcogadh san Iaráin. Tá rialtas Trump ag iarraidh a chogadh san Iaráin a léiriú mar “chogadh cóir” atá tacaithe ag diagacht Chríostaí. Tá easaontas láidir déanta ag an bPápa Leo, áfach, ag rá roimhe seo nach n-éisteann Íosa “le paidreacha na ndaoine a théann i mbun cogaidh”.Tá ómós á thabhairt do réalta cheol na hÉireann, Máire Ní Bhraonáin, nó Moya Brennan, cumadóir amhrán, cláirseoir agus príomhamhránaí Clannad, a fuair bás ag 73 bliana d'aois. Ba bhall bunaidh den bhanna ceoil tíre Éireannach í, le beirt dá cuid deartháireacha agus beirt dá cuid uncailí, agus bhí cáil uirthi as a fuaim shainiúil. Bhain an banna rath mór idirnáisiúnta amach le linn a ngairme 40 bliain agus tháinig siad chun cinn i 1982 lena gceol ceannródaíoch don tsraith teilifíse, Harry's Game. Ina dhiaidh sin, bhí gairm bheatha aonair rathúil ag Moya, ag comhoibriú agus ag taifeadadh le líon suntasach taibheoirí ó gach cearn de shaol an cheoil.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIStoghchán parlaiminte - parliamentary electiontubaiste toghcháin - electoral disasterdornán tíoránach - a handful of tyrantsdiagacht Chríostaí - Christian theologycumadóir amhrán - songwriterfuaim sainiúil - unique sound

game donald trump pr vladimir putin bp hung viktor orban chr orb bh baile moya magyar chamar gaeilge iar clannad moya brennan uachtar conradh cliath londain n bhraon aibre inniu aontas eorpach nuacht mhall
Nuacht Mhall
11 Aibreán 2026 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 12, 2026 6:22


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an t-aonú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Sibéal Dempsey.Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla atá ag ardú, agus d'éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin. Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, tá praghsanna díosail agus peitril ag ardú go mór, agus Caolas Hormuz fós dúnta. Tá rabhadh tugtha ag daoine eile sa phobal feirmeoireachta freisin go n-ardóidh praghas an bhia má leanann ardú praghsanna, mar gheall ar úsáid breosla san fheirmeoireacht. Tráthnóna Dé Máirt, tháinig trucailí agus tarracóirí isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus lean na hagóidí ar aghaidh thar oíche agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Cháin an Taoiseach Mícheál Ó Máirtín an lucht agóide as carrchlós a dhéanamh de Shráid Uí Chonaill, ach dúirt sé go leanfadh sé de bheith ag plé le grúpaí ionadaíochta tionscail.Tá treoraithe Everest cúisithe ag póilíní Neipeal as roinnt camscéimeanna a bhain le dreapadóirí. Ina measc tá drugaí a thabhairt do dhreapadóirí i ngan fhios dóibh ionas go mbeadh orthu iad a tharrtháil, le billí bréige thart ar fiche milliún dollar gearrtha ar na dreapadóirí agus ar árachóirí. Chuir daoine eile púdar bácála ina mbia ionas go mbeadh tinneas goile ar dhreapadóirí, rud a bhaineann le tinneas airde de ghnáth. I ndiaidh na dtarrthálaithe héileacaptair, bhronnaigh cuid acu na doiciméid taistil agus cóireála leighis chun cistí breise a éileamh ó árachóirí taistil eachtracha. Deirtear gur bhuail na camscéimeanna seo thart ar cheithre mhíle seacht gcéad dreapadóir. Tá stair ag an gcineál seo eachtra i Neipeal. Fuarthas amach i bhfiosrúcháin roimhe seo go raibh taistealaithe páirteach sna camscéimeanna uaireanta.D'fhógair Stáit Aontaithe Mheiriceá sos cogaidh leis an Iaráin oíche Dé Máirt, ach faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí comharthaí ann cheana féin go raibh sé ag titim as a chéile. Dé Máirt, chomhaontaigh an dá thír, agus Iosrael, sos cogaidh coicíse, níos lú ná dhá uair an chloig roimh an am a dúirt an tUachtarán Donald Trump go scriosfadh sé an tír. Cé go raibh Iosrael i measc na dtíórtha, dúirt an Príomh-Aire Netanyahu nach raibh an Liobáin san áireamh ann agus ina dhiaidh sin sheol sé ionsaithe ar an Liobáin. Dúirt an Iaráin gur bhris sé seo ceann de théarmaí a sos cogaidh, agus gur briseadh dhá théarma eile, lena n-áirítear lainseáil dróin isteach in aerspás na hIaráine. Thuairiscigh roinnt láithreáin nuachta gur chinn an Iaráin Caolas Hormuz a dhúnadh arís dá bharr, cé gur shéan na Stáit Aontaithe é seo.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbreosla - fueltarracóirí - tractorstreoraithe - guidescamscéimeanna - scamsdreapadóirí - climbersárachóirí - insurers

donald trump pr dc dm mount everest dempsey inni gaeilge iar shr mhe conradh bhaile cliath londain aontaithe aibre luimneach chuir tuachtar nuacht mhall
Nuacht Mhall
4 Aibreán 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 4, 2026 5:06


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá dlí nua ceadaithe ag Iosrael a shocraíonn pionós an bháis mar phionós réamhshochraithe le haghaidh Palaistínigh ciontaithe in ionsaithe uafáis. Tharraing an dlí seo cáineadh ó dhaoine, rialtais agus eagrúcháin cearta daonna ar fud an domhain. Dúirt na Náisiúin Aontaithe agus Amnesty International gur dlí leatromach atá i gceist - go teoiriciúil d'fhéadfaí an dlí a úsáid in aghaidh daoine Iosraelacha ach ní tharlóidh sin mar caithfidh gur “stad a chur l'eiseadh an stáit Iosraelach” é cuspóir an ionsaí. Deir saineolaí go mbeidh coir chogaidh i gceist le gníomhú an achta agus go dtugann sé cumhacht ollmhór do stát Iosrael Palaistínigh a marú laistigh den dlí, gan triail chóir. Láinseáil Artemis II Dé Céadaoin, misean tábhachtach i stair an taistil sa spás. Is é seo an chéad uair ó 1972 go bhfuil daoine chun taisteal lasmuigh d'fhithis an domhain agus chun eitilt trasna na gealaí. Mairfidh an turas 10 lá, leis an spásarthach ag taisteal timpeall na gealaí, ag úsáid dhomhantarraingt na gealaí chun éifeacht imtharraingthe, nó “slingshot”, a chruthú agus iad a sheoladh ar ais chuig an domhan. Má tá rath acu, beidh siad ag taisteal níos faide ón domhain ná a thaistil aon duine riamh, timpeall 402,000 ciliméadar. Ar an gcriú beidh an chéad bhean, an chéad duine de dhath agus an chéad duine nach Meiriceánach iad chun taisteal chuig an ngealach. Tá an misean seo ag ullmhú le haghaidh leaindeáil gealaí pleanáilte ag NASA don bhliain 2028. Tá an spásarthach deartha le haghaidh níos mó ná turas amháin, agus an sprioc acu bunachar taighde buan a chruthú ar an ngealach. Le roinnt moille, brú ó Trump agus fadhbanna eile i rith an tionscnaimh, tá sceipteachas faoin amlíne seo. Tá roinnt comórtas i gceist mar tá leandáil gealaí a phleanáil ag an tSín ag an am céanna. In Éirinn, tá bacainn eile tagtha ar thógáil an Metrolink, agus an Stiúrthóir Tionscnaimh Seán Sweeney tar éis éirí as. Tionscnamh cáiliúil nó mícháiliúil é an Metrolink. Tá bealach díreach á chruthú idir lár Bhaile Átha Cliath agus an tAerfort mar cheann de príomhspriocanna an tionscnaimh. Moladh é den chéad uair in 2001, agus tháinig athruithe ollmhóra agus réimse dúshlán ar an tionscnamh le 25 bliain anuas, agus costas measta 11 billiún euro air ag an bpointe seo. D'éirigh Séan Sweeney as a ról le linn na seachtaine ar son a theaghlaigh, a bhfuil ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, dúirt se go raibh sé neamh-inbhuanaithe a bheith ina chónaí chomh fada uathu. Tar éis blianta d'fhadhbanna pleanála, dlí agus airgeadais tá imní ar an bpobal go mbeidh moill eile mar thoradh den athrú seo. Deir Príomhfheidhmeannach Metrolink Lorcan O'Connor go bhfuil muinín aige nach gcuirfidh an bacainn seo le moill an tionscnaimh, agus go bhfuil tógáil réidh le tosú in 2027, leis an tseirbhís a chur i bhfeidhm i lár na 2030idí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpionós an bháis - the death penaltyréamhshocraithe - defaultgan triail chóir - without a fair trialfithis an domhain - the earth's orbitdomhantarraingt na gealaí - the moon's gravitymícháiliúil - infamousneamh-inbhuanaithe - unsustainable

