Podcasts about gaillimh

City in Connacht, Ireland

  • 27PODCASTS
  • 347EPISODES
  • 13mAVG DURATION
  • 5WEEKLY NEW EPISODES
  • Aug 1, 2026LATEST
gaillimh

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about gaillimh

Latest podcast episodes about gaillimh

Nuacht Mhall
1 Lúnasa 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 1, 2026 5:32


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D'imir an fhoireann in aghaidh na gcuradh, Ciarraí, a bhí ag tnúth leis an gcorn a bhuachaint don daicheadú huair.. Ag tús an chluiche bhí cuma láidir ar Chiarraí ach tháinig Maigh Eo ar ais ag troid agus lean cluiche sceitimíneach, lán le teannas. Ar deireadh bhuaigh Maigh Eo le cúl amháin agus fiche cúilín in aghaidh cúl amháin agus seacht gcúilín déag ag Ciarraí. Ag imirt ar an lá bhí roinnt imreoirí óga a raibh aird mór orthu, go háirithe Kobe McDonald, mac le Ciarán McDonald a d'imir i gceithre chluiche ceannais gan an bua a fháil i rith a ghairme féin, trí cheann díobh i gcoinne Chiarrai. Lá speisialta a bhí ann don iar-imreoir Andy Moran a thóg Corn Mhig Uidhir abhaile ina chéad bhliain mar bhainisteoir. Beidh deis eile ag Ciarraí an bua a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile na mBan, a bheidh á imirt i bPáirc an Chrócaigh amárach, an dara lá de mí Lúnasa, idir Ciarraí agu Gaillimh.Tá ómós á thabhairt ó gach cearn den domhan tar éis bhás tragóideach an cheoltóra Glen Hansard maidin Dé Céadaoin ag aois 56. Basaíodh é i dtimpiste gluaisrothair agus é ag taisteal abhaile ó theach tábhairne darb ainm The Wren's Nest sna Ceapóga Sú Talún, áit a raibh sé ag seinnt níos luaithe san oíche. Tá cáil ar Hansard as a mbanna ceoil The Frames, a bhunaigh sé in 1990, as a chuid saothar mar cheoltóir aonair agus as rólanna sna scannáin The Commitments agus Once. Bhuaigh sé Oscar le Markéta Irglová don amhrán nuachumtha is fearr dá amhrán “Falling Slowly” ar fhuaimrian Once. Bhí clú air freisin as a chuid gníomhaíochais agus daonchairdis. Tháinig na mílte daoine le chéile i mBaile Átha Cliath sna laethanta tar éis a bháis ag buscáil ina onóir. Beidh tórramh poiblí dó i mBaile Átha Cliath Dé Luain agus sochraid phríobháideach Dé Máirt. Beidh sé i gcuimhne go háirithe ag a bhean chéíle Maire Saaritsa agus a mhac óg.Tá brú mór ar Uachtarán FIFA Gianna Infantino tar éis dó plean a fhógairt chun chuid de chomhlacht Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha. Dhiúltaigh roinnt cumann an plean, lena n-áirítear cumainn ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh agus Láir, agus ó réigiún Mhuir Chairib. Dúirt UEFA nach n-imreoidh aon fhoireann Eorpach i gcluichí FIFA go dtí go bhfuil stop iomplán curtha leis an bplean. D'éirigh comhairleoir Infantino Carlos Cordeiro as a ról mar agóid freisin. Seans mór go gcaillfidh Infantino a phost mar Uachtarán FIFA mar thoradh air seo, agus stair chonspóideach aige cheana sa ról. Beidh foireann na mban na hEireann ag tnúth le réiteach go háirithe, agus deis acu cáiliú do Chorn an Domhain ag teacht go luath.mallacht - cursebua mothúchánach - emotional victoryna Ceapóga Sú Talún - Strawberry Beds infheisteoirí - investors

