POPULARITY
Múinteoir bródúil anseo! Proud teacher here! Ba phleisiúr é bheith ag caint le Caoimhín, mo chara agus mo dhalta - It was a pleasure to speak with Kevin, my friend and my student. Nach bhfuil tú tógtha leis? Aren't you impressed with him? Taispeánann sé cad atá indéanta le cleachtadh, paisean, bród, obair chrua agus grá don dúshlán! He shows what is possible with practice, passion, pride, hard work and love for the challenge!Labhraíomar faoi ghnó, a bhácús, bainisteoireacht, cruthaitheacht, a thuras leis an nGaeilge, agus ceird fháilteachais. We spoke about business, his bakery, management, creativity, his journey with Irish and the art of hospitality.Thaitin sé go mór mór liom, a chara :) Go raibh míle maith agat! Feicfidh tú a bhácús in Athens, Georgia, SAM (USA) https://www.independentbaking.com/Agus ar instagram: independentbakingco
Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d'fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge. Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach. Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.
A Chairde,As June heads towards July the distant beat of your drums is pounding out their rhythm. The marching season for all of the Loyal Orders is well underway and the 12 July is fast approaching. One July, sitting during yet another negotiation, into the early hours with Tony Blair the ratatat of Lambegs sundered the quiet. We paused as he asked if I knew what that was. Yes ,I replied that's the Orangemen.“Jungle drums?” he said.I am minded to remind you that the Battle of the Boyne was fought on the 1st July not the 12th. The date changed in 1752 when the English adopted the Gregorian calendar introduced by Pope Gregory. The war was part of a much wider European conflagration – the Nine Years War. James was backed by the English Aristocracy, by France and by the Irish Catholic aristocracy. William who was James's son-in-law and King of Holland, was backed by the English merchant class, by Pope Innocent X1, by Spain and Germany and by Protestant settlers in Ireland. At its core it was William leading a ‘Grand Alliance' of Europeans to curb the power and expansion plans of the French King.The Pope contributed to Williams expenses and when news reached Rome of the victory there was a Te Deum hymn sang in a “joyous proclamation of praise, thanksgiving and faith.” The Pope was front and centre of it all. So much for No Pope Here! Bodenstown“To say all in one word, Ireland shall be independent. We shall be a nation, not a province, citizens not slaves.” Wolfe Tone On 28 June Republicans from across the island of Ireland will travel to Bodenstown, County Kildare, to stand in homage at the graveside of Theobald Wolfe Tone, the founder of Irish Republicanism.For those who know of Tone and for those who don't I want to recommend a new publication – Bodenstown: Honouring Wolfe Tone – A Pictorial History – which tells his remarkable and inspirational story and recounts the generations who have travelled to Bodenstown each June to remember and celebrate his life.This new publication profiles Tone and publishes photographs of many of the commemorations that have been held there. The first image of Bodenstown is of Padraig Pearse delivering the oration in June 1913. The Irish Republican Brotherhood had asked Pearse to speak and the event was chaired by veteran Fenian Tom Clarke. Both were executed by the British less than three years later following the 1916 Easter Rising. Cupla Focal Eile.Another few words í nGaeilge as part of this column's contribution to the effort to use whatever Irish we have even if it is only a wee bit. Here are a few more bits and pieces to replace their English equivalents.Lá breithe shona duit means Happy birthday to you. It also sounds really good when sung by a crowd at a birthday gathering. Or even on a one to one basis. Try it. Use the same air as the English version. Tiomaint go curamac means drive carefully. Sliothar is a hurling ball. Tóg go bóg é means take it easy. Slán abhaile means Safe home.
Forbairt ar chlár faisnéise teilifíse eolaíochta i nGaeilge mar chuid den tionscnamh oideachais ETIM/STEM i nGaeilge atá ar bun ag Ollscoil na Gaillimhe.