donald trump pr nasa sweeney amnesty international tar ts sti rann deir gaeilge metrolink conradh bhaile cliath meirice londain aontaithe aibre inniu nua sh nuacht mhall
Nuacht Mhall
28 Márta 2026 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 28, 2026 6:22


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála i gcoinne na nIaránach an tseachtain seo caite mar gheall ar an ndúnadh i gCaolas Hormuz, ach ansan tharraing sé siar an bhagairt agus dúirt sé go raibh na hIaránaigh i mbun comhráite; shéan na hIaránaigh é so go láidir an lá ina dhiaidh san. Tá na Iosraelaigh ag seoladh trúpaí isteach sa Liobáinchomh maith, agus iad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh crios maolánach a chruthú idir Iosrael agus forsaí Hezbollah. Ach de réir Amnesty International, tá Iosrael ag dul in aghaidh an dlí idirnáisiúnta leis an ionradh so.Dheimhnigh giuiré cúirte in Los Angeles go bhfuil ar Google agus Meta $3 mhilliún a íoc le bean óg a dúirt go raibh sí gafa lena gcuid meán sóisialta. Mhaígh an bhean gur cúis andúile iad na meáin shóisialta mar gheall ar an ndearadh atá orthu, seachas na hábhair atá orthu. De réir na mná, bhí na comhlachtaí Google agus Meta ag iarraidh daoine óga ach go háirithe a mhealladh leis an ndearadh andúile so. Bhí sí chun cás cúirte a thosnú in aghaidh Snap agus TikTok chomh maith, ach dhein na comhlachtaí san réiteach léi roimh ré. Dúirt Meta nár aontaíodar leis an gcinneadh agus go mbeidís ag féachaint anois ar na roghanna atá acu. Tá seans go mbeidh tionchar mór ag an gcás so ar fud na cruinne. Níl cead ag daoine óga dul ar na meáin shóisialta san Astráil le cúpla mí anois, agus tá go leor tíortha eile ag plé cosc a chur sa dlí chomh maith.Bhí díomá ollmhór ar fud na hÉireann tráthnóna Déardaoin nuair a chaill foireann sacair Phoblacht na hÉireann in aghaidh Phoblacht na Seice tar éis ciceanna pionóis agus nuair a bhí an lámh in uachtar leis na hIodálaigh in aghaidh ThuaisceartÉireann. Bhí Poblacht na hÉireann ag iarraidh dul go dtí an Corn Domhanda den gcéad uair ón mbliain 2002 agus ní fhéadfaidís tús ní b'fhearr a bheith acu nuair a scóráladar dhá chúl laistigh de 23 nóiméad, ceann amháin ó Troy Parrott agus an ceann eile ó chúl tuathail. Ach cúpla nóiméad tar éis sin, fuair na Seicigh cúl ó chic pionóis eile agus ansan ag deireadh an chluiche tharraingíodar cothrom. Ní raibh cúl ar bith san am breise agus ansan bhuaigh na Seicigh 4–3 sna ciceanna pionóis. Ní raibh cúrsaí ní b'fhearr san Iodáil, nuair a chaill an fhoireann óg ó Thuaisceart Éireann 2-0 in aghaidh na hIodáile. Agus leis sin, tá deireadh leis an mbrionglóid ar feadh ceithre bliana eile. Iscéalta spóirt eile an tseachtain seo, chaill an Cumann Lúthchleas Gael duine desna craoltóirí is ansa lena lucht féachana: d'éag Michael Lyster, láithreoir ar an Sunday Game ar feadh 30 bliain, ag an ndeireadh seachtaine. Bhí sé 71 bliain d'aois. Suaimhneas síoraí dá anam.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbagairt buamála - threat of bombingcrios maolánach - buffer zonecúis andúile - cause of addictiondearadh - designcúl tuathail - own goaltharraingíodar cothrom - they equalised

Nuacht Mhall
21 Márta 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 21, 2026 7:54


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain. Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d'aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners. Tráthnóna Dé hAoine, d'fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d'aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman's Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O'Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O'Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi dhliteanas pearsanta - personally liablecúiseamh - accusationscéinséir - thrilleranord galánta - beautiful chaosneamhaí - heavenlyball bunaidh - founding member

pr woman heart adams sinners william shakespeare michael b jordan buckley mb tar bh keane mh mha jessie buckley sinn fein gaeilge lankum sharon shannon conradh beidh frances black gaillimhe eleanor mcevoy feirste ngall londain inniu d haoine gcontae cuireadh chuaigh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Cuisle Nic Liam, Conradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 20, 2026 4:46


Cinneadh cúirte a dheimhníonn an ceart comharthaí dátheangacha a chuir suas anois in eastáit I gCnoc Cois Coille i bPort an Dúnáin agus deireadh tagtha le cás cúirte a mhair breis agus 2 bhliain.

gaeilge conradh
Nuacht Mhall
14 Márta 2026 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 14, 2026 6:20


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei. I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir. Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d'aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISCaolas Hormuz - the Strait of Hormuzgeilleagar an domhain - the global economyd'aon ghnó - on purposeSeirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Serviceeagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisationArd-Mhaor - Grand Marshal

RTÉ - Adhmhaidin
Aodhán Ó Deá, Conradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 5:02


Beidh comhdháil nua, Fís 2026 á reachtáil ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath amárach. Déir an Conradh gur seo an t-Imeacht Ghaeilge is mó riamh don aos óg.

gaeilge aodh conradh beidh cliath mbaile
Nuacht Mhall
7 Márta 2026 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 7, 2026 8:16


Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír.Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d'ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go ndíolfadh sé an loch ar an phraghas cheart ach tá sé míshásta anois go gcuireann daoine áirithe an locht airsean agus go dtugtar “bithiúnach” air. Rinne sinsear an iarla, an Ridire Arthur Chichester, sléacht sa cheantar timpeall an locha sa seachtú haois déag, agus tá an loch an seilbh an teaghlaigh ó shin i leith.Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus an iliomad imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain. I measc na n-imeachtaí beidh rití páirce, seisiúin scéalaíochta, maidineacha caife, ranganna damhsa, taispeáintí scannáin, oícheanta biongó agusneart deiseanna eile an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt. Is féidir an liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil ar scéal.ie. Is iad na ceoltóirí Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ón ghrúpa IMLÉ ambasadóirí na féile i mbliana. Tiocfaidh an fhéile chun deiridh Lá Fhéile Pádraig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISMurascaill na Peirse - the Persian Gulfsibhialtach - civilianbunáiteanna míleata - military basesbithiúnach - villainsléacht - slaughterrití páirce - park runs

mh rinne gaeilge iar fontaines dc iml uachtar l fh mhe ashley cooper conradh ghaeilge seoighe tiocfaidh londain mheirice inniu eoghain
Highlights from Newstalk Breakfast
Call for Government save housing in Gaeltacht areas

Highlights from Newstalk Breakfast

Play Episode Listen Later Mar 3, 2026 5:19


The national Gaeltacht housing campaign group TINTEÁN will hold a protest today outside Leinster House. They are calling on the government to take immediate action on the housing and language crisis in Irish speaking areas. Speaking to Anton was John Prendergast, Advocacy Manager with Conradh na Gaeilge.

Nuacht Mhall
28 Feabhra 2026 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 28, 2026 8:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair a reachtáladh é sa chathair le tríocha bliain. Lá suntasach a bhí ann don eagraíocht nuair a ghlac mórchuid de na baill gur chóir go mbeadh an Conradh i lár an aonaigh maidir le deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann. Tagann an fógra seo ag am cinniúnach don teanga, dar leis an taighdeoir Róisín Nic Liam, a thug rabhadh go mbeidh an Gaeilge i mbaol mura n-athraíonn meon an phobail agus muid ag druidim le comhaontú na tíre. I measc na n-abhár eile a pléadh, glacadh freisin le rún a éilíonn gníomh ó Stát na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus moltaí ón gConradh agus ó eagraíochtaí ar nós Bánú a chur i bhfeidhm. Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ngníomhaí cearta Fergus Ó hÍr as a chuid éachtaí thar na blianta, lena n-áirítear a sheasamh in aghaidh na mBlocanna H agus a cheannaireacht ar Raidió Fáilte.Níl an dara rogha ag foireann sacair na hÉireann ach a gcluichí i Sraith na Náisiún in aghaidh Iosrael a chomhlíonadh. Sin de réir Phríomhfheidhmeannach Cumann Sacair na hÉireann (an FAI) David Courell, i ndiaidh an fhógra go n-imreofaí cluiche baile i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tuigeann an FAI go mbeidh an cinneadh seo deacair ar go leor den lucht tacaíochta, a deir a ráiteas, ach caithfidh siad cloí le rialacha UEFA nó glacadh leis an mbaol dícháilithe. Thacaigh gnáthbhaill FAI roimhe seo le rún ag iarraidh go gcuirfí Iosrael ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Bhí ráflaí ann go n-imreofaí an cluiche thar lear, ag cur san áireamh an teannas idir an dá thír agus an imní faoi chúrsaí slándála. Tuigtear, áfach, go bhfuil na Gardaí sásta nach mbeidh aon fhadhb ann. Níl a fhios fós cad a dhéanfaidh daoine mar fhreagra, ach is féidir a bheith ag súil le baghcat nó le hagóid ag an Staid Aviva ar an oíche.Tá Seachtain na Gaeilge 2026 beagnach buailte linn, agus chun an ócáid ​​a cheiliúradh, beidh dhá scannán as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Beidh lucht féachana Cúla4 ar bís faoi fhilleadh carachtair bhuí áirithe ar an scáileán mór sa scannán beochana SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? San eachtra nua seo, caithfidh SpongeBob a chrógacht a chruthú dá leathbhádóir, an tUasal Krabs, agus an bheirt acu sa tóir ar thaibhse fíochmhar. Más rud é go bhfuil tú ag lorg rud eicínt níos dorcha, áfach, is féidir leat dul chuig Báite, scéal noir atá suite sna seachtóidí, ina dtagann rúin ghránna chun solais tar éis corp a fháil i loch. Ba é Ruán Magan, deartháir Manchán, a stiúir an scannán, bunaithe ar an úrscéal The Lake, le script ón údar céanna, Sheena Lambert. Tá ardmholadh faighte ag Báite on eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, a deir go bhfuil sé “fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair”, le béim láidir ar shaibhreas scéalaíochta na Gaeilge.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScríochdheighilt - partitionrún - resolutionbaol dícháilithe - risk of disqualificationar fionraí - suspendedleathbhádóir - partnereagarthóir coimisiúnaithe - commissioning editor

pr sin europa lake spongebob squarepants uefa mb bh fergus fai garda manch magan phr gaeilge tg4 uachtar gaeltachta conradh beidh cliath ard fheis mbaile ghaeltacht feirste gaillimh londain aontaithe inniu nuacht mhall
Clare FM - Podcasts
Seachtain Na Gaeilge 2026 Brings County‑Wide Programme Of Events To Communities Across Clare

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Feb 27, 2026 8:28


Seachtain na Gaeilge is set to bring a vibrant, county-wide celebration of the Irish language to communities right across Clare. This year, Clare County Council, in partnership with An Clár as Gaeilge, Clare GAA, Clare Libraries and Conradh na Gaeilge, has launched a co-ordinated programme of events — creating one shared calendar to encourage people of all ages and levels of Irish to get involved. On Friday's Morning Focus, Alan Morrissey welcomed Ruairí Henchy, Irish Language Development Officer and Communications Officer with Clare County Council, and Leah Ní Thailtigh, Language Planning Officer with An Clár as Gaeilge and Irish and Cultural Officer with Clare GAA. Photo (c) Paul Corey

Léargas: A Podcast by Gerry Adams
I am against Monarchies | Conradh na Gaeilge Votes for Unity | Micheál Martin out of step on Unity

Léargas: A Podcast by Gerry Adams

Play Episode Listen Later Feb 26, 2026 18:40


I am against MonarchiesCurrently, the British state is convulsed around allegations surrounding a member of its Royal family. Norway too is in the midst of a crisis around its monarchy. The law of both states will take their course, as is right.However, these controversies raise for me the very existence of monarchies. A family elite which through past colonial conquest and patronage, and in alliance with business and societal elites, continues to enjoy a place of wealth and privilege and influence. Given that the British state includes a part of Ireland, at least for the time being, this is more than an academic issue for those of us who are captives of this undemocratic system of privilege. I am instinctively against monarchies. Of any kind. Constitutional or otherwise. Monarchies are bad. The late Tony Benn put it well when he said that “the existence of a hereditary monarchy helps to prop up all the privilege and patronage that corrupts our society; that is why the crown is seen as being of such importance to those who run the country - or enjoy the privileges it affords.”Conradh na Gaeilge Votes for UnityAt the end of last year Oireachtas na Samhna in Belfast was a huge success. Thousands of Irish speakers, including Uachtarán Catherine Connolly, spent several days enjoying the music, dance, culture, arts, craic and discussions that are part of the oldest Irish language and arts event on the island of Ireland. In August Belfast will host the Comhaltas Fleadh Cheoil na hÉireann, the world's biggest celebration of Irish music and culture.All of this is evidence of the change that is taking place. I was pleased to attend An Conradh's Ard Fheis. The conference was alive and vibrant with a new generation of young gaeilgeoirí determined to assert their Irishness, proud of their language and determined to stand up for their language and national rights. They were articulate, positive, funny, hopeful and generous. Micheál Martin out of step on UnityLast week, An Taoiseach Micheál Martin, in an interview with TG4, claimed that there is not much substance behind Sinn Féin's campaign on Unity.  The Fianna Fáil leader, who has consistently rejected any common sense suggestions to prepare for unity, returned to his favourite and bogus argument that we need reconciliation before unity.Martin's comments are out of step with the political reality and popular opinion North and South. He also misses entirely the point that the demand for unity is not simply being put by Sinn Féin. Former leaders of Fine Gael and the SDLP, as well the SDLP leadership, Ireland's Future, the Irish Labour Party, the Joint Oireachtas Committee on the Good Friday Agreement and others are part of the growing demand for the Irish government to prepare for unity.

