Podcasts about tuachtar

  • 13PODCASTS
  • 118EPISODES
  • 11mAVG DURATION
  • 1EPISODE EVERY OTHER WEEK
  • May 31, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about tuachtar

Latest podcast episodes about tuachtar

Nuacht Mhall
31 Bealtaine 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 31, 2025 4:54


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Leanann an t-uafás sa Phalaistín agus brú ar rialtais an domhain ag fás gach lá chun smachtbhannaí a chur ar Iosrael. Níl aon bhia ná cúnamh ag dul isteach go Gaza fós. Tá plean sos cogaidh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi bhreithniú faoi láthair, den chéad uair ón sos cogaidh ar theip air i mí an Mhárta. Ghlac Iosraelleis an bplean agus tá freagra foirmiúil fós le teacht ó Hamas ach dúirt urlabhraí nach ngeallann an beart sos cogaidh buan ná go leor soláthar cúnaimh. Sa Ríocht Aontaithe scríobh 828 saineolaí dlí litir chuig an  bPríomh-Aire Keir Starmer ag lua go bhfuil cinedhíothú ag tarlú agus ag cur brú ar an rialtas úsáid abhaint as gach acmhainn atá ar fáil chun stop a chur leis. In Éirinn, cáineadh an rialtas as an easpa gníomh dleathúil i gcoinne Iosrael. Chuaigh bean as Gaillimh, Sophie Ní Choimín ar stailc ocrais le brú a chur orthu an Bille Críoch FaoiFhorghabháil a hachtú. I rith na seachtaine fuarthas ceadú sa Dáil cosc a chur ar iompórtáil ón Iosrael, ach baineann sé seo le táirgí amháin agus níl seirbhisí san áireamh, cé gurb iadsan a dhéanann an chuid is mó d'iomportáil ó Iosrael go hÉirinn.Tháinig rialú ón gCúirt um Thrádáil Idirnáisiúnta sna Stáit Aontaithe Dé Céadaoin, ina ndúradh go bhfuil an chuid is mó de na táillí atá an tUachtarán Trump ag achtú neamhdhleathach. Ghlac an Chúirt Achomhairc Fheidearálaigh le hiarracht ó riarachán Trump sos sealadach a chur ar an rialú seo, agusleanfaidh siad ag bailiú cánach don am seo. Tá sos curtha ar roinnt dualgas an riaracháin agus idirbheartaíocht trádála ar siúl, agus beidh an chéad éisteacht eile ar siúl ar an 5ú Meitheamh. Ceaptar go rachfaidh an cás go dtí an Chúirt Uachtarach. Dúirt Peter Navarro, comhairleoir trádála Trump, “fiú má chaillfimid (sa chúirt), déanfaimid iad (na táillí) i slí éígin eile.”Tá chuid den sráidbhaile Blatten san Eilvéis scriosta tar éis intitim oighearshrutha Dé Céadaoin. Bhi 300 duine ina gcónaí sa sráidbhaile agus tharla aslonnú ar an 19ú lá de mhí na Bealtaine, bunaithe ar rabhadh geolaí faoi chobhsaíocht an oighearshrutha. Tá duine amháin ar iarraidh agus tá an-chuid tithe scriosta. Tá tacaíocht ó rialtas na hEilvéise, ag cinntiú go mbeidh daoine in ann filleadh ar a mbaile, nó an ceantar ara laghad. Toradh athrú aeráide an tubaiste seo, agus teochtaí ag ardú tá na oighearshruthanna agus talamh síorshioctha sa cheantar ag leá. Dúradh sa tuarascáil is déanaí ar shláinte na oighearshruthanna san Eilvéis go mbeidh siad go léir imithe laistigh de chéad bliain, mura gcoimeádfar ardú teocht domhanda laistigh de 1.5 céim, sprioc atá caillte cheana féin, dar le saineolaithe.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsoláthar cúnaimh - provision of aidstailc ocrais - hunger strikeag bailiú cánach - collecting taxidirbheartaíocht trádála - trade negotiationintitim oighearshrutha - glacier collapsetalamh síorshioctha - permafrost

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250512_IRISH__margadh_sealadach_idir_meiricea_agus_an_tsin_faoi_tharaifi_trump

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later May 12, 2025 12:23


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xpjphjm Contact: irishlingos@gmail.com Temporary deal between America and China under Trump Tariffs. Margadh sealadach idir Meiriceá agus an tSín faoi Tharaifí Trump. A deal has been reached between the United States and China to temporarily cut reciprocal tariffs in the hope of ending a trade dispute between the world's two largest economies that has wreaked havoc on stock exchanges and financial markets and on economic planning around the world. Tá margadh déanta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín le taraifí cómhalartacha a ghearradh go sealadach le súil clabhsúr a chur ar aighneas tráchtála idir an 2 gheilleagar is mó ar domhan atá tar éis cíor thuathail a tharraingt ar na stocmhalartáin agus na margaí airgid agus ar phleanáil eacnamúil ar fud na cruinne. A "90-day pause" has been agreed upon, said US Treasury Secretary Scott Bessent, following talks with Chinese officials in Geneva. Tá "sos 90 lá aontaithe" a dúirt Aire Airgeadais Mheiriceá Scott Bessent tar éis chomhráití le feidhmeannaigh de chuid na Síne sa nGinéiv. Tariffs will be reduced from over 100% said Bessent to 10%. Laghdófar taraifí ó bhreis is 100 faoin gcéad a dúirt Bessent go dtí 10 faoin gcéad . "There was a trade barrier on the roads because of the tariffs," the Minister said, "which is not from either side." "Bhí trádbhac ar na bacáin de bharr na dtaraifí" a dúirt an tAire "rud nach bhfuil ó cheachtar taobh. "We want to do business together." Tá muid ag iarraidh a bheith i mbun tráchtála le chéile." The talks in Geneva over the past 2 days were the first direct negotiations between senior government officials from the two superpowers since President Trump came to power again at the beginning of the year and imposed a raft of tariffs and fees globally, including very heavy penalties on Chinese goods. B'iad na cainteanna sa nGinéiv le 2 lá anuas an chéad idirbheartaíocht dhíreach idir lucht sínsearach Rialtais de chuid an 2 Ollchumhacht ó tháinig an tUachtarán Trump i réim arís ag tús na bliana agus ó thug sé faoi rois dleachtanna agus táillí go domhanda, pionóis an-trom ina measc ar earraí de chuid na Síne. Since January, the Trump regime has imposed a 145% increase in tariffs on imports of materials from China, in addition to the tariffs imposed by Donald Trump during his first term in the White House and by President Biden in the meantime. Ó mhí Eanáir tá 145 faoin gcéad de chostas sa mbreis curtha ag Réimeas Trump ar ealmhuiriú ábhair as an tSín, i dteannta na dtáillí a bhí gearrtha ag Donald Trump ina chéad thréimhse sa Teach Bán agus ag an Uachtarán Biden idir an dá linn. In response, China had blocked the sale of rare earth minerals to America - a vital raw material for US companies producing ammunition and electronics - and was imposing 125% tariffs on goods from America. Mar fhreagra le ráithe bhí an tSín tar éis bac a chur ar mhianraí tearc-chré a dhíol le Meiriceá - bunábhar riachtanach ag cuideachtaí sna Stáit Aontaithe a bhíonn ag táirgeadh armlóin agus earraí leictreonacha - agus bhí 125 faoin gcéad de tharaifí á ngearradh acu ar earraí anall as Meiriceá. Since the conflict began, $600 billion worth of trade between the two countries has been halted, supply chains have been damaged, people have been displaced and there has been widespread concern about inflation without economic growth. Ó thosaigh an t- achrann tá stad curtha ar luach $600 billiún tráchtála idir an 2 thír, dochar déanta do ghréasáin soláthair, daoine ligthe chun siúil agus imní go forleathan faoi bhoilsciú gan borradh geilleagair. Chinese Vice Premier He Lifeng said the talks were "candid, comprehensive and fruitful" and that "significant progress and important agreement" had been achieved. Dúirt LeasPhríomhaire na Síne He Lifeng go raibh na comhráití "neamhbhalbh, cuimsitheach agus fiúntach" agus gur baineadh amach "gabháil ...

Nuacht Mhall
3 Bealtaine 2025 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 3, 2025 4:49


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an rialtas ag fiosrú gach cúis fhéideartha. Mar sin féin, tá polaiteoirí an fhreasúra ag cur an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite. Fágadh thart ar 55 milliún duine sa Spáinn, sa Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince gan leictreachas Dé Luain. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach.Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap á fhiosrú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe tar éis físeáin a tháinig chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D'eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Tá litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.Sna Toghcháin do Theach na dTeachtaí i gCeanada tá téarma eile i gcumhacht faighte ag an bPáirtí Liobrálach. Tá na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá, “Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin choíche.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearradh cumhachta - power cutfuinneamh in-athnuaite - renewable energypóilíní frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism policefeachtas smearaidh - smear campaigna chur ó ardán - to deplatformseilbh - possession

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250430_IRISH__comoradh_deanta_ag_trump_ar_a_chead_100_la_in_oifig

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 6:49


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2azdcv83 Contact: irishlingos@gmail.com Trump has celebrated his first 100 days in office. Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig. United States President Donald Trump held a rally in Michigan yesterday to celebrate his first 100 days in office, in his second term as President. Bhí slógadh i Michigan ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump inné leis an chéad 100 lá atá caite in oifig aige, ina dhara téarma mar Uachtarán, a cheiliúradh. President Trump stood by what he says he has done so far and claimed that as a result, prices have decreased, that a lot of investment has been made in the economy and that America is respected again around the world. Sheas an tUachtarán Trump leis an méid a deir sé atá déanta aige go dtí seo agus mhaígh sé go bhfuil praghasanna laghdaithe dá bharr, go bhfuil infheistíocht mhór déanta sa gheilleagar agus go bhfuil meas ar Mheiriceá arís ar fud an domhain. President Trump said that his Administration has done better in its first 100 days in office than any other Administration in the history of the United States. Dúirt an tUachtarán Trump gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh i stair na Stát Aontaithe. The President said that illegal immigration has been combated, that trade tariffs are being imposed on goods coming into America and that federal workers are being cut. Dúirt an tUachtarán go bhfuiltear tar éis dul i ngleic le hinimirce neamhdhleathach, go bhfuiltear ag gearradh táillí trádála ar earraí a thagann isteach go Meiriceá agus go bhfuiltear ag gearradh siar ar oibrithe feidearálacha. Meanwhile, US Secretary of State Marco Rubio has warned that the United States will withdraw from its role in mediation talks between Russia and Ukraine unless both countries implement practical plans to end the war. Idir an dá linn, tá foláireamh tugtha ag Státrúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, go dtarraingeoidh na Stáit Aontaithe siar as a ról sna cainteanna idirghabhála idir an Rúis agus an Úcráin, muna gcuireann an dá thír pleananna praiticiúla i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an gcogadh. Donald Trump commemorates his first 100 days in office with rally in Michigan Comóradh déanta ag Donald Trump ar a chéad 100 lá in oifig le slógadh i Michigan

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250427_IRISH__cruinniu_ag_uachtaran_mheiricea_le_huachtaran_zelensky_sa_roimh

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 27, 2025 8:51


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2csee66f Contact: irishlingos@gmail.com Meeting of the American President with President Zelensky in Rome. Cruinniú ag Uachtarán Mheiriceá le hUachtarán Zelensky sa Róimh. US President Donald Trump had a 15-minute conversation with Ukrainian President Volodymyr Zelensky in Rome this morning. Bhí comhrá a mhair 15 nóiméad ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Róimh ar maidin. The meeting was held in St. Peter's Basilica before the funeral of Pope Francis. Tionóladh an cruinniú i mBaisleac Pheadair roimh shochraid an Phápa Proinsias. The White House said the two leaders had a ''very productive meeting''. Dúirt an Teach Bán go raibh ''cruinniú an-thairbheach'' ag an dá cheannaire. Ukrainian presidential spokesman Serhiy Nykyforov says arrangements are being made to hold further talks. Deir úrlabhraí uachtaránachta na hÚcráine Serhiy Nykyforov go bhfuil socruithe á ndéanamh chun tuilleadh cainteanna a reáchtáil. The President of Ukraine said that if the matters discussed today are achieved, it could be a historic meeting. Dúirt Uachtarán na hÚcráine má bhaintear na nithe a pléadh inniu amach go bhféadfadh sé tarlú gur cruinniú stairiúil a bhí ann. This was the first meeting between the Presidents since a heated meeting between the two leaders at the White House in Washington in February. Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag na hUachtaráin ó bhí cruinniú teasaí idir an dá cheannaire sa Teach Bán i Washington i Mí Feabhra. The American President left Rome on Air Force One after attending the Pope's funeral in Rome. D'fhág Uachtarán Mheiriceá an Róimh ar Air Force One i ndiaidh do freastal ar shochraid an Phápa sa Róimh. Following the meeting, President Trump criticized Russian President Vladimir Putin and said he is considering imposing further sanctions on Russia, something the Ukrainian President has repeatedly called for. I ndiaidh an chruinnithe, cháin an tUachtarán Trump, Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus dúirt sé go bhfuil sé i mbun macnaimh maidir le tuilleadh smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis, rud atá á lorg ag Uachtarán na hÚcráine arís agus arís eile. President Zelensky said that a complete ceasefire and how to achieve a peace that would last and prevent another war from starting were discussed. Dúirt an tUachtarán Zelensky gur pléadh sos comhairc iomlán agus conas síocháin a mhairfeadh agus a chuirfeadh stop le cogadh eile tosnú a bhaint amach. Meanwhile, Russian attacks on Ukraine continue. Idir an dá linn, leanann ionsaithe na Rúise ar an Úcráin. The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250426_IRISH__150k_duine_ata_tar_eis_a_n-omos_a_leiriu_don_phapa_go_dti_seo