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn. Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census', chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí. Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail. Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. Foclóir: Múnlaigh: Shape Ag brath ar: Depending on Eisimirice: Emmigration Éagóir agus leatrom: Injustice and opression Gannchuid: Scarcity Racht mothúcháin: Fit of emotion Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home Drogall: Reluctant I gcaitheamh móige: Throughout my childhood Ní laghdaíonn sé sin: That doesn't take away from Cosc: Prevent Leigheas: Remedy Comhbhá: Empathy Cruatan: Hardship Domhain: Deep Airigh: To feel Níor chuimhnigh mé: I didn't consider Tochailt: Digging Cladach: Coast/Shoreline See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Coiste Polasaí Corparáideach Chomhairle Contae Dhún na nGall chun scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí cruinnithe iomlána den Chomhairle Contae a reáchtáil i nGaeilge amháin.
Reachtáladh cruinniú iomlán na comhairle cathrach i nGaeilge don dara bliain as a chéile
Cén chúis go bhfuil an comhlacht a chuireann Coffee ar fáil tar éis tabhairt faoi fheachtas fógraíochta i nGaeilge.
PJ talks to Úna Ní Fhlannagáin about her vision for bheith ag nascadh leis an nGaeilge. She also has some píosaí comhair (bits of advice) for learning phrases that actually have a bit of fuinneamh (energy) to them. She is running a competition to name the centre at the hotel. Enter here Seachtain na Gaeilge Mar 1st to Mar 17th Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de. Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe. Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe? Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh, ghlac an eagraíocht le rún ar son ghníomhú i dtreo “Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Ach le conspóid agus le teannas go minic ina scáil ar aon díospóireacht pholaitiúil faoin nGaeilge – go háirithe ó thuaidh - an bhfuil baol an go dtiocfadh ísliú stádais ar an teanga in Éire Ath-Aontaithe? Agus í ag taifeadadh beo ag an Ard Feis, phléigh Áine Ní Bhreisleáin taighde úr ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe leis an údar Róisín Nic Liam (scoláire dochtúireachta PhD in Ollscoil na Banríona), agus le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Foclóir: Ag bailiú nirt: Gaining momentum Dlús: Accerlate or to hasten Is mithid dúinn: It's time for us Claochlaitheach: Transformative Ionchur: Input Claonadh: Bias Ag amharc go cúng: Looking narrowly Rúin: Motions Críochdheighilt: Partition Ualach: Burden Deis chneasaithe: Opportunity for healing Uirlis dheighilte: A tool of separation Dlínse: Jurisdiction Fréamhaithe: Rooted Toil: Desire or will Ionchas: Expectation Creatlach: Framework Idirbheartaíocht: Negotiation Rinneadh muid talamh slán daofa: We took them for granted Samhail: Model Am-scála: Time frame Aineolach: Uninformed or ignorant Géilleadh: Surrender Soiléireacht: Clarity An cheist a chíoradh: To discuss the issue Beidh seo ar leas..: This will benefit.. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag caitheamh súil siar ar Ardfheis Chonradh na Gaeilge a bhí ar siúl i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine, plé fosta ar chearta teanga agus seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachtaí ó eagraisí agus comhlachtaí poiblí.
Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann. Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna. Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge. Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d'aitheantas. Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas. Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann. Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide Foclóir: Eispéireas: Experience Fís: Vision Muintir na háite: The local people Coiste: Committee De réir mo thuigbhéala: From my understanding Bothán: cabin Neartú: Strengthen Éacht: Achievement Cothú: Cultivate Tírdhreach: Landscape Uile-Éireann: All-Ireland Dúshlánach: Challenging Comhairle: Advice Comhphobal: Community Ag streachailt: Struggling Díospóireacht: Debate I lár an aonaigh: Centre stage Thar fóir: Over the top Aird: Attention See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn. Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann. I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing', ‘Twelve Thousand Days' agus ‘Fáinne Geal an Lae'. Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos. Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid? Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón? Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar. Foclóir: Ionadaíocht: Representation I mbéal an phobail: The talk of the parish Aonarach: Solitary Go smior: To the core Bua: Attribute or gift Siúinéir: Carpenter Spreag siad: They encouraged Fíodóireacht: Weaving Béaloideas: Folklore Finscéal: Fable/Legend Peaca: Sin Clúiteach: Renowned A thréigean: To abandon Cúthaileach: Shy Úrscéal: Novel Mórtas: Pride Tagairtí: References Slabhra: Chain See omnystudio.com/listener for privacy information.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb'fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach.Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d'Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfiosrú - investigationíospartach - victimcraoltaí - broadcastsaitheasc - address (speech)boilsciú - inflationdíluacháil - devaluation
Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal. Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí. Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bheith bródúil as i 2025. Ach i measc na scéalta a thug ardú meanma do na Gaeil, bhí scéalta ann a laghdaigh misneach fosta, go háirithe sa chóras oideachais agus díolúintí ó stáidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde riamh. Mar sin de, agus deireadh na bliana ag teannadh linn, cén rath a bhí ar ár dteanga dhúchasach i 2025? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Storm Eaton-Kilgallen faoi na ‘top-picks' atá aici féin don bhliain seo. Foclóir: Mórshiúl: March Gan teorann: Unrestricted Impleachta: Implications Trasteorann: Cross-border Gruama: Bleak Réabhlóideach: Revolutionary Malartú: Exchange or swap Gearchéim tithíochta - housing crisis Uafás: Horror Teanga oibre: Working language Míthuiscint: Misunderstanding Insealbhaithe: Inducted Neamhaird: Disregard Infheicthe: Visible Cúisithe: Accused Sceimhlitheoireacht: Terrorism See omnystudio.com/listener for privacy information.