RTÉ - Adhmhaidin
John Prendergast, Bainisteoir Abhcóidíochta, Conradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 23, 2026 4:38


Agóid le bheith ag Tintean i mBaile Átha Cliath faoi chúrsaí tithíochta.

gaeilge john prendergast conradh cliath mbaile
Nuacht Mhall
14 Feabhra 2026 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 14, 2026 9:02


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Maraíodh naonúr in eachtra mhór lámhaigh in Tumbler Ridge, British Columbia Dé Máirt. Maraíodh seachtar acu i meánscoil an bhaile. Fuarthas seisear marbh sa scoil, agus fuair duine eile bás ar an bhealach chuig an ospidéal. Fuarthas beirt eile marbh i dteach sa bhaile a bhí ceangailte leis an eachtra. Gortaíodh 27 duine eile, agus bhí beirt acu gortaithe go dona. D'eisigh na póilíní fógra faoi lámhachóir gníomhach. Dúirt siad gur aimsíodh an duine a bhí faoi amhras marbh sa scoil. Tá na póilíní fós ag cuardach tithe eile sa cheantar. Is baile beag iargúlta é Tumbler Ridge agus thart ar 2,400 duine ina gcónaí ann. Tá timpeall 160 dalta sa mheánscoil. Dúnadh an scoil don chuid eile den tseachtain. Dúirt oifigigh gur tháinig na póilíní laistigh de dhá nóiméad i ndiaidh an ghlao. Léirigh ceannairí Cheanada brón agus comhbhrón leis na teaghlaigh. Dúirt siad gur tubaiste uafásach é seo. Tá an lámhach seo ar cheann de na hionsaithe is measa i stair Cheanada.Bhuaigh an lúthchleasaí Ioruach Sturla Holm Laegreid bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha Geimhridh, ach tarraingíodh aird mhór air nuair a d'admhaigh sé go poiblí nach raibh sé dílis dá chailín. Dúirt an fear, atá 28 bliain d'aois, gur bhuail sé le "grá a shaoil" sé mhí ó shin, ach gur rinne sé botún mór trí mhí ó shin. D'inis sé di faoin fheall seachtain roimh an rás, agus dúirt sé gurbh í an tseachtain ba mheasa dá shaol í. Dúirt sé gur shocraigh sé an fhírinne a insint go poiblí mar ní raibh sé ag iarraidh rún a choinneáil, agus tá súil aige go dtabharfaidh sí seans eile dó. Níos déanaí, dúirt sé go raibh sé buartha gur chuir a admháil isteach ar lá mór a chomrádaí foirne a bhuaigh an bonn óir. Dúirt sé go bhfuil aiféala mór air agus go nglacann sé freagracht as a bhotún.Tá Parlaimint an Aontais Eorpaigh tar éis iasacht €90 billiún a cheadú don Úcráin, ceithre bliana i ndiaidh thús ionradh na Rúise. Clúdóidh an iasacht cuid mhór de riachtanais airgeadais na hÚcráine do 2026 agus 2027. Úsáidfear thart ar €60 billiún chun airm a cheannach, agus an chuid eile chun tacú leis an bhuiséad ginearálta. Ní bheidh ar an Úcráin an t-airgead a aisíoc go dtí go n-íocfaidh an Rúis as an damáiste ón chogadh. Íocfaidh an tAontas Eorpach na costais úis. Faoin chomhaontú, is féidir leis an Úcráin roinnt arm a cheannach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach, mar shampla ó na Stáit Aontaithe, mura féidir leis an Aontas Eorpach iad a sholáthar go gasta. D'fhéadfadh tíortha ar nós na Ríochta Aontaithe tairbhe a bhaint as seo freisin, ag brath ar chomhaontú faoi chostais na hiasachta. D'fhéadfadh an chéad íocaíocht teacht i mí Aibreáin. Idir an dá linn, mharaigh ionsaí le drón ón Rúis athair agus triúr páistí óga i réigiún Kharkiv. Dúirt an Úcráin gur lámhachadh síos formhór de na 129 drón a seoladh thar oíche. Deir an dá thaobh nach ndíríonn siad ar shibhialtaigh sa chogadh, a thosaigh le hionradh na Rúise in 2022.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISeachtra lámhaigh - shooting incidentan duine a bhí faoi amhras - the suspectIoruach - Norwegianfeall - betrayaliasacht - loansibhialtaigh - civilians

pr kharkiv deir gaeilge idir tumbler ridge conradh londain aontaithe aibre inniu ard mhacha aontas eorpach aontais eorpaigh nuacht mhall
Nuacht Mhall
7 Feabhra 2026 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 7, 2026 4:10


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.An tseachtain seo, d'éirigh Peter Mandelson as Páirtí an Lucht Oibre agus as Teach na dTiarnaí sa Ríocht Aontaithe mar gheall ar a chuid nasc leis an maoinitheoir péidifileach, Jeffrey Epstein. Tá na póilíní ag fiosrú líomhaintí mí-iompair in oifig phoiblí, tar éis do ríomhphoist i gcomhaid Epstein a thug le fios gur chuir Mandelson faisnéis íogair margaidh ar aghaidh chuig Epstein nuair a bhí sé ina rúnaí gnó le linn na géarchéime airgeadais in 2009. Tá leithscéal gafa ag an bPríomh-Aire Keir Starmer le híospartaigh Jeffrey Epstein as “bréaga” an Tiarna Mandelson a chreidiúint agus as é a cheapadh mar ambasadóir na Ríochta Aontaithe sna Stáit Aontaithe.Rinneadh ceiliúradh ar chaoga bliain den iris cheoil Éireannach Hot Press Dé hAoine, le ceolchoirm speisialta sa 3Arena. I measc na gceoltóirí bhí Van Morrison, The Boomtown Rats, Clannad, Damien Dempsey, agus iar-uachtarán agus colúnaí fadtréimhseach Hot Press, Michael D. Higgins. Tá stair fhada ag Hot Press maidir le ceoltóirí Éireannacha a chur chun cinn. Díoladh an chéad eagrán i mí an Mheithimh 1977 ag féile Rac-Cheoil Mhic Chromtha.  Dúirt Niall Stokes, duine de bhunaitheoirí na hirise, gur leag siad amach ar dtús "iris a fhoilsiú a chuirfeadh dúshlán ar an dearcadh nach raibh fiúntas ealaíonta ag baint leis an bpopcheol."Tá turas i dTuaisceart Éireann críochnaithe ag an Uachtarán, Catherine Connolly. Is í seo an chéad turas oifigiúil dá cuid trasna na teorann ó bhuaigh sí an toghchán Uachtaránachta, ag comhlíonadh gealltanas toghcháin go mbeadh Tuaisceart Éireann ina chéad cheann scríbe oifigiúil. Le linn a hóráide in Ollscoil Uladh tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt Connolly go bhfuil “ceacht” Thuaisceart Éireann “ag éirí níos tábhachtaí agus níos suntasaí” i "ndomhan atá, ar an drochuair, níos mó agus níos mó faoi chogadh agus míleatachas". *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmaoinitheoir - financierfaisnéis íogair - sensitive informationcolúnaí fadtréimhseach - longterm columnistfiúntas ealaíonta - artistic worthceann scríbe - destinationmíleatachas - militarism

