POPULARITY
Tá bainisteoir Ghrúpscéim Uisce Loch Oirbhirte agus Leitir Mealláin i gConamara ag fáiltiú roimh mholadh na Gníomhaireachta Um Chaomhnú Comhshaoil go mbeadh dualgas ar chuile ghrúpscéim príobháideach uisce sa tír clárú leis na húdaráis áitiúla, ach cur ar a gcumas an costas breise a bhainfeadh leis sin a sheasamh.
Pléadh an laghad gardaí tarrthála agus spásannaí páirceála atá ar na tránna i gConamara ag cruinniú chomhairleoirí bardasacha Chonamara Dé hAoine seo caite.
I gCeantar na nOileán, i gConamara tá ciondáil dá déanamh ag Uisce Éireann ar an sholáthar i rith na hoíche le go mbeidh uisce ar fáil ag muintir na háite i rith an lae.
Tá sé iarrtha ag ceann áras Shinn Féin uirthi teacht os comhair Choiste Caighdeán an pháirtí mar gheall ar cháineadh dá cuid.
Oisín Ó hEartáin, stiúrthóir an gearrscannán Fear. Táthar ag lorg aisteoirí do ghearrscannán a bhéas á thaifead i gConamara ag an gcomhlacht léiriúcháin Samson Films.
Tá imní léirithe aige go bhfuil cúrsaí tráchta i nGaillimh ag cur bac ar eagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, comhlachtaí a mhealladh le lonnú i gConamara.
Tá club nua rothaíochta le bunú i gConamara.
Tá comhdháil á eagrú ag Cumann Barra na Gaeilge i gConamara.
Tá roinnt ball de pháirtí Shinn Féin i gConamara mí shásta nár roghnaíodh iarrthóir as Ceantar Chonamara le bheith san iomaíocht I bhfo-thoghchán Ghaillimh Thiar in ionad iarrthóir as an gCathair áit a bhfuil Teachta Dála ag an bPairtí cheana féin.
Bhí scoláirí ó Gaelcholáiste Chill Dara ar thuras anseo i gConamara le déanaí.
Labhraíonn Garry Mac Donncha le Cuán faoina shaol agus a shaothar, a hóige i gConamara, an méid atá bainte amach aige ó thosaigh sé sna meáin siar i 1996, buaicphointí móra go dtí seo agus neart eile.
Glacadh le moladh a rinne an Comhairleoir Tom Welby ag cruinniú Comhairle Contae inné go n-eagrófaí seisiún eolais idir Comhairleoirí Ceantar Bardasach Chonamara, Údarás na Gaeltachta, agus lucht pleanála na Comhairle, chun plé níos mine a dhéanamh ar chúrsaí tithíochta i gConamara.
Rhóna Ní Chearbhaill, OPT Pobal Rua & Trevor Ó Clochartaigh, Coiste Eagraithe Compántas Dramaíochta Chonamara. Beidh cruinniú poiblí ar na gCeathrú Rua anocht agus compántas nua drámaíochta le bunú i gConamara.
Micheál S Mac Donnacha, Ball de Bhorid Bainistíochta Scoileanna i gConamara ag labhairt faoin méid laethannta a bhíonn gasúir as láthair ón scoil.
Bhí toscaireacht ó lucht bainte feamainne agus daoine a bhfuil cearta bainte feamainne acu ar a gclár maoine i gConamara i mbun cruinnithe le feidhmeannaigh do chuid Údarás Rialála Muirí nó Mara i dTeach Laighean inné.
Tá maoiniú faighte ag trí scoil i gConamara, Scoil Sailearna, Scoil na bhForbacha agus Scoil Shéamais Naofa le tacú leis an bhfeachtas ‘Bealach Sábháilte chun na scoile' atá ar bun acu.
D'ardaigh an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell an cheist sa Dáil tráthnóna inné gur fágadh roinnt áiteacha i gConamara gan aon chumhacht aibhléise arís an tseachtain seo, mar gheall ar drochaimsir arú aréir.
Beidh an gearrscannán nua Ealú atá suite i gConamara sna 1990idí le feicéail ag na féilte scannáin amach sa mbliain nua.