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 26, 2025 11:46


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25bofwlj Contact: irishlingos@gmail.com 150k people have paid their respects to the Pope so far. 150k duine atá tar éis a n-ómós a léiriú don Phápa go dtí seo. The Vatican has said that 150,000 people have already come to pay their respects to Pope Francis, who is lying in state in St. Peter's Basilica in Vatican City for the third consecutive day. Tá sé ráite ag an Vatacáin go bhfuil 150,000 duine tar éis teacht cheana féin chun a n-ómós a thabhairt don Phápa Proinsias, atá ina luí faoi ghradam i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine don tríú lá as a chéile. People are waiting up to four hours in queues to pay their respects. Tá daoine ag fanacht suas le ceithre huaire i scuainí lena n-ómós a léiriú. Pope Francis passed away on Easter Monday. Cailleadh an Pápa Proinsias Luan na Cásca. He was 88 years old. Bhí sé 88 bliain d'aois. The President of Ireland, Michael D. Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, and his wife, Sabina in St. Peter's Basilica earlier. Higgins, agus a bhean chéile, Sabina i mBaisleac Pheadair níos túisce. With world leaders expected to attend the funeral tomorrow morning, Italy is preparing for a tight security measure. Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid maidin amárach, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil. President Michael D. Beidh an tUachtarán Michael D. Higgins and Taoiseach Micheál Martin are among the heads of state and government who will represent the countries of the world in Peter's Square. Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair. They will be joined by US President Trump, British Prime Minister Keir Starmer, President Emmanuel Macron and Ukrainian President Volodymur Zelenskyy. Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy. It was announced shortly afterwards that the First Minister of Northern Ireland, Michelle O'Neill, will be present at the funeral. Fógraíodh ar ball beag go mbeidh Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill, i láthair ag an tsochraid. Former US President Joe Biden will also be there. Beidh iarUachtarán Mheirceá, Joe Biden, ann freisin. In addition, hundreds of thousands of visitors are expected in Rome between now and Easter Sunday, when Pope Francis was last seen making a short circuit through St. Peter's Square. Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair. Less than 24 hours later he died of a stroke that had struck him during the night. Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche. He was recovering in the Vatican from a pneumonia infection that had put him in the hospital for 5 weeks. Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é. After the funeral, his body will be taken to his favorite church in Rome, the Basilica of Santa Maria Maggiore, and will be laid to rest under a simple slab with a single word engraved on it, Franciscus. Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus. In Ireland, a Solemn Mass was held this morning in St. Mary's Parish Church where prayers were held for the eternal rest of the Pope's soul. In Éirinn, bhí Aifreann Sollúnta ar siúl ar maidin i Leas-Eaglais Naomh Muire inar guíodh ar son suaimhneas síoraí d'anam an Phápa.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250305_IRISH__an_ucrain_reidh_chun_siochain_a_bhaint_amach,_a_deir_trump

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 5, 2025 7:06


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dyaj3jr Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine ready to make peace, says Trump. An Úcráin réidh chun síocháin a bhaint amach, a deir Trump. US President Donald Trump says the Ukrainian government is ready to achieve peace in Ukraine and is ready to sign an agreement on Ukraine's rare minerals. Deir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil Rialtas na hÚcráine réidh chun síocháin a bhaint amach san Úcráin agus ullamh chun comhaontú maidir le mianraí neamhchoitianta na hÚcráine a shíniú. President Trump made the announcement in a speech he gave overnight, one day after the President announced that the United States was halting the military assistance it currently provides to Ukraine. D'fhógair an tUachtarán Trump an méid sin in óráid a thug sé thar oíche, lá amháin i ndiaidh don Uachtarán a thabhairt le fios go raibh na Stáit Aontaithe ag cur stop leis an gcúnamh míleata a chuireann siad ar fáil don Úcráin faoi láthair. Trump said that Ukraine is willing to start peace talks as soon as possible and there are strong signs that Russia is ready to reach a peace agreement as well. Dúirt Trump go bhfuil an Úcráin faoi réir le tús a chur le cainteanna síochána chomh luath agus is féidir agus comharthaí láidre ann go bhfuil an Rúis réidh chun comhaontú síochána a bhaint amach chomh maith. While President Trump was giving a speech to the United States Congress, the President read aloud a letter he had received from Ukrainian President Volodymyr Zelenskyy. Le linn don Uachtarán Trump a bheith ag tabhairt óráide do Chomhdháil na Stát Aontaithe, léigh an tUachtarán litir a fuair sé ó Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy, amach os ard. Trump said he appreciated the letter sent by the Ukrainian President. Dúirt Trump gur mór aige an litir a sheol Uachtarán na hÚcráine. The Kremlin welcomed Trump's positive speech. Chuir an Chreimil fáilte roimh óráid dhearfach Trump. Some of the opposition booed President Trump during the speech and Democratic Party member Al Green was thrown out of the room. Bhí cuid den bhfreasúra ag béiceadh ar an Uachtarán Trump le linn na horáide agus caitheadh an feisire Al Green ón bPáirtí Daonlathach amach as an seomra. Ukraine ready to achieve peace, says Trump An Úcráin réidh chun síocháin a bhaint amach, a deir Trump

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250302_IRISH__alltacht_ar_an_taoiseach_faoinar_tharla_sa_teach_ban

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 2, 2025 9:28


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2a7xaqcr Contact: irishlingos@gmail.com The Taoiseach was shocked by what happened in the White House. Alltacht ar an Taoiseach faoinar tharla sa Teach Bán. 'I believe that Europe will stand with Ukraine' said An Taoiseach, Micheál Martin tonight. 'Creidim go seasfaidh An Eoraip leis an Ucráin' a dúirt An Taoiseach,Micheál Martin anocht. He was being interviewed on RTÉ's television program 'The Late Late Show', giving his opinion on the White House standoff between American President Donald Trump and Ukrainian President Volodymyr Zelenskyy. Bhí sé i mbun agallaimh ar an chlár teilifíse de chuid RTÉ 'The Late Late Show' agus é ag tabhairt a thuairime faoin achrann sa Teach Bán idir Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy. The Taoiseach said it was an incident that would hurt many people and that everything that happened was 'unbelievable'. Dúirt an Taoiseach gur eachtra í a ghoillfeadh ar chuid mhór daoine agus go raibh gach ar tharla 'dochreidte'. 'But we can't lose hope because of this' said Micheál Martin. 'Ach ní féidir linn dóchas a chailleadh dá bharr' a dúirt Micheál Martin. 'We must keep a close eye on ourselves, always maintain relations with the United States and other parties so that the security that comes from Ukraine can be ensured,' he also said. 'Caithfidh muid guaim a choinneáil orainn féin, an caidreamh a choinneáil i gcónaí leis na Stáit Aontaithe agus páirtithe eile ionas gur féidir an tslándáil atá ón Úcráin a chinntiú' a dúirt sé freisin. The Taoiseach referred to the sanctions imposed by Europe on Russia, saying 'Russia is not as strong as people think'. Thagair An Taoiseach do na smachtbhannaí atá buailte ag an Eoraip ar an Rúis ag rá 'nach bhfuil An Rúis chomh láidir is a cheapann daoine'. The Tánaiste, Simon Harris, also stood with Ukraine tonight. Sheas An Tánaiste,Simon Harris leis an Úcráin freisin anocht. 'There is a risk that World War 3 is not far away if you don't change your ways'. 'Tá an baol ann ná fada uainn Cogadh Domhanda 3 mura n-athraíonn tusa do chuid béasaí'. That was the threatening message that President Trump had for President Zelenskyy at the White House in Washington this evening. Sé sin an teachtaireacht bhagartha a bhí ag an Uachtarán Trump don Uachtarán Zelenskyy sa Teach Bán i Washington tráthnóna. Donald Trump said that it is swimming against a waterfall for Ukraine to expect to win the war against Russia now, that President Zelinsky should 'be grateful to America' and not be 'disrespectful' as he put it. Dúirt Donald Trump gur snámh in aghaidh easa don Úcráin a bheith ag súil an cogadh in aghaidh na Rúise a bhuachan anois, gur cheart don Uachtarán Zelinsky 'a bheith buíoch do Mheiriceá' agus gan a bheith 'dí-mheasúil' mar a dúirt sé. No press conference was held after the meeting, President Zelinskyy was ordered out of the White House and Trump later said he could return when he felt like 'talking about peace'. Níor tionóladh aon phreasagallamh i ndiaidh an chruinnithe, ordaíodh amach as an Teach Bán An tUachtarán Zelinskyy agus dúirt Trump ina dhiaidh go bhféadfadh sé filleadh nuair a bheadh fonn air 'labhairt faoin tsíochán'. The Taoiseach with President Zelenskyy yesterday An Taoiseach leis an Uachtarán Zelenskyy inné

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250216_IRISH__taraifi_nua_comhalartacha_molta_ag_uachtaran_trump_mheircea

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Feb 16, 2025 7:52


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23da95um Contact: irishlingos@gmail.com New reciprocal tariffs proposed by US President Trump. Taraifí nua cómhalartacha molta ag Uachtarán Trump Mheirceá. US President Trump's economic team has been working on a plan, under which Donald Trump intends to impose trade tariffs on all countries that impose taxes on goods they import from the United States. Tá meitheal eacnamaithe Uachtarán Trump na Stát Aontaithe curtha i mbun oibre ar phlean, faoina bhfuil sé i gceist ag Donald Trump taraifí trádála a ghearradh ar gach tír a ghearrann táillí cánacha ar earraí a iomportálann siad féin ó na Stáit Aontaithe. They would be reciprocal tariffs. Taraifí cómhalartacha a bheadh iontu. In light of these tariffs, there are growing concerns that it will become a global trade war. I bhfianaise na dtaraifí seo, tá ag géarú ar an imní go mbeidh sé ina chogadh trádála ar fud an domhain. "In the interest of leveling the playing field for all," President Trump told reporters, "I will be implementing reciprocal tariffs. "Ar mhaithe le cothrom na féinne a thabhairt do chách", a dúirt an tUachtarán Trump le hiriseoirí, "cuirfidh mise taraifí cómhalartacha i bhfeidhm. "If countries impose tariffs on US products, we will impose tariffs on their products." Má ghearrann tíortha taraifí ar tháirgí de chuid na Stát Aontaithe, gearrfaidh muidne taraifí ar a dtáirgí siúd." President Trump has not announced any new tariffs at this time; what is currently happening is that White House economists are investigating the fees, taxes, and tariffs that other countries impose on US goods. Níl taraifí nua fógartha ag an Uachtarán Trumpum an dtaca seo; 'sé atá i gceist i láthair na huaire ná go bhfuil lucht eacnamaíochta an Tí Bháin curtha i mbun fiosraithe ar na táillí, cánacha agus taraifí a ghearrann tíortha eile ar earraí de chuid na Stát Aontaithe. Wall Streeters have already expressed concerns that new tariffs will increase the inflation rate in the United States. Tá imní léirithe cheana ag lucht Wall Street go gcuirfidh taraifí nua leis an ráta boilscithe sna Stáit Aontaithe. Concerns have been expressed that the European Union, China, Japan and South Korea would be the countries most likely to be hit with these new tariffs on their products. Tá imní léirithe gurb iad an tAontas Eorpach, an tSín, an tSeapáin agus an Chóire Theas na tíortha is mó a ngearrfaí na taraifí nua seo ar a gcuid táirgí. This review of other countries' tariffs will be completed by the beginning of April. Tiocfaidh an t-athbhreithniú seo ar tharaifí tíortha eile chun críche faoi thús mhí Aibreáin.

Nuacht Mhall
1 Feabhra 2025 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 1, 2025 6:33


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach san abhainn Potomac agus cuireadh tús le misean cuardaigh agus tarrthála ar an bpointe. Mar sin féin, is cosúil nar tháinig duine ar bith de na 60 paisinéirí eitleáin nó den triúr saighdiúirí sa héileacaptar slán ón dtimpiste. Tá sé tagtha chun solais go raibh go leor scátálaithe fíoracha ar an eitleán ag teacht thar n-ais go Washington tar éis craobhchomórtais in Kansas. D'fhógair an Kremlin sa Rúis go raibh na hiarchuraidh domhanda Yevgenia Shishkova agus Vadim Naumov ar bord an eitleáin. Tharla ócáidí comórtha ar fud an domhain dosna daoine a fuair bás agus a mhair tríd an Uileloscadh an tseachtain seo. Bhí an ócáid is mó ar siúl sa champa géibhinn in Auschwitz sa Pholainn. Saoradh an campa sin ar an 27 Eanáir 1945 agus mar gheallair sin, bíonn Lá Comórtha an Uileloiscthe ar siúl ar an lá sin gach bliain. Fuair sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh, chomh maith le daoine de mhionlaigh eitneacha eile, mar thoradh ar na coireanna in aghaidh na daonnachta déanta ag na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. D'fhreastail an Taoiseach Micheál Martin ar an ócáid in Auschwitz agus réachtáladh ócáid chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath chomh maith inar thug an tUachtarán Michael D. Higgins óráid. Tharraing a óráid conspóid, áfach, nuair a rinne sé tagairt don scrios in Gaza faoi láthair. Baineadh croitheadh as rialtas Mheiriceá agus as na comhlachtaí in Silicon Valley an tseachtain seo nuair a eisíodh samhail Intleachta Saorga nua sa tSín darb ainm DeepSeek. Is bota cómhrá é DeepSeek, cosúil le ChatGPT, agus tá saineolaithe ana-thógtha leis an dteicneolaíocht. Chuaigh an aip go barr na liostaí íoslódála, rud a chuir imní ar cheannairí teicneolaíochta i Meiriceá, toisc gur mhaígh DeepSeek gurchruthaíodar an tsamhail go saor i comparáid le samhlacha Meiriceánacha ar nós OpenAI. Tá DeepSeek níos saoire mar ní úsáideann sé mórán sliseanna agus de bhrí na nuachta san, chaill an comhlacht sliseanna, Nvidia, $600 milliún Dé Luain– an caillteanas margaidh is mó i stair na Stát Aontaithe. Léirigh an tUachtarán Trump a imní faoin dteicneolaíocht bíodh is gur cheiliúir rialtas na Síne an aip nua. Ach is léir nach bhfuil an Intleacht Shaorga so saor ón mbolscaireacht: nuair a chuir an BBC ceist air faoi na heachtraí i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989, dúirt DeepSeek nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS aerárthach - aircraft scátálaithe fíoracha - figure skaters an Uileloscadh - the Holocaust coireanna in aghaidh na daonnachta - crimes against humanity samhail - prototype sliseanna - (computer) chips

Nuacht Mhall
14 Nollaig 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 14, 2024 4:37


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh. Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D'iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000. Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh. Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cogadh cathartha - civil war príomh-aire eatramhach - interim prime minister amhrastach - suspect (person) árachas sláinte - health insurance searmanas athoscailte - reopening ceremony spuaic - spire

RTÉ - Adhmhaidin
John Maguire, Iriseoir, Páras.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 6, 2024 5:44


Rinne an tUachtarán Macron cur síos aréir ar a chuid pleananna le príomh-aire nua a cheapadh as seo go ceann cúpla lá, théis don phríomh-aire Michel Barnier éirí as a ról, mar gheall ar thoradh vóta mímhuiníne sa bParlaimint arú aréir.

