Learn Irish & other languages with daily podcasts

Follow Learn Irish & other languages with daily podcasts
Share on
Copy link to clipboard

Short sentences with English translations.

V H

Dublin, Ireland


    • May 12, 2025 LATEST EPISODE
    • weekdays NEW EPISODES
    • 9m AVG DURATION
    • 1,350 EPISODES


    Search for episodes from Learn Irish & other languages with daily podcasts with a specific topic:

    Latest episodes from Learn Irish & other languages with daily podcasts

    20250512_IRISH__margadh_sealadach_idir_meiricea_agus_an_tsin_faoi_tharaifi_trump

    Play Episode Listen Later May 12, 2025 12:23


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xpjphjm Contact: irishlingos@gmail.com Temporary deal between America and China under Trump Tariffs. Margadh sealadach idir Meiriceá agus an tSín faoi Tharaifí Trump. A deal has been reached between the United States and China to temporarily cut reciprocal tariffs in the hope of ending a trade dispute between the world's two largest economies that has wreaked havoc on stock exchanges and financial markets and on economic planning around the world. Tá margadh déanta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín le taraifí cómhalartacha a ghearradh go sealadach le súil clabhsúr a chur ar aighneas tráchtála idir an 2 gheilleagar is mó ar domhan atá tar éis cíor thuathail a tharraingt ar na stocmhalartáin agus na margaí airgid agus ar phleanáil eacnamúil ar fud na cruinne. A "90-day pause" has been agreed upon, said US Treasury Secretary Scott Bessent, following talks with Chinese officials in Geneva. Tá "sos 90 lá aontaithe" a dúirt Aire Airgeadais Mheiriceá Scott Bessent tar éis chomhráití le feidhmeannaigh de chuid na Síne sa nGinéiv. Tariffs will be reduced from over 100% said Bessent to 10%. Laghdófar taraifí ó bhreis is 100 faoin gcéad a dúirt Bessent go dtí 10 faoin gcéad . "There was a trade barrier on the roads because of the tariffs," the Minister said, "which is not from either side." "Bhí trádbhac ar na bacáin de bharr na dtaraifí" a dúirt an tAire "rud nach bhfuil ó cheachtar taobh. "We want to do business together." Tá muid ag iarraidh a bheith i mbun tráchtála le chéile." The talks in Geneva over the past 2 days were the first direct negotiations between senior government officials from the two superpowers since President Trump came to power again at the beginning of the year and imposed a raft of tariffs and fees globally, including very heavy penalties on Chinese goods. B'iad na cainteanna sa nGinéiv le 2 lá anuas an chéad idirbheartaíocht dhíreach idir lucht sínsearach Rialtais de chuid an 2 Ollchumhacht ó tháinig an tUachtarán Trump i réim arís ag tús na bliana agus ó thug sé faoi rois dleachtanna agus táillí go domhanda, pionóis an-trom ina measc ar earraí de chuid na Síne. Since January, the Trump regime has imposed a 145% increase in tariffs on imports of materials from China, in addition to the tariffs imposed by Donald Trump during his first term in the White House and by President Biden in the meantime. Ó mhí Eanáir tá 145 faoin gcéad de chostas sa mbreis curtha ag Réimeas Trump ar ealmhuiriú ábhair as an tSín, i dteannta na dtáillí a bhí gearrtha ag Donald Trump ina chéad thréimhse sa Teach Bán agus ag an Uachtarán Biden idir an dá linn. In response, China had blocked the sale of rare earth minerals to America - a vital raw material for US companies producing ammunition and electronics - and was imposing 125% tariffs on goods from America. Mar fhreagra le ráithe bhí an tSín tar éis bac a chur ar mhianraí tearc-chré a dhíol le Meiriceá - bunábhar riachtanach ag cuideachtaí sna Stáit Aontaithe a bhíonn ag táirgeadh armlóin agus earraí leictreonacha - agus bhí 125 faoin gcéad de tharaifí á ngearradh acu ar earraí anall as Meiriceá. Since the conflict began, $600 billion worth of trade between the two countries has been halted, supply chains have been damaged, people have been displaced and there has been widespread concern about inflation without economic growth. Ó thosaigh an t- achrann tá stad curtha ar luach $600 billiún tráchtála idir an 2 thír, dochar déanta do ghréasáin soláthair, daoine ligthe chun siúil agus imní go forleathan faoi bhoilsciú gan borradh geilleagair. Chinese Vice Premier He Lifeng said the talks were "candid, comprehensive and fruitful" and that "significant progress and important agreement" had been achieved. Dúirt LeasPhríomhaire na Síne He Lifeng go raibh na comhráití "neamhbhalbh, cuimsitheach agus fiúntach" agus gur baineadh amach "gabháil ...

