POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcúilín is fiche acu in aghaidh cúl agus ocht gcúilín déag de chuid na Gaillimhe. Níor bhain Fir na dTreabh Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 2017 ann. Ina dhiaidh sin, oíche Dé Domhnaigh, imríodh cluiche ceannais Chorn an Domhain in New Jersey, agus bhí an bua ag an Spáinn den dara huair i stair na tíre. Bhí smacht láidir acu ar an chluiche,agus níor éirigh leis an Airgintín an liathróid a thabhairt dá gceannaire, Lionel Messi, a bhí ag imirt i gCorn an Domhain den uair dheireanach agus é naoi mbliana is tríocha d'aois. Ba é Kylian Mbappé a bhuaigh an Bhróg Órga, agus deich gcúl scóráilte aige le linn an chomórtais. Beidh cluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar siúl amárach, agus na curaidh reatha Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo.Tá na húdaráis sa Spáinn agus sa Fhrainc ag streachailt le smacht a choinneáil ar fhalscaithe atá ag scaipeadh mar gheall ar an tonn teasa san Eoraip. Bhí ar níos mó ná ceathrú milliúin duine an baile a fhágáil de bharr na dtinte, go háirithe gar do Bordeaux in iardheisceart na Fraince agus in Ávila, lastiar de Mhaidrid. D'éiligh Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez "Comhaontú Náisiúnta in aghaidh na hÉigeandála Comhshaoil" le dul ingleic leis an ghéarchéim. Bhí falscaí in Am Monadh Ruadh in Albain fosta, agus aslonnaíodh sráidbhaile darb ainm Nethy Bridge. Meastar nach mbeidh mórán fearthainne ann don chuid eile de mhí Iúil.Fuair buachaill óg ó Bhéal Feirste aistriú croí Dé Máirt. Tá siondróm hipeapláiseach croí clé ar Dháithí Mac Gabhann ó rugadh é sa bhliain 2016, rud a chiallaíonn nár cruthaíodh taobh clé a chroí i gceart. Chuaigh Dáithí faoi scian in Newcastle i dtuaisceart Shasana agus dúirt a athair Máirtín go bhfuil a bheola bándearg den chéad uair riamh, mar go raibh dath gorm orthu roimhe seo. Tugadh dlí úr isteach trí bliana ó shin ar a dtugtar 'Dlí Dháithí', le go mbeidh daoine ina ndeontóirí orgáin go huathoibríoch, muna bhfuil sé ráite go soiléir nár mhaith leo a bheith.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISContae an Chonartha - the Treaty CountyFir na dTreabh - the Tribesmenfalscaithe - wildfiresAm Monadh Ruadh - the Cairngorms (Gàidhlig na hAlban)siondróm hipeapláiseach croí clé - hypoplastic left heart syndromedeontóirí orgáin - organ donors
Níos deirní ar maidin inniu glacadh Andy Burnham a mhóid oifige mar Phríomh Aire nua na Breataine, an 7ú ceannaire rialtais le deich mbliana, ach céard a chiallóidh an t-athrú do na 6 Chontae agus don chaidrimh le rialtas na hÉireann?
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d'Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d'fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game
Beidh comhdháil ar siúl in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar an Déardaoin seo dírithe ar Chaighdeáin in Reachtaíocht agus i gCur Chun Cinn Teanga. Is é Oifig an Choimisinéir Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide.
Ag cur síos ar mar a bhí cúrsaí i mBéal Feirste aréir áit a bhfuil círéibeacha ar siúl le cúpla oíche, ghabh na póilíní seisear déag sa chathair aréir agus fágadh dhá phóilín déag gortaithe in eachtraithe éagsula.