Tá litir seolta ag Comhairle Contae na Gaillimhe chuig ComReg agus an Aire Iompair faoin gclúdach fóin i gConamara.
B'éigean do Corio Generation €35 milliún a íoc leis an stát mar chuid den phlean feilm gaoithe a thógáil ar Sceirde gar do Charna i gConamara, plean nach bhfuil ag dul ar aghaidh. Tá an Teachta Dála Mairéad Farrell den bharúil gur cheart gur ar thograí áitiúla a chaithfí an t-airgead seo.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cgsvjuf Contact: irishlingos@gmail.com 88% increase in the number of Airbnb homes in the Gaeltacht since 2019. Ardú 88 faoin gcéad ar líon na dtithe Airbnb sa Ghaeltacht ó 2019. The number of homes available on Airbnb in the Gaeltacht has increased by 88% since 2019, according to new figures published by Conradh na Gaeilge and the tenants' association CATU. Tá ardú 88 faoin gcéad tagtha ó 2019 ar líon na dtithe atá ar fáil ar Airbnb sa Ghaeltacht, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge agus ag an gcumann tionóntaí CATU. That's a 40% increase more than the national increase. Sin ardú 40 faoin gcéad níos mó ná an t-ardú náisiúnta. In the West Kerry and South Kerry Language Planning Areas, for example, more than 16% of all private properties in both places are homes available on Airbnb, according to the figures. I Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas, cuir i gcás, is tithe atá ar fáil ar Airbnb iad níos mó ná 16 faoin gcéad de na háitribh phríobháideacha ar fad sa dá áit, de réir na bhfigiúirí. In the Islands District of Connemara, there were nine homes available on Airbnb in 2019 compared to 27 in 2025, an increase of 200%. I gCeantar na nOileán i gConamara, bhí naoi dteach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 27 in 2025, ar méadú de 200 faoin gcéad é sin. In Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire and Lough an Uír in Co Donegal, there were 66 homes available on Airbnb in 2019 compared to 139 this year, an increase of 110%. I nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, in Anagaire agus i Loch an Iúir i gCo Dhún na nGall, bhí 66 teach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 139 i mbliana, ar méadú de 110 faoin gcéad é. Róisín Ní Chinnéide, Advocacy Manager for Conradh na Gaeilge, said that the figures show that "the Gaeltacht is being strangled by Airbnb's tight grip" and criticized the Government for turning everyone's fundamental right to have a place to live into a commodity. Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí "go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb" agus cháin sí an Rialtas as an mbuncheart atá ag gach duine áit chónaithe a bheith acu a iompú ina earra. Paul D'Eath from CATU called for legislation to be introduced to tackle the problem. D'iarr Paul D'Eath ó CATU reachtaíocht a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an bhfadhb. The figures were compiled by the action group Inside Airbnb on behalf of Conradh na Gaeilge and CATU. Is iad lucht an ghrúpa gnímh Inside Airbnb a chuir na figiúirí i dtoll a chéile ar son Chonradh na Gaeilge agus CATU. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo. Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo? An fearr ‘randamach' nó ‘fánach'? An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal ‘dia'? Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil go leor duaiseanna is gradam buaite aige. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas is tá cónaí air i gConamara. Is é a bhí mar chomhchruthaitheoir agus príomhscríbhneoir ar an tsraith drámaíochta teilifíse don óige, Aifric.
Tá áiteachaí i gConamara san áireamh san infheistíocht €5milliún atá le déanamh ag Bord Soláthar an Leictreachais ar an ngréasán cumhachta ach imní faoin tionchar d'fhéadfadh a bheith ag briseadh cumhachta ar scoileanna an cheantair.
Beidh imreoirí ó scoileanna éagsúla i gConamara ag teacht le chéile agus súil acu foireann peile a chur chun páirc i gComórtas Chúig Chonnachta.
Tá an taispeántas ‘Obair Saoil' leis an ealaíontóir, Pádraic Reaney as an Cheathrú Rua i gConamara ar siúl sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair san am i láthair.
Deir Pádraig an Táilliúra go bhfuil fadhb mhór i gConamara le easpa otharcharranna chun daoine a bhuaileann an donacht iad a thabhairt chuig na h-otharlanna.