Nuacht Mhall
16 Samhain 2024 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 16, 2024 5:59


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táirgeadh gáis a mhéadú sna deich mbliana atá romhainn. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise. Tá sé aontaithe ag ceannairí domhanda roimhe seo, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid, ach sáraíodh an teorainn sin cheana féin i mbliana. Chuaigh bean ar iarraidh ó Thrá na gCeann i gContae na Gaillimhe Dé Máirt. Ba dhuine de bheirt í a chuaigh amach ag snámh san uisce. Cuireadh scairt ar na seirbhísí éígeandála, nuair nár fhill an cumadóir aitheanta Johnny Duhan ar ais óna shnámh féin, agus fuarthas a chorp roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí meascán seirbhísí ag tabhairt faoi chuardach na mná, na Gardaí, an Garda Cósta, an Chosaint Shibhialta, agus an RNLI ina measc, i dteannta le buíonta cuardaigh agus tarrthála as áiteanna éagsúla in Éirinn. Maidin Dé Sathairn, bhí an cuardach ag dul ar aghaidh ar muir agus ar tír, ón Spidéal go hÓran Mór agus soir go Cinn Mhara. Tharla sochraid Duhan, a bhí ceithre bliana is seachtó d'aois, ar an Chnoc Breac i gContae na Gaillimhe inné. Tá muintir Mháire Ní Fhátharta ag bailiú airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach, agus iad ag súil go mbeidh siad ábalta í a thabhairt abhaile. Aimsíodh fige 2,000 bliain d'aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh agus dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach, áit ina raibh stáisiún tradála tábhachtach de chuid na Romhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhdháil aeráide - climate conference stoc breoslaí iontaise - fossil fuel stock cumadóir - composer buíonta cuardaigh agus tarrthála - search and rescue groups torthaí andúchasacha - exotic fruits tochailt seandálaíochta - archaeological dig

RTÉ - Adhmhaidin
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Nua Eabhrach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 8, 2024 4:41


Thug Uachtarán Mheiriceá Joe Biden aitheasc i Washington aréir - an chéad uair ar labhair an tUachtarán go poiblí ó toghadh Donald Trump le teacht i gcomharbacht air sa Teach Bán.

Raidió na Life 106.4FM
Litir Micheál D. chuig An Iaráin

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Sep 24, 2024 7:33


Pléann Seán Ó Maoilchiaráin an chonspóid atá ann faoi láthair maidir leis an litir a scríobh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn chuig uachtarán nua-thofa na hIaráine. D'iarr Róisín air an scéal a bhriseadh síos dúinn…

pl miche litir tuachtar
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240722_IRISH_biden_eirithe_as_an_iomaiocht_ach_dushlain_fos_roimh_harris

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jul 22, 2024 18:34


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cuvog8b Contact: irishlingos@gmail.com Biden is out of the race, but Harris still faces challenges. Biden éirithe as an iomaíocht ach dúshláin fós roimh Harris. Joe Biden gave only a minute's notice to his closest advisors in the White House before announcing yesterday that he would not be a candidate for the Democratic Party nomination. Níor thug Joe Biden ach fógra nóiméid do na comhairleoirí is gaire dó sa Teach Bán sular fhógair sé inné nach mbeadh sé ina iarrthóir d'ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh. Sources close to the President say that he spent two days combing information from public opinion polls showing that it would be difficult for him to win against Donald Trump in the month of June. Deir foinsí gar don Uachtarán gur chaith sé dhá lá ag cíoradh faisnéise ó phobalbhreitheanna a bhí ag taispeáint go mbeadh sé deacair air bua a fháil in aghaidh Donald Trump mí na Samhnra. A sudden announcement, but the pressure on Biden from senior Democrats was gathering strength during the week, and despite Biden himself putting his feet up in public, it was clear that that pressure was having an impact on him. Fógra tobann ach bhí an brú ar Bhiden ó Dhaonlathaigh shinsearacha ag bailiú nirt i gcaitheamh na seachtaine, agus in ainneoin Biden féin ag cur cosa i dtaca go poiblí, ba léir go raibh an brú sin ag imirt tionchair air. On 645 yesterday he gathered his campaign team together, just before he announced it publicly, at his home in Delaware, where he has been since he contracted Covid again. Ar 645 inné a bhailigh sé foireann a fheachtais le chéile, díreach sular fhógair sé go poiblí é, ag a theach in Delaware, áit a bhfuil sé ó tholg sé Covid arís. The decision came three weeks after the debate against Donald Trump, a debate in which Biden failed to pull a punch on his opponent; he made speech bubbles there and left many of Trump's false claims on a wide range of topics unanswered. Tháinig an cinneadh trí seachtaine tar éis na díospóireachta in aghaidh Donald Trump, díospóireacht inar theip ar Biden aon dorn a tharraingt ar a chéile comhraic; rinne sé bothúin cainte ann agus d'fhág sé roinnt mhaith de mhaíomh bréagach Trump ar réimse leathan ábhar gan freagra. He then made other mistakes, introducing Ukrainian president Volodomir Zelensky at a NATO event as 'President Putin'. Rinne sé botúin eile ina dhiaidh sin, ag cur uachtarán na hÚcráine Volodomir Zelensky i láthair ag ócáid de chide NATO mar an 'tUachtarán Putin'. Since then, the acuity of his mind has been questioned and more emphasis has been placed on his age and ability to spend another four years in the White House, and it was clear that the Democrat was disturbed by the question. Ó shin, tá amhras á chaitheamh ar ghéire a intinne agus béim níos mó á chur ar a aois agus ar chumas ceithre bhliana eile a chur de sa Teach Bán, agus ba léir go raibh an Daonlathaigh suaite ag an gceist. In his announcement yesterday, Biden gave his blessing to his Vice President Kamala Harris and promised all support for her and his party in the fight they would face. Ina fhógra inné, thug Biden a bheannacht dá Leas-Uachtarán Kamala Harris agus gheall gach tacaíocht di agus dá pháirtí sa troid a bheadh rompu. But Biden's exit from the race leaves some questions about the process Democrats will follow from now until the party's National Convention next month. Ach fágann imeacht Biden as an iomaíocht roinnt ceisteanna faoin bpróiséas a leanfaidh na Daonlathaigh as seo go dtí Comhdháil Náisiúnta an pháirtí an mhí seo chugainn. 14 million Democrats voted in the primary elections and overwhelmingly voted for Biden, but now the party's course to Congress is uncertain. Vótáil 14 milliún Daonlathach sna toghcháin tosaigh agus vótáil a bhformór mór acu ar son Biden, ach anois tá cúrsa an pháirtí go dtí an Comhdháil éiginnte.

RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Úna Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar stair Mheiriceá.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 28, 2024 5:56


An chéad dhíospóireacht theilifíse in Atlanta, Georgia idir an tUachtarán Joe Biden agus a chéile comhraic Donald Trump.

Nuacht Mhall
4 Bealtaine 2024 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 4, 2024 4:22


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball. D'éiligh na mic léinn go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachtaí a thacaíonn leis an gcogadh in Gaza. Agus mic léinn ag leanúint ar aghaidh ag agóid ar fud na tíre, shéan an tUachtarán, Joe Biden, go gcaitheann na Stáit Aontaithe go leatromach le hagóideoirí ach dúirt sé go gcaithfidh “ordú a bheith i réim”.Tá scéim nua seolta chun an Ghaeilge a thabhairt do phobail nua in Éirinn, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Araibis, Úcráinis agus Íogbóis mar phríomhtheanga acu.  ‘Céad Míle Fáilte' an t-ainm atá ar an tionscnamh náisiúnta atá maoinithe don chéad trí bliana eile ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta. Táthar ag súil go nglacfaidh ar a laghad 2,000 duine páirt ann. Dúirt an tAire Stáit, Thomas Byrne, go bhfuil níos mó i gceist leis an tionscadal ná clár teanga, ag rá gur cruthú atá ann go bhfuilimid tiomanta féiniúlacht Éireannach níos láidre agus níos leithne a chruthú, a bheidh cuimsitheach agus fáilteach roimh chách.Tá cuach Éireannach ar ais ina tír dhúchais tar éis aistear éachtach thar sáile. Chaith an chuach an geimhreadh i bhforaoisí báistí an Chongó agus thuirling sé ar ais i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne i gCiarraí an tseachtain seo, áit ónar eitil sé an bhliain seo caite. Tá an t-éan, darb ainm Cuach KP, ar cheann de thriúr a feistíodh le clibeanna satailíte mar chuid de Thionscadal Rianaithe Cuach nua a seoladh an samhradh seo caite. Ba é cuspóir an tionscadail ná pictiúr soiléir a fháil ar thuras bliantúil na cuaiche agus conas is féidir iad a choinneáil sábháilte. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS campa agóide - protest camp go leatromach - oppressively cuimsitheach - inclusive fáilteach - welcoming cuach - cuckoo clibeanna satailíte - satellite tags

RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 29, 2024 5:35


Dúirt an tUachtarán aréir nach raibh sé inghlactha go bhfanfadh an pobal idirnáisiúnta ina thost a thuilleadh faoi bhreith na cúirte bhreithiúnais idirnáisiúnta inné faoin ngéarchéim i nGaza agus scéalta eile an lae.

Nuacht Mhall
16 Márta 2024 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 16, 2024 7:46


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhain Cillian Murphy éacht amach nuair a bhuaigh sé Gradam Oscar don aisteoir fireann is fearr dá ról mar J Robert Oppenheimer. Ba é an chéad uair riamh a bhuaigh duine a rugadh in Éirinn an gradam seo. Scannán beathaisnéise atá ann, a stiúir agus a léirigh Christopher Nolan faoin bhfisiceoir a chruthaigh an buama adamhach. D'éirigh leis an scannán seacht nOscar ar fad a fháil. Agus é ag glacadh leis an ngradam dúirt Cillian go raibh sé an-tógtha ar fad. Ghabh sé buíochas le Nolan, an criú agus a chomhréalta, lena thuismitheoirí agus clann. Dúirt sé go bhfuilimid inár gcónaí i ndomhan Oppenheimer, agus thiomnaigh sé an gradam do na daoine a dheánann síocháin. Labhair sé i nGaeilge chomh maith nuair a dúirt sé 'go raibh míle maith agaibh' ag deireadh a óráide. Is as Corcaigh ó dhúchas Cillian Murphy agus tá gach éinne ina cheantar agus timpeall na hÉireann an-bhródúil as. Bhuaigh an comhlacht leiriúcháin Element Pictures ó Bhaile Átha Cliath ceithre ghradam don scannán ‘Poor Things' ina bhfuil an t-aisteoir Emma Stone, a bhuaigh an gradam don aisteoir baineann is fearr. Tá an t-iriseoir iomráiteach agus comhfhreagraí nuachta Charlie Bird tar éis bás a fháil. Le linn daichead bliain mar iriseoir, thug Charlie Bird tuairiscí ar roinnt scéalta tábhachtacha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear tine Stardust, seachaint cánach sa Bhanc Éireannach Náisiúnta, na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Meán Fómhair 2001 agus an súnámaí san Aigéan Indiach in 2004. Thosnaigh sé amach mar thaighdeoir le RTÉ in 1974 agus bhí cáil air mar dhuine díograiseach agus seiftiúil ar na cláracha Seven Days agus an Late Late Show agus ansin ag glacadh páirt le cúrsaí nuachta ó 1980 ar aghaidh. Sa bhliain 2021 deineadh diagnóis go raibh an galar néarón luadrach air. Chuaigh sé os comhar an phobail leis an ngalar agus thosnaigh sé an feachtas Climb With Charlie. Dhreap sé Cruach Phádraig, ag bailiú 3.3 milliún euro ar son An Cumann Galar Néarón Luadrach in Éirinn agus Pieta. D'eagraigh sé a luaithreach bheith curtha in Inis Oírr, áit ar thug sé cuairt uirthi go minic le breis is caoga bliain. Thaistil an Taoiseach Leo Varadkar go dtí na Stáit Aontaithe le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. Chaith sé dhá lá ar thuras go Bostún. Bhuail sé le Gobharnóir Massachusetts, Maura Healey, agus dhein sé óráid i Leabharlann John F. Kennedy. Ar an Aoine bhuail sé leis an Leasuachtarán Kamala Harris agus bhí cruinniú déthaobhach aige leis na Uachtarán Joe Biden. Dúirt an Taoiseach go mbainfeadh sé úsáid as an ardán atá aige chun béim a chur ar shos cogaidh sa Mheánoirthear. Ina chuid óráidí i mBostún agus in Washington, tharraing sé aird ar an ionsaí uafásach a dhein Hamas ar Iosrael ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair chomh maith leis an tubaiste atá ag tarlú faoi láthair in Gaza. Ag dinnéar de chuid The Ireland Funds bhí Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill agus Emma Little-Pengelly, i láthair. An príomhchuspóir a bhí acu ná infheistiú a mhealladh go dtí an Tuaisceart. Ag an dTeach Bán tháinig an Taoiseach agus an tUachtarán le chéile. Dúirt Biden go bhfuil Éire agus Na Stáit Aontaithe ag ceiliúradh céad bliain de chaidreamh taidhleoireachta agus ba bhreá leis teacht ar ais go hÉirinn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fisiceoir - physicist comhréalta - co-stars comhlacht leiriúcháin - production company comhfhreagraí nuachta - news correspondent an galar néarón luadrach - motor neurone disease luaithreach - ashes cruinniú déthaobhach - bilateral meeting caidreamh taidhleoireachta - diplomatic relationship

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240210_IRISH_na_ceadta_ag_sochraid_stait_an_iarthaoisigh_john_bruton