    20250508_IRISH__leo_xiv:_meiriceanach,_aibhistineach,_misineir

    Play Episode Listen Later May 8, 2025 13:02


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dhy5os7 Contact: irishlingos@gmail.com Leo XIV: American, Augustinian, Missionary. Leo XIV: Meiriceánach, Aibhistíneach, Misinéir. Robert Francis Prevost is the next pope of the Catholic Church and will be known to the general public as Leo XIV. Robert Francis Prevost é an chéad phápa eile ar an Eaglais Chaitliceach agus mar Leo XIV a bheidh aithne ag an bpobal mór air. It was not expected that the successor to Princip would come from America, but his appointment is a strong indication that there will be a certain continuity between the work of Leo XIV and Princip. Ní raibh súil gur as Meiriceá a thiocfadh an comharba ar Phrionsias, ach nod láidir é a cheapúchán go mbeidh leanúnachas áirithe idir obair Leo XIV agus Prionsias. Robert Prevost, who was not appointed cardinal until 2023, is from Chicago, Illinois, and is one of the 80 men appointed cardinals by Pope Francis since 2013. As Chicago Illinois é Robert Prevost, nár ceapadh ina chairdinéal go dtí 2023, duine de na 80 fear a cheap Prionsias ina gcairdinéil ó 2013. Robert Prevost was born in 1955 in Chicago, Illinois, and entered the priesthood in the Augustinian order there, before graduating with a degree in mathematics from Villanova University in Philadelphia. I 1955 i Chicago Illinois a rugadh Robert Prevost, agus chuaigh sé isteach sna sagairt san ord Aibhistíneach ansin, sular bhain sé céim amach sa matamataic in Ollscoil Vilanova i Philadelphia. He also earned degrees in theology, one of which was a doctorate in Rome. Bhain sé céimeanna amach sa diagacht freisin, ceann acu sin ina dhochtúireacht sa Róimh. In 1985 he headed to Peru where he spent 14 years as a missionary in one of the poorest countries in the world. I 1985 thug sé aghaidh ar Pheiriú áit ar chaith sé 14 bhliana déag ina mhisinéir i gceann de thíortha bochta an domhain. It was brought back to America in 1999 where it was introduced to the Aussies there and around the world. Tugadh ar ais chuig Meiriceá e i 1999 áit a cuireadh é i mbun na nAibhistíneach ansíúd agus ar fud an domhain. But Francis sent him back to Peru in 2014, this time as bishop of Chiclayo in the north of that country, and it was there that Francis called him to Rome in 2023. Ach chuir Proinsias ar ais chuig Peiriú é i 2014, an uair seo ina easpag ar Chiclayo i dtuaisceart na tíre sin, agus is ann a bhí sé gur ghlaoigh Proinsias chun na Róimhe é i 2023. When Prevost was put in charge of the institution that advises the Pope on the appointment of a new bishop, it was clear that Princip wanted to give him power and status. Nuair a cuireadh Prevost i mbun an fhorais a chuireann comhairle ar an bPápa faoi easpag nua a cheapadh, ba léir go raibh Prionsias ag iarraidh cumhacht agus stadas a thabhairt dó. Not long after that, he became a cardinal, the highest rank in the church other than the pope himself. Níorbh fhada ina dhiaidh sin a rinneadh cairdinéal de, an chéim is airde san eaglais seachas an pápa féin. Francis was confident in his ability to communicate with the different factions in the church and his moderate stance on many controversial issues. Bhí muinín ag Proinsias as a chumas cumarsáide leis na heití éagsúla san eaglais agus an seasamh measartha a bhí aige as go leor ceisteanna conspóideacha. The direction that Prevost would follow was clear upon Francis' death. Bhí sé soiléir ar bhás Phroinsias an treo a leanfadh Prevost. He said that the work could not be stopped or turned back, saying that the same strong message was always there: proclaim Jesus Christ and proclaim the Gospel. Dúirt sé nach bhféadfaí an obair a stopadh ná casadh ar ais, á rá go raibh an teachtaireacht chéanna láidir ann i gcónaí: fógair Íosa Críost agus fógair an Soiscéal. But he also said that it needed to be told in a way that the youth, the poor and politicians could hear it in their own way.

