POPULARITY
Tá athbheochan ar chúrsaí iománaíochta i gCorca Dhuibhne fé láthair agus fáilte roimis imreoirí ó áiteanna difriúla ar fuaid na leithinise bheith mar chuid den mborradh seo. Labhair Harry Ó Conchúir, Danny Ó Brosnacháin, Risteárd Mac Liam agus Micheál Ó Conchúir le Joe Ó Muircheartaigh.
Tháinig Rachel Ní Shúilleabháin, Conchúir Ó Riain, Eve Ní Fhaoláin, Fraoch Ní Chualáin agus Áine Ní Chathasaigh chughainn agus iad ar laethanta saoire i gCorca Dhuibhne.
Ceoltóirí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh atá ar scoláireacht an tseachtain seo i gCorca Dhuibhne.
Muinteoir and scoláirí Mhéanscoil San Nioclás – turas idirbhliana acu i gCorca Dhuibhne.
Mic Léinn ó Chonamara i gCorca Dhuibhne le Coláiste Mhuire Gan Smál.
An líon glaochanna atá faighte ag na céad fhreagoirí i gCorca Dhuibhne ó thús na bliana.
Tá oibrithe deonacha á lorg i gCorca Dhuibhne le tacú le grúpaí óige a rith sa dúthaigh.
Iar-iománaí agus peileadóir Chorcaí atá i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo ag glacadh páirte i gceardlann consairtín.
Ceoltóir ó Charraig Fheargais ó dhúchas atá i gCorca Dhuibhne le fada.
Bhí imreoirí agus lucht bainistíochta ar saoire i gCorca Dhuibhne ón árd chathair.
Iascaire Bhaile na nGall ag trácht ar Gharbh Shíon na gCuach i gCorca Dhuibhne – beidh tús leis amárach.
Ag comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann i gCill Airne, dúirt ceannairí na gceardchumann, Phil Ní Sheaghdha, gur fadhb ar leith iad costais arda breosla don lucht oibre, go háirithe dóibh siúd a chaithfidh taisteal agus nach féidir leo obair ón mbaile.
An réimse éadaí is déanaí ag an ndearthóir éadaí - inspioráid faighte aige ón gCaid mar a thugtar ar pheil i gCorca Dhuibhne.
An chéad chéim eile den phlean atá le cur i bhfeidhm ag Meitheal na gCrann i gCorca Dhuibhne.
Labhrann sé faoin éileamh atá ar Thogra na dTeaghlach Gaeltachta i gCorca Dhuibhne go dtí seo.
Buachaill aimsire a bhí ann anuraidh i gCorca Dhuibhne - i mbliana tá sé ag tabhairt faoi an Pacific Crest Trail, siulóid ollmhór ar feadh tréimhse 5 mhí.
Bhailigh slua mór i bPáirc Ghallarus i gCorca Dhuibhne tráthnóna aréir le failte abhaile a chuir roimh fhoireann na Gaeltachta.
Fuair grúpa céadfhreagróirí i gCorca Dhuibhne os cionn 60 glaoch le teacht i gcabhair ar dhaoine a bhí tar éis fulaingt le taom croí nó stróc ó bunaíodh an grúpa an samhradh seo caite.
Píobaire ó Chorcaigh i gCorca Dhuibhne don deireadh seachtaine do Other Voices.
Cur síos ar fheachtas le airgead a bhailiú do Chumann Fíobróis Scámhóg na h-Éireann i gCorca Dhuibhne.
Tá an-éileamh ar chúrsa i gCorca Dhuibhne do mhuintir an leithinis atá ag cur agus ag fás crainn, faoin mórthogra Meitheal na gCrann, agus liostaí feitheamh ann i láthair na huaire.
Beidh sraith nua ranganna ocht seachtaine á reachtáil ag Dúchas an Daingin le tacú le tosaitheoirí atá ag foghlaim na Gaeilge i gCorca Dhuibhne.
Mír ón gcartlann agus é ag caint ar an dteanga agus an timpeallacht i gCorca Dhuibhne tar éis seoladh a leabhar ‘Thirty Two Words for a Field' i 2020.
Ag caint faoi na heispéiris éagsúla a bhí acu nuair a raibh tithe á thógáil acu i gCorca Dhuibhne.
Tá Cumann Faire na nÉan i gCorca Dhuibhne ag impí ar an bpobal súil a choinneáil do chánóga dubha a bheadh imithe amú i rith na tréimhse seo. Labhair Aoife Ní Shuilleabháin le Rob Fell, ball den ghrúpa deonach.