Seachtain
The ‘rite of passage' for beagnach 30 míle déagóirí

Seachtain

Play Episode Listen Later Jul 30, 2026 21:02


Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta. Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn. Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor. Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge. Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh. Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó? Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu. Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil. Foclóir: Éispéireas: Experience Tóir: Demand Liostaí feithimh: Waiting lists Corruair: sometimes Clár siamsaíochta: Entertainment programme Ildánach: Versatile Cláraithe: Registered An t-uasmhéid: The maximum Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle Riachtanais bia: Dietary requirements Slabhra: Chain Nasc: Link Cuimhní: Memories Cloch mhíle: Milestone Ag freastal: Attending Srianta: Constrained Ó ghlúin go glúin: From generation to generation Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Nuacht Mhall
18 Iúil 2026 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 18, 2026 7:19


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d'Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d'fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Bríd Ní Chonghóile

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Play Episode Listen Later Jul 17, 2026 29:51


Labhraíonn Bríd Ní Chonghóile le Seán faoin méid atá bainte amach aici agus a ról mar phríomhfheidhmeannach le Gaillimh le Gaeilge.

gaeilge gaillimh labhra
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Kyne, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 13, 2026 4:12


An féidir leis an rialtas aon rud a dhéanamh ó thaobh an phobail ar an Sraith Salach.

kyne gaillimh
Raidió na Life 106.4FM
An Spota Dubh: Cluiche Ceannais Iomána - Gaillimh

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jul 10, 2026 26:34


Bhí Cathal Moore agus Conor O Shea ag caint le Cárthach faoi Gaillimh agus an seans atá acu i gCluiche ceannais na hÉireann . Iad arais ann don chéad uair ó 2018 . An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais – clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le hanailís agus agallaimh.

RTÉ - Adhmhaidin
Tomás Ó Curraoin, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 9, 2026 3:45


Creideann sé go bhfuil droch phleanáil ar bun ag an TII ar Bhealach Glas a réiteach idir Gaillimh agus Ath Luain.

tii gaillimh
RTÉ - Barrscéalta
Emer Ní Ghallachóir, tráchtaire spóirt.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jul 9, 2026 4:47


Beidh cluiche mór ag mná Faoi 20 Dhún na nGall ar an tSatharn nuair a bheas siad ag imirt i gCluiche Ceannais Faoi 20 Peile na hÉireann in éadan Gaillimh.

dh emer beidh ngall gaillimh
Raidió na Life 106.4FM
An Spota Dubh: Corcaigh v Gaillimh Cluiche 1/2 Cheannais

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jul 1, 2026 19:56


Bhí iar-imreoir Chorcaigh Tom Kenny ag caint le Cárthach faoin cluiche 1/2 cheannais ar an Sathairn idir Gaillimh agus Corcaigh. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais – clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le hanailís agus agallaimh.

RTÉ - Iris Aniar
Gearóidín Nic an Iomaire, craoltóir RnaG, & Sean Ó Domhnaill, iar-imreoir peile le Gaillimh.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jun 23, 2026 29:31


Gearóidín Nic an Iomaire, craoltóir RnaG, & Sean Ó Domhnaill, iar-imreoir peile le Gaillimh ag labhairt faoi Phól Mac Fhlannchadha a bhásaigh inné.

gear nic domhnaill gaillimh
Raidió na Life 106.4FM
An Spota Dubh: Tarraingt déanta do na Cluichí 1/4 Ceannais

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jun 22, 2026 26:19


Labhair Cárthach le Lorcán Ó Máirtín faoin tarraingt a tharla ar maidin do Clhuichí 1/4 Ceannais Peile na hÉireann. Gaillimh agus Ath Cliath, Corcaigh agus Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Eoghan, An Lú le Muineacháin.

anta eoghan ciarra dubh lorc gaillimh corcaigh
RTÉ - Iris Aniar
Tom Kenny, Staraí

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jun 16, 2026 10:04


Mír Cartlainne: Rinne Tom Kenny cur síos ar shaol Nóra Barnacle as Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Fianna Fáil, Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 5, 2026 5:16