Running a business in Ireland is expensive. Energy bills are one of the biggest overheads for businesses across the country, and the building you operate from has more impact on those bills than most business owners realise. New research from Procure.ie analysed at 80,526 non-domestic building energy ratings (BER) published by the Central Statistics Office (CSO), which measures the energy performance of commercial and public buildings such as offices and warehouses across Ireland between 2009 and 2025, to find out which counties are leading the way. Counties were then ranked by how many of their buildings achieved an A rating, the highest score a building can get. Kildare came out on top by a landslide, with 7% of its buildings (235 out of 3,355) rated A. That's almost double the national average of 3.6%. The county has become a hub for modern, energy-efficient commercial development, with planners recently approving a €3 billion data-centre campus by Herbata at Naas, and Kildare's pharma and semiconductor sites being built to high standards. Three counties share second place, each with 5% of their commercial buildings A-rated. County Dublin leads the trio with 296 out of 5,915 buildings achieving an A rating. Meath follows with 134 out of 2,672 buildings A-rated. The new 21,000 sq ft Thrive Centre of Business Excellence opened in September 2025, offering dedicated climate action services and adding to the county's growing reputation for energy-smart business. Westmeath completes the joint second-place trio, also at 5% (84 out of 1,684 buildings). In September 2025, Westmeath County Council signed contracts to upgrade its three biggest buildings (Áras an Chontae in Mullingar, the Civic Centre in Athlone, and Athlone Regional Sports Centre) to high energy-efficiency standards. Ballymore Group has also announced plans for a new sustainable town in Athlone, designed for 100,000 residents by 2040, with 90% of its energy coming from renewables. Longford (4.1%) and Laois (4%) rank in third and fourth place respectively, showing that even smaller counties can make a massive impact. Longford County Council received €793,822 from the EU Just Transition Fund to develop the Longford Enterprise and Energy Centre, and Laois County Council recently signed a multi-million-euro funding agreement with the Sustainable Energy Authority of Ireland (SEAI) to retrofit buildings across the Midlands. The Rebel County rounds out the top five, with 291 out of 7,263 commercial buildings achieving an A rating. Cork has more commercial buildings in this dataset than any county outside Dublin, and it is one of Ireland's biggest business counties for a reason. Pharma, tech, and manufacturing companies have all planted roots there. At the other end of the list, Limerick City has the highest proportion of G-rated commercial buildings in the country at 17%, making it the worst-performing county in Ireland. Kilkenny and Sligo are not far behind at 16%, with Louth and Monaghan following at 14%. A lot of this comes down to older heritage buildings and ageing warehouses along the Dublin-Belfast route. For more information and to view the full research, please visit: https://www.procure.ie/irelands-most-energy-efficient-counties/ Procure.ie analysed 80,526 non-domestic BER audits by county, published by the Central Statistics Office (CSO), covering everything from offices and warehouses to hotels, schools, hospitals and shops across Ireland between 2009 and 2025, to find out which counties are the most energy efficient. About Procure.ie Procure.ie are Ireland's largest business utility consultants, specialising in providing strategic guidance and solutions to businesses across the country. Procure.ie offers comprehensive services ensuring you get the best deal across energy and merchant services. See more breaking stories here. Irish Tech News are Ireland's No. 1 Online Tech Publication and often Ireland's No.1 Tech Podcast too. You can find hundreds of fantasti...
Cruinniú le bheith ag LCSP na Gaillimhe i gceantar Chonamara agus plé ar chúrsaí póilíneachta.
Mír rialta le ball den Gharda Síochana sa Chontae le heolas faoi eachtraí a tharla sa chontae le seachtain. Plé inniu faoi mar a bhí rudaí sa chontae thar an deireadh seachtaine saoire bainc, faoi eachtraí ord poiblí a tharla i gceantar Ghaoth Dobhair le linn an deireadh seachtaine agus faoi eachtraí gadaíochta éagsula a tharla le tamall.
Bhí díospóireacht mhór ar siúl in Áras an Chontae i Leifear tráthnóna inné agus na comhairleoirí ag iarraidh teacht ar socruithe ar rátaí faoin Scéim Ranníocaíochta Forbartha do 2026 go 2030.
