POPULARITY
Beidh cruinniú ag Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall leis an Aire Iompair Dara O'Brien i mBaile Átha Cliath inniu.
Agóid le bheith ag Tintean i mBaile Átha Cliath faoi chúrsaí tithíochta.
Beifear ag cur tús le ranganna Gaeilge, ceoil agus damhsa in Áras Sheagháin Bháin i mBaile na Finne gan mhoill.
Beo ó Tigh Uí Chatháin i mBaile an Fheirtéaraigh do Scoil Cheoil an Earraigh na bliana seo.
Taispeántas sean-uirlisí curtha le chéile aige i Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh mar chuid de Scoil Cheoil an Earraigh.
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach. I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair. Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach. Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás. Fógraíodh seachtain ó shin go raibh conradh úr PSO sínithe ag an Roinn Iompair le comhlacht eitlíochta. De réir an amchlár nua, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae idir an dá aerfort. De réir lucht feachtais ar son chúram ailse, beidh tionchar diúltach ag an sceideal úr ar na céadta duine atá ag fáil cóir leigheas i mBaile Átha Cliath. Mar sin de, cad é an chúis taobh thiar den athrú amchláir seo? Agus cad é an chéad chéim eile don phobal nach bhfuil sásta glacadh leis? Ar Seachtain, ;abhair Áine Ní Bhreisleáin faoin fhearg atá ar an phobal áitiúil i nDún na nGall de bharr na n-athruithe atá le teacht. Foclóir: Eitiltí fillte: Return flights Mí-bhuntáiste eacnamúil: Economic disadvantage Raflaí: Rumours Ag reachtáil: Running/Organise Tairiscint: A tender Ailse: Cancer Ag fulaingt: Suffering Corruair: Sometimes Otharlann: Hospital Tromchúiseach: Grave Cóir leighis: Medical treatment Galar croí: Heart disease Imirce: Emigration Infheistíocht: Investment Le bheith ar an ghannchuid: To be short on something Feiliúnach: Suitable Ciall tráchtála: Commercial sense Brabús: Profit Éileamh: Demand Do Ladar a chur isteach i rud: To weigh in on something or to meddle Folamh: Empty See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ealaíontóir i mBaile an Sceilg ag caint faoin scéim ioncam d'ealaíntóirí fógraithe an tseachtain seo ag an tAire Patrick O'Donovan.
Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go mbronnfar Gradam Pearsa Thír Chonaill na bliana 2025 ar Phackie Keeney as Ard an Rátha ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air i Leifear.
Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2026, Áine Ní Ghlinn, ag searmanas speisialta in Óstán Hilton, i mBaile Átha Cliath aréir.
Tá Mary agus toscaireacht ón choiste i mBaile Átha Cliath taobh amuigh de gheaftaí Theach Laighean, bhí siad ag iarraidh buaileadh leis an Aire Iompar Darragh O'Brien ach níl sé ar fáil inniu ach tá an toscaireacht go fóill i mBaile Átha Cliath leis an achainí a fhágáil ag oifig an aire.
Baill den phobal a bhíonn ag baint úsáid as an tseirbhís seo go rialta agus ag freastal ar otharlann i mBaile Átha Cliath go minic. Mothaíonn siad gur lig an Rialtas síos iad go millteanach.