Nuacht Mhall
31 Eanáir 2026 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 31, 2026 7:54


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha ar saoire ó shin. Mar sin féin, leanann an marú roinnt maruithe agus gabhálacha eile ag na gníomhairí agus spreag sé agóidí sa stát. Gabhadh roinnt léirsitheoirí ag na hagóidí seo ansin. Bhí ionsaí ann freisin ar ionadaí Daonlathach in Minnesota, Ilhan Omar, a bhí ag labhairt ar an ábhar deireadh a chur le ICE, chomh maith le coimhlintí poiblí idir Donald Trump agus méara Minnesota. Dúirt an méara gurb é jab na bpóilíní daoine a choinneáil slán, ní dlíthe inimirce feidearálacha a fhorfheidhmiú.Tá Matt Damon, réalta an scannáin The Rip, tar éis trácht a dhéanamh in agallamh le déanaí ar chur chuige Netflix i leith déanamh scannán. Dúirt an t-aisteoir go bhfuil Netflix ag déanamh rudaí níos simplí ionas gur féidir iad a thuiscint agus lucht féachana ag scrolláil ag an am céanna ar a bhfóin phóca. De réir an aisteora, déantar plotaí a athmhíniú trí nó ceithre huaire anois, tar éis brú ón gcraoltóir. Dúirt sé freisin go raibh brú ann chun cuid de na príomhradhairc aicsin a chur níos luaithe sa scannán chun aird lucht féachana a ghabháil níos luaithe sa scannán. Beidh Damon le feiceáil sa leagan nua de sheaneipic na Gréige An Odaisé níos déanaí i mbliana, ach níorbh iad Netflix a léirigh an scannán seo.Fuair suirbhé amach go gcreideann beagnach duine as gach deichniúr Éireannach idir ocht mbliana déag agus naoi mbliana is fiche d'aois gur miotas é an t-uileloscadh, agus creideann naoi déag faoin gcéad eile go bhfuil scála na heachtra áibhéalach. Dúirt seasca a ceathair faoin gcéad de dhaoine fásta gur cheap siad go bhféadfadh rud éigin cosúil leis an uileloscadh tarlú arís na laethanta seo. Ó eisíodh an suirbhé, tá an Taoiseach tar éis cáineadh a dhéanamh ar na leibhéil an-lag feasachta faoin uileloscadh. Dúirt Michael Martin gurbh é an t-uileloscadh an choir is soiléire a doiciméadaíodh i stair an domhain agus go gcaithfear cur i gcoinne an leibhéil seo aineolais agus séanta. Dúirt sé go mbeadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair chun clár oideachais a fhorbairt. Idir an dá linn, tá feachtas conspóideach ar siúl chun Páirc Herzog i Ráth Garbh, atá ainmnithe as iar-uachtarán Iosraelach a tógadh i mBaile Átha Cliath, a athainmniú, mar gheall ar ionradh Iosrael ar Stráice Gaza.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgníomhairí - agentsionadaí - representativetrácht - commentcraoltóir - broadcasteran t-uileloscadh - the holocaustáibhéalach - exaggerated

Léargas: A Podcast by Gerry Adams
Upcoming Events | Self-Determination and Democratic Rights | Mickey Brady – A Cheerful Change Maker. | Report on Rural Health in a New Ireland published

Léargas: A Podcast by Gerry Adams

Play Episode Listen Later Jan 29, 2026 15:35


Upcoming EventsTá Scoil Gheimhridh Uí Chadhain, i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus Glór na Móna, ag óstáil plé ar an Ghaeilge agus ar aontú na hÉireann Dé hAoine seo ag a haon a chlog sa Chultúrlann.In addition, Scoil Gheimhridh Uí Chadhain is hosting another discussion this Saturday at 11am on Protestants & a United Ireland, featuring Claire Mitchell and Dr Robbie McVeigh.Sinn Féin's Commission is hosting a people's assembly in Cork, on the 19th February 7pm at Rochestown Park Hotel. Bígí Linn. South & East Belfast Sinn Féin is hosting an evening discussion on what a world class, all-Ireland health system could look like and how we make it a reality. Chaired by Deirdre Hargey MLA, with Guest speaker David Cullinane TD and joined by panellists from across the health sector. The event will take place on the 12th of February 7pm at the Malone Lodge. Self-Determination and Democratic RightsFor decades now I have argued that self-determination is one of the big issues of our time. In 2005 I wrote: “In my view the big international struggle of our time is to assert democratic control by people over the decisions which affect their lives. This does not mean retreating behind existing borders and refusing contact with the outside world, but it does mean reasserting the primacy of democracy and working together in order to pursue this objective.”Mickey Brady – A Cheerful Change Maker. Mickey Brady, former Sinn Féin MLA and MP for Newry and Armagh died last week. His sudden death came as a great shock to his family and to all of us who knew and respected him. I had the great fortune to work closely with Mickey in the Assembly and I often campaigned with him during elections. Some people are really good canvassing during elections. They have that way of engaging with people on the streets and at the doorstep and Mickey was a master at it.He was always positive. He knew the issues impacting on people and he could speak from his years of experience as an elected representative and as a champion for their rights through his work in the Newry Welfare Rights centre.Report on Rural Health in a New Ireland publishedSinn Féin's Commission on the Future of Ireland last week published its latest report - ‘Delivering Rural Health and Care in a New Ireland.' The public event took place in Enniskillen in November.A packed hall heard from a panel of health activists, including Pat Cullen MP, Fr. Brian D'Arcy – writer and broadcaster, Paula Leonard, CEO of Alcohol Ireland and Denzil McDaniel, author and former editor of The Impartial Reporter. The discussion and report examines the challenges faced by rural communities trying to access all-Ireland cardiac services, autism services, cancer provision, suicide support services and A&E.It makes no sense that we run two entirely separate health systems trying to solve the same problems. The report of the Enniskillen Assembly can be accessed in English and Irish here: www.sinnfein.ie/futureofireland 

Nuacht Mhall
24 Eanáir 2026 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 24, 2026 6:47


