POPULARITY
Labhraíonn Alan O'Brien le Seán faoin méid atá bainte amach agus ar siúl aige in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, a chuid oibre sna meáin agus an méid a bheidh ar siúl aige sa bhliain amach romhainn.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d'Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d'fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game
Craoladh beo ó Fhleadh Cheoil na Mumhan sa Lios Mór i gContae Phort Láirge
Beidh sé ag déanamh cur síos ar Fhleadh Cheoil na Mumhan i bPort Láirge.
Thug sí turas ar an Rómáin le déanaí lena cuid oibre. Dfhoghlaim sí faoi threibh dhaone atá ag maireachtaint sa Rómáin le 800 bliain, de shíolraibh na Gearmáine.
Craobh caitheamh bollaí sóisear na Mumhan buaite aici an deireadh seachtaine seo caite.
Bhí an triúr seo ar fhoireann Chumainn Rugair Chorca Dhuibhne a bhuaigh Craobh na Mumhan 20 bliain ó shin
Beidh oscailt Fhleadh Cheol na Mumhan ar siúl i gCaisleán Leasa Móire ar a 8 a chlog Dé Sathairn.
Tá céim a haon den athchoiriú ar fhoirgneamh ina bunaíodh Coláiste na Mumhan i mBéal Atha an Ghaorthaidh siar i 1904 ag teacht chun críche.
Bhí Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Luimneach agus Corcaigh ag imirt sa Chluiche Ceannais ar an Domhnach. Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.
Bhí Liam Breathnach iar roghnóir agus imreoir le Áth Cliath ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. An ceann mór in Parnell agus Clár agus Corcaigh ag troid le áit i gCluiche Ceannais na Mumhan . Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.
Imreoirí ó Chorcaigh tar éis an bua a bhí acu i gCluiche Ceannais na Mumhan fé 17 aréir.
Béidh deireadh seachtaine ollmhór i gcursaí iomána i gCúige le deis mór ag Uibh Fhailí agus Gaillimh dul chun cinn a dhéanamh, bua nó bás i Stáid Semple agus neart eile le Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach.
Oráid ó chaptaen Chiarraí agus tuairimí an Taoisigh agus an Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan.
Bhuail Liam Mac an Mhaoir le roghnóir Chorcaí roimh Cluiche Ceannais Caide na Mumhan i gCill Airne.
Bhí Paudie O`Neill arais ag caint le Cárthach faoi Chorcaigh agus Port Láirge i gCúige Mumhan agus cluichí móra Laighean. Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.
Bhí an Ciarraíoch Declan Quill linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an dá chluiche mhóra atá ag an deireadh seachtaine - cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh, agus cluiche ceannais Connacht idir Gaillimh agus Ros Comáin. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais – clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le hanailís agus agallaimh.
Bainisteoir Chiarraí ag tnúth go mór leis an Cluiche Ceannais Caide i gCúige Mumhan i gCill Áirne.
Bhí Paul Flanagan ag breathnú chun cinn ar chluiche mór na Mumhan idir na comharsan ar an Domhnach. Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.
Beidh neart foirne móra le feiceáil ag an deireadh seachtaine agus cluichí móra arís fud fad na tíre. Bhí Paddy Kelly as Corcaigh agus Gary Sice as Gaillimh linn chun súil a chaitheamh ar na cluichí ar fad. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach & Cian Ó Griallais | Clár Spóirt Gaeilge
Oifigeach Forbartha Gaeilge CLG na Mumhan ag caint faoin bPreab-Ghaeltacht ar bun in Inis an Domhnach beag seo.
An Spota Dubh: Labhair iománaí Chill Dara, Frank Bass, le Cárthach faoi chluichí na Mumhan agus Laighean ag an deireadh seachtaine. An Spota Dubh: Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. comhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine.
Cur síos aige ar Rás Sléibhe Craobh na Mumhan ar siúl i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh.
Sciúird mór thimpeall na Mumhan faoi conas atá rudaí maidir leis an ngearchéim breosla.
Bainisteoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta i gCúige Mumhan - beidh sí lonnaithe i gCampas Íosagáin.
Oifigeach Forbartha Gaeilge le CLG na Mumhan le trí bliana anuas.
Imreoirí ó Phobail Scoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Cluiche Ceannais Caide na Mumhan fé 14.5.