Tá Aonach Céardaíochta ar siúl in Áras an Chontae i gCathair na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge.
Beidh cruinniú speisialta ag Comhairle Contae na Gaillimhe faoina haighneachtaí a tháinig isteach ar Leasú ar Phlean Forbartha an Chontae.
Plé ar dhréachtphlean Forbartha an Chontae - tioncar easpa treoirlínte pleanála Gaeltachta.
Ceapadh é mar leas Chathaoirleach ar an bPáirtnéireacht Sábháilteacht Pobail Áitiúil sa gcontae.
Laura Dixton, Comhordaitheoir Aeráide Chomhairle Chontae Mhaigh Eo. Tá ciste ar fiú os cionn €600,000 fógraithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo do ghrúpa pobail atá ag caomhnú agus ag cosaint na timpeallachta.
Eacht déanta ag Scoil Naomh Eirc i bPáirc Aibhistín de Staic nuair a bhuadar Comórtas 3 Oide an Chontae i gcoinne Béal Átha Longfoirt.
Tá go leor cor agus cúiteamh le blianta faoin cheist a bhaineann le cead vótála a bheith tugtha do mhuintir na 6 Chontae i dtogchán na hUachtarnachta sa tír seo.
Bua CLG Daingean Uí Chúis i gCraobh Caide an Chontae.
Bainisteoir ar fhoireann camógaíochta na Rinne a bhuaigh Craobh Sóisir an Chontae ar an nDomhnach i gcoinne Port an Chalaidh.
Rinneadh cinneadh ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae na Gaillimhe an tseachtain seo síneadh a chur le hÁras an Chontae.
Yesterday, Kerry County Councillors met 14 potential presidential candidates at Áras an Chontae who are seeking a nomination from the council that could allow one of them appear on the ballot paper in next month’s election. Amber Galwey reported on the event from County Buildings. Jerry also spoke to Fianna Fáil councillor Tommy Cahill.
Iománaithe na Rinne tar éis an bua sa Chraobh Idirmhéanach an Chontae ar an Sathran.
Tá instealltaí le méachán a chailleadh i mbéal an phobail le tamall anuas, ach tá rabhadh tugtha ag Roinn Sláinte na 6 Chontae faoi chineálacha bréige agus neamhdhleathacha de na hinstealltaí seo atá á ndíol ar líne, ar na meáin shóisialta, agus fiú go háitiúil.
Las dílseoirí tine chnámh a raibh mac a samhail de bhád agus teifigh inti ar a barr i Maigh gCaisil gar do Dhún Geanainn i gCo Thír Eoghain aréir agus cuireadh bratach na hÉireann ar bharr na tine freisin. Tá sé seo cáinte ag polaiteoirí ar fud an Tuaiscirt.
Sna 6 Chontae, ag an deireadh seachtaine tháinig roinnt tuairiscí chun solais go bhfuil an UVF, an bhuíon paraimíleatach dílseach le scoradh.
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt an tríú cás cúirte in aghaidh Fheidhmeannais na 6 Chontae agus freisin in aghaidh an Aire Pobal, mar gheall ar an teip Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.
Mír rialta le ball don Gharda Síochana sa Chontae le eolas agus le Comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí éagsula a tharla sa chontae le seachtain.
Tá Glantachán an Chontae atá ar siúl an deireadh seachtaine seo ar fud Chiarraí agus iarrtar ar phobail teacht amach chun cabhrú leo.
Agallamh a rinne Bríd le Timlín Ó Cearnaigh i mí Meán Fómhair 1993 – agus í ag cur síos i dtús báire ar an easpa cothromaíochta don phobal náisiúnach sna Sé Chontae. Tá Bríd 90 bliain d'aois inniu.
Fógraíodh le gairid go bhfuil Cathal Seoighe as Ráth Chairn ceaptha mar chomhalta do Chontae na Mí ar bhord Údarás na Gaeltachta.