Tá imní léirithe aige go bhfuil cúrsaí tráchta i nGaillimh ag cur bac ar eagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, comhlachtaí a mhealladh le lonnú i gConamara.

john connolly fianna f gaeltachta gaillimh gconamara ngaillimh
Raidió na Life 106.4FM
An Spota Dubh: Cluiche Ceannais Iomána Laighean

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jun 4, 2026 16:21


Bhí Dónal O`Shea ag caint le Cárthach faoin cluiche mór ar an Sathairn idir Gaillimh agus Áth Cliath . Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.

Raidió na Life 106.4FM
Scéalta reatha_Félim Ó Maolmhána

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later May 18, 2026 27:10


Na fothoghcháin i mBaile Átha Cliath agus Gaillimh, todhchaí Keir Starmer mar phríomhaire sa Bhreatain agus conspóid idir an tSín agus na Stáit Aontaithe maidir le Taiwan. 180526

taiwan ts keir starmer cliath mbaile gaillimh aontaithe reatha bhreatain
Nuacht Mhall
16 Bealtaine 2026 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 16, 2026 6:20


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D'admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d'fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b'éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D'fhág an long darb ainm ‘Ambition' Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomh-aireacht - cabinet (politics)feisire - MPearnáil craoltóireachta - broadcasting sectorléargas - insightcúram éigeandála - emergency careiniúchadh - investigation

Raidió na Life 106.4FM
An Spota Dubh: Féasta Iomána i Laighean agus Mumhan

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later May 15, 2026 33:22


Béidh deireadh seachtaine ollmhór i gcursaí iomána i gCúige le deis mór ag Uibh Fhailí agus Gaillimh dul chun cinn a dhéanamh, bua nó bás i Stáid Semple agus neart eile le Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach.

RTÉ - Adhmhaidin
Cillian Keane, Fianna Fáil, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 11, 2026 6:40


Tá an Comhairleoir Contae Cillian Keane ag seasamh d'Fhianna Fáil sa bhfoghthoghchán i nGaillimh Thiar.  

Raidió na Life 106.4FM
An Spota Dubh: Cluiche Ceannais na Mumhan agus Connacht

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later May 6, 2026 26:54


Bhí an Ciarraíoch Declan Quill linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an dá chluiche mhóra atá ag an deireadh seachtaine - cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh, agus cluiche ceannais Connacht idir Gaillimh agus Ros Comáin. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais – clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le hanailís agus agallaimh.

RTÉ - Adhmhaidin
Máirtín Lee, Comhairleoir Contae, Conamara.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 1, 2026 5:33


Chuir sé rún faoi bhráid na Comhairle Contae ó thaobh teagmháil a dhéanamh leis an NTA ag impí orthu tuilleadh seirbhísí bus a chuir ar fail idir Gaillimh agus Leitir Mealláin.

nta gaillimh conamara chuir
RTÉ - Adhmhaidin
Pacáiste BÁNÚ - iarrthóirí toghcháin, Áras na nGaedhael, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 30, 2026 6:12


Cruinniú eolais ag an mbrúghrúpa BÁNÚ i nGaillimh aréir faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

iste ghaeltacht cruinni gaillimh ngaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Frank Fahy, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 15, 2026 4:29


An plé a rinneadh faoi chuarbhóthar na Gaillimhe ag cruinniú de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an tseachtain seo.

fahy gaillimhe gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 14, 2026 7:37


Deir sé go raibh plé teasaí ag an gcruinniú de pháirtí parlaiminteach Fhianna Fáil inné.

john connolly deir gaillimh fhianna f
RTÉ - Iris Aniar
Gobnait Furlong, as Loch Gorman.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 8, 2026 5:31


Tá bean as Gaillimh ó dhúchas ceapaithe mar uachtarán ar Chumann Camógaíochta an Domhain.