The Irish language may be having a revival right now, but Gaeilgeoirí up and down the island have some issues they'd like to raise
Seolfaidh An tOllamh Emeritus Oideachais, Áine Hyland tuarascáil faoi thumoideachas ag Tionól COGG i gCorcaigh níos deireanaí inniu.
Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus', d'fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X', agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois? Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d'ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge? Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail Foclóir: Tionchairí: Influencers Ionadaíocht: Representation Folláin: Healthy Idirdhealú: Differentiation Leas a bhaint as: To make good use of Gairmiúl: Professional Borradh: Boom or growth I mbolgán: In a bubble Meall: Attract Imeallú: Marginalisation Fuinneamh: Energy Fotheidil: Subtitles Cos ar bolg: Repress Feiceálach: Visible Tearman: Sanctuary Figh: Weave Éascú: Facilitate See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Ambasadóir na Breataine in Éirinn, Kara Owen, ag tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le tríseachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D'éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítearcomórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d'oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas agtarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISspéirling - hurricaneMuir Chairib - the Carribean Seaionsaithe buamála - bombing attackssíocháin leochaileach - fragile peacetaibhealaíona - performing artsUachtarán tofa - President-elect
Tá tuarascáil foilsithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga a thugann spléachadh gur chaith comhlachtai poiblí €19 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge i 2024.
Na ceisteanna is mó a bhaineann leis an nGaeilge faoi láthair de réir na ceannasaithe ar na heagraíochtaí seo. Na hathruithe agus dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht, i bhfianaise an méid atá pléite ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.
De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin??? Foclóir: Laigí: Weaknesses Dall: Blind Líne eagarthóireachta: Editorial line Ábhartha: Relevant Aontachtaithe: Unionists Slat tomhais: Measuring stick Sciar: Proportion Fáinne fí: Vicious circle Idirdhealú: Distinction Maígh: Imply Múnla: Model Forlíonadh: Supplement Naimhdeas: Animosity Áiseanna: Resources Ionchur: Input Claonadh: Inclination or bias Cur i bhfriotal: Put into words See omnystudio.com/listener for privacy information.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogadh Iosrael ar Gaza, a mharaigh breis is 67,000 Palaistíneach go dtí an pointe seo. Tá sonraí an bhirt iomláin fós doiléir agus deirtear go bhfuil easaontú mór idir Iosrael agus Hamas maidir leis an bplean tar éis dheireadh an chogaidh. Is iad eochairphointí céadchéim an bhirt ná tarraingt siar feadhna Iosrael go “pointe aontaithe”, cead isteach do 600 trucail cúnaimh gach lá, agus saoradh na ngiall agus na bpriosúnach ón dá thaobh. Thosaigh feadhna Iosrael ag tarraingt siar maidin Dé hAoine ach lean ionsaithe ar shibhialtaigh i rith na maidine, rud a chruthaigh éiginnteacht faoin mbeart.Tharraing Jim Gavin amach as an bhfeachtas uachtaránachta an deireadh seachtaine seo caite, toradh náireach d'Fhianna Fáil, agus anois tá coimhlint laistigh den pháirtí. Fógraíodh an nuacht tar éis conspóid a tháinig chun cinn sna laethanta roimhe, maidir le iarthionónta Gavin. D'íoc an tionónta €3,300 sa bhreis chuige, mar thoradh ar thimpiste bainc, 16 bliain ó shin, agus níor thug Gavin aisíocaíocht dó. Tar éis díospóireacht uachtaránachta inar ceistíodh Gavin faoin gconspóid, b'é tuairim sciar mór den phobal nach raibh sé ullamh don díospóireacht ná do ról an Uachtaráin fiú. Anois, agus beirt fágtha sa rás, tá an teannas ag ardú. Léiríonn torthaí na bpobalbhreitheanna is déanaí gurb í Catherine Connolly rogha na coitiantachta agus bearna mhór idir í agus Heather Humphreys, ach níl figiúirí cruinne ar fáil ó d'éirigh Jim Gavin as. Tarlóidh an toghchán ar an 24 de mhí Dheireadh Fómhair.In Éirinn, foilsíodh Búiséad 2026 le linn na seachtaine. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an plean nua ar son fheabhsú an gheilleagair ach tá cáineadh ón bhfreasúra, agus ó chuid mhór den phobal, a deir nach dtuigeann an rialtas cad atá ar siúl sa tír, gan aon chabhair don ghnáthdhuine sa phlean. Tá an laghdú cánach is mó ar fáil le haghaidh forbróirí, gan athrú ar bith ar an gcáin ioncaim. Gearradh an CBL don earnáil fáilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Is bua é seo le haghaidh roinnt tithe tabhairne agus bialanna neamhspleácha. ach deirtear gurb iad na comhlachtaí móra na fíorbhuaiteoirí. Tá árdú 65c le teacht ar an íosphá, roinnt ardaithe ar íocaíochtaí leasa sóisialta, agus leanfaidh an creidmheas cánach cíosa, ach ní go leor le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Tá an Bunioncam do na hEalaíona le bheith buan, tar éis triail ráthúil. Deir an Rialtas go bhfuil €36 milliún sa bhreis ag dul chuig an nGaeltacht agus chuig an nGaeilge ach deir an freasúra go bhfuil bréag i gceist, agus go bhfuil siad ag athfhógairt airgead a bhí leithdháilte cheana féin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh buan - permanent ceasefireconspóid - controversyrogha na coitiantachta - the favourite (to win)CBL don earnáil fáilteachais - VAT for the hospitality sectorcostas maireachtála - cost of livingíosphá - minimim wage
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24vspuan Contact: irishlingos@gmail.com Concerns about Loyalist violence over bilingual signage. Imní faoi fhoréigean Dilseoirí faoi chomharthaíocht dátheangach. Conradh na Gaeilge says the threats made by Loyalist paramilitaries at the weekend that Belfast City Council property will be destroyed if it has bilingual signage are a cause for great concern. Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu. In an open letter from Conradh na Gaeilge and the Leaders of the Parties and the City Council, the League says that it is a cause for concern for everyone who supports the Irish language and equality in general. I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile. The threat has been condemned by Ulster Unionist leader Mike Nesbitt. Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt. A draft Irish language policy agreed by the Council would mean that Irish and English would be more prominent and side by side on all Council publications and property. Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle. But since the policy was adopted last Wednesday the UDA and UVF have threatened to destroy any property bearing the signage. Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu. These paramilitary organisations told the Sunday Life newspaper that they would burn down Council vehicles and buildings if Irish was visible on them. Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu. Conradh na Gaeilge called on party leaders in Stormont to condemn the threat. D'iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh. Irish Language Commissioner The new Irish Language Commissioner will be responsible for implementing the Identity and Language Act. Coimisinéir na Gaeilge Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm. Yesterday on the X platform, the person nominated but not appointed to that position, Pól Deeds, said that the threat from the UDA and UVF is a result of the promotion of bigotry in the media - in particular, he said, the BBC. Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin - go háirithe a dúirt sé an BBC. Paul Deeds said the Executive Office in Stormont had failed to protect its own policy - and UK law - and was failing in its duty of care to the new Commissioner. Dúirt Pól Deeds gur theip ar Oifig an Fheidhmeannais i Stormont a bpolasaí féin - agus dlí na Ríochta Aontaithe - a chosaint agus go bhfuil siad ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir úr. The threats from Loyalists have only been condemned by one Unionist party, the Ulster Unionists (UUP). Níl na bagairtí ó Dhílseoirí cáinte ach ag pairtí Aondachtach amháin, Aondachtóirí Uladh an UUP. Their leader Mike Nesbitt said that the Irish language signage needs to be discussed further, and he said that any threat to Council workers should be withdrawn. Dúirt a gceannaire Mike Nesbitt go gcaithfear an chomharthaíocht i nGaeilge a phlé tuilleadh, agus dúirt sé gur cheart bagairt ar bith ar oibrithe na Comhairl...