Agallamh le beirt eagraí de chuid Ollbhál na Gaeilge i mBaile Átha Cliath - Síofra Nic Mháinis agus Mia Ní Dhomhnaill. Beidh fáilte roimh mic léinn ó achan coláiste i mBaile Átha Cliath freastal ar an bhál seo a bheas ag titim amach ar an 3ú Márta. Tuilleadh sonraí agus ticéid: https://www.instagram.com/ollbhalnagaeilge/
Rinneadh seoladh inné ar Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2026 i mBaile Átha Cliath - Conor Curley de chuid Fontaines DC agus Róisín Seoighe de chuid IMLÉ. Míle buíochas le Connlaith Ní Raifeartaigh, Jessie Ní Cheallaigh, Julian de Spáinn de chuid Conradh na Gaeilge as ucht a bheith ag labhairt linn ar an lá. Tuilleadh Sonraí: www.snag.ie
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24dj2bpp Contact: irishlingos@gmail.com Orange Alert and heavy rain promised again in the East. Foláireamh Oráiste agus báisteach throm geallta arís san Oirthear. An Orange Warning has been issued and heavy rain is expected again tomorrow in Waterford and Wicklow, with the Met Office saying that there is a high risk of frost again in those two counties. Tá Foláireamh Oráiste fógartha agus báisteach throm geallta arís amárach i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin, agus Oifig na hAimisre ag rá go bhfuil contúirt mhór fuarlaigh an athuair sa dá chontae sin. The storm is expected to last for 24 hours from 3 o’clock tonight, Wednesday night, until 3 o’clock in the morning on Thursday night. Ón 3 a chlog anocht, oíche Dé Céadaoin, atá an doineann geallta agus mairfidh an foláireamh ar feadh 24 uair a chloig, go dtí an 3 ar maidin san oíche Déardaoin. A Yellow Alert has also been issued, for the same period of time, in Dublin, Kildare, Carlow, Kilkenny, Laois and Louth, Wexford, Monaghan and Tipperary. Tá Foláireamh Buí fógartha freisin, an tréimhse chéanna ama, i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois agus Lú, Loch Garman, Muineachán agus Tiobraid Árann. Met Éireann says that the soft ground has been soaked by the rain it has shed on the east coast over the past 10 days and as a result there are cold spots in rivers and widespread flooding will occur again. Deir Met Éireann go bhfuil an talamh bog báite leis an mbáisteach atá caite aige ar an gcósta thoir le 10 lá anuas agus dá bharr sin go bhfuil fuarlaigh in aibhneacha agus go mbeidh tuillte go forleathan arís. Wexford County Council has warned drivers to be vigilant as many roads are still under water, including roads that would not be expected to be affected by flash floods. Tá fainic curtha ag Comhairle Chontae Loch Garman ar thiománaithe a bheith san airdeall mar go bhfuil bóithre go leor fós faoi uisce, bóithre ina measc nach mbeadh súil leo a bheith buailte ag fuarlaigh. The Council says there will be delays in the stormwater runoff, particularly along the coast, as drainage systems in the region are already overflowing, and due to the high tide. Beidh moill ar an uisce trámh a deir an Chomhairle, go háirid cois cósta, mar go bhfuil córais draenála sa réigiún ag gabháil thar maoil mar atá, agus mar gheall ar an taoide ard. We have a storm, the Great St. Brigid’s Storm, from now until the end of the week, and it won’t help that strong currents and high winds are promised. Tá rabharta linn, Rabharta Mór na Féile Bríde, as seo go deireadh na seachtaine, agus ní chuideoidh sé ach an oiread go bhfuil sruth láidir agus gaoth mhór geallta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Eanáir. Is mise Sibéal Dempsey.Tharla roinnt eachtraí a bhain le gníomhairí ICE de chuid Donald Trump an tseachtain seo. Dé Sathairn seo caite, lámhachadh agus maraíodh saoránach na Stát Aontaithe darbh ainm Alex Pretti in Minneapolis. Tá an bheirt ghníomhairí feidearálacha a bhí páirteach ann curtha ar saoire ó shin. Mar sin féin, leanann an marú roinnt maruithe agus gabhálacha eile ag na gníomhairí agus spreag sé agóidí sa stát. Gabhadh roinnt léirsitheoirí ag na hagóidí seo ansin. Bhí ionsaí ann freisin ar ionadaí Daonlathach in Minnesota, Ilhan Omar, a bhí ag labhairt ar an ábhar deireadh a chur le ICE, chomh maith le coimhlintí poiblí idir Donald Trump agus méara Minnesota. Dúirt an méara gurb é jab na bpóilíní daoine a choinneáil slán, ní dlíthe inimirce feidearálacha a fhorfheidhmiú.Tá Matt Damon, réalta an scannáin The Rip, tar éis trácht a dhéanamh in agallamh le déanaí ar chur chuige Netflix i leith déanamh scannán. Dúirt an t-aisteoir go bhfuil Netflix ag déanamh rudaí níos simplí ionas gur féidir iad a thuiscint agus