RTÉ - Barrscéalta
Ailbhe Breathnach as Maigh Nuad, Hannah Ní Dhaghnáin, Baile Dúil, Allanah de Phriondagas Bóthar na Trá Gaillimh, Avea Ní Mhara, Baile Átha Í

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 31, 2026 6:44


Tá cúrsa Gaeilge na Casca ar siúl ó dheireadh na seachtaine áit a bhfuil mic léinn as Coláiste Mharino anseo i nGaoth Dobhair ag freastal ar chúrsa Gaeltachta agus tháinig ceathrar acu isteach againn beo ar an chlár inniu.

RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 25, 2026 3:45


Beagán os cionn €17milliún caite ag FSS ar oibrithe sláinte ó áisíneachtaí fostaíochta anuraidh san iarthair .

john connolly fss beag gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Frank Fahy, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 5:06


Reachtáladh cruinniú iomlán na comhairle cathrach i nGaeilge don dara bliain as a chéile

fahy ngaeilge gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Dr, Fintan Hegarty, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 4:23


Tá maoiniú fáighte ag Ollscoil na Gaillimhe do thogra STEM.

stem hegarty fintan gaillimhe ollscoil gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Mairéad Farrell. T.D. Sinn Féin, Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 3, 2026 3:41


Tá an Roinn Tithíochta tar éis glacadh leis na moltaí atá déanta ag Comhairle Condae na Gaillimhe faoina tithe atá ag Tearmann Éanna in Eanach Mheáin agus i Ros a Mhíl.

farrell mh sinn f gaillimhe gaillimh
Nuacht Mhall
28 Feabhra 2026 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 28, 2026 8:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair a reachtáladh é sa chathair le tríocha bliain. Lá suntasach a bhí ann don eagraíocht nuair a ghlac mórchuid de na baill gur chóir go mbeadh an Conradh i lár an aonaigh maidir le deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann. Tagann an fógra seo ag am cinniúnach don teanga, dar leis an taighdeoir Róisín Nic Liam, a thug rabhadh go mbeidh an Gaeilge i mbaol mura n-athraíonn meon an phobail agus muid ag druidim le comhaontú na tíre. I measc na n-abhár eile a pléadh, glacadh freisin le rún a éilíonn gníomh ó Stát na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus moltaí ón gConradh agus ó eagraíochtaí ar nós Bánú a chur i bhfeidhm. Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ngníomhaí cearta Fergus Ó hÍr as a chuid éachtaí thar na blianta, lena n-áirítear a sheasamh in aghaidh na mBlocanna H agus a cheannaireacht ar Raidió Fáilte.Níl an dara rogha ag foireann sacair na hÉireann ach a gcluichí i Sraith na Náisiún in aghaidh Iosrael a chomhlíonadh. Sin de réir Phríomhfheidhmeannach Cumann Sacair na hÉireann (an FAI) David Courell, i ndiaidh an fhógra go n-imreofaí cluiche baile i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tuigeann an FAI go mbeidh an cinneadh seo deacair ar go leor den lucht tacaíochta, a deir a ráiteas, ach caithfidh siad cloí le rialacha UEFA nó glacadh leis an mbaol dícháilithe. Thacaigh gnáthbhaill FAI roimhe seo le rún ag iarraidh go gcuirfí Iosrael ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Bhí ráflaí ann go n-imreofaí an cluiche thar lear, ag cur san áireamh an teannas idir an dá thír agus an imní faoi chúrsaí slándála. Tuigtear, áfach, go bhfuil na Gardaí sásta nach mbeidh aon fhadhb ann. Níl a fhios fós cad a dhéanfaidh daoine mar fhreagra, ach is féidir a bheith ag súil le baghcat nó le hagóid ag an Staid Aviva ar an oíche.Tá Seachtain na Gaeilge 2026 beagnach buailte linn, agus chun an ócáid ​​a cheiliúradh, beidh dhá scannán as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Beidh lucht féachana Cúla4 ar bís faoi fhilleadh carachtair bhuí áirithe ar an scáileán mór sa scannán beochana SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? San eachtra nua seo, caithfidh SpongeBob a chrógacht a chruthú dá leathbhádóir, an tUasal Krabs, agus an bheirt acu sa tóir ar thaibhse fíochmhar. Más rud é go bhfuil tú ag lorg rud eicínt níos dorcha, áfach, is féidir leat dul chuig Báite, scéal noir atá suite sna seachtóidí, ina dtagann rúin ghránna chun solais tar éis corp a fháil i loch. Ba é Ruán Magan, deartháir Manchán, a stiúir an scannán, bunaithe ar an úrscéal The Lake, le script ón údar céanna, Sheena Lambert. Tá ardmholadh faighte ag Báite on eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, a deir go bhfuil sé “fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair”, le béim láidir ar shaibhreas scéalaíochta na Gaeilge.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScríochdheighilt - partitionrún - resolutionbaol dícháilithe - risk of disqualificationar fionraí - suspendedleathbhádóir - partnereagarthóir coimisiúnaithe - commissioning editor