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Feb 10, 2024 10:24


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2974bkbz Contact: irishlingos@gmail.com Hundreds at the State Funeral of former Pastor John Bruton. Na céadta ag Sochraid Stáit an iarThaoisigh John Bruton. An honest, honest man who had many victories was the description made by Father Bruce Bradley of the former Taoiseach John Bruton at his funeral mass in Co Na Meath this morning. Fear ionraic, macánta a raibh iliomad bua aige an cur síos a rinne an tAthair Bruce Bradley ar an iarThaoiseach John Bruton ag aifreann a shochraide i gCo na Mí ar maidin. Hundreds attended the State funeral in Peter and Paul's Church in Dunboyne - among them were President Michael D Higgins, Taoiseach Leo Varadkar, as well as former dignitaries Enda Kenny, Brian Cowen and Bertie Ahern. Bhí na céadta i láthair ag an tsochraid Stáit i Séipéal Pheadair agus Phóil i nDún Búinne - ina measc bhí an tUachtarán Michael D Higgins, An Taoiseach Leo Varadkar, chomh maith leis na hiarthaoisigh Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern. Also present were Tánaiste Micheál Martin and Eamon Ryan, Leader of the Green Coalition. I láthair freisin bhí An Tánaiste Micheál Martin agus Eamon Ryan, Ceannaire An Chomhaontais Ghlais. Sinn Féin leader Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, First Minister of Northern Ireland and Deputy First Minister Emma Little-Pengelly were among the politicians at the funeral mass. Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, Michelle O'Neill, Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus an LeasChéad- Aire Emma Little-Pengelly i measc na bpolaiteoirí a bhí ag aifreann na sochraide. 180 members of the Defense Forces were involved in the funeral ceremony. Bhí 180 comhalta d'Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas na sochraide. John Bruton was a brave, committed man and the former Taoiseach often demonstrated first-class leadership when it was most needed, Father Bruce Bradley said in his sermon. Ba fear cróga, tiomanta é John Bruton agus ba mhinic leis an iarThaoiseach ceannaireacht den chéad scoth a léiriú nuair is mó a bhí gá leis a dúirt an tAthair Bruce Bradley ina sheanmóir. Tributes have been paid at home and abroad to John Bruton who was Taoiseach between 1994 and 1997. Tá ómós tugtha sa bhaile agus i gcéin do John Bruton a bhí ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997. He was leader of Fine Gael between 1990 and 2001. Ceannaire Fhine Gael a bhí ann idir 1990 agus 2001. Before that, he spent two terms as Minister for Finance between 1981-1982 and between 1986-1987, and was Minister for Industry, Trade, Commerce and Tourism between 1983 and 1986. Roimhe sin, chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais idir 1981-1982 agus idir 1986-1987, agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1983 agus 1986. He was elected to the Dáil for the first time in the Meath constituency in 1969. Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.

Nuacht Mhall
2 Nollaig 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 2, 2023 5:19


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh síneadh leis an sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas agus scaoileadh níos mó giall idir phríosúnaigh in Gaza agus Phalaistínigh i ngéibheann in Iosrael. Tugann an sos cogaidh deis cúnamh daonnúil a bhfuil géarghá leis a cheadú isteach i stráice Gaza. Tá sé fógartha go bhfuil an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Shane MacGowan tar éis bháis. Scríobh na Pogues ar na meáin shóisialta, "Fuair Shane bás suaimhneach ag 3am ar maidin lena bhean chéile Victoria agus a theaghlach taobh leis." Chaith sé roinnt míonna in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath i mbliana ach scaoileadh amach é seachtain ó shin agus d'fhill abhaile chun am a chaitheamh lena chairde agus lena theaghlach. Bhí clú agus cáil air as an ról sa bhanna ceoil na Pogues agus an singil iomráiteach a bhí acu, Fairytale of New York. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn gur “Cheangail a chuid focal na hÉireannaigh ar fud na cruinne lena gcultúr agus lena stair, ag cuimsiú an oiread sin mothúcháin dhaonna ar na bealaí is fileata.” Tá sé ráite ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an tAonad Ord Poiblí le 200 taser a fháil, agus go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfí dhá ghunna uisce ar fáil go buan. Dúirt an Coimisinéir Drew Harris leis an Choiste Oireachtais um Dhlí agus Cirt go bhfuil gardaí ag imscaradh dhá ghunna uisce, atá ar iasacht ón PSNI, i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh ceamaraí coirp ar fáil sa phríomhchathair go luath in 2024, bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ar dtús, agus tá gach garda tosaigh chun sprae piobair níos láidre a fháil. D'athraigh an rialtas an dlí an tseachtain seo caite chun úsáid a bhaint as ceamairí coirp tar éis an fhoréigin i mBaile Átha Cliath. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

Nuacht Mhall
2 Meán Fómhair 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 2, 2023 6:12


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhí fadhbanna teicniúla ag rialtóir aerthráchta sa Bhreatain a chur isteach ar eitiltí isteach agus amach ón tír. Tá na mílte daoine sáinnithe faoi láthair sa Bhreatain agus thar lear a bhí imithe ar laethanta saoire nó ag iarraidh teacht abhaile. Chuir na seirbhísí aerthráchta teorainn leis an méid eitleán ábalta leaindeáil in aerfoirt timpeall na Breataine agus chuireadar na céadta eitilt ar ceal. Cé gur socróidh an fhadhb tar éis cúpla uair a' chloig, ceaptar go mbeidh cúpla lá ann sula mbeidh seirbhísí ar ais i gceart arís. Dúirt bainisteoir oibríochtaí NATS an Rialtóir Aerthráchta Naisiúnta go mbeidh tamall eile ann go mbeidh eitiltí ar ais mar is gnách. Dúirt ceannasaí NATS gur tharla sé seo mar gur seoladh plean eitilte isteach nach raibh an córas ábalta próiseáil. Beidh an tÚdarás Eitlíochta Sibhialta ag déanamh imscrúdú ar an eachtra seo.Tá aighneas ar siúl sa Spáinn faoi láthair faoin méid a thit amach nuair a bhuaigh foireann ban na Spáinne an Corn Domhanda. Le linn an tsearmanais bhronnta, phóg Uachtarán Chónaidhm Peile na Spáine Luis Rubiales an peileadóir Jennifer Hermoso ar a béal. Dúirt an tUachtarán gur dhein sé botún ach go raibh an phóg comhthoiliúil. Dúirt Hermoso nár thug sí cead dó í a phógadh agus gur bhraith sí gur deineadh sarú uirthi. Deir Rubiales go bhfuil Hermoso ag insint bréige agus leis sin go mbeidh an Chónaidhm ag cur cás dlí ina leith. D'fhógair foireann ban na Spáinne ná imreoidh siad aon chluiche go dtí go mbeidh Rubiales imithe as a phost. Ansin, cuireadh an tUachtarán ar fionraí go ceann 90 lá. Bhí cruinniú ag Uachtaráin Reigiúnacha an RFEF agus teastaíonn uathu go n-eireoidh Rubiales as a phost go luath. Tá siad ag iarraidh athstruchtúrú a chur i bhfeidhm chun postanna straitéiseacha nua a chruthú san eagraíocht. Tháinig 200 duine le chéile chun dul sa tóir ar Ollphéist Loch Nis san Albain. Ceaptar go bhfuil cónaí ar an Ollphéist, ar a dtugtar Nessie uaireanta, istigh sa loch. Ní raibh a leithéid de chruinniú ann le caoga bliain. Bhí báid ag dul ar feadh an lae timpeall an locha le oibrithe deonacha ag faire amach don Ollphéist. Tháinig sealgairí le gléasanna sonóra chun mapáil a dhéanamh ar ghrinneall an locha agus dream eile le trealamh íomháithe theirmigh chun scanadh a dhéanamh ar an dromchla. Dúirt Alan McKenna go raibh sé ar bhád a bhí ag úsáid córas hidreafóin, saghas micreafóin faoin uisce.  Chualadar ceithre ghlór shuaithinseacha ón loch nách raibh a fhios acu cén áit ar tháinig siad as. Bhí daoine ábalta féachaint ar bheoshruthú de. Tháinig cuairteoirí ó thimpeall na cruinne chun a bheith i láthair. Ceapann bainisteoir Ionad Loch Nis Paul Nixon, go bhfuil rud éigin i bhfolach ar ghrinneall an locha. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS rialtóir aerthráchta - air traffic controller bainisteoir oibríochtaí - operations manager comhthoiliúil - consensual ar fionraí - on suspension gléasanna sonóra - sonar devices trealamh íomháithe theirmigh - thermal imaging equipment

RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy - Sáineolaí míleata agus táidheloireachta,

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 15, 2023 6:31


Tá sé tugtha le fios ag na ceannairí míleata sa Nígéir, a d-eagraigh coup an mhí seo caite, go bhfuil sé i gceist acu an tUachtarán Mohamed Bazoum atá curtha as oifig, a ionchúisiú, as ardtréas chomh maith le beag agus fiú a dhéanamh de shlándáil na tíre.

agus reidy tuachtar
RTÉ - Adhmhaidin
an Ceannfort Frank Reidy: saineolaí taidhleoireachta & míleata.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 7, 2023 4:43


In iarthar na hAfraice, tá bagairt déanta ag cuid de na tíortha atá ag síneadh leis an Niger go gcaithfidh na ginearáil airm a dhíbir an tUachtarán Mohamed Bazoum as oifig beagnach coicís ó shin, é a chur ar ais in oifig, nó fearfaidh siad feachtas míleata orthu.

niger reidy tuachtar
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230803_IRISH_mishasamh_i_dtri_li_faoi_phostaer_hitler_den_tanaiste

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Aug 3, 2023 11:47


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2255pser Contact: irishlingos@gmail.com Discontent in Tri-Lee over Hitler's poster of the Tánaiste. Míshásamh i dTrí Lí faoi phóstaer Hitler den Tánaiste. People in Tralee in Co Kerry are criticizing the posters hanging in the area where Tánaiste Micheál Martin has been put in the likeness of Adolf Hitler. Tá daoine i dTrá Lí i gCo Chiarraí ag cáineadh na bpóstaer atá crochta sa gceantar ina bhfuil an Tánaiste Micheál Martin curtha i gcosúlacht Adolf Hitler. As it happens, French President Emmanuel Macron has sued an advertising company because of a similar poster that was hanging in that country. Mar a tharlaíonn tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron tar éis an dlí a chur ar chuideachta fógraíochta mar gheall ar phóstaer den chineál céanna a bhí crochta sa tír sin. People in Tralee were shocked today when it was noticed that posters of the dictator Adolf Hitler - the leader of Nazi Germany in the 1930s and 40s - were hanging in the town centre. Baineadh geit as daoine i dTrá Lí inniu nuair a tugadh faoi ndeara go raibh póstaeir crochta i lár an bhaile agus íomhá den deachtóir Adolf Hitler - ceannaire na Naitsithe na nGearmáin sna 1930í agus 40í - le feiceáil orthu. At least 4 posters were noticed - at the roundabout on Claise Road on the way to University Hospital Kerry and another roundabout on the Yellow Road. Tugadh faoi deara 4 phóstaer ar a laghad - ag an timpeallán ar Bhóthar na Claise ar an mbealach chuig Ospidéal na hOllscoile Ciarraí agus ar thimpeallán eile ar an mBóthar Buí. But when a funny eye is cast on them it is clear that it is an image of the Tánaiste with the likeness of Hitler put on it. Ach nuair a chaitear súil ghrinn orthu is léir gur íomhá don Tánaiste atá ann agus cuma Hitler curtha air. Such posters have been seen for some time in Italy, Poland and France where President Macron took a case to court about it. Tá a leithéid de phóstaeir feicthe le tamall san Iodáil, sa bPolainn agus sa bhFrainc áit gur thug an tUachtarán Macron cás os comhair cúirte faoi. The person who made the poster was fined €10,000. Gearradh €10,000 de phionós ar an té a rinne an póstaer. Micheál Martin was not available today to talk about the matter. Ní raibh Micheál Martin ar fáil inniu le labhairt faoin ábhar. But members of Fianna Fáil in Kerry, and especially in Tralee, are outraged by the insult. Ach tá baill d'Fhianna Fáil i gCiarraí, agus go háirithe i dTrá Lí, ar buille faoin masla. The right wing in Munster has not had a good reputation recently - incidents such as the attack on the Library in Tralee during Pride, the Gay Community Festival, and the ongoing protest in front of the Library in Cork City. Ní hé an dea-cháil atá tarraingthe ag an Eite Dheis i gCúige Mumhan le gairid - eachtraí ar nós an ionsaithe a déanadh ar an Leabharlann i dTrá Lí le linn Bród, Féile an Phobail Aeraigh, agus an agóid leanúnach atá ar siúl os comhair na Leabharlainne i gCathair Chorcaí. It has been reported that people involved in the Right Wing movement in England were present at the protest in Cork last Saturday. Tá sé tuairiscthe go raibh daoine atá páirteach i ngluaiseacht na hEite Deise i Sasana i láthair ag an agóid i gCorcaigh Dé Sathairn seo caite. A parent who spoke to Nuacht TG4 in the afternoon said that he and other parents he said are very worried about the rising bullying. Dúirt tusimitheoir a labhair le Nuacht TG4 tráthnóna go bhfuil sé féin agus tuismitheoirí eile a dúirt sé an-imníoch faoin roscaireacht atá ag borradh. Marian O'Flaherty will have more on that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O'Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230720_IRISH_an_ucrain:_cuairt_gan_choinne_tugtha_ag_an_taoiseach_ar_chiv