lucht féachana ag scrolláil ag an am céanna ar a bhfóin phóca. De réir an aisteora, déantar plotaí a athmhíniú trí nó ceithre huaire anois, tar éis brú ón gcraoltóir. Dúirt sé freisin go raibh brú ann chun cuid de na príomhradhairc aicsin a chur níos luaithe sa scannán chun aird lucht féachana a ghabháil níos luaithe sa scannán. Beidh Damon le feiceáil sa leagan nua de sheaneipic na Gréige An Odaisé níos déanaí i mbliana, ach níorbh iad Netflix a léirigh an scannán seo.Fuair suirbhé amach go gcreideann beagnach duine as gach deichniúr Éireannach idir ocht mbliana déag agus naoi mbliana is fiche d'aois gur miotas é an t-uileloscadh, agus creideann naoi déag faoin gcéad eile go bhfuil scála na heachtra áibhéalach. Dúirt seasca a ceathair faoin gcéad de dhaoine fásta gur cheap siad go bhféadfadh rud éigin cosúil leis an uileloscadh tarlú arís na laethanta seo. Ó eisíodh an suirbhé, tá an Taoiseach tar éis cáineadh a dhéanamh ar na leibhéil an-lag feasachta faoin uileloscadh. Dúirt Michael Martin gurbh é an t-uileloscadh an choir is soiléire a doiciméadaíodh i stair an domhain agus go gcaithfear cur i gcoinne an leibhéil seo aineolais agus séanta. Dúirt sé go mbeadh an Roinn Oideachais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag obair chun clár oideachais a fhorbairt. Idir an dá linn, tá feachtas conspóideach ar siúl chun Páirc Herzog i Ráth Garbh, atá ainmnithe as iar-uachtarán Iosraelach a tógadh i mBaile Átha Cliath, a athainmniú, mar gheall ar ionradh Iosrael ar Stráice Gaza.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgníomhairí - agentsionadaí - representativetrácht - commentcraoltóir - broadcasteran t-uileloscadh - the holocaustáibhéalach - exaggerated
Tá Lúb Siúil Taobh a'Mhuilinn i mBaile na Finne réidh agus foscailte anois agus €222,000 luaite leis an togra atá dhá chiliméadair ar fhad.
Tá an dara seó turasóireachta domhanda ar siúl an deireadh seachtaine seo, an ceann seo san RDS i mBaile Átha Cliath agus i measc iad siúd atá i láthair inniu tá Rónán Ó Dochartaigh as Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.
Ocáid Carlo Acutis ar siúl tráthnóna inniu i mBaile an Fheirtearaigh
Baill de lucht leanta Daingean Uí Chúis atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Beo ó Scoil Mhaolchéadair i mBaile na nGall, le muintir na háite ag súil go mór le Cluiche Ceannais Peile Idirmheánach na hÉireann.
Ealaiontóir átá i mbun gnó i mBaile an Fheirtéaraigh le 20 bliain anuas.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27fsagpu Contact: irishlingos@gmail.com Five people injured in arson attack in Dublin. Cúigear gortaithe in ionsaí coirloiscthe i mBaile Átha Cliath. A woman in her forties and a teenage boy were seriously injured in an arson attack on a house in Finglas, north Dublin, early this morning. Gortaíodh go han-dona bean sna daichidí agus buachaill sna déaga in ionsaí coirloiscthe a rinneadh ar theach i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath go moch ar maidin inniu. A woman in her twenties and two teenage girls were also injured in the attack on the house on Creston Avenue at around 12.45 this morning. Gortaíodh chomh maith bean sna fichidí agus beirt chailíní sna déaga san ionsaí a rinneadh ar an teach ar Ascaill Creston ag thart ar 12.45 ar maidin. The lives of the last three are said to be out of danger. Deirtear nach bhfuil beatha an triúir dheireanaigh sin i mbaol. The five are being treated at Connolly Hospital in Blanchardstown and the Children’s Hospital on Temple Street. Tá cóir leighis á chur ar an gcúigear in Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir agus in Ospidéal na Leanaí ar Shráid Temple. The Gardaí are to conduct a forensic examination of the house shortly. Tá scrúdú dlí- eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an teach gan mhoill. Between the two lines, they are appealing to anyone who saw anything out of the ordinary in the Creston area last night to come talk to them. Idir an dá línn, tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic aon ní as bealach i gceantar Creston aréir teacht chun cainte leo. RTÉ News and Current Affairs The malicious burning took place on Creston Avenue in Finglas Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Is ar Ascaill Creston i bhFionnghlas a rinneadh an dó mailíseach
Bhí cruinniú iontach tairbheach ag toscaireacht Chomhairle Contae Dhún na nGall, a chas le Bonneagar Iompair Éireann i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh le hAodh Máirtín Ó Fearraigh.