    20250508_IRISH__tus_curtha_le_comhthionol_runda_chun_papa_a_thoghadh

    Play Episode Listen Later May 8, 2025 8:10


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26q4o68l Contact: irishlingos@gmail.com A secret assembly to elect a Pope has begun. Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh. 133 Cardinals of the Catholic Church from 70 countries around the world have begun the secret conclave in the Vatican this evening to elect a new Pope. Tá tús curtha ag 133 Cairdinéal as an Eaglais Chaitliceach ó 70 tír ar fud an domhain tráthnóna leis an gcomhthionól rúnda sa Vatacáin chun Pápa nua a thoghadh. The Cardinals attended Mass in St. Peter's Basilica this morning. D'fhreastail na Cairdinéil ar Aifreann i mBaisleac Pheadair ar maidin. In the evening, they gathered in the Sistine Chapel in the Vatican to begin the official process. Tráthnóna, bhailigh siad le chéile sa Séipéal Sistíneach sa Vatacáin chun tús a chur leis an bpróiseas oifigiúil. The 133 cardinals were sworn to secrecy before the church doors were closed. Cuireadh an 133 cairdinéal faoi mhionn rúndachta sular dunadh doirse an tséipéil. The cardinals will have no contact with anyone outside the congregation until a successor to Pope Francis, who died last month, has been chosen. Ní bheidh aon teagmháil ag na cairdinéil le duine ar bith taobh amuigh den gcomhthionól go dtí go mbeidh comharba ar an bPápa Prionsias a bhásaigh an mhí seo caite roghnaithe. A Pope has not been elected on the first day of the secret assembly for centuries. Níor toghadh Pápa ar an gcéad lá den chomhthionól rúnda leis na céadta bliain. It is estimated that the cardinals may continue voting for several days before one cardinal has received enough votes to be appointed the 267th Pope of the Catholic Church. Meastar go bhféadfadh sé go leanfaidh na cairdinéil i mbun vótála ar feadh roinnt laethanta sula mbeidh dóthain vótaí faighte ag cairdinéal amháin chun é a cheapadh ina 267 Pápa ar an Eaglais Chaitliceach. There will be one ballot today. Ballóid amháin a bheidh ann inniu. Starting today, Cardinals will be able to vote up to 4 times a day. Ón lá inniu ar aghaidh, beidh na Cairdinéil in ann vóta a chaitheamh suas le 4 bhabhta sa lá. According to rules implemented by Pope Paul VI in 1970, Cardinals must be under 80 years of age to be able to vote. De réir rialacha a chuir an Pápa Pól VI i bhfeidhm i 1970, caithfidh na Cairdinéil a bheith faoi 80 bliain d'aois chun a bheith in ann vóta a chaitheamh. A secret assembly has begun to elect a Pope A secret assembly has begun to elect a Pope Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh

    20250430_IRISH__comoradh_deanta_ag_trump_ar_a_chead_100_la_in_oifig

    Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 6:49


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2azdcv83 Contact: irishlingos@gmail.com Trump has celebrated his first 100 days in office. Comóradh déanta ag Trump ar a chéad 100 lá in oifig. United States President Donald Trump held a rally in Michigan yesterday to celebrate his first 100 days in office, in his second term as President. Bhí slógadh i Michigan ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump inné leis an chéad 100 lá atá caite in oifig aige, ina dhara téarma mar Uachtarán, a cheiliúradh. President Trump stood by what he says he has done so far and claimed that as a result, prices have decreased, that a lot of investment has been made in the economy and that America is respected again around the world. Sheas an tUachtarán Trump leis an méid a deir sé atá déanta aige go dtí seo agus mhaígh sé go bhfuil praghasanna laghdaithe dá bharr, go bhfuil infheistíocht mhór déanta sa gheilleagar agus go bhfuil meas ar Mheiriceá arís ar fud an domhain. President Trump said that his Administration has done better in its first 100 days in office than any other Administration in the history of the United States. Dúirt an tUachtarán Trump gur éirigh níos fearr lena Rialtas sa chéad 100 lá acu in oifig ná mar a d'éirigh le aon Rialtas eile riamh i stair na Stát Aontaithe. The President said that illegal immigration has been combated, that trade tariffs are being imposed on goods coming into America and that federal workers are being cut. Dúirt an tUachtarán go bhfuiltear tar éis dul i ngleic le hinimirce neamhdhleathach, go bhfuiltear ag gearradh táillí trádála ar earraí a thagann isteach go Meiriceá agus go bhfuiltear ag gearradh siar ar oibrithe feidearálacha. Meanwhile, US Secretary of State Marco Rubio has warned that the United States will withdraw from its role in mediation talks between Russia and Ukraine unless both countries implement practical plans to end the war. Idir an dá linn, tá foláireamh tugtha ag Státrúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, go dtarraingeoidh na Stáit Aontaithe siar as a ról sna cainteanna idirghabhála idir an Rúis agus an Úcráin, muna gcuireann an dá thír pleananna praiticiúla i bhfeidhm chun deireadh a chur leis an gcogadh. Donald Trump commemorates his first 100 days in office with rally in Michigan Comóradh déanta ag Donald Trump ar a chéad 100 lá in oifig le slógadh i Michigan