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jul 20, 2023 15:36


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zk483un Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine: the Taoiseach paid a surprise visit to Chív. An Úcráin: cuairt gan choinne tugtha ag an Taoiseach ar Chív. The Taoiseach Leo Varadkar has paid an unexpected visit to the capital of Ukraine, Kiev, where he had talks with the President of the country Volodymyr Zelensky. Tá cuairt gan choinne tugtha ag an Taoiseach Leo Varadkar ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, mar a raibh comhráite aige le hUachtarán na tíre Volodymyr Zelensky. President Zelensky indicated that he had "fruitful" talks with the Taoiseach and said he thanked him for Ireland's welcome to 87,000 refugees from Ukraine. Thug an tUachtarán Zelensky le fios gur cainteanna "torthúla" a bhí aige leis an Taoiseach agus dúirt gur ghabh sé buíochas leis as an bhfáilte atá curtha ag Éirinn roimh 87,000 dídeanaí ón Úcráin. Leo Varadkar praised Volodymyr Zelensky's "brilliant leadership" since the Russian Army invaded Ukraine a year and a half ago. Mhol Leo Varadkar "ceannasaíocht iontach" Volodymyr Zelensky ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an Úcráin bliain go leith ó shin. Before the meeting between the two men, the Taoiseach went to the town of Bucha north-west of Chiv, where Russian soldiers killed around 500 civilians in March last year. Roimh an gcruinniú idir an bheirt fhear, chuaigh an Taoiseach go dtí baile Bucha siar ó thuaidh ó Chív, áit ar mharaigh saighdiúirí Rúiseacha thart ar 500 sibhialtach i mí an Mhárta anuraidh. He spoke there with the relatives of some of the dead and said that he saw with his own eyes the horror for which the Russians were responsible. Labhair sé ann le gaolta cuid de na mairbh agus dúirt go bhfaca sé lena shúile cinn an t-uafás a raibh na Rúisigh freagrach as. He also claimed that it was necessary to ensure that Ukraine would win the war in order to convince other countries that are thinking of invading neighboring countries that the benefit was not worth the trouble. Mhaígh sé freisin nár mhór a chinntiú go mbeadh an bua ag an Úcráin sa chogadh lena chur ina luí gaidhte ar thíortha eile atá ag cuimhneamh ar ionradh a dhéanamh ar thíortha comharsanachta nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid. In connection with the war, the authorities in Odesa in the south of Ukraine say that Russian forces carried out an air raid on the port for the second night in a row last night. I dtaca leis an gcogadh de, deir na húdaráis in Odesa i ndeisceart na hÚcráine gur thug fórsaí Rúiseacha ruathar aeir ar an gcalafort den dara hoíche as a chéile aréir. It is reported that another port in the region was also hit. Tuairiscítear gur tugadh amas ar chalafort eile sa réigiún chomh maith. It is assumed that these attacks are related to Russia's decision to withdraw from an agreement to send grain from Ukrainian ports to poor countries in Africa and Asia. Glactar leis go bhfuil baint ag na hionsaithe seo le cinneadh na Rúise tarraingt amach as comhaontú maidir le grán a sheoladh ó chalafoirt na hÚcráine chuig tíortha bochta san Afraic agus san Áise. The Russians promised that they would take revenge on the Ukrainians for an attack on an important bridge in Crimea yesterday. Gheall na Rúisigh go n-imreoidís díoltas ar na hÚcránaigh as ionsaí a rinneadh ar dhroichead tábhachtach sa Chrimé arú inné. The Russians are not only targeting the south of the country. Ní ar dheisceart na tíre amháin atá na Rúisigh ag díriú a gcuid ruathar. It is reported that Ukrainian forces in Kyiv managed to launch several missiles well before reaching a target. Tuairiscítear gur éirigh le fórsaí Úcránacha i gCív roinnt diúracán a chur ó mhaith sular bhain amach sprioc amach. However, several missiles managed to hit a port and cause damage in places on the key of the city. Ar a shon sin, d'éirigh le roinnt diúracán port a bhualadh agus damáiste a dhéanamh in áiteanna ar eochair na cathrach.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230620_IRISH_leithsceal_on_uachtaran_faoi_raiteas_fanach_faoi_shaineolai

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 20, 2023 19:25


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26h5gjet Contact: irishlingos@gmail.com Apology from the President for a "trivial statement" about an expert. Leithscéal ón Uachtarán faoi "ráiteas fánach" faoi shaineolaí. President Michael D. Tá an tUachtarán Michael D. Higgins has apologized to Professor Louise Richardson for a "careless statement" he made which was published in a newspaper yesterday. Higgins tar éis leithscéal a ghabháil leis an Ollamh Louise Richardson faoi "ráiteas míchúramach" a rinne sé a foilsíodh i nuachtán inné. In the article the President said that Ireland was "running thin" during a dangerous period, at a time when the country's foreign policy is "going downstream." San alt dúirt an tUachtarán go raibh Éirinn "ag rith ar thanaí" le linn tréimhse chontúirteach, tráth a bhfuil polasaí eachtrach na tíre "ag imeacht le sruth." He also referred to the chairman of the Consultative Forum on International Security Policy - Professor Richardson - and said that she was someone "with a very large DBE - Dame of the British Empire" and that she was "grand" but that she would have to the ability of experts to come to the Forum. Thagair sé chomh maith do chathaoirleach an Fhóram Comhairliúcháin ar an bPolasaí Slándála Idirnáisiúnta – an tOll Richardson – agus dúirt sé gur duine í "with a very large DBE - Dame of the British Empire" agus go raibh sí "grand" ach go mbeadh ar a chumas féin a theacht ar lucht saineolais le bheith ar an bhFóram. Today the President's Office says "he meant no offense by that trivial statement." Inniu deir Oifig an Uachtaráin "nach raibh aon mhasla i gceist aige leis an ráiteas fánach sin." "The President apologizes" says a statement from the Office "for any offense he inadvertently gave to Professor Richardson with a careless statement. "Gabhann an tUachtarán leithscéal" a deir ráiteas ón Oifig "faoi aon mhasla a thug sé gan chuimhneamh don Ollamh Richardson le ráiteas míchúramach. As a political scientist and sociologist himself, the President is familiar with the work of Professor Richardson. Mar eolaí polaitiúil agus socheolaí é féin tá eolas ag an Uachtarán ar shaothar an Oll Richardson. He admires, as do others, the Professor's tenacity in attracting students from disadvantaged and other non-traditional backgrounds to Oxford University, which led to her being awarded the DBE." Tá meas aige, mar atá ag daoine eile, ar threallús an Ollaimh ag mealladh mac léinn faoi mhíbhuntáiste agus ó chúlraí eile neamhthraidisiúnta chuig Ollscoil Oxford, rud ba chúis leis an ngradam DBE a bronnadh uirthi." Government sources have indicated that Prof Richardson will continue to chair the Forum. Tá sé tugtha le fios ag foinsí Rialtais go leanfaidh an tOll Richardson i mbun cathaoirleachta ar an bhFóram. In the interview the President did yesterday with the Sunday Business Post he said he was concerned that the country was turning away from "positive neutrality, our established policy." San agallamh a rinne an tUachtarán inné leis an Sunday Business Post dúirt sé go raibh imní air go raibh an tír ag iompú ón "neodracht dearfach, an polasaí seanbhunaithe atá againn." He mentioned the panels on the Forum, among which he said "the admirals, the generals, the air force and the rest" as well as "the countries that used to be neutral but are now looking for NATO membership." Luaigh sé na painéil atá ar an bhFóram, ina measc a dúirt sé "na haimiréil, na ginearáil, an t-aerfhórsa agus an chuid eile" chomh maith "leis na tíortha a bhíodh neodrach ach atá anois ag lorg ballraíochta le NATO." Cathal Berry - Independent MP and former member of the Defense Forces - has said there should be a "respectful debate" about Irish neutrality. Tá Cathal Berry - Teachta Dála Neamhspleách agus iarchomhalta sna Fórsaí Cosanta - tar éis a rá gur cheart "díospóireacht mheasúil" a bheith ann faoi neodracht na hÉireann.

Nuacht Mhall
20 Bealtaine 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 20, 2023 4:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Eisíodh tuairiscí contrártha faoi na ceathrar leanaí, leanbh de aon mhí dhéag d'aois san áireamh, atá ar strae i bhforaois bháistí na hAmasóine na Colóime tar éis timpiste eitleáin níos mó ná coicís ó shin. D'fhógraigh an tUachtarán Gustavo Petro ar Twitter gur thángthas ar na leanaí tar éis “dianiarrachtaí cuardaigh” ag an arm, ach d'eisigh sé ráiteas eile cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin ag rá nach raibh an tuairisc daingnithe. Tá níos mó ná 100 saighdiúir, trí héileacaptar agus madraí bolaíochta imscartha ag na húdaráis chun cuardach a dhéanamh ar na leanaí a bhí ag taisteal in eitleán ar an chéad lá de mhí naBealtaine, nuair a thuairt sé, agus maraíodh triúr daoine fásta ar bord. Creideann tarrthálaithe go raibh na leanaí dúchasacha —13, 9, 4 agus 11 mí d'aois—ag fánaíocht tríd an dufair i réigiún theas Caqueta ó tharla an timpiste.  Tá Ollscoil Oxford chun an t-ainm Sackler a bhaint óna foirgnimh mar gheall ar an mbaint atá ag an teaghlach leis an ngéarchéim codlaidíneach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  Agus iad ag leanúint d'institiúidí eile ar fud an domhain, chinn an ollscoil Leabharlann Sackler a athainmniú agus tá gailearaithe agus poist foirne ag Músaem Ashmolean á n-athainmniú tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na naisc. Tá an teaghlach Sackler ceangailte le Purdue Pharma, déantóir an phianmhúcháin OxyContin atá buailte le cásanna dlí sna Stáit Aontaithe. Tá imní ar Chomhairle Inimircigh na hÉireann faoi shábháilteacht iarrthóirí tearmainn tar éis ionsaí ar champa garbh sráide i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite, a dúirt an Príomhfheidhmeannach. Thug Brian Killoran foláireamh go gcaithfidh gardaí agus údaráis eile díriú orthu siúd ar an eite fhíordheis atá ag iarraidh mífháisnéis a scaipeadh agus foréigean a spreagadh. De réir figiúirí oifigiúla, tá 502 teifeach ina gcodladh amuigh faoin aer. D'fhógair an tAire Lánpháirtíochta O'Gorman tráthnóna inné go mbeadh trí ionad lóistín breise le cur ar fáil i mBaile Átha Cliath. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS madraí bolaíochta - sniffer dogs dufair - jungle géarchéim codlaidíneach - opiate crisis pianmhúchán - painkiller iarrthóirí tearmainn - asylum seekers mífháisnéis - misinformation

Nuacht Mhall
6 Bealtaine 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 6, 2023 6:01


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an Ríocht Aontaithe ag ullmhú don Chorónú an tseachtain seo. Maidin Dé Sathairn, ag a 11 a chlog, rachaidh Séarlas III go Mainistir Westminster don searmanas. Is searmanas reiligiúnach é agus beidh cúig chéim san imeacht. Ar dtús, cuirfear ola ungtha agus coróin ar Shéarlas agus ansin suífidh sé ar an ríchathaoir. Déanfar banríon de Camilla ag an ócáid chéanna. Beidh Michelle O'Neill, leascheannaire Shinn Féin, ag freastal ar an gCorónú. Cé gur poblachtach í, dúirt sí gur ócáid thábhachtach í do roinnt daoine in Éirinn. Beidh an Ghaeilge le cloisteáil le linn an tsearmanais, chomh maith le teangacha eile. Dár ndóigh, beidh na mílte ina seasamh ar dhá thaobh na sráide don mhórsiúl tar éis an tsearmanais ach níl gach duine sa Bhreatain sásta leis. Mar chuid den imeacht, iarrtar ar dhaoine a ndílseacht don Rí a chur in iúl os ard le linn an imeachta. Dúirt Graham Smith, urlabhraí don eagraíocht “Republic”, gur cheart don Rí a dhílseacht a léiriú don phobal. Cháin Smith an costas a bhaineann leis an ócáid freisin—níos mó ná £100 milliún go dtí seo.Tá Rialtas na Rúise ag maíomh go ndearna an Úcráin iarracht Vladamir Putin a mharú le dróin oíche Dé Máirt. De réir na Rúiseach, sheol na hÚcráinigh dhá dhrón go dtí an Chreimil i Moscó, an áit ina mbíonn Putin ina chónaí de ghnáth, ach d'éirigh leo iad a chur ó maith sula ndearna siad aon damáiste. Shéan na hÚcráinigh gach rud a bhí á mhaíomh ag na Rúisigh agus dúirt an tUachtarán Zelensky nach raibh siad ag troid in éadan na Rúiseach ach amháin ar fhód na hÚcráine. Tá sé á mhaíomh ag cúpla saineolaí gurb iad na Rúisigh féin a d'eagraigh an t-ionsaí chun an aird a bhaint den chogadh agus den easpa ratha faoi láthair. De ghnáth tarlaíonn Paráid na Bealtaine sa Rúis ag an am seo den bhliain, ach chuir Putin go leor paráidí ar ceal i mbliana.D'éirigh Geoffrey Hinton, ar a dtugtar ceannródaí na hintleachta saorga, as a phost in Google an tseachtain seo caite. Dúirt Hinton go bhfuil eagla air anois mar gheall ar an ndul chun cinn atá ag tarlú san intleacht shaorga faoi láthair. Rinne Hinton taighde faoi líonra néarach domhainfhoghlama, taighde atá thar a bheith tábhachtach don chóras ChatGPT, mar shampla. Tá líonraí néaracha cosúil leis an inchinn atá againn go léir agus de réir Hinton, tá na líonraí seo beagnach chomh cliste linne anois. Dúirt Hinton go bhfuil sé buartha faoi cad a tharlódh dá gcinnfeadh deachtóirí an intleacht shaorga a úsáid. Tá an intleacht shaorga go mór sa nuacht faoi láthair – i mí an Mhárta, shínigh go leor daoine sa réimse litir oscailte inar mhol siad stop a chur ar an bhforbairt chun go mbeimis in ann fearais sábháilteachta a chruthú ar dtús. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ola ungtha - anointing oil dílseacht - loyalty a chur ó maith - to put out of use easpa ratha - lack of success ceannródaí na hintleachta saorga - pioneer of artificial intelligence líonra néarach domhainfhoghlama - deep learning neural network deachtóirí - dictators

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230427_IRISH_comhra_fada_teileafoin_ag_xi_jinping_agus_volodymyr_zelenskiy