Beidh comhairliúchán poiblí ar siúl tráthnóna inniu agus deis ag an bpobal an dréachtphlean a fheiceáil don Lárionad Fiontraíochta Pobail, Cultúir agus Turasóireachta i mBaile na nGall Beag, i nGaeltacht na nDéise.
Athbhreithniú breithiúnach a lorg ag Cairde Comhshaoil na hÉireann in aghaidh ALAB a thug ceadúnas in athuair do Mowi leanacht le feirmeoireacht éisc i mBaile na Sceilge.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach.Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann.Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d'fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScúiteamh - compensationcaingean dlí - action at lawacmhainn - resourceaonteangach - monolingualgaiste éisc - fish trapclocha móra eibhir - large granite stones
Seolfar Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly an Foclóir Nua Gaeilge ag ócáid i mBaile Átha Cliath anocht.
Bhronn an Taisce gradaim ar dheichniúr agus tugadh aitheantas daofa mar Ambasadóirí Aeráide ag ócáid i mBaile Átha Cliath le gairid mar gheall ar an mhéid atá déanta acu do chúrsaí aeráide. I measc an deichniúir sin bhí Áine Ní Cholla as an tSeanbhaile ar an Fhál Carrach agus tá Áine linn ar maidin.
Beo ó Thigh an Cheoil i mBaile na nGall, An Rinn, Port Láirge.
Is é an Domhnach seo teacht, an deichiú lá fichead de mhí na Samhna, an dáta deiridh a mbeidh Cumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath ag glacadh le hainmniúcháin do Phearsa Dhún na nGall 2025. Bhí Finian i Londain fosta ag an deireadh seachtaine nuair a bronnadh Pearsa Dhún na nGall i Londain ar Shéamus Carr as Gleann Cholm Cille ó dhúchas.
Tá sé fógraithe ag Gréasán Gnó Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath go mbronnfar an gradam do Phearsa Ghnó na Bliana seo ar James Anthony McGinley ó chomhlacht busanna John Mc Ginley.
Dhéanfar an leabhar Scríbhneoirí, Filí agus Ceoltóirí as Gaeltacht Láir Thír Chonaill a sheoladh oíche hAoine 21ú Samhain ag Éigse Sheáin Bháin i mBaile na Finne. Sé an Sagart Pádraig Ó Baoighill údar an leabhair.
Bhí ócáid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ar siúl oíche hAoine i mBaile Átha Cliath agus d'eirigh le CLG An Chlochán Liath Bonn Óir a bhaint amach agus tá Eugene agus Mary linn le cur síos a dhéanamh ar an ócáid.
Labhraíonn Eoin Ó Catháin le Cuán faoi scéalta na seachtaine - neodracht na meáin? Trump agus Syria; an bhfuil an Gaeilge hip? agus cíos i mBaile Átha Cliath.
Na cluichí a bheas á n-imirt i mBaile Átha Cliath mar chuid de Chraobh Sacair na Éireann i 2028.
Doireann Ní Chonghaile, duine atá ag lorg tí ag labhairt faoi na deacrachtaí atá aici teach a cheannach i mBaile Átha Cliath.
Leabhair nua aige faoi An tAthair Tom Jones, imreoir liathróid lámhe ó Thrá Lí a bhí mar Shagart Pharóiste i mBaile an Fheirtéaraigh.
Fear Chill Chuáin ceapaithe mar Uachtarán a CLG Naomh Oilibhéir Pluincéid Eoghan Ruadh i mBaile Átha Cliath.