Tá sé ag moladh go cheart do Chomhairle Contae Chiarraí mapa a fhoilsiú a léiríonn cén na háiteanna sa Chontae go bhfuil ionsaithe déanta ag madraí ar chaoire iontu.
Cathaoirleach Fhianna Fáil a Chontae ag cur síos ar an méid a chiallaíonn an toradh san olltoghchán dhoibh.
Bronnfar Gradam Mhichíl Uí Mhuircheartaigh ar Chumann Caomhnaithe an Mhachaire inniu as gach a bhfuil déanta acu i gcaomhnú talún,agus na h-oidhreachta. Tá'n naomhóig lárnach sa scéal, an báidín míorúilteach a tháinigh ó Chontae an Chláir an chéad lá.
Clare County Council has passed a motion calling on the Government to enact the Occupied Territories Bill. The motion tabled by Shannon Sinn Féin Councillor Donna McGettigan received the backing of the majority of councillors at this week's meeting of the county's elected representatives. The local authority will now write to the Government to request that the legislation, which would prohibit trade with Israel's illegal settlements, be enshrined in law, while it's also been agreed that a Palestinian flag will hang outside Áras Chontae an Chláir for one week. The Mayor of Clare asked members to stand for a minute's silence at the meeting, and Councillor McGettigan says this was a particularly moving display of support.
Mír seachtainiúil le ball don Gharda Síochána go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí a tharla sa Chontae le seachtain.
Ghabh Stiúrthóir Seirbhísí an Chontae leithscéal leis na hinnealtóirí agus leis na húinéirí tí faoina dearmadtaí a rinneadh faoin scéim Cúitimh Mica.
Dara Ó Cinnéide, Micheál Ó Gliasáin, Diarmuid Ó Sé; Deireadh ré do chraobhacha dúichí an chontae muna mbíonn imreoirí Contae ag imirt le na gclubanna?
Mír seachtainiúil le ball don Gharda Síochana go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí a tharla sa Chontae le seachtain.
Níl sé ach seachtain ó foilsíodh an dréacht-Chlár Rialtais ó Thuaidh 2024-2027 – agus gan tagairt ar bith ann don oideachas Gaeilge. Beidh deis ag teagascóirí na dúshláin atá san earnáil gaeloideachais a phlé ag comhdháil a bheas ar siúl inniu i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.
Mír seachtainiúil le ball den Gharda Síochána go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí a tharla sa Chontae le seachtain. Tá imní léirithe ag Noreen faoi fhear a tháinig chomh fada lena teach inné agus labhair sí faoin eachtra seo.
Leabharlannaí an Chontae ag caint ar léacht atá le tabhairt anocht ag an Dr Richard McElligott do Chumann Staire agus Seandálaíochta Chiarraí faoi chluiche ceannais na hÉireann 100 bliain ó shin.
Mír seachtainiúil le ball don Gharda Síochana go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraí a tharla sa Chontae le seachtain.
Dúirt Príomh Aire na Breataine Keir Starmer go bhfuil foireann speisialta póílineachta le cur ar dualgas le déileáil leis na léirsithe atá ar bun i Sasana agus sna 6 Chontae.
Beidh Ciarrai á fhéachaint leis an nGaillimh i gcluiche ceannais peil na mban de Domhnaigh seo chughainn. Ana rath ar pheil na mban anseo ar leithinis Chorca Dhuibhne agus imreoirí ar fhóirne an Chontae.
Craoladh ó Fhanaithe an Ghleanna i gCathair Chorcaí agus Corcaigh a tabhairt aghaidha r Chontae an Chláir i gcluiche ceannais iomána na h-Éireann.
Ag labhairt sé faoin rothaíocht thimpeall Chontae na Gaillimhe a bheas á dhéanamh ag grúpa as an taobh seo tíre ar mhaithe le Teach Pieta.