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.*cabhlachán - flotillasoláthairtí fóirithinte - aid provisionsfuirseoir - comedianurlabhraí - spokespersondéantóir clár faisnéise - documentary maker
Mír rialta faoi chúrsaí ríomhaireachta, teicneolaíochta agus na meáin. Labhair Andy inniu faoin tsraith ‘House of Guinness' agus é ar an chéad shraith ar Netflix le fotheidil i nGaeilge.
Maoiniú curtha ar fáil do Scoil ag comhlacht do chuid Údarás na Gaeltachta. Ceist faoin nGaeilge agus bunscoil.
Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) as neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge agus dochtúirí á n-earcú i gceantair Ghaeltacht na Gaillimhe.
Tá altanna nuachtáin foilsithe le seachtain a cheistíonn na treoirlínte atá curtha le chéile ag RTÉ le comhairle a thabhairt do chomhlachtaí agus eagraíochtaí ó thaobh cúrsaí fógraíochta i nGaeilge de.
Labhair John faoin mhíshástacht atá air faoin leithcheal atá a dhéanamh ar bhaill de Chumann Peile na mBan agus é diúltaithe ag Cumann Peile na mBan i nDún na nGall éisteachtaí smachta a reáchtáil i nGaeilge.
D'fhógair Oifigeach Cultúrtha agus Teanga de Bhord Chumann Peil na mBan i nDún na nGall, Dónall Ó Searcaigh go bhfuil sé ag seasamh siar ón Bhord mar gheall go bhfuil Cumann Peile na mBan ag diúltú éisteachtaí smachta chlub Gaeltachta a éisteacht i nGaeilge agus labhair Dónall le Michelle maidir le seo.
Tá súil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge mar uirlis margaíochta amach anseo do ghraithí sa gCathair.
Buaileann Muiris Ó Cearbhaill isteach sa stiúideó le labhairt faoi Oasis, easpa téacsleabhar i nGaeilge, Dermot Desmond ag rá nár cheart Metrolink a thógáil, listéire, Daonlathaigh ag teitheadh Texas, fógra American Eagle le Sydney Sweeney agus 250 bliain ó rugadh Daniel O'Connell.
Dhiúltaigh Cúirt Dúiche Aontroma an tseachtain seo cead a bheith tugtha do fhear a tháinig os comhair na cúirte a chás a bheith curtha ar fáil i nGaeilge dó.
Bronnadh dámhachtain Fullbright uirthi leis an nGaeilge a mhúineadh i Meiriceá.
Fuair Cathal litir ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, maidir le clár na vótála sa chontae seo. Is i mBéarla amháin a bhí an litir scríofa agus chur Cathal scairt ar an chomhairle le fáil amach an mbeadh a leithid d'fhoirm ar fáil le líonadh i nGaeilge.
Labhraímid le Póilín Nic Géidigh faoi Mara Duit, a comhlacht nua le hearraí i nGaeilge. Is féidir na hearraí a fheiceáil ar maraduit.com nó ag @maraduit ar na meáin shóisialta.
Ag cur síos ar shiopa s'aici atá ar líne maraduit.com ina bhfuil sí ag díol earraí i nGaeilge.
Fear a thit i ngrá leis an nGaeilge trí éisteacht leis an Saol Ó Dheas agus i sa Bhrasaíl.
Gradam le fáil aige ó Chonradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i mBaile Átha Cliath inniu – mar dhuine atá gníómhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.