    20250427_IRISH__cruinniu_ag_uachtaran_mheiricea_le_huachtaran_zelensky_sa_roimh

    Play Episode Listen Later Apr 27, 2025 8:51


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2csee66f Contact: irishlingos@gmail.com Meeting of the American President with President Zelensky in Rome. Cruinniú ag Uachtarán Mheiriceá le hUachtarán Zelensky sa Róimh. US President Donald Trump had a 15-minute conversation with Ukrainian President Volodymyr Zelensky in Rome this morning. Bhí comhrá a mhair 15 nóiméad ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Róimh ar maidin. The meeting was held in St. Peter's Basilica before the funeral of Pope Francis. Tionóladh an cruinniú i mBaisleac Pheadair roimh shochraid an Phápa Proinsias. The White House said the two leaders had a ''very productive meeting''. Dúirt an Teach Bán go raibh ''cruinniú an-thairbheach'' ag an dá cheannaire. Ukrainian presidential spokesman Serhiy Nykyforov says arrangements are being made to hold further talks. Deir úrlabhraí uachtaránachta na hÚcráine Serhiy Nykyforov go bhfuil socruithe á ndéanamh chun tuilleadh cainteanna a reáchtáil. The President of Ukraine said that if the matters discussed today are achieved, it could be a historic meeting. Dúirt Uachtarán na hÚcráine má bhaintear na nithe a pléadh inniu amach go bhféadfadh sé tarlú gur cruinniú stairiúil a bhí ann. This was the first meeting between the Presidents since a heated meeting between the two leaders at the White House in Washington in February. Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag na hUachtaráin ó bhí cruinniú teasaí idir an dá cheannaire sa Teach Bán i Washington i Mí Feabhra. The American President left Rome on Air Force One after attending the Pope's funeral in Rome. D'fhág Uachtarán Mheiriceá an Róimh ar Air Force One i ndiaidh do freastal ar shochraid an Phápa sa Róimh. Following the meeting, President Trump criticized Russian President Vladimir Putin and said he is considering imposing further sanctions on Russia, something the Ukrainian President has repeatedly called for. I ndiaidh an chruinnithe, cháin an tUachtarán Trump, Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus dúirt sé go bhfuil sé i mbun macnaimh maidir le tuilleadh smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis, rud atá á lorg ag Uachtarán na hÚcráine arís agus arís eile. President Zelensky said that a complete ceasefire and how to achieve a peace that would last and prevent another war from starting were discussed. Dúirt an tUachtarán Zelensky gur pléadh sos comhairc iomlán agus conas síocháin a mhairfeadh agus a chuirfeadh stop le cogadh eile tosnú a bhaint amach. Meanwhile, Russian attacks on Ukraine continue. Idir an dá linn, leanann ionsaithe na Rúise ar an Úcráin. The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning The President of the United States and the President of Ukraine are speaking in Rome this morning Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin

    20250426_IRISH__150k_duine_ata_tar_eis_a_n-omos_a_leiriu_don_phapa_go_dti_seo

    Play Episode Listen Later Apr 26, 2025 11:46


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25bofwlj Contact: irishlingos@gmail.com 150k people have paid their respects to the Pope so far. 150k duine atá tar éis a n-ómós a léiriú don Phápa go dtí seo. The Vatican has said that 150,000 people have already come to pay their respects to Pope Francis, who is lying in state in St. Peter's Basilica in Vatican City for the third consecutive day. Tá sé ráite ag an Vatacáin go bhfuil 150,000 duine tar éis teacht cheana féin chun a n-ómós a thabhairt don Phápa Proinsias, atá ina luí faoi ghradam i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine don tríú lá as a chéile. People are waiting up to four hours in queues to pay their respects. Tá daoine ag fanacht suas le ceithre huaire i scuainí lena n-ómós a léiriú. Pope Francis passed away on Easter Monday. Cailleadh an Pápa Proinsias Luan na Cásca. He was 88 years old. Bhí sé 88 bliain d'aois. The President of Ireland, Michael D. Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, and his wife, Sabina in St. Peter's Basilica earlier. Higgins, agus a bhean chéile, Sabina i mBaisleac Pheadair níos túisce. With world leaders expected to attend the funeral tomorrow morning, Italy is preparing for a tight security measure. Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid maidin amárach, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil. President Michael D. Beidh an tUachtarán Michael D. Higgins and Taoiseach Micheál Martin are among the heads of state and government who will represent the countries of the world in Peter's Square. Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair. They will be joined by US President Trump, British Prime Minister Keir Starmer, President Emmanuel Macron and Ukrainian President Volodymur Zelenskyy. Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy. It was announced shortly afterwards that the First Minister of Northern Ireland, Michelle O'Neill, will be present at the funeral. Fógraíodh ar ball beag go mbeidh Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill, i láthair ag an tsochraid. Former US President Joe Biden will also be there. Beidh iarUachtarán Mheirceá, Joe Biden, ann freisin. In addition, hundreds of thousands of visitors are expected in Rome between now and Easter Sunday, when Pope Francis was last seen making a short circuit through St. Peter's Square. Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair. Less than 24 hours later he died of a stroke that had struck him during the night. Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche. He was recovering in the Vatican from a pneumonia infection that had put him in the hospital for 5 weeks. Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é. After the funeral, his body will be taken to his favorite church in Rome, the Basilica of Santa Maria Maggiore, and will be laid to rest under a simple slab with a single word engraved on it, Franciscus. Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus. In Ireland, a Solemn Mass was held this morning in St. Mary's Parish Church where prayers were held for the eternal rest of the Pope's soul. In Éirinn, bhí Aifreann Sollúnta ar siúl ar maidin i Leas-Eaglais Naomh Muire inar guíodh ar son suaimhneas síoraí d'anam an Phápa.

    20250423_IRISH__an_slan_deireanach_a_fhagail_leis_na_bpapa_ag_na_milte_sa_roimh

    Play Episode Listen Later Apr 23, 2025 14:14


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26c5khu5 Contact: irishlingos@gmail.com Thousands in Rome bid farewell to the Pope. An slán deireanach á fhágáil leis na bPápa ag na mílte sa Róimh. Thousands are gathering in the Vatican to bid Pope Francis a final farewell in St. Peter's Basilica, where his body will lie in state for the next three days. Tá na mílte ag bailiú sa Vatacáin leis an slán deireanach a fhágáil ag an bPápa Proinsias i mBaisleac Pheadair, mar a mbeidh a chorp ag luí faoi ghradam go ceann trí lá. A long line of mourners and visitors stretched across St. Peter's Square before the doors of the basilica opened at ten o'clock in the morning, to allow entry to the public. Shín líne fhada na sochraideach agus cuairteoiri trasna Chearnóg Pheadair sular oscail doirse na baislice ar a deich ar maidin, chun cead isteach a thabhairt don phobal. The wardens estimated that there were approximately 20,000 people in the queue at that time. Mheas na maoir go raibh tuairim is 20,000 duine sa scuaine an t-am sin. Pope Francis, the leader of 1.4 billion Catholics around the world and the man from Argentina who was known for his reform, died on Monday at the age of 88. Dé Luain a fuair an Pápa Prionsias bás in aois a 88 mbliana, ceannaire 1.4bn Caitliceach ar fud na cruinne, an fear as an Airgintín a raibh cáil an leasaithe air. According to his death certificate, his death was caused by a stroke and heart failure, a day after he participated in the Cascais ceremonies at the Vatican. De réir a theastais bháis, stróc agus teip croí a thug a bhás, lá tar éis dó páirt a ghlacadh i searmanais na Casca sa Vatacáin. He had spent five weeks in hospital since February due to pneumonia that had spread to both lungs. Bhí cúig seachtaine caite aige san ospidéal ó mhí Feabhra de bharr núimóine a bhí tolgtha aige sa dá scámhóg. Since Monday, the pope's body has been lying in state in the Casa Santa Marta church in the Vatican, the house where he has resided since becoming pope, unlike his predecessors who resided in the Papal Apartments in the Vatican. Ón Luan, bhí corp an phápa as cionn cláir i séipéal Casa Santa Marta sa Vatacáin, an teach inar chuir sé faoí ó rinneadh pápa de, ní hionann agus na fir a chuaigh roimhe a rinne cónaí i Seomraí an Phápa sa Vatacáin. But this morning, Francis' body was taken from there to St. Peter's Basilica, one of the most beautiful and ornate churches in the world, and it will lie there until the funeral Mass on Saturday morning. Ach ar maidin, tugadh corp Phroinsias as sin go dtí Baisleac Pheadair, ceann de na heaglaisí is galánta agus is ornáidí ar domhain, agus is ann a bheidh sé go dtí Aifreanna na sochraide maidin Dé Sathairn. A crowd of priests and cardinals escorted his coffin through St