pr sin europa lake spongebob squarepants uefa mb bh fergus fai garda manch magan phr gaeilge tg4 uachtar gaeltachta conradh beidh cliath ard fheis mbaile ghaeltacht feirste gaillimh londain aontaithe inniu nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 26, 2026 4:35


Tá ceist curtha ag John Connolly ar ESB Networks faoin gcosc a bheas ar oibrithe áitiúla deisiúcháin éigeandála leictreachais a dhéanamh ar na hoileáin toisc rialacha nua atá curtha i bhfeidhm ag an gcomhlacht.

john connolly gaillimh esb networks
RTÉ - Adhmhaidin
Pacáiste ó Choinbhinsean Fhine Gael, Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 23, 2026 4:03


Roghnaíodh Seán Kyne le seasamh don pháirtí Gael i nGaillimh Thiar sa bhforthoghchán sa mBealtaine.

iste kyne gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 18, 2026 4:54


Tháinig fógra ón Aire Oideachais Hildegarde Naughton inné a rá go gcuirfí an t-athbhreithniú faoi Chúntóirí Riachtanais Speisialta ar athló.

farrell gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 5, 2026 5:24


D'fhreastal sé ar chruinniú faoi fheamainn i Ros Muc ag tús na seachtaine.

john connolly gaillimh ros muc
RTÉ - Adhmhaidin
Bríd Ní Chonghóile, Gaillimh le Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 29, 2026 5:01


Seolfar an fhéile Tonnta i nGaillimh inniu. Beidh an fhéile dhátheangach ar siúl i gCathair na Gaillimhe go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.

gaeilge beidh gaillimhe gaillimh ngaillimh d domhnaigh gcathair
RTÉ - Adhmhaidin
Máirtín Lee, Comhairleoir Contae, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 27, 2026 3:16


Cruinniú le bheith ag Comhairle Contae na Gaillimhe áit ar shocraigh siad cruinniú le ionadaí thithe an oireachtais faoi chúrsaí buiséid.

gaillimhe cruinni gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Rónán Kennedy, Ollscoil na Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 20, 2026 4:50


Rinne an tArd-Aighne cur síos ag an gcruinniú aréir leis an Taoiseach agus airí rialtas eile, ar na dlíthe a bhaineann le híomhánna a roinnt gan toil an duine, i bhfianaise an méid cainte atá déanta le beagnach coicís faoin aip Grok AI.

rinne taoiseach ollscoil gaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 5, 2026 3:50


Níl an NTA, chun an chuid eile den mhaoiniú a chur ar fáil, ag an tráth seo, don droichead atá le tógáil thar abhainn na Coiribe idir Barr an Chaladh agus an Daingean i gCathair na Gaillimhe.