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leideanna cheanna, agus tar éis cruinniú le hArd-Rúnaí NATO Mark Rutte, dúirt sé go raibh samhail socraithe bainte amach acu, agus ní chuirfeadh sé na táillí a d'fhógraigh sé roimhe ar a chomhghuaillithe NATO, a bhí ag seasamh leis an Danmhairg faoin gceist. Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá ar intinn aige. Dúirt Trump nach ndearna éinne níos mó ar son NATO ná é fhéin, agus Déardaoin, chuir sé deargbhuile ar a chomhghuaillithe NATO uilig, nuair a dúirt sé nach raibh gá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leo riamh, agus gur fhan siad giota beag siar ó na línte tosaigh san Afganastáin. Fuair an Ghraonlainn an t-ainm Groenland, nó an Tír Ghlas, ó Erik Ruadh, an chéad Eorpach a chuir faoi ann, sa bhliain 986. Thug sé an t-ainm sin don oileán mar cheap sé gur ainm deas ab ea é, a mheallfadh daoine eile chun cónaí ann in éineacht leis.Cuireadh Enoch Burke ar ais sa phríosún Dé Luain, tar éis ord cúirte a shárú gan treaspás a dhéanamh ar Scoil Ospidéil Wilson i gContae na hIarmhí. Tá cúig chéad go leith lá caite aige sa phríosún go dtí seo, mar gheall ar a threaspás ar thailte na scoile ónar briseadh as a phost é mar gheall ar a iompar i gconspóid faoi dhalta trasinscneach a fhreastalaíonn ar an scoil. Scaoileadh amach as príosún é Dé Céadaoin an tseachtain seo caite, chun deis a thabhairt dó a chás a ullmhú ina achomharc i gcoinne a dhífhostaithe. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan, a lig amach é, nach raibh cead aige dul ar ais go dtí an scoil in aon chur, agus dá rachfadh, go gcuirfí ar ais sa phríosún é go díreach. Dúirt Enoch Burke roinnt amanna go rachfadh sé ar ais go dtí an scoil go díreach, dá scaoilfí amach é. Scaoileadh amach é agus chuaigh sé ar ais ag déanamh treaspás ar an scoil, Déardaoin, Dé hAoine, agus Dé Luain. Gabhadh é ansin agus cuireadh ar ais sa phríosún é.Tá muid thart ar uasghníomhaíocht na gréine faoi láthair, sa timthriall aon bhliain déag de ghníomhaíocht ár réalta. Dé Domhnaigh seo caite, bhrúcht grianbhladhm mór i dtreo an Domhain, a d'astaigh cáithníní luchtaithe inár gceann a shroich an t-atmaisféar oíche Dé Luain. Spreag siad ceann de na stoirmí geomaighnéadacha ba láidre le fiche bhlian anuas, agus bhí na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh fada ó dheas agus an Corn. Bhí dathanna láidre glas agus dearg le feiceáil sna Gealáin i ngach áit ina raibh an spéir glan. I Londain, faraor, bhí sé ag cur báistí ó spéir lán-scamallach nuair a bhí an feiniméan ar siúl.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhghuaillithe - alliesna línte tosaigh - the frontlinestreaspás - trespassingdífhostú - dismissaltimthriall - cyclegrianbhladhm - solar flarecáithníní luchtaithe - charged particlesna Gealáin Thuaidh - the Northern Lightsan Corn - Cornwall

donald trump pr dc nato corn bh thug groenland ois ean gaeilge enoch burke conradh londain inniu eorpach d haoine breataine d luain nuacht mhall
RTÉ - Morning Ireland
Govt expected to consider first of two Irish language action plans

RTÉ - Morning Ireland

Play Episode Listen Later Jan 20, 2026 3:18


Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge General-Secretary, on what he wants from the Irish Language Action Plan for the Public Sector.

Nuacht Mhall
17 Eanáir 2026 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 17, 2026 6:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoirí le leanúint leis an agóidíocht agus gheall sé go mbeadh cabhair ag teacht go luath, ach níor thug sé sonraí cruinne faoin gcabhair san. Dúirt sé ar dtús go mb'fhéidir go mbeadh cainteanna idir ionadaithe ó na Stáit Aonaithe agus ón Iaráin, ach chuir sé na cainteanna san ar ceal go dtí go mbeadhdeireadh curtha leis an slad sa tír. Cuireadh athlá ar shearmanas oifigiúil in Áras an Uachtaráin Dé Máirt ina mbronnfaí a chuid litreacha creidiúna ar ambasadóir nuacheaptha na Iaráine. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachrachta gur dheineadar an cinneadh toisc go mbeadh sé “míthráthúil” an searmanas a óstáil agus an cíorthuathail ar siúl san Iaráin fé láthair. Tá X, an t-ardán meán sóisialta de chuid Elon Musk, tar éis conspóid mhór a tharraingt le déanaí maidir lena aip intleachta saorga, Grok, toisc go bhfuil daoine ábalta é a úsáid chun íomhánna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne, íomhánna de linbh san áireamh. Dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth, atá freagach as cúrsaí a bhaineann le hintleacht shaorga, go mbeadh sí sásta cosc iomlán a chur ar Grok mura gcuirfidís stop ar an ngné so den aip. Ansan, maidin Déardaoin, d'fhógair Xnach mbeadh daoine ábalta na híomhánna graosta so a chruthú níos mó i dtíortha ina bhfuil a leithéid mídhleathach. Tá imní fós ann, áfach, go mbeadh daoine in ann an geobhac so a sharú le VPN. Tá an t-amhránaí cáiliúil as Corcaigh, Seán Ó Sé, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt, trí lá roimh a bhreithlá. Bheadh sé 90 bliain d'aois. Bhain sé cáil amach mar gheall ar an amhrán Gaelach, ‘An Poc ar Buile', amhrán faoi phoc a thugann rabhadh do mhuintir Chill Orglan nuair a fheiceann sé fórsaí Cromwell ag teacht idtreo an bhaile. Thaifead Seán an t-amhrán in 1962 agus bhí iontas air nuair a bhí ana-ráchairt ar an amhrán. Fuair sé an leasainm, ‘An Pocar', dá bharr. Bhí sé páirteach sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann – faoi cheannas Sheáin Uí Riada – snaseascaidí agus chuaigh sé ar camchuairt ar fud an domhain le Gael Linn agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith. Ar dheis Dé go raibh a anam.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISleirsitheoirí - demonstratorslitreacha creidiúna - credentialsíomhánna graosta - lewd imagesgeobhac - geoblockpoc - billy goatráchairt - demand

donald trump pr elon musk dm tx poc vpn grok bh cromwell ean gaeilge iar uachtar conradh gael linn londain gaelach aontaithe ceolt niamh smyth inniu corcaigh cuireadh nuacht mhall
Nuacht Mhall
10 Eanáir 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 10, 2026 5:59


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d'oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair. Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d'Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine.  Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpróiseas aistrithe cumhachta - power transfer processcompún - compoundfoláireamh - alertraic - debristachráin - small kidsiompraí cainíneach - canine behaviourist

donald trump science pr arizona amsterdam seo nicholas maduro ach bh ean gaeilge met office cilia flores uachtar oile conradh ngall londain aontaithe heorpa inniu nua eabhrac eoraip chuir corcaigh gciarra breataine nuacht mhall
Nuacht Mhall
3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 3, 2026 5:01


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb'fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach.Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d'Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfiosrú - investigationíospartach - victimcraoltaí - broadcastsaitheasc - address (speech)boilsciú - inflationdíluacháil - devaluation

donald trump pr tehran mb tar rte crans montana rann ean deir gaeilge iar uachtar raidi gaeltachta conradh beidh ngaeilge bliain londain aontaithe heorpa tuairisc inniu nuacht mhall
Nuacht Mhall
27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 27, 2025 8:16


Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh.Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra.Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas.Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi bhun an reophointe - below freezingsaorlimistéar eacnamaíochta - economic free zonemurlach - lagoonstua - arceachtraí mícháiliúla - infamous eventscoimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 15, 2025 4:25


Tá an suirbhé atá ar bun ag an Roinn Oideachais ó thaobh bun scoileanna na tíre seo lochtach dar leis.