Fáilte go Saol ar OTB! TV Presenter Gráinne McElwain is host to Off The Ball's new bilingual podcast series celebrating the Irish Language through the eyes of the sporting world. In Episode One we have Jamie Wall, Jamie played for both the Cork hurlers and footballers at Minor level and won three Munster u21 football titles. In 2014, doctors discovered an abscess developing on his spine, leaving him paralysed from his midriff down.Jamie decided to use his talents for coaching, he has since won the Fitzgibbon Cup three times with Mary Immaculate College. A qualified teacher he is now in his last year studying Law and Accounting in UL.In eipeasóid a haon tá Jamie Wall againn. D'imir Jamie d'fhoirne mionúir iomána agus peile Chorcaí araon agus bhuaigh sé trí theideal Mumhan faoi 21. Sa bhliain 2014, tháinig easpa ar a dhromlach air, rud a d'fhág pairilis air ón mheánchorp síos.Shocraigh Jamie a chuid tallainne a úsáid don chóitseáil, agus ó shin i leith bhuaigh sé Corn Mhic Fhinn trí huaire le Coláiste Mhuire gan Smál. Is múinteoir cáilithe é agus tá sé anois ina bhliain deiridh ag déanamh staidéir ar an dlí in Ollscoil Luimnigh.
Cur síos ar iriseoir an Irish Examiner ar an gcóras ticéadú nua i bhfeidhm i gCraobhchomórtas Iomána na Mumhan.
Cathaoirleach Dhaonscoil na Mumhan - cur síos ar a gclár atá curtha le chéile do d'héile na bliana seo.
Ag caint in ómós do laoach caide na nDéise Gerry McCarthy atá imithe ar shlí na fírinne – d'imir sé do Phort Láirge nuair a bhuaigh siad ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na Mumhan i 1957.
[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe. I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe' ón altóir. Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc. Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana' 2025 Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh [Leagan Gaeilge thuas] In a village on the west coast of Ireland, every summer, the local poet is sent south to Munster to represent his village at the great gathering of poets. And each year, he composes a new poem for the occasion and, more importantly, he brings home new poems and songs. The people of the village love the songs he brings back to them, and organize a big night every year to welcome him home. But this year, the poet has returned in a foul humour. From now on, he will compose “new poetry, truer poetry!” he says. But when his new “rhymeless and toneless” poems are heard, the locals are horrified…. Bódléar is a novel with a light comic touch, a romance that deals with the changes in life and the ways in which people deal with them. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Úna Nic Cárthaigh and Ava Ní Loinsigh
Bainisteoir Ealaín na Gaeltachta i gCúige Mumhan ag trácht ar na dataí oscailte agus spriocdhataí scéimeanna mhaoinithe ar fáil don bhliain 2026.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*
Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle na Mumhan.
Pacáiste ón ndeireadh seachtaine tar éis a d'éirigh le foirne na Gaeltachta agus Daingean Uí Chúis craobh na Mumhan a bhreith leo.
Cathlaoirligh agus bainisteoirí do fhoireann caide Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht tar éis an dá chumann craobh na Mumhan a bhreith leo ag an deireadh seachtaine.
Beidh an dá thrá á fhreastal aige an deireadh seachtiane beag seo – ag tacú le Achadh Bolg agus Na Barrs i gcluichí ceannais na Mumhan.
Cathaoirleach CLG Daingean Ui Chúis agus roghnóir ag tnúth le cluiche ceannais sinsear na Mumhan.
Cathaoirleach Bhord Chiarraí Thiar ag trácht ar an ndeireadh seachtaine stairiúil agus CLG Daingean Uí Chuis agus An Ghaeltacht cáilithe do cluichí ceannais na Mumhan.
An beirt acu ag diriú isteach ar chluiche leath ceannais na Mumhan idir CLG Daingean Uí Chúis agus Mungairit Naomh Pól.
Imreoir CLG Naomh Abán a bhuaigh ceannais idirmhéanach na Mumhan i Mala.
Imreoir le CLG Naomh Abán atá i gcluiche ceannais idirmhéanach na Mumhan ar an nDomhnach i Mala.
D'oscail na na stáisiúin vótála ag a 7 agus le cur síos aici ar chonas a raibh cúrsaí ag dul i gceantair Ghaeltachta na Mumhan.
Bhí micléinn in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i mbun agóide inné agus iad ag éileamh cothrom na féinne i dtaobh maoiniú dos na hOllscoileanna Teicneolaíochta sa tír.
Bhí muintir na Gaeltachta ó Chúige Mumhan láthair i mBaile Átha Cliath an Sathran seo chaite.
Cruinniú ag Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh mar gheall ar imeachtaí i gColáiste na Mumhan i 2026.
Ag caint faoi imeachtaí a bheidh ar siúl don Oíche Chultúir i gCúige Mumhan ar an Aoine beag seo.
Seoladh an leabhair i gColáiste na Rinne le linn Daonscoil na Mumhan.
Tá an Coiste Forbartha thar a bheith mí-shásta leis an gcaoi a bhfuil Iontaobhaithe Choláiste na Mumhan ag caitheamh lena n'éileamh go n-éireodh siad as oifig.