barr nta john connolly gaillimhe daingean gaillimh gcathair
Nuacht Mhall
20 Nollaig 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 20, 2025 8:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*

pr dc hanukkah gi new south wales gc bh jeremy corbyn astr agus akram george best david lammy tg4 palestine action oireachtas idir nollaig nolla l fh justin kelly ngi beidh stiof nollag mumhan samhna gaillimh londain inniu gcorcaigh rialtas d domhnaigh breataine nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Mairéad Farrell, Teachta Dála, Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 19, 2025 4:30


D'ardaigh an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell an cheist sa Dáil tráthnóna inné gur fágadh roinnt áiteacha i gConamara gan aon chumhacht aibhléise arís an tseachtain seo, mar gheall ar drochaimsir arú aréir.

farrell gaillimh teachta d gconamara
RTÉ - Adhmhaidin
Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 15, 2025 5:00


Deireadh curtha leis an scéim aisíocaíóchta bhíodh ag an Rialtas do tháillí forbartha.

farrell gaillimh rialtas
RTÉ - Adhmhaidin
Frank Fahy, Comhairleoir Cathrach, Gaillimh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 10, 2025 5:25


Socraíodh gan ciste cúltaca a bheith mar chuid den chúnamh airgid an chéad bhliain eile do Leisureland i nGaillimh – rud atá ag cur an-imní go deo ar chuid mhaith comhairleoirí.

fahy gaillimh ngaillimh
RTÉ - Iris Aniar
Deirdre Ní Chroinín, Oibrí Sóisialta in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 10, 2025 8:08


Tá ócáid eolais do scoláirí meánscoile á eagrú ag grúpa ón rannóg sláinte agus cúraim shóisialaigh in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh.

alna gaillimh ospid
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 5, 2025 4:58


Tá sé tugtha le fios ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don Teachta Dála go bhfuil an líon seirbhíse Andúile is lú sa tír i Réigiún Sláinte Pobail an Iarthar agus Iar Thuaisceart.

sl john connolly gaillimh teachta d
RTÉ - Adhmhaidin
Daragh Ó Tuairisg, Ball de Chumann Fianna Fáil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 20, 2025 5:35


Deir Daragh Ó Tuairisg go bhfuil paisinéirí bus ar bhealach an 424 as Conamara go Gaillimh fágtha ar an bhfaraor géar arís eile ag Bus Éireann.

bus fianna f daragh gaillimh conamara
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly. T. D Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 10, 2025 5:38


Tháinig sé chun solais ag an deireadh seachtaine go raibh cuma ar an scéal gur dóigh nach mbeidh an t-athbhreithniú faoin gcaoi inár láimhseáil Fianna Fáil a fheachtas uachtaránachta foilsithe faoin gCéadaoin seo.

RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 3, 2025 5:26


Caithfear roghnú an iarrthóra a bheas ag Fianna Fáil san bhfo-thoghchán i nGaillimh Thiar a fhágáil go hiomlán faoi smacht lucht an phairtí sa toghcheantar, a deir sé.

RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly - Teachta Dála do Ghaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 20, 2025 3:26


Tá sé socruithe ag an tÚdarás Náisiúnta Iompair an NTA, athbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís bus an 424 a théann idir Leitir Mealláin agus Gaillimh.

nta john connolly gaillimh teachta d ghaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 9, 2025 6:46


An méid a bhí le rá aige féin faoin bpraiseach rinneadh de fheachtas uachtaránachta Fhianna Fáil agus cruinniú na hoíche aréir.

john connolly gaillimh fhianna f
Nuacht Mhall
4 Deireadh Fómhair 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Oct 4, 2025 5:53


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.*cabhlachán - flotillasoláthairtí fóirithinte - aid provisionsfuirseoir - comedianurlabhraí - spokespersondéantóir clár faisnéise - documentary maker

pr irish gaza dl connolly bh baile aisling manch rinne magan gaeilge tobar tg4 jim gavin seanad heather humphreys ghaeilge tadhg hickey cliath mbaile ngaeilge gaillimh gcol tuairisc inniu shinn f deireadh f nuacht mhall