Nuacht Mhall
13 Nollaig 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 14, 2025 6:02


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach.Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann.Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d'fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScúiteamh - compensationcaingean dlí - action at lawacmhainn - resourceaonteangach - monolingualgaiste éisc - fish trapclocha móra eibhir - large granite stones

pr dm epic mb connolly ombudsman const mian ruc gaeilge nollaig psni mhe conradh nollag cliath mbaile briot focl feirste londain inniu tugann chuir tuachtar fraince seoladh nuacht mhall
Nuacht Mhall
6 Nollaig 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 6, 2025 8:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d'éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin.I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós agFarage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d'aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó agmí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% snaphobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú.Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabharmar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScoir chogaidh - war crimemairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailorsbulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullyingd'aon ghnó - on purposeoidhreacht mhuirí - maritime heritagean Chlochaois - the Stone Age

Nuacht Mhall
29 Samhain 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 29, 2025 4:14


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá smacht curtha ag comhraiceoirí dóiteáin Hong Cong ar thine ollmhór i gcoimpléasc árasán inar maraíodh 128 duine ar a laghad agus inar gortaíodh 70 duine. Dúirt na póilíní gur dócha gurbh é gnólacht tógála "faillíoch go mór" a bhí ag úsáid ábhar neamhshábháilte ba chúis leis an tine. Agus Hong Cong ag streachailt leis an tine is measa sa chathair le breis agus 60 bliain, tá na céadta de chónaitheoirí an réigiúin tar éis obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú leis na híospartaigh easáitithe. Tá thart ar 500 cónaitheoir scaipthe faoi láthair i naoi n-ionad tithíochta sealadacha.Tá Pam Hogg, an dearthóir faisin Albanach a chruthaigh stíleanna do réaltaí lena n-áirítear Rihanna agus Kate Moss, tar éis bháis, a d'fhógair a teaghlach. Tuigtear go raibh Hogg ina seascaidí, ach níor nocht sí a haois go poiblí riamh. Níor tugadh cúis an bháis ach oiread, ach dúirt a teaghlach gur mian leo "buíochas a ghabháil le foireann uile Ospís Naomh Seosamh, Hacnaí as an tacaíocht álainn a thug siad do Pamela ina laethanta deiridh". Ba cheoltóir í Hogg freisin agus thacaigh sí le Debbie Harry ó Blondie agus The Pogues, sular bhunaigh sí an banna, Doll.Díoladh uaireadóir póca óir a fuarthas ó lánúin scothaosta a cailleadh nuair a chuaigh an Titanic go tóin poill ar os cionn €2 mhilliún ag ceant. Ba é an tsuim is airde a íocadh riamh as cuimhneachán Titanic, a dúirt na ceantálaithe. Ba leis an bpaisinéir sa chéad ghrád Isidor Straus an t-uaireadóir óir 18 carat, a bádh nuair a bhuail an long cnoc oighir i mí Aibreáin 1912, rud a d'fhág 1,500 duine marbh. Léiríodh é féin agus a bhean chéile Ida i scannán mór le rá James Cameron, Titanic, sa bhliain 1997 mar an lánúin ag coinneáil le chéile agus an Titanic ag dul faoi.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhraiceoirí dóiteáin - firefightersfaillíoch - negligenteasáitithe - displaceduaireadóir póca - pocket watchceant - auctionpaisinéir sa chéad ghrád - first class passenger

pr titanic rihanna james cameron samhain baile hogg pogues kate moss osp gaeilge conradh cliath samhna londain aibre inniu nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Stiofán Ó Móráin, Conradh na Gaeilge, Muigh Eo.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 28, 2025 3:44


Beidh tionól Coiste Dúiche Mhaigh Eo de chuid Chonradh na Gaeilge ar bun i dTuar Mhic Éadaigh an deire seachtaine seo.

gaeilge conradh beidh stiof chonradh mhaigh eo
Nuacht Mhall
22 Samhain 2025 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 22, 2025 6:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí na Sahmna. Is mise Sibéal Dempsey.Vótáil comhairle slándála na Náisiún Aontaithe i bhfabhar rún a thacaíonn le plean Donald Trump do Gaza. Tá roinnt gnéithe sa phlean, lena n-áirítear bunú Fórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta, a bhfuil roinnt tíortha gan ainm tar éis tairiscint a bheith páirteach ann. Seachas an Rúis agus an tSín, a staon ón vóta, vótáil na tíortha eile go léir i bhfabhar an rúin. Dhiúltaigh Hamas dó, áfach, iad ag rá go gcruthaíonn sé páirtí eile sa choinbhleacht agus go bhforchuireann sé caomhnóireacht ar Stráice Gaza. Cruthaíodh comhlacht ar a dtugtar an Bord Síochána freisin, a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar atógáil Gaza agus ar sheachadadh cabhrach daonnúla. Dúirt Trump gur “stairiúil” vóta na Comhairle Slándála agus meastar go mbeidh sé ina chathaoirleach ar an mBord Síochána.Chonacthas long spiaireachta Rúiseach amach ó chósta na hAlban an tseachtain seo, agus í ar a bealach i dtreo uiscí atá faoi smacht na hÉireann, agus geallann an Ríocht Aontaithe freagairt mhíleata dá n-aistreodh sí níos faide ó dheas. Is cosúil go bhfuil an long, ar a dtugtar an Yantar, in ann cur isteach ar cháblaí fomhuirí. Chonacthas an long ag seoladh síos Muir Éireann roimhe seo freisin, nuair a bhí long chabhlaigh agus aerárthach Éireannach á leanúint. Meastar an uair seo mar ardú céime, áfach, mar a fuarthas amach go raibh an long ag díriú léasair ar phíolótaí RAF a seoladh chun faireachas a dhéanamh. Ar an láimh eile, tá ambasáid na Rúise sa Ríocht Aontaithe tar éis cúiseamh a thabhairt do rialtas na Breataine as histéire mhíleata a chothú.Tá an tionscal ceoil ag agóidíocht níos mó i gcoinne na hintleachta saorga de réir mar a mhéadaíonn a húsáid sna meáin phríomhshrutha. Shroich rian na hintleachta saorga, walk my walk, uimhir a haon i gcairt díolacháin dhigiteacha fógraí sna Stáit Aontaithe. Fuair an t-ardán sruthaithe Deezer amach freisin go ngineann an intleacht shaorga thart ar tríocha a ceathair faoin gcéad d'uaslódálacha laethúla. Tá Paul McCartney ar dhuine de na ceoltóirí is déanaí atá ag teacht amach i mbun agóide agus rian beagnach go hiomlán ciúin eisithe aige. Tá sé seo mar chuid d'fheachtas níos leithne chun cosc a chur ar algartaim a oiliúint ar cheol atá ann cheana féin gan aon dleachtanna a íoc. I measc na gceoltóirí eile atá páirteach cheana féin tá Kate Bush agus na Pet Shop Boys.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISFórsa Cobhsaíochta Idirnáisiúnta - International Stabilisation Forcecaomhnóireacht - guardianshiplong spiaireachta - spy shiphistéire mhíleata - military hysteriasna meáin phríomhshrutha - in the mainstream mediadleachtanna - royalties

donald trump pr gaza hamas str deezer samhain ts kate bush dempsey muir pet shop boys gaeilge dhi conradh londain aontaithe inniu luimneach halban breataine nuacht mhall
Nuacht Mhall
15 Samhain 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 15, 2025 6:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmionn oifige - oath of officeneodracht - neutralitylománaíocht - loggingdífhoraoisiú - deforestationearnáil na talmhaíochta - the agricultural sectorlucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits

pr dm cristiano ronaldo bp hung samhain amas connolly bh baile miche mary robinson gaeilge brasa bua uachtar mary mcaleese conradh bhaile cliath heimir hallgr samhna londain inniu eoghain comhdh cuireadh tuachtar d domhnaigh nuacht mhall
Irish with Mollie
#37: Shaun with a fada