Don chead uair riamh i stair oideachais na tíre seo tá súil ag Coláiste Marino I mBaile Átha Cliath tabhairt faoi Mháistreacht Ghairmiúil san oideachas do mhúinteoirí bunscoile i nGaeilge
An tOllamh Seamus Bearnard Breathnach ag labhairt faoin Scrúdú Cognaíoch Addenbrooke ACE III atá curtha ar fáil i nGaeilge don chéad uair riamh ag Ospidéal San Séamas i mBleá Cliath.
*GAEILGE WEEKLY RETURNS WITH WEEKLY EPISODES ON JANUARY 22nd!* LIO MEMBERSHIP/GAEILGE WEEKLY PATREON Chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Tagann Gaeilge Weekly amach le trí eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille, agus ceann dátheangach le Gaeilge an-simplí. Déanta i gcomhpháirtíocht le Learn Irish Online. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...) chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, téigh go www.learnirishonline.com agus patreon.com/learnirishonline. — To get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with three episodes. One in normal-paced, fluent Irish. Another in simpler, slowed-down Gaeilge, and a bilingual episode with very simple Irish Made in partnership with Learn Irish Online. For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to www.learnririshonline.com or patreon.com/learnirishonline.
Deir foireann Ionad Altranais Naomh Adhmhnáin Leitir Ceanainn gur mór an spreagadh agus cuidiú leis an togra atá ar bun ag Noel Mac Liam ceol agus comhrá i nGaeilge do dhaoine le néaltrú.
LIO MEMBERSHIP/GAEILGE WEEKLY PATREON Chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Tagann Gaeilge Weekly amach le trí eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille, agus ceann dátheangach le Gaeilge an-simplí. Déanta i gcomhpháirtíocht le Learn Irish Online. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...) chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, téigh go www.learnirishonline.com agus patreon.com/learnirishonline. — To get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with three episodes. One in normal-paced, fluent Irish. Another in simpler, slowed-down Gaeilge, and a bilingual episode with very simple Irish Made in partnership with Learn Irish Online. For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to www.learnririshonline.com or patreon.com/learnirishonline.
LIO MEMBERSHIP/GAEILGE WEEKLY PATREON Chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Tagann Gaeilge Weekly amach le trí eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille, agus ceann dátheangach le Gaeilge an-simplí. Déanta i gcomhpháirtíocht le Learn Irish Online. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...) chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, téigh go www.learnirishonline.com agus patreon.com/learnirishonline. — To get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with three episodes. One in normal-paced, fluent Irish. Another in simpler, slowed-down Gaeilge, and a bilingual episode with very simple Irish Made in partnership with Learn Irish Online. For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to www.learnririshonline.com or patreon.com/learnirishonline.
LIO MEMBERSHIP/GAEILGE WEEKLY PATREON Chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Tagann Gaeilge Weekly amach le trí eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille, agus ceann dátheangach le Gaeilge an-simplí. Déanta i gcomhpháirtíocht le Learn Irish Online. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...) chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, téigh go www.learnirishonline.com agus patreon.com/learnirishonline. — To get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with three episodes. One in normal-paced, fluent Irish. Another in simpler, slowed-down Gaeilge, and a bilingual episode with very simple Irish Made in partnership with Learn Irish Online. For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to www.learnririshonline.com or patreon.com/learnirishonline.
LIO MEMBERSHIP/GAEILGE WEEKLY PATREON Chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Tagann Gaeilge Weekly amach le trí eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille, agus ceann dátheangach le Gaeilge an-simplí. Déanta i gcomhpháirtíocht le Learn Irish Online. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...) chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, téigh go www.learnirishonline.com agus patreon.com/learnirishonline. — To get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with three episodes. One in normal-paced, fluent Irish. Another in simpler, slowed-down Gaeilge, and a bilingual episode with very simple Irish Made in partnership with Learn Irish Online. For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to www.learnririshonline.com or patreon.com/learnirishonline.
You'd think at this stage we'd be sick of talking about TV but as far as we're concerned you can't get too much of a good thing. An bhfuil tú obsessed leis an telly cosúil le Síomha s'againne ? Or are you completely out of touch cosúil le Doireann? Either way, seo é an ‘how to' you never thought you needed. Ón nGaeilge of 'Netflix and Chill' to embarrassing childhood TV broadcasts, tá sé go léir á phlé an tseachtain seo Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices