Míreanna faisnéise fuaim, a tógadh ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Beirt fhear as Corca Dhuibhne a chuaigh timpeall oileán na hÉireann.
Fear ag cur fataí ag insint faoin obair atá idir lámha aige.
An tInnealtóir Mícheál Ó Conghaile ag caint faoina thaithí ag plé leis na báid mhóra seo.
Seanbhean as An Trá Bháin á cur faoi agallamh faoi chur na bhfataí san am atá thart.
Peig Sayers agus a mac Mícheál Ó Guithín ag labhairt faoi chuairt Aonad Taistil Raidió Éireann orthu.
Éamon de Valera, Uachtarán na hÉireann ag an am, ag seoladh Raidió na Gaeltachta.
Óráid Joe Connolly i bPáirc an Chrócaigh tar éis do Ghaillimh Craobh na hÉireann a bhuachaint san iománaíocht.
Fear a rugadh sa Bhlascaod ag insint faoi na rudaí ba mhó a gcuirdís suim iontu nuair a théidís chuig an mórthír.
Dara Beag Ó Fátharta ag caint faoi imeachtaí ar an oileán. Ina measc, déanann sé cur síos ar thoirtíní, ar uibheacha agus ar an gcluiche dúchasach "cead" a imrítear chuile Lá 'le Pádraig.
Tráchtaireacht bheo atá anseo ar insealbhú Mháire Mhic Róibín. Tugann an tráchtaire muid céim ar chéim tríd an searmanas.
Ceist faoi cén chaoi a d'aithneofá aois muirín (tógtha as tráth na gceist faoi chúrsaí farraige).
Anraí Ó Corrduibh ag caint faoin bpáirt a bhí aige i bhfeachtas chun feabhas a chur ar an áit agus na bóithre agus dul i bpríosún.
Cur síos an-mhion, cuimsitheach ó fhear a bhfuil an-chur amach aige ar an gcaoi a gcuirtear na fataí sa lá atá inniu ann.
1984 - Tráchtaireacht ar bhabhta dornálaíochta Sheáin Uí Mhainnín in aghaidh Mhike McCallum.
Bean ag cur síos ar cé mar a déantar 'boxty' as prátaí.
Fear a bhíodh ag iascach cloicheán ar cheann de na báid mhóra cúpla céad míle amach ón gcósta atá ag caint. Tugann sé léargas maith dúinn ar an saol a bhíonn ag na hiascairí chomh maith le heolas faoin gcloicheán.
Giota as clár a rinneadh i 1989 - 20 bliain tar éis an fheachtais. Tugtar eolas faoi na cuspóirí a bhí ag an ngluaiseacht agus an chaoi a ndeachaigh sí i bhfeidhm ar na meáin.
Bua Mór don Cheathrú Rua sa pheil i gCluiche Ceannais an Chontae 1996.
Bua Mór don Cheathrú Rua sa pheil i gCluiche Ceannais an Chontae 1996.
Sa bhliain 1927, bhuail stoirm oiléan beag amach ó chósta chontae Mhaigh Eo. Bádh deichniúr iascairí an oíche sin. De bharr na heachtra seo bogadh 'chuile dhuine a bhí ina gconaí ar an oileán amach go dtí an mórthír.
Saineolaí éanlaithe ag tabhairt comhairle faoi fhairtheoireacht éan.
Tuairisc chuimsitheach, spéisiúil lán d'fhíricí faoi shaol na ndaoine roimh an nGorta.
Cloistear an fháilte i nGaeilge a cuireadh roimh an bPápa nuair a tháinig sé go Gaillimh chomh maith leis an bPápa féin ag rá na paidre 'Críost liom...' i nGaeilge.
Déantar achoimre ar chuid den eolas a bhí sa chlár ‘An Gorta Mór i gCorca Dhuibhne’ agus tugtar eolas breise chomh maith, m.sh. an chaoi gur chaill daoine meas ar an talamh, Teach na mBocht, an imirce, srl.
Óráid a thug An tUachtarán Máire Mhic Róibín agus RnaG ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód.
An raibh a fhios agat gur ar cheann de na hoileáin a rinneadh an chéad thaifead seachtrach sa mbliain 1947 agus nach i nGaeilge ná i mBéarla ach i Spáinnis a bhí sé!