Irish with Mollie

Play Episode Listen Later Nov 10, 2025 53:23


@shaunwithafada is a bilingual content creator from Waterford. He learned his Irish in school - attending both an Irish speaking primary and secondary school. Shaun's lifestyle content interweaves Irish and English together whilst showing us glimpses into his life! He showcases Irish as a language that is alive outside of the classroom, and shows that it's more than just a school subject. Since creating his account in February of 2025, he has amassed thousands of followers and has been named in District Magazine and by the official Irish Government as one of the “Irish Language Content Creators to help Improve your Gaeilge”. He's definitely one to watch! Inspiring, energetic, and now a Conradh na Gaeilge Gaeilge24 ambassador! Míle buíochas as caint liom, a chara - A thousand gratitude for speaking to me, friend. Bhí sé ar fheabhas ar fad - It was wonderful altogether :)Find Shaun on instagram and tiktok @shaunwithafada

Nuacht Mhall
8 Samhain 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 8, 2025 6:04


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d'achan íospartach. Dúirt ‘máthair bhaistí' na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsaoránach - citizenéigeandáil - emergencycalaois - fraudailse - cancermáthair bhaistí - godmotherintleacht shaorga - artificial intelligence

pr dc samhain bh baile crean doncaster geoffrey hinton yann lecun gaeilge docht conradh banr ngall samhna londain inniu cuireadh d sathairn nuacht mhall
RTÉ - Morning Ireland
Plan to enhance Irish learning in schools to be announced

RTÉ - Morning Ireland

Play Episode Listen Later Nov 6, 2025 10:21


Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge General-Secretary and Louise Cantillon, former Irish teacher, radio presenter and podcaster, discuss the new policies on Irish language education in schools.

learning irish schools enhance conradh louise cantillon
Nuacht Mhall
1 Samhain 2025

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 1, 2025 7:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le tríseachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D'éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítearcomórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d'oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas agtarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISspéirling - hurricaneMuir Chairib - the Carribean Seaionsaithe buamála - bombing attackssíocháin leochaileach - fragile peacetaibhealaíona - performing artsUachtarán tofa - President-elect

president pr dc dm gaza i am hamas deeds benjamin netanyahu ach aire samhain mb bh rinne gaeilge st elizabeth uachtar mhe conradh ngael ngaeilge feirste samhna londain inniu chuaigh d domhnaigh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta Conradh na Gaeilge

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 29, 2025 3:51


Fógraíodh tráthnóna inné ceapachán an chéad Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh - an Dr Pól Deeds atá ag obair faoi láthair mar Leas-Phríomhfheidmeannach Fhoras na Gaeilge.

Nuacht Mhall
25 Deireadh Fómhair 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Oct 25, 2025 6:36


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí chéad garda ar dualgas, lena n-áirítear aonad ord poiblí, marcaigh, agus tacaíocht ón aer. Bhí an gunna uisce ar fáil ach níor úsáideadh é. Scaoileadh na cúigear ógánach faoi Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, agus scaoileadh beirt fhear eile gan chúiseamh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na hionsaithe “gránna agus brúidiúil”, agus go mbeidh freagra láidir ón gcóras ceartais. Thosaigh na hagóidí Dé Luain, tar éis d'fhear teacht os comhair cúirte maidir le líomhain faoi ionsaí gnéis. Tá imscrúdú leanúnach ar siúl ag na gardaí le daoine eile a aithint.Tharla eachtra stairiúil sa Séipéal Sistíneach an tseachtain seo, nuair a rinne Rí Séarlas III agus an Pápa Leo XIV urnaí le chéile – an chéad uair ó aimsir Anraí VIII a ndeachaigh monarc Briotanach agus Pápa Caitliceach i gcomh-urnú. Bhí Banríon Camilla i láthair, ina suí taobh leis an Rí gar don altóir. Dúirt cléir Anglacánach gur “leigheas ar an stair” a bhí sa nóiméad seo, agus gur comhartha é ar an chaidreamh níos dlúithe idir an dá eaglais. Bhronn an Pápa teideal “Bráthair Ríoga” ar an Rí ag Basilica Naomh Pól, agus mar mhalairt thug an Rí onóracha Briotanacha don Phápa, lena n-áirítear Cros Mór Ord Bath. Tharla an cruinniú seo le linn Bhliain Iubhaile na gCaitliceach, agus feictear é mar chéim mhór eile i dtreo cairdeas idir an Eaglais Chaitliceach agus an Comaoineach Anglacánach.Tá deireadh le tréimhse Mhichíl D. Ó hUiginn mar Uachtarán na hÉireann. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh ceithre bliana déag agus tá an-mheas ag an phobal air fós. Bhí beirt iarrthóirí ag seasamh sa toghchán uachtaránachta, a tharla inné: Catherine Connolly, polaiteoir neamhspleách a bhfuil tacaíocht aici ó pháirtithe ar an eite chlé, agus Heather Humphreys, iarAire Rialtais a bhí ag rith don pháirtí Fine Gael. D'éirigh Jim Gavin as an rás tar éis scannal faoi chíos neamhíoctha.  De réir na bpobalbhreitheanna, is í Catherine Connolly a rachaidh go hÁras an Uachtaráin, ach tá súil le torthaí an toghcháin anocht. Beidh téarma seacht mbliana ag an bhuaiteoir. Is í an tUachtarán an ceann stáit agus cosnaíonn sí Bunreacht na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ag labhairt leis an náisiún agus ag glacadh páirt in imeachtaí móra náisiúnta. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISClár Athstiúrtha Óige - Youth Diversion Programmemarcaigh - horse-ridersurnaí - prayeran Comaoineach Anglacánach - the Anglican Communionneamhspleách - independentBunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland

pr ireland constitution rs bh sist chl gaeilge fine gael jim gavin uachtar taoiseach miche heather humphreys conradh cliath mbaile londain inniu deireadh f d luain ard mhacha nuacht mhall
Irish with Mollie
#35 Colm Ó Broin: Irish language activist

Irish with Mollie

Play Episode Listen Later Oct 20, 2025 57:14


Colm was born and raised in Clondalkin, Dublin, and attended Naíonra Chrónáin, Scoil Chrónáin & Coláiste Chillian. Colm's love for the language grew after spending time in East Timor, teaching English. East Timor is a multilingual country and experiencing that got him asking why we make such a song and dance about bilingualism in Ireland! When he came home he studied communications and worked with the Irish language newspapers Lá and Gaelscéal. He now works in the non-profit  sector. While he was working in journalism he started writing about myths we often hear about the Irish language, that it's a dead language, etc. He later developed that into a Mythbusting campaign with Conradh na Gaeilge which has included a TedX Talk and other public talks, articles in the Irish Times and Journal.ie, interviews on Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió Fáilte, RTÉ Radio 1 and BBC Radio and YouTube videos. He believes these myths have a real, negative effect on the Irish language and that is the main reason for the campaign. Deconstructing Myths about the Irish Language | Colm Ó Broin | TEDxBallyroanLibrary