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 27, 2023 7:35


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/298a3y6d Contact: irishlingos@gmail.com A "long" telephone conversation between Xi Jinping and Volodymyr Zelenskiy. Comhrá "fada" teileafóin ag Xi Jinping agus Volodymyr Zelenskiy. Chinese President Xi Jinping and Ukrainian President Volodymyr Zelenskiy had a telephone conversation today, the first time the two men have spoken since Russia invaded Ukraine a year and a half ago. Bhí comhrá teileafóin inniu ag Uachtarán na Síne Xi Jinping agus Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskiy, an chéad uair a labhair an bheirt fhear le chéile ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin bliain agus blogh de bhliain ó shin. Volodymyr Zelenskiy is said to have wanted to have a conversation with Xi Jinping for quite some time. Deirtear go raibh Volodymyr Zelenskiy ag iarraidh comhrá a bheith aige le Xi Jinping le tamall maith. Afterwards, the Ukrainian man said that it was a long and beneficial conversation and that it would accelerate the development of relations between the two countries. Ina dhiaidh, dúirt fear na hÚcráine gur comhrá fada agus tairbheach a bhí ann agus go gcuirfeadh sé dlús leis an gcaidreamh idir an dá thír a chothú. He also announced that he had appointed a new ambassador to China. D'fhógair sé freisin go raibh ambasadóir nua sa tSín ceaptha aige. President Xi is reported to have told Volodymyr Zelenskiy that he would soon send special representatives to Ukraine with the aim of "initiating talks between all those who seek peace". Tuairiscítear go ndúirt an tUachtarán Xi le Volodymyr Zelenskiy go gcuirfeadh sé ionadaithe speisialta chun na hÚcráine gan mhoill agus é i gcuspóir acu "cainteanna a thionscnamh idir gach aon dream atá ag lorg síochána". Xi Jinping has never condemned Russia's invasion of Ukraine, however, and visited Moscow last month, where he held talks with Russian President Vladimir Putin. Níor cháin Xi Jinping ionradh na Rúise ar an Úcráin riamh, áfach, agus thug sé cuairt ar Mhoscó an mhí seo caite, mar a raibh cainteanna aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin. The previous month, he proposed a peace plan that was somewhat welcomed by the Ukrainian Government but rejected by Western countries. An mhí roimhe sin, mhol sé plean síochána ar chuir Rialtas na hÚcráine fáilte áirithe roimhe ach ar dhiúltaigh tíortha an Iarthair dó. RTÉ News and Current Affairs President of China, Xi Jinping Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Uachtarán na Síne, Xi Jinping

Nuacht Mhall
15 Aibreán 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 15, 2023 6:53


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtain, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. An tseachtain seo, thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Éirinn. Ba é an ceathrú Uachtarán ó na Stáit Aontaithe a tháinig go dtí an t-oileán. Chuaigh sé go Béal Feirste ar dtús chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cruinniú aige le Príomhaire Shasana Rishi Sunak agus labhair sé in Ollscoil Uladh. Chuaigh sé ar aghaidh go Cairlinn i gContae Lú, an áit a rugadh a sin-sin-seanathair Owen Finnegan, a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe san 1840í. Tá gaolta le Biden fós ina gcónaí ann. Chaith sé am ag siúl timpeall Dhún Dealgan agus dúirt sé gur mór an onóir é teacht ar ais go hÉirinn agus gur bhraith sé go raibh sé ar ais ag baile. Thug sé cuairt ar Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus bhuail sé leis an Taoiseach Leo Varadkar ag Teach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce. Labhair sé os comhar na bpolaiteoirí ó Dháil Éireann agus ón Seanad, agus é ag moladh an naisc leanúnaigh idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Chríochnaigh sé an tráthnóna le fáilte oifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chaith sé an lá deireanach i gContae Mhaigh Eo. Thug sé cuairt ar Chnoc Mhuire agus ar Bhéal an Átha, an áit a rugadh a sin-sin-sin-seanathair Edward Blewitt, a chuaigh go Meiriceá le linn an Ghorta Mhóir. Bhí ceolchoirm ar siúl sa bhaile leis na Coronas, The Academic agus na Chieftains ag seinm. Tháinig na mílte daoine go dtí an baile chun fáilte a chur roimhe. Labhair sé faoin nasc atá aige leis an gceantar agus lena mhuintir i mBéal an Átha i gcaitheamh na mblianta, gur chuir sé sin go mór leis an lá tábhachtach pearsanta a bhí aige in éineacht leis a chlann féin ar an turas seo.   Sa Fhrainc, tá an Chomhairle Bhunreachtúil tar éis cead a thabhairt don Uachtarán Emmanuel Macron chun an pinsin a athchóiriú le go mbeidh ar dhaoine dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois. Bhí agóid i gcoinne an athchóirithe ar siúl i bPáras agus i mbailte eile timpeall na tíre. Tá daoine ar buile leis an Uachtarán as an tslí a chuir sé an t-athchóiriú tríd ag baint úsáid as Airteagal 49.3 de Bhunreacht na Fraince gur féidir an rialtas dlí a thabhairt isteach gan vóta ó pholaiteoirí. Nuair a chuaigh an bille tríd ar dtús ar an séú lá déag de mhí an Mhárta bhailigh slua mór daoine le chéile le bheith i mbun agóide. Cuireadh isteach ar sceideal na n-eitleán, na dtraenacha agus an bhailiúcháin dramhaíola. Dúirt an tUachtarán go bhfuil air an aois scoir a ardú chun é a mhaoiniú agus go bhfuil sé riachtanach don tír. Dúirt na ceardchumainn go bhfuil slí eile chun cothromaíocht a fháil ar chóras an phinsin.  Tá bean darb ainm Beatriz Flamini 500 tar éis lá a chaitheamh ina haonar istigh i bpluais in Granada sa Spáinn, mar chuid de thurgnamh ina raibh eolaithe ag déanamh staideár agus monatóireacht uirthi. Dúirt sí nach bhfuil eolas aici ar aon rud a tharla sa saol mór ón lá a chuaigh sí isteach ann ar an aonú lá is fiche de Mhí na Samhna 2021. Chaith sí a cuid ama ag aclaíocht, ag tarraingt agus ag cniotáil caipíní. Léigh sí 60 leabhar agus d'ól sí 1000 lítear d'uisce. Bhí idir shíceolaithe, thaighdeoirí agus uaimheolaithe ag faire uirthi. Nuair a tháinig sí amach as an bpluais, dúirt sí gur chaill sí a tuiscint ar imeacht na haimsire tar éis di dhá mhí a chaitheamh sa phluais agus gur éirigh sí as comhaireamh na laethanta. An uair ba mheasa a bhí aici nuair a tháinig plá cuileog isteach á clúdach. Ach nuair a tháinig sí amach as an bpluais bhí sí sásta agus dúirt sí go raibh am iontach aici.  * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS sin-sin-seanathair - great-great-grandfather fáilte oifigiúil - official reception athchóiriú - reform bailiúchán dramhaíola - waste collection pluais - cave uaimheolaithe - speleologist plá cuileog - invasion of flies

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230415_IRISH_joe_biden_ar_cuairt_ar_lathair_oilithreachta_chnoc_mhuire

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 15, 2023 14:47


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bwjmbsn Contact: irishlingos@gmail.com Joe Biden visiting the pilgrimage site of Knock Mhuire. Joe Biden ar cuairt ar láthair oilithreachta Chnoc Mhuire. The President of the United States Joe Biden visited the blessed shrine of the Virgin Mary in Knock Mary, Co Mayo, this afternoon. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar scrín bheannaithe na Maighdine Muire i gCnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo, tráthnóna. Transport Minister Éamon Ryan and local Dáil Deputy Dara Calleary were among the dignitaries who welcomed President Biden on the runway of Knock Mhuire Airport shortly after 2 o'clock. Bhí an tAire Iompair Éamon Ryan agus an Teachta Dála áitiúil Dara Calleary i measc na n-uaisle a chuir fáilte roimh an Uachtarán Biden ar rúidbhealach Aerfort Chnoc Mhuire go gairid tar éis 2 a chlog. Soon after, he headed south to the pilgrimage site in Drum. Go luath ina dhiaidh sin, thug sé aghaidh ó dheas ar an láthair oilithreachta sa Droim. He is accompanied by two members of Joe Biden's family – his sister Valerie Biden Owens and his son Hunter Biden. Tá beirt de theaghlach Joe Biden in éineacht leis – a dheirfiúr Valerie Biden Owens agus a mhac Hunter Biden. Parish priest Father Richard Gibbons gave President Biden a tour of the shrine and the Basilica of Our Lady, where he saw the famous mosaic of the Presentation of the Virgin. Thug an sagart paróiste an tAthair Richard Gibbons turas na scríne agus Bhaisleac Mhuire don Uachtarán Biden, áit a bhfaca sé an mhósáic cháiliúil de Thaispeánadh na Maighdine. Father Gibbons also showed him what remains - and it is not much - of the wall of the first shrine where the Church of the Exposition is now. Thaispeáin an tAthair Gibbons dó chomh maith a bhfuil fanta - agus ní mórán é - de bhalla na chéad scríne san áit a bhfuil Séipéal an Taispeánta anois. The wall gave away after the many visitors took the stones home with them as if they were blessed cherries. Thug an balla uaidh tar éis don iliomad cuairteoirí na clocha a thabhairt abhaile leo amhail is dá mba cheiríní beannaithe iad. The best part of the story is that Father Gibbons presented one of the stones to President Biden this afternoon! It is God who knows and it is he who is generous and giving! In the Chapel of the Exposition, President Biden and his son Hunter met with a former chaplain in the American Army, Father Frank O'Grady. An chuid is aistí den scéal gur bhronn an tAthair Gibbons ceann de na clocha ar an Uachtarán Biden tráthnóna! Is ag Dia atá a fhios agus is é atá tíolacthach tabharthach! I Séipéal an Taispeánta, chas an tUachtarán Biden agus a mhac Hunter le hiarshéiplíneach in Arm Mheiriceá, an tAthair Frank O'Grady. Father O'Grady was one of the people who took care of Joe Biden's other son - Beau - when he was seriously ill in a military hospital in Washington. Bhí an tAthair O'Grady ar dhuine de na daoine a thug aire do mhac eile Joe Biden - Beau - nuair a bhí sé go dona tinn in ospidéal míleata in Washington. Beau Biden was given the Late Oil before he died in that hospital in 2015. Is é a chuir an Ola Dhéanach ar Beau Biden sular bhásaigh sé san ospidéal sin in 2015. Tears came to the President's eyes as Father O'Grady turned to him. Tháinig na deora le súile an Uachtaráin ar chasadh an Athar O'Grady dó. Father Gibbons was apparently unaware of the connection between the two men. Is cosúil nach raibh a fhios ag an Athair Gibbons faoin gceangal idir an bheirt fhear. God knows...! From there, the President visited the Mayo-Roscommon Hospice located in Knock. Is ag Dia atá a fhios ...! As sin, chuaigh an tUachtarán ar cuairt chuig Ospís Mhaigh Eo-Ros Comáin atá suite i gCnoc Mhuire. Joe Biden turned the first jaw of the hospice the last time he was in Mayo in 2017. Chas Joe Biden céad fhód na hospíse an uair dheireanach a bhí sé i Maigh Eo in 2017.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230414_IRISH_beim_ar_an_nasc_idir_meiricea_agus_eire_in_oraid_joe_biden

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 14, 2023 15:08


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2c33jmrs Contact: irishlingos@gmail.com Emphasis on the link between America and Ireland in Joe Biden's speech. Béim ar an nasc idir Meiriceá agus Éire in oráid Joe Biden. In a speech he gave to Oireachtas Éireann in Leinster House this afternoon, the President of the United States Joe Biden referred many times to the historical link between America and Ireland. In óráid a thug sé d'Oireachtas Éireann i dTeach Laighean tráthnóna, thagair Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go minic don nasc stairiúil idir Meiriceá agus Éire. He would have to, he said, it was a great heartache for his own ancestors to get on the white boat, to turn their backs on their homeland and face the foreigner. Chaithfeadh sé, arsa sé, gur mhór an crá croí dá shinsear féin dul ar an mbád bhán, cúl a thabhairt le dúchas agus aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch. There is now a joint relationship between America and Ireland, said Joe Biden, which is a relationship based on that historical connection. Tá comhchaidreamh anois idir Meiriceá agus Éire, a dúirt Joe Biden, ar caidreamh é atá bunaithe ar an nasc stairiúil úd. He also referred to the commonality of the word 'dignity' in the Gael language, according to him. Thagair sé freisin do choitiantacht an fhocal 'dínit' i mbéala Gael, dar leis. It is a very important word, he said. Is focal fíorthábhachtach é, a dúirt sé. Commenting on the war in Ukraine, President Biden indicated that Ireland and the United States were working together to help the people of Ukraine. Ag trácht dó ar an gcogadh san Úcráin, thug an tUachtarán Biden le fios go raibh Éire agus na Stáit Aontaithe ag obair i gcomhar le fóirithint ar mhuintir na hÚcráine. Again, he mentioned the Gael families who are in exile in America, who, he said, have a good understanding of the fight and work for freedom and democracy. Arís, luaigh sé clanna Gael atá ar deoraíocht i Meiriceá, dream, ar sé, a bhfuil tuiscint ghrinn acu ar an troid agus an obair ar son na saoirse agus an daonlathais. I'm not lying to say that, said President Biden, it's the truth. Ní bréag dom é sin a rá, a dúirt an tUachtarán Biden, is í an fhírinne í. The President then focused on political matters in the North and said that the biggest achievement of the Good Friday Agreement is that young people are no longer dreaming about checkpoints. Dhírigh an tUachtarán ina dhiaidh sin ar chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart agus dúirt gurb é an rud is mó atá bainte amach ag Comhaontú Aoine an Chéasta nach mbíonn daoine óga ag déanamh brionglóidí níos mó faoi phointí seiceála. He also implied that he believed the British Government should work more closely with the Irish Government (in terms of Northern affairs). Thug sé le tuiscint freisin gur chreid sé gur chóir do Rialtas na Breataine obair níos dlúithe le Rialtas na hÉireann (ó thaobh chúrsaí an Tuaiscirt de). He promised that the United States would stand by Ireland and claimed that the two countries were working together to build an economy where workers would be treated with dignity and where large companies would pay their share. Gheall sé go seasfadh na Stáit Aontaithe le hÉirinn agus mhaígh sé go raibh an dá thír ag obair le chéile chun eacnamaíocht a thógáil ina gcaithfí go díniteach le hoibrithe agus ina n- íocfadh comhlachtaí móra a gcion. Near the end of his speech, President Biden mentioned climate change, saying it is the biggest threat to the world right now. Is gar do dheireadh a óráide a luaigh an tUachtarán Biden athrú aeráide, á rá gurb é an baol is mó ar domhan é faoi láthair. We don't have much time left, that's the truth, he said. Níl mórán ama fanta againn, sin í an fhírinne, arsa sé. In addition to the Dáil Deputies and Senators who were present in the Dáil room for the President's speech, there were other great well-wishers and special guests who were also invit...