File agus scríbhneoir a bheidh páirteach san Fhéile Bheag Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh.
Celebrating our Language, Arts and CultureComhghairdeas to all of those who helped make Oireachtas na Samhna the huge success it was. Thousands of Irish language speakers from across the island of Ireland spent part of last week enjoying the music, dance, culture, arts, craic and discussions that are part of the oldest Irish language and arts event on the island of Ireland. The Waterfront Hall and other venues were filled with the very young to the not so young Gaels, all actively and enthusiastically enjoying the enormous diversity of Oireachtas na Samhna. Many took part in competitions, including sean-nós singing, sean-nós step dancing and lúibíní (poetic verses).A special well done to Máirín Nic Dhonnchadha and the leadership team which ensured the smooth running of an amazing and ambitious occasion. The presence of President Elect Catherine Connolly, due to be sworn in as Uachtarán na hÉireann next week was a special bonus. The Oireachtas was her first visit North following the presidential election. So too did the presence of Pól Deeds, the new Irish Language Commissioner, who along with Lee Reynolds the Ulster Scots Commissioner, will take up their posts next week.This is another important step forward. The Irish Language Commissioner will play an important role in enhancing the opportunities for the growth of the Irish Language.Ról na nGael i dTógáil Éire NuaCeann de na himeachtaí ag Oireachtas na Samhna eagraíodh é ag Coimisiún Shinn Féin ar Thodhchaí na hÉireann. Scrúdaigh sé go sonrach ról na nGaelgóirí i dtreo aontú na hÉireann.Cuir Tomás Ó Néill fáilte roimh an tionál ar son Shinn Fein mBeal Feirste. D'oscail Aisling Reilly MLA, duine den ghlúin úr seo sa chathair, an imeacht agus labhair sí ar na deiseanna romhainn fríd Aontacht – “deis fháis, deis cheangail agus deis ar rathúlachta chomhchoitinn”.Dúirt Aisling gur mór an seans go mbeadh ann don Reifreann le linn Uachtaránacht Catherine Connolly agus go bhfuil muidne, muintir na hÉireann i bhfad chun tosaigh ar an Rialtas. Lá i ndiaidh lae, tá níos mó daoine, eagraíochtaí agus grúpaí a rá go bhfuil dualgas ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath tabhairt fán phleanáil agus ullmhúchán do reifreann agus d'athaontú na tíre.The Olive is never just a TreeThe number of people killed by Israel's genocidal war on the Palestinian people of the Gaza Strip has passed 68,000, with a further 10,000 at least still buried under the rubble. Over 150,000 have been wounded, many of them permanently disabled. The most recent figures on Israeli actions in Gaza reveal that the so-called ceasefire that began on 10 October is far from that. So far Israeli forces have violated the ceasefire on 194 occasions, including 55 shootings and 55 shellings. Other attacks have occurred since then. At least 226 people, including 97 children have been killed. What price the ceasefire?Last week, the Israeli government allowed some heavy machinery in to help in the search for dead Israeli captives. They continue to ban heavy equipment for the retrieval of Palestinian victims.Under the agreement agreed between the USA, Qatar, Egypt and Turkey humanitarian aid should now be flowing into the Gaza Strip. However, instead of the 600 trucks cleared to enter Gaza each day less than a quarter of this number are currently being allowed in. Critically trucks carrying frozen meat, eggs and livestock are still blocked.
Bean Dhún Chaoin - Comhairleoir andúile le Coolmine, ionad cóireála drugaí agus alcóil i mBaile Átha Cliath a bhfuil oifig acu i dTrá Lí.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí chéad garda ar dualgas, lena n-áirítear aonad ord poiblí, marcaigh, agus tacaíocht ón aer. Bhí an gunna uisce ar fáil ach níor úsáideadh é. Scaoileadh na cúigear ógánach faoi Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, agus scaoileadh beirt fhear eile gan chúiseamh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na hionsaithe “gránna agus brúidiúil”, agus go mbeidh freagra láidir ón gcóras ceartais. Thosaigh na hagóidí Dé Luain, tar éis d'fhear teacht os comhair cúirte maidir le líomhain faoi ionsaí gnéis. Tá imscrúdú leanúnach ar siúl ag na gardaí le daoine eile a aithint.Tharla eachtra stairiúil sa Séipéal Sistíneach an tseachtain seo, nuair a rinne Rí Séarlas III agus an Pápa Leo XIV urnaí le chéile – an chéad uair ó aimsir Anraí VIII a ndeachaigh monarc Briotanach agus Pápa Caitliceach i gcomh-urnú. Bhí Banríon Camilla i láthair, ina suí taobh leis an Rí gar don altóir. Dúirt cléir Anglacánach gur “leigheas ar an stair” a bhí sa nóiméad seo, agus gur comhartha é ar an chaidreamh níos dlúithe idir an dá eaglais. Bhronn an Pápa teideal “Bráthair Ríoga” ar an Rí ag Basilica Naomh Pól, agus mar mhalairt thug an Rí onóracha Briotanacha don Phápa, lena n-áirítear Cros Mór Ord Bath. Tharla an cruinniú seo le linn Bhliain Iubhaile na gCaitliceach, agus feictear é mar chéim mhór eile i dtreo cairdeas idir an Eaglais Chaitliceach agus an Comaoineach Anglacánach.Tá deireadh le tréimhse Mhichíl D. Ó hUiginn mar Uachtarán na hÉireann. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh ceithre bliana déag agus tá an-mheas ag an phobal air fós. Bhí beirt iarrthóirí ag seasamh sa toghchán uachtaránachta, a tharla inné: Catherine Connolly, polaiteoir neamhspleách a bhfuil tacaíocht aici ó pháirtithe ar an eite chlé, agus Heather Humphreys, iarAire Rialtais a bhí ag rith don pháirtí Fine Gael. D'éirigh Jim Gavin as an rás tar éis scannal faoi chíos neamhíoctha. De réir na bpobalbhreitheanna, is í Catherine Connolly a rachaidh go hÁras an Uachtaráin, ach tá súil le torthaí an toghcháin anocht. Beidh téarma seacht mbliana ag an bhuaiteoir. Is í an tUachtarán an ceann stáit agus cosnaíonn sí Bunreacht na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ag labhairt leis an náisiún agus ag glacadh páirt in imeachtaí móra náisiúnta. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISClár Athstiúrtha Óige - Youth Diversion Programmemarcaigh - horse-ridersurnaí - prayeran Comaoineach Anglacánach - the Anglican Communionneamhspleách - independentBunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland
Bhí sé ina réabadh taobh amuigh de ionad do iarrathóiri atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta sa Citywest i mBaile Átha Cliath aréir, áit ar bhailigh lucht agóide in éadan inimirce.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O'Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d'éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISclúmhilleadh - defamationneamhchiontach i ngach cúis - innocent of all chargescéilí comhraic - competitorbotháin vótála - voting boothsgníomh ró-mhígheanasach - gross indecencygarmhac - grandson
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.*cabhlachán - flotillasoláthairtí fóirithinte - aid provisionsfuirseoir - comedianurlabhraí - spokespersondéantóir clár faisnéise - documentary maker
Feirmeoirí as Corca Dhuibhne ag labhairt faoin gcuairt a thug an tAire Michael Healy-Rae agus grúpa d'fheirmeoirí ón mBriotáin ar an gceantar le déanaí.
Bhí mór shiúil naisiúnta ar bun i mBaile Átha Cliath faoi chearta na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Beidh mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, agus tá Tuismitheoirí na Gaeltachta atá ag eagrú bus as Conamara go dtí an phríomhchathair ar an lá.
Is inniu a bheas comhairleoirí i gComhairle Contae Chiarraí ag vótail ar son ainmniúchán na comhairle do thoghchán na hUachtaránachta.
D'aontaigh deichniúr ball Oireachtais Maria Steen a ainmniú mar iarrthóir uachtaránachta i ndiaidh ócáid a d'eagraigh ceannaire Aontú, Peadar Tóibín, i mBaile Átha Cliath inné ach beidh uirthi síniú a fháil ó deichniúr eile san Oireachtas má tá sí le bheith ar an pháipéar ballóide.