Bhí díomá ar roinnt daoine i gCorca Dhuibhne ar na moillibh nuair a fógraíodh nach mbeadh Áiseanna na hÓige sa Daingean i measc cúig ionad tacaíochta teaghlaigh úr a bhí le maoiniú ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais.
Cuimhní cinn ar Eamonn de Valera i gCorca Dhuibhne agus i gCléire ar chomóradh a bháis a tharla cothrom an lae seo 50 bliain ó shin ar an 29 Lúnasa 1975.
Bhí sé páirteach sa Dingle Trail a d'eagraigh IMRA i gCorca Dhuibhne ag an ndeireadh seachtaine.
Tá scrúdú iar-bháis le cur ar chorp buachalla a bhásaigh go tragóideach ag loch inné i gCorca Dhuibhne, inné.
Grúpa ó Oirthear Bhéal Feirste atá ar a dturas bliantúil i gCorca Dhuibhne.
Cúrsa Samhraidh do mhúinteoirí i gCorca Dhuibhne an tseachtain seo.
Fear Bhéal Átha an Cheasaigh ar saoire i gCorca Dhuibhne ach gach rud dírithe ar iománaithe Chorcaí agus Craobh na hÉireann.
Cur síos ag an gcomhairleoir ar na fadhbanna i gCorca Dhuibhne tar éis ar Shinn Féin suirbhé iascaireachta fhoilsiú.
Bhí an peileadóir idir-chontae ar saoire i gCorca Dhuibhne sular thosaigh sí ar aistear chun na hAstráile chun peil a imirt go gairmiúil.
Pobail fuinnimh athnuaite i gCorca Dhuibhne.
Scoláirí agus múinteoirí ó Choláiste Mhuire Gan Smál a bhí i gCorca Dhuibhne le dhá seachtain anuas.
Turasóirí ó Ghaeltacht Mhuscraí atá ag spaisteoireacht timpeall na háite i gCorca Dhuibhne.
Clár beo ó Áras Bhréanainn i mBaile an Fheirtéaraigh, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, áit a bhfuil Scoil Cheoil an Earraigh 2025 ar siúl.
Tá iarrachtaí ar bun 'bóithre ciúine' a dhéanamh de roinnt bóithre faoin tuath i gCorca Dhuibhne.
Tá an t-ealaíontóir ón Rinn ó dhúchas i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire, ina healaíontóir cónaithe i nDíseart an Daingin.
Gaeilgeoir ó BÁC atá tar éis fógra a chuir ar a shúiomh Facebook ag lorg post mar ‘Bhuachaill Aimsire' i gCorca Dhuibhne.
Scoláirí ó Choláiste Mhuire Gan Smál atá ar chúrsa coicíse Gaeilge i gCorca Dhuibhne.
Iascaire ón gCoimín ag trácht ar an éagóir is déanaí atá déanta ar iascairí i gCorca Dhuibhne.
Beidh cruiniú poiblí sa Díseart sa Daingean de Sathainr chun cúrsaí tithíochta agus costas maireachtála i gCorca Dhuibhne a phlé. Cuirfear tús leis an gcruinniu ag a 1 a chlog sa Díseart.
Raghaidh cuid don airgead a baileofar ar chamachuaird na dtarraiceoirí i gCorca Dhuibhne ar mhaithe le Cáirde Óispidéal Chorca Dhuibhne i mbliana.
Conas tá Oíche Shamhna á ceiliúradh i gCorca Dhuibhne? Aoife caint le Patrick O Cathail, Naoise Cassnove,agus Amano Miura.
Oíche Shamhna chugainn agus go leor imeachtaí ar siúl do na leanaí beaga anseo i gCorca Dhuibhne agus ó dheas in Uíbh Ráthach.
I measc na ndeontas a fógraíodh inné faoin gciste áiseanna spóirt, bhí deontas breis is 153,000 euro do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne chun athfhorbairt a dhéanamh ar Halla na Muirí i gCorca Dhuibhne.
D'fhreastal deichniúr ar chomhdháil a d'eagraigh ‘Tromlach' an grúpa nua feachtais ar an eite chlé i gCorca Dhuibhne chun cás na dtionóntaithe agus an lucht oibre sa leithinis a phlé.
Tá taighde déanta ag Nuacht a' Deiscirt ar an ngéarchéim tithíochta atá i gCorca Dhuibhne fé láthair, le heaspa tithe le ceannach nó le tógaint ar cíos ar fud na leithinse.