Nochtadh leac in Áras an Chontae i dTráilí ar maidin i gcuimhne ar na céad chomhairleoirí a toghadh ar an gComhairle 125 bliain ó shoin.
Bhuaidh iománaithe Chorcaí ar Luimneach inné i gcluiche leath cheannais na h-Éireann. Muintir Chorcaí súil leis an gcluiche ceannais i gcoinne Chontae an Chláir i gceann coicíse ní nach ionadh.
Gan ach lá amháin fágtha roimh olltoghchán na Breataine, inniu tugann ár gcomhfhreagraí i mBéal Feirste amharc ar an bhfeachtas sna sé Chontae agus tuarfaidh sí mar a roinnfear an chreach.
Aréir thug ionadaithe ó pháirtithe móra na 6 Chontae aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht teilifíse ar an BBC. Déardaoin seo chugainn a bheidh an pobal ansin ag bhótáil in olltoghchán na Ríochta Aontaithe.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Beidh Simon Harris ina Thaoiseach Dé Máirt nuair a fhillfidh Teachtaí Dála ar an Dáil i ndiaidh shos na Cásca. Ós rud é nach raibh aon iarrthóir eile do cheannaireacht Fhine Gael tar éis do Leo Varadkar éirí as an ról, tá Harris ina cheannaire gan toghchán ach beidh vóta de dhíth sa Dáil chun é a dheimhniú mar Thaoiseach, an Taoiseach is óige i stair an stáit ag seacht mbliana is tríocha d'aois. Baineadh croitheadh as lucht polaitíochta an Tuaiscirt seachtain ó shin nuair a gabhadh Jeffrey Donaldson, ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Daonlathaigh, ar chúiseanna mí-úsáide stairiúla, ach roghnaíodh Gavin Robinson mar cheannaire sealadach an pháirtí agus táthar ag súil nach mbeidh aon drochéifeacht ar Thionól Chnoc an Anfa. Tá beagnach 40 ball den Pháirtí Daonlathach i Meiriceá, Nancy Pelosi ina measc, i ndiaidh impí ar Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus ar an Rúnaí Stáit, Anthony Blinken, stop a chur le díolacháin arm d'Iosrael. D'éiligh Biden féin sos cogaidh Déardaoin tar éis d'fhórsaí Iosraelacha seachtar oibrithe cabhracha a mharú. Tá súil ag an charthanacht World Central Kitchen go dtarlóidh fiosrúchán neamhspleách. Ghlac Iosrael freagracht as an eachtra, agus dúirt an Príomh-Aire nár tharla sé d'aon ghnó, ach níor gabhadh aon phardún faoi. Tá imní ann sa Mheánoirthear maidir le freagairt na hIaráine ar mharú seachtar oifigeach den Gharda Réabhlóideach i nDamaisc na Siria fosta. Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil an deireadh seachtaine seo agus foireann Londan ag imirt in aghaidh Chontae na Gaillimhe in Ruislip inniu. Beidh Maigh Eo ag imirt i Nua Eabhrac amárach agus roinnt cluichí ar siúl ar fud na hÉireann. Fuair Doire an lámh in uachtar ar Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite i gcluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta agus measann anailísithe gurb iad an dá fhoireann sin chomh maith le Ciarraí a bheidh ag dul in iomaíocht don duais is mó, Corn Mhig Uidhir, ag deireadh an chomórtais i mí Iúil. Cuirfear tús le Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann san Iománaíocht an mhí seo fosta ach ar dtús tá cluiche ceannais na Sraithe Náisiúnta idir an Clár agus Cill Cheannaigh ar siúl i nDurlas Éile anocht. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cúiseanna mí-úsáide stairiúla - historical abuse charges Tionól Chnoc an Anfa - the Stormont Assembly díolacháin arm - arms sales fiosrúchán neamhspleách - independent investigation anailísithe - pundits ag dul in iomaíocht - competing