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230413_IRISH_uachtaran_na_stat_aontaithe_joe_biden_i_gco_lu_trathnona

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 13, 2023 8:22


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2e2vtkpp Contact: irishlingos@gmail.com President of the United States Joe Biden in Co Louth this afternoon. Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCo Lú tráthnóna. The President of the United States Joe Biden is in Cuaille, Co Louth, this evening, where he visited Carlin Castle - a Norman fort at the foot of Sliabh Feá - in the company of Tánaiste Micheál Martin. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden i gCuaille, Co Lú, tráthnóna, mar ar thug sé cuairt ar Chaisleán Chairlinn – dún Normannach ag bun Shliabh Feá – i gcuideachta an Tánaiste Micheál Martin. The President's great-grandfather was from Co Louth and this is his third visit to the county since 2016. B'as Co Lú sin-seanathair an Uachtaráin agus seo an tríú sciuird aige ar an gcontae ó 2016. As the President's motorcade made its way through the town of Carlin, hundreds of people along the road welcomed the arrival of one of their own. Agus gluaisteán an Uachtaráin ag déanamh a bealaigh trí bhaile Chairlinn, chuir na céadta duine fáilte feadh an bhóthair roimh fhionnó duine dá gcuid féin. From Carlin, President Biden turned back and headed for Dundalk, where he is in for another hearty welcome. As Cairlinn, chas an tUachtarán Biden siar agus thug sé a aghaidh ar Dhún Dealgan, áit a bhfuil fáilte chroíúil eile i ndán dó. Earlier in the evening, after leaving Belfast, President Biden arrived at Dublin Airport, where he was welcomed by Taoiseach Leo Varadkar. Níos túisce tráthnóna, tar éis dó Béal Feirste a fhágáil, tháinig an tUachtarán Biden go hAerfort Bhaile Átha Cliath, mar ar chuir an Taoiseach Leo Varadkar fáilte roimhe. Joe Biden also greeted others who had gathered at the airport to see him despite the bad weather. Bheannaigh Joe Biden chomh maith do dhaoine eile a bhí bailithe san aerfort lena fheiceáil ainneoin na drochaimsire. He also had a special meeting there with the staff of the United States Embassy and their families, and he also spoke with workers from the airport's fire service. Bhí cruinniú faoi leith aige ann freisin le foireann Ambasáid na Stát Aontaithe agus a dteaghlaigh, agus labhair sé chomh maith le hoibrithe ó sheirbhís dóiteáin an aerfoirt. However, the weather put a dent in his wheel – or rather a dent in the rotor – as he had to face Cho Lou in his reinforced car rather than by helicopter as planned. Chuir an aimsir eang sa roth aige, áfach – nó eang sa rótar ba chirte a rá – mar b'éigean dó aghaidh a thabhairt ar Cho Lú ina ghluaisteán treisithe seachas ar héileacaptar mar a bhí beartaithe. RTÉ News and Current Affairs Joe Biden in Carling Castle Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Joe Biden i gCaisleán Chairlinn

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230410_IRISH_joe_biden_le_mor_aitheasc_a_thabhairt_ag_ollscoil_uladh

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 10, 2023 9:19


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24ggs8bv Contact: irishlingos@gmail.com Joe Biden to deliver a major address at the University of Ulster. Joe Biden le mór aitheasc a thabhairt ag Ollscoil Uladh. The President of the United States Joe Biden will give a major address in the new campus of the University of Ulster as the start of his tour of this country next week. Tabharfaidh Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden mór-aitheasc i gcampas nua Ollscoil Uladh mar thús ar a chamchuairt ar an tír seo an tseachtain seo chugainn. President Biden will be involved in events on both sides of the border during his visit which will coincide with the anniversary of the signing of the Good Friday Agreement 25 years ago. Beidh an tUachtarán Biden páirteach in imeachtaí ar dhá thaobh na teorann le linn a chuairte a bheidh ar bun ag an am chéanna a ndéanfar comóradh ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ó shin. It is understood that on Wednesday he will give the address on the Ulster University campus in Belfast. Tuigtear gur ar an Chéadaoin a thabharfaidh sé an t-aitheasc ar champas Ollscoil Uladh i mBéal Feirste. Ulster University vice-chancellor and president Professor Paul Bartholomew said it would be a big day for the university. Dúirt leas-sheansailéir agus uachtarán Ollscoil Uladh an tOllamh Paul Bartholomew gur lá mór don ollscoil a bheidh ann. "As we celebrate the 25th anniversary of the signing of the Good Friday Agreement, the University is looking forward to preparing the next generation of community, business and civil society leaders." "Is muid ag comóradh 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, tá an Ollscoil ag súil go mór leis an chéad ghlúin eile de cheannairí pobail, gnó agus sochaí saoránach a ullmhú." The American President will reach Belfast on Tuesday night in the company of the British prime minister Rishi Sunak. Bainfidh Uachtarán Mheiriceá Béal Feirste amach oíche Mháirt i gcuideachta phríomh aire na Breataine Rishi Sunak. It is thought that President Biden will not go to the Stormont building on Anfa Hill, and some are now saying that he is downplaying the Northern Ireland aspect of his trip as he will only have one event during his time in the north. of the border. Ceaptar nach rachaidh an tUachtarán Biden chuig foirgneamh Stormont ar Chnoc an Anfa, agus tá roinnt daoine ag rá anois go bhfuil sé ag déanamh beag is fiú de ghné Thuaisceart Éireann dá thuras de bhrí nach mbeidh aige ach ócáid amháin le linn a chuid ama ó thuaidh den teorainn. This has been denied by Tánaiste Micheál Martin, who said that any kind of visit from the President of the United States is very worthwhile. Tá an méid seo séanta ag an Tánaiste Micheál Martin, a dúirt gur mór is fiú cuairt de chineál ar bith ó Uachtarán de chuid na Stáit Aontaithe. "People are jealous of the attention that President Biden gives to the whole island of Ireland," he said, "and this visit of his shows how committed he is to the people of Northern Ireland." "Tá daoine in éad leis an aird a thugann an tUachtarán Biden ar oileán uilig na hÉireann ón ," a dúirt sé, "agus léiríonn an chuairt seo aige chomh tiomanta agus atá sé do phobal Thuaisceart Éireann."

RTÉ - Adhmhaidin
John Maguire, Iriseoir, Páras.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 28, 2023 4:20


Lá mór stailce agus léirsithe sa bhFrainc inniu – an deichiú ceann in aghaidh na leasuithe pinsin conspóideacha a thug an tUachtarán Emmanuel Macron isteach.

RTÉ - Iris Aniar
Wáltsáil Abhaile, Taibhdhearc na Gaillimhe.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 27, 2023 12:23


Thug an tUachtarán, Micheál D Ó hUigínn cuairt ar An Taibhdhearc Dé Sathairn le breathnú ar an dráma Wáltsáil Abhaile leis an drámadóir Antoine Ó Flatharta. Labhair Marcus Mac Conghail leis an Uachtarán agus le roinnt d'fhoireann Fíbín agus de chliar an dráma.

thug miche uachtar gaillimhe taibhdhearc tuachtar
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230318_IRISH_seineafoibe_nimhiuil_cainte_ag_uachtaran_na_heireann

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 18, 2023 16:08


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2h5k9gal Contact: irishlingos@gmail.com "Poisonous xenophobia" criticized by the President of Ireland. "Seineafóibe nimhiúil" cáinte ag Uachtarán na hÉireann. The President of Ireland has condemned racism in his annual St. Patrick's Day message. Tá ciníochas cáinte ag Uachtarán na hÉireann ina theachtaireacht bhliantúil Fhéile Pádraig. The President has also drawn attention in his message to forced migration, poverty and the climate crisis. Tá aird tarraingthe freisin ag an Uachtarán ina theachtaireacht ar imirce éigeantach, ar bhochtaineacht agus ar an ngéarchéim aeráide. He specifically mentions the people of Turkey and Syria "who are rebuilding there after the terrible earthquakes that happened last month. Luann sé go sonrach muintir na Tuirce agus na Siria "agus iad i mbun atógála ansin tar éis na gcreathanna talún uafásacha a tharla an mhí seo caite. Tragedies of that nature remind us all of how truly vulnerable we are and how urgent it is for united humanitarian aid to be provided." Meabhraíonn tragóidí den chineál sin dúinn ar fad chomh fíorleochaileach agus atá muid agus a riachtanaí agus atá sé go gcuirfí cabhair dhaonnúil aontaithe ar fáil." Commenting on the war in Ukraine and the refugees who have fled that country, the President says "it is very heartwarming how so many families and schools have welcomed us in this country, and in places other, before thousands and thousands of citizens of Ukraine who were displaced and fled because of the conflict in their homeland." Agus é ag trácht ar an gcogadh san Úcráin agus ar na dídeanaithe atá teite as an tír sin, deir an tUachtarán "gur mór an tógáil croí é mar a d'fháiltigh an oiread sin de theaghlaigh agus de scoileanna sa tír seo, agus in áiteanna eile, roimh na mílte agus na mílte de shaoránaigh de chuid na hÚcráine a cuireadh as seilbh agus a theith de bharr na coimhlinte ina dtír dhúchais." He also draws attention to aspects of St. Patrick's life which "are evident in today's contemporary circumstances... Tarraingíonn sé aird chomh maith ar ghnéithe de bheatha Naomh Pádraig atá "le sonrú i gcúinsí comhaimseartha an lae inniu ... new forms of slavery, racism on the rise rather than on the decline, hatred of the outsider – the new or established poisonous xenophobia on the rise in many parts of the world." cineálacha nua sclábhaíochta, an ciníochas ag méadú seachas ag laghdú, an fuath don strainséir – an seineafóibe nimhiúil nua nó seanbhunaithe ag dul i dtreise i gcuid mhór áiteanna ar fud an domhain." According to him "(c)as the story of Saint Patrick encourages us to reflect on the importance of migration as a constant theme in the historical experience of the Irish community, we need to confront the horrible truth of the abuse of vulnerable people for the purposes of bribery, and the forced migration that still continues." Dar leis "(c)é go spreagann scéal Naomh Pádraig muid le machnamh a dhéanamh ar thábhacht na himirce mar théama leanúnach i dtaithí phobal na hÉireann go stairiúil, is gá dúinn dul i ngleic leis an bhfírinne uafasách a bhaineann leis an mí-úsáid ar dhaoine leochaileacha do chuspóirí brabaigh, agus an imirce éigeantach a leanann go fóill." Regarding poverty, the President places the Horn of Africa in a situation where "hunger is stealing their abilities, their dignity and their destiny from millions of our brothers and sisters every day. Maidir le bochtaineacht, cuireann an tUachtarán Corn na hAfraice i gcás, mar a bhfuil "an t-ocras ag goid a gcumais, a ndínite agus a bhfuil i ndán dóibh ó na milliúin dár ndeartháireacha agus dár ndeirfiúracha gach lá. "Isn't it a shame that 64 developing countries had no choice when dealing with the Covid-19 pandemic to spend more money on debt repayment than they had to spend on public health. " "Nach nór an chúis náire é nach raibh de rogha ag 64 tír atá i mbéal forbar...

RTÉ - Adhmhaidin
John Downing, Comhfhreagaí Polaitíochta leis an Irish Independent.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 14, 2023 5:56


Fáilte curtha ag an Taoiseach Leo Varadkar roimh an bhfógra go tabharfaidh an tUachtarán Joe Biden cuairt ar Éirinn. Tá súil inniu le fógra faoi fhoclaíocht an rún atá á mholadh ag Sinn Féin go gcuirfí cosc ar dhíshealbhú i bhfeidhm.

RTÉjr
An Flóta le Cóta

RTÉjr

Play Episode Listen Later Mar 14, 2023 5:53


Tá sceitimíní ann mar beidh an tUachtarán ag freastal ar an bparáid ach tá gaoth láidir ann freisin. Nuair a thagann stoirm, cuireann sé an lá mór i mbaol!

nuair tuachtar
Nuacht Mhall
4 Feabhra 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 4, 2023 5:49


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosaigh cúigear póilíní ag greadadh Nichols ar feadh trí nóiméad. Tógadh Nichols go dtí an t-ospidéal ach fuair sé bás trí lá ina dhiaidh. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir, chuir an Rannóg Póilíneachta in Memphis físeán den eachtra amach agus chaill an cúigear a bpost. Spreag an eachtra díospóireacht faoi bhrúidiúlacht na bpóilíní arís i Meiriceá. Bhí agóidí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus rinne an tUachtarán Joe Biden achainí ar son na síochána. Den chéad uair i stair stáit na hÉireann, beidh lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd Dé Luain seo chugainn. Is é an chéad lá saoire bainc atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean. Dúirt an Rialtas go dtabharfaidh an lá saoire seans dúinn ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh. Tá roinnt scéalta faoi Bhríd mar gheall ar na míorúiltí a rinne sí, de réir an traidisiúin Chaitlicigh, ach tá Bríd ceangailte leis an bpágántacht chomh maith. Tá a lán daoine den thuairim go raibh Bríd ina bandia sula raibh sí ina naomh Críostaí. I miotaseolaíocht na gCeilteach, bhí Bríd mar bhandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Tugadh an t-ainm ‘Imbolc' ar an gcéad lá den Earrach sa traidisiún Ceilteach. D'ordaigh Cumann Lúthchleas Gael an cluiche ceannais idir Crócaigh Chill Mochuda agus an Gleann i gcomórtas peile na gclubanna a athimirt. Bhuaigh na Crócaigh an cluiche coicís ó shin le dhá chúilín, ach thosaigh an chonspóid díreach i ndiaidh an chluiche nuair a tugadh faoi deara go raibh seisear déag imreoirí de chuid na gCrócach ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche. Nuair a thuig na Crócaigh a mbotún, bhain siad an t-imreoir breise as an bpáirc, ach rinne an Gleann gearán oifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael. Tháinig cor eile sa scéal oíche Dé Domhnaigh, áfach, nuair a d'éirigh an Gleann as an bpróiseas achomhairc. I dtuairisc eile spóirt, beidh Comórtas na Sé Náisiún ag atosú ag an deireadh seachtaine. Tá Éire ag barr an rangaithe faoi láthair agus tá a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige ar siúl Dé Sathairn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS brúidiúlacht na bpóilíní - police brutality achainí - plea ómós - homage míorúiltí - miracles conspóid - controversy barr an rangaithe - top of the ranking

pr joe biden nichols sn tyre nichols bh imbolc rann ean gaeilge gcr bhr conradh nuair meirice londain inniu rialtas tuachtar d domhnaigh d sathairn d luain nuacht mhall
Nuacht Mhall
24 Nollaig 2022 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 24, 2022 5:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis an gcluiche mar an chéad chluiche ceannais Chorn an Domhain agus scóráil imreoirí ag an dá fhoireann ar a laghad faoi dhó. Ba iad Kylian Mbappe na Fraince agus Lionel Messi ón Airgintín na himreoirí sin. Rinne an comórtas an stair freisin mar go bhfuarthas an líon is mó cúl riamh, agus Kylian Mbappe ag scóráil an dara cúl is céad seachtó. Bhuaigh an Chróit ar Mharacó Dé Sathairn freisin, chun an tríú háit a bhaint amach. Bhí conspóid ag baint leis an gcomórtas ó thús deireadh, agus is amhlaidh a bhí sé sa chluiche ceannais. Maisíodh Messi le róba dubh, comhartha traidisiúnta Araibise de mheas, ach féachann roinnt daoine air mar rud dímheasúil. Cheap an tUachtarán Michael D Higgins ceannaire Fine Gael Leo Varadkar ina Thaoiseach den dara huair. Beidh Micheál Martin ag éirí as anois mar chuid den chomhaontú comhrialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil sa bhliain fiche fiche. Ina chéad óráid mar Thaoiseach, labhair Varadkar faoin ngéarchéim tithíochta, go háirithe ag tagairt dá ‘phlean Tithíochta do Chách' a d'fhéachfadh le rátaí úinéireachta a ardú. Luaigh sé freisin go mbeadh sé ag dul i ngleic leis an mboilsciú ard agus leis an ngéarchéim costais mhaireachtála. Beidh aonad nua i Roinn an Taoisigh dírithe ar Éire a dhéanamh ar an tír is fearr le bheith ina leanbh. Glacfaidh Micheál Martin ról Varadkar mar leas-phríomh-aire anois. Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach ndéanfadh an t-athrú tada chun dul i ngleic leis na fadhbanna práinneacha. Tá painéal tí an séú Eanáir, atá ag fiosrú Donald Trump, tar éis an t-iar-uachtarán a tharchur ar cheithre chúiseamh choiriúla. I measc na gcúiseamh ná bheith páirteach in éirí amach, tionchar nó bac a chur ar imeacht imscrúdaithe oifigiúil, comhcheilg chalaoise a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe agus ráitis bhréagacha a dhéanamh go neamhdhleathach go feasach nó go toilteanach don rialtas feidearálach. Is é seo an chéad uair sa stair a ndearna an Chomhdháil iar-uachtarán a tharchur le haghaidh cúisimh. Déanfaidh an tArd-Aighne Merrick Garland a chinneadh féin ar chúisimh mar chuid d'imscrúduithe na Roinne Dlí agus Cirt. D'fhéadfadh tionchar a bheith ag toradh an imscrúdaithe sin freisin ar an bhféadfar Trump rith arís sa toghchán uachtaránachta sa bhliain fiche fiche a ceathair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhscór - equal score, draw comhaontú comhrialtais - coalition agreement rátaí úinéireachta - ownership rates boilsciú ard - high inflation cúiseamh coiriúil - criminal charge comhcheilg chalaoise - fraud conspiracy

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20221205_IRISH_suas_le_13,000_saighdiur_de_chuid_na_hucraine_maraithe_-_civ

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 5, 2022 13:31


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2gc78vcg Contact: irishlingos@gmail.com "Up to 13,000 Ukrainian soldiers killed" - Civ. "Suas le 13,000 saighdiúr de chuid na hÚcráine maraithe" - Cív. Up to 13,000 Ukrainian soldiers have been killed in the fighting since Russia began its invasion of that country in February, an official in Kyiv said today. Maraíodh suas le 13,000 saighdiúr de chuid na hÚcráine sa trodaíocht ó chuir an Rúis tús lena n-ionradh ar an tír sin i mí Feabhra, a dúirt oifigeach i gCív inniu. "We have received official estimates, which show that between 10,000 and 13,000 soldiers have been lost", said Mykhailo Podolyak, who is a senior adviser to the President of Ukraine, Volodymyr Zelensky. "Tá meastúcháin oifigiúla faighte againn, a léiríonn gur idir 10,000 saighdiúr agus 13,000 atá caillte", a dúirt Mykhailo Podolyak, atá mar chomhairleoir sinsearach d'Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky. In June, during battles in the Lugansk region, President Zelensky said that up to 100 Ukrainian soldiers were being killed every day. I mí an Mheithimh, le linn cathanna i réigiún Lugansk, dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh suas le 100 saighdiúr de chuid na hÚcráine á marú gach lá. Russian Defense Minister Sergei Shoigu said 5,937 Russian soldiers had been killed during the war so far. Dúirt Aire Cosanta na Rúise, Sergei Shoigu, gur maraíodh 5,937 saighdiúr de chuid na Rúise le linn an chogaidh go nuige sin. It has been attributed to the authorities - on both sides - that much more Ireland has been lost than they have indicated, but for the sake of the morale of the troops, they have publicly provided low estimates. Tá sé curtha i leith na n-údarás - ar an dá thaobh - go bhfuil i bhfad Éireann níos mó caillte ná mar atá tugtha le fios acu, ach ar mhaithe le meanma na dtrúpaí, go bhfuil meastúcháin ísle curtha ar fáil go poiblí acu. A US military expert, General Mark Milley, argued last month that up to 100,000 Russians had been killed or wounded in the fighting in the past seven months and, he said, the same amount of damage was likely to have been done. of Ukrainian forces. D'áitigh saineolaí míleata de chuid na Stát Aontaithe, an Ginearál Mark Milley, an mhí seo caite gur maraíodh nó gur gortaíodh suas le 100,000 Rúiseach sa trodaíocht le seacht mí anuas agus is dócha, a dúirt sé, go bhfuil an méid dochair chéanna déanta d'fhórsaí na hÚcráine. But that US estimate has not been independently confirmed. Ach níl an meastúchán sin de chuid na Stát Aontaithe deimhnithe go neamhspleách. Meanwhile, President Zelensky announced yesterday that sanctions will be imposed on religious organizations in Ukraine that are linked to Russia. Idir an dá linn, thug an tUachtarán Zelensky le fios inné go gcuirfear smachtbhannaí ar eagrais reiligiúnacha san Úcráin a bhfuil baint acu leis an Rúis. He also said in his speech last night that yesterday (December 1) exactly 31 years ago, the people of Ukraine voted for independence from the Soviet Union. Dúirt sé ina óráid aréir freisin gur cothrom an lae inné (1 Nollaig) 31 bliain ó shin, gur vótáil muintir na hÚcráine ar son neamhspleáchais ón Aontas Soivéadach. "We will not lose courage. "Ní chaillfidh muid misneach. We will be free forever. Beidh muid saor go deo. We will never again be a small stone in a big empire", said President Zelensky. Ní bheidh muid riamh arís mar chloch bheag in impireacht mhór", a dúirt an tUachtarán Zelensky. Earlier, the President of the United States, Joe Biden, and the President of France, Emmanuel Macron, said that Vladimir Putin would be brought to account for his invasion of Ukraine. Níos túisce, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, go dtabharfaí Vladimir Putin chun cuntais as an ionradh atá déanta aige ar an Úcráin. But it has been accused by Russia of the United States and ECAT that they ha...

RTÉ - Barrscéalta
An tUachtarán Micheál D Ó hUigín.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 13, 2022 4:08


Ar maidin inné d'fhreastal an tUachtarán ar thórramh James O'Flaherty i nGaoth Dobhair. Ba seo an chéad deis a fuair an tUachtarán labhairt go pearsanta leo siúd atá ag fulaingt mar gheall ar an thragóid seo. Beidh sé ag freastal ar na tórraimh inniu agus arís amárach. Labhair sé leis na meáin i ndiaidh an Aifrinn.

miche beidh labhair tuachtar ngaoth dobhair
Nuacht Mhall
17 Meán Fómhair (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 17, 2022 5:39


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D'fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D'admhaigh Moscó go bhfuil go leor talún caillte acu agus d'fhreagair siad an frithionsaí le hionsaithe ar infreastruchtúr aibhléise san Úcráin. De réir saineolaithe, is athrú mór é an frithionsaí i scéal an chogaidh. Tuairiscítear go bhfuil trúpaí na Rúise in ísle brí agus ag teitheadh ó bhailte. Le linn an ama seo, cloistear cáineadh déanta ar Putin sa Rúis, rud an-annamh agus contúirteach faoi láthair. Rinne an Rí Séarlas turas timpeall na Ríochta Aonaithe le linn na seachtaine. Chuaigh sé go Caisleán Chromghlinne sa Tuaisceart, áit ar chuir Michelle O'Neill, Leas-Uachtarán Shinn Féin, fáilte roimhe. Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair ag searmanas i mBéal Feirste sa tráthnóna. Tá an Bhanríon Éilís ina luí faoi ghradam stáit i Halla Westminster faoi láthair go dtí a sochraid maidin Dé Luain. Tá scuainí fada ar na sráideanna i Londain agus daoine ag fanacht chun ómós a léiriú don Bhanríon. Tá an áit oscailte 24 uair an chloig chun deis a thabhairt do dhaoine an cónra a fheiceáil. Níl an ócáid gan chonspóid, áfach. Rinneadh cáineadh ar phóilíní i Sasana nuair a ghabh siad daoine a bhí ag agóid i gcoinne na monarcachta. Bhí iontas ann freisin nuair a nochtadh nach n-íocfadh an Rí cáin oidhreachta. Fuair an stiúrthóir scannán Jean-Luc Godard bás Dé Máirt. Tá Godard ar dhuine de na stiúrthóirí is tábhachtaí i stair na scannánaíochta. Rugadh san Eilvéis é in 1930 agus fuair sé bás trí fhéinmharú cuidithe; dúirt a theaghlach go raibh sé ag fulaingt mar gheall ar thinnis iomadúla. Tá clú ar Godard de bharr a chuid scannán ó na seascaidí, go háirithe na scannáin À Bout de Souffle, Le Mépris agus Pierrot le Fou. Ba stiúrthóir turgnamhach é Godard, díreach go dtí deireadh a shaoil; mar shampla, bhuaigh sé an duais in Cannes dá scannán Adieu au Langage agus é ceithre bliana is ochtó d'aois. Dúirt Martin Scorcese gur athraigh Godard an smaoineamh a bhí againn faoi scannáin agus nach raibh stiúrthóir ar bith chomh misniúil is a bhí Godard. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS frithionsaí - counter-attack infreastruchtúr aibhléise - electricity infrastructure ina luí faoi ghradam stáit - lying in state cáin oidhreachta - inheritance tax féinmharú cuidithe - assisted suicide turgnamhach - experimental

RTÉ - Adhmhaidin
Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 13, 2022 8:10


Tá an tUachtarán, Mícheál D Higgins agus a bhean, Sabina Higgins, an Taoiseach, Mícheál Martin agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney le bheith ag seirbhís i gcuimhne na Banríona Eilís 2 in Ardeaglais Naomh Áine i mBéal Feirste inniu

Nuacht Mhall
16 Iúil 2022 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 16, 2022 4:55


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D'fhoilsigh NASA na chéad íomhanna ón spásteileascóp James Webb an tseachtain seo. Is é an teileascóp is láidre a bhí ann riamh, agus chosain sé 10 mbilliún dollar chun é a thógáil. De réir réalteolaithe, cuireann na híomhanna tús le ré nua spáseolaíochta. Bhí ríméad agus faoiseamh ar na heolaithe nuair a chonaic siad an méid mionsonra a bhí sna híomhanna. Dúirt an réaltfhisiceoir Dr Amber Straughn go bhfuil siad in ann struchtúir a fheiceáil anois nach bhfuil fiú ainmeacha orthu go fóill. Chomh maith leis sin, is féidir linn réaltraí a fheiceáil anois mar a bhí siad 13 bhilliún bliain ó shin, ag tús na cruinne. Tá staid éideandála i bhfeidhm i Srí Lanca agus theith an tUachtarán Gotabaya Rajapaksa go dtí na hOileáin Mhaldíve chun éalú ó lucht agóide sa tír. Thug léirsitheoirí ruathar faoi phálás an Uachtaráin i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí léirsithe ar siúl sa tír le cúpla mí mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta atá acu. De réir na léirsitheoirí, bhí Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Tá Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach ach tá na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur air freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna anois. Nocht Mo Farah i gclár faisnéise nua an tseachtain seo gur gáinneáladh é go dtí an Ríocht Aontaithe mar shearbhónta tí agus é naoi mbliana d'aois. Dúirt sé nach é Mo Farah a ainm ceart; i ndáiríre Hussein Abdi Kahin is ainm dó. Rugadh i gCríoch Shomáile é agus fuair a athair bás sa chogadh cathartha nuair a bhí sé ceithre bliana d'aois. Nuair a tháinig sé go dtí an Ríocht Aontaithe bhí sé ina chónaí le cúpla a chaith go dona leis ach tharrtháil a mhúinteoir corpoideachais é agus bronnadh saoránacht Briotanach air. Dúirt Rialtas na Breataine nach mbeidh aon phionós roimhe de bharr an eolais seo. Dúirt an lúthchleasaí go leanfaidh sé ar aghaidh faoin ainm Mo Farah anois. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réaltfhisiceoir - astrophysicist réaltraí - galaxies léirsitheoirí - demonstrators eatramhach - interim gáinneáladh - trafficked saoránacht - citizenship

pr nasa aire colombo bh james webb thug mo farah gaeilge gotabaya rajapaksa gcr uachtar conradh nuair chomh aontaithe londain inniu rialtas tuachtar hoile breataine nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
John Maguire, iriseoir, Páras, An Fhrainc.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 30, 2022 6:28


Beidh pobal na Fraince ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta faoi cheann dhá lá dhéag – ceaptar gurb iad Marie Le Pen agus an tUachtarán reatha Emanuel Macron a bheidh fanta sa ngeall.

RTÉ - Adhmhaidin
Frank Reidy, saineolaí míleata.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 28, 2022 5:34


Tá beag is fiú déanta ag na húdaráis sa Teach Bán i Meiriceá de ráiteas a rinne an tUachtarán Joe Biden agus é sa bPolainn nuair a dúirt sé nár cheart go bhfágfaí an tUachtarán Vladimir Putin i gceannas na Rúise.