Kathryn Ní Mhaoláin, colúnaí as Carn Tóchair a bhí ag freastal ar ar chúrsa iriseoireachta anseo i gConamara le gairid.
Deir an Comhairleoir Contae ón bPairtí Éire Neamhspleach i gConamara nach bhfaigheann Contae na Gaillimhe cothrom na féinne nuair a bhíonn airgead Stáit á roinnt.
Tá próiseas earcaíochta ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi láthair le teiripeoirí saothair a fhostú i gConamara don tSeirbhís do Pháistí faoi Mhíchumas, a chuireann seirbhís ar fáil do pháistí atá faoi mhíchumas i gceantar Chonamara.
Fógraíodh Dé hAoine seo caite go bhfuil ceann de na comhlachtaí is faide atá i mbun táirgíochta i gConamara, Inneal Doiteáin Teoranta, ag dúnadh.
Mairéad Farrell, TD ag labhairt faoi easpa dochtúir teaghlaigh i gConamara.
Máire Uí Mhaoláin, Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán agus Adele Ní Rancín, ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ag labhairt faoin gclár Sláinte na mBan á reachtáil i gConamara agus Oileáin Árann an mhí seo.
Máire Uí Mhaoláin, Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán & Adele Ní Rancín, ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ag labhairt faoin gcn clár Sláinte na mBan á reachtáil i gConamara agus Oileáin Árann an mhí seo.
Tá roinnt mhaith áiteachaí i gConamara atá fós fágtha gan aon chóras ceart leathanbhanda ná fón.
Rinneadh damáiste mór do Halla Pobail na Tullaigh i gConamara de bharr na stoirme. Tá tús curtha le feachtas sa gceantar anois leis an halla a réiteach.
Tá ionaid leighis i gConamara fágtha gan aon chumhacht aibhléise le seachtain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders
Rinneadh plé ag cruinniú de Chomhairle Condae na Gaillimhe inné faoin gcóras atá ag an gcomhairle le salann a chur ar na bóithre le linn na droch aimsire agus faoin gcaoi ar loic na cuaillí leictreachas i gConamara le gairid.
Cruinniú le bheith faoi Rhodendron i Ros a' Mhíl Dé Luain seo chugainn i gConamara.
Tugadh le fios ag cruinniú do Chomhairleoirí Bardasacha Chonamara a bhí ann le gairid go mbeidh na teorainneacha luais ar na bóithre beaga bailte uilig i gConamara dhá laghdú ó 80 ciliméadar go dtí 60 ciliméadar san uair roimh dheire mhí na Samhna.
D'eirigh go h-iontach leis an dara bliain d'Aistear na nGael i gConamara an tseachtain seo caite. Cailíní óga Chorca Dhuibhne fillte abhaile lán do spraoi na h-óige.
Tá Campa Samhraidh á reáchtáil ag Fighting Words na Gaeltachta i gConamara don chéad uair riamh.
Micheál S Mac Donnacha, Cathaoirleach Boird Bainistíochta Scoileanna i gConamara ag labhairt faoi ionsaithe a dhéantar ar mhúinteoirí agus cúntóirí sa seomra ranga.
An scéal is deireanaí faoina toghcheantair i gConamara.
An méid a bheas ar siúl sna toghchán áitiúla i gConamara.
Micheál S Mac Donnacha, ball de bhord bainistíochta ronnit scoileanna i gConamara ag labhairt faoi chúrsaí bullaíochta.
Cén tionchar a bheas ag imeacht beirt Comhairleoirí Contae as Fianna Fáil ar an bpáirtí i gConamara.
Níl Comhairle Contae na Gaillimhe dáiríre faoi dhul i ngleic leis an bhfadhb atá le ganntan reiligeachaí i gConamara a deir Páraic a Táilliúra ó Ghlór na Tuaithe.
Beidh Máirtín Lee ag dul san iomaíocht sna toghcháin áitiúla i mí an Mheithimh d'Fhianna Fáil. Labhair sé le Máire Áine Ní Chuaig.
Thar a bheith mí shásta leis na deacrachtaí atá le cúrsaí bus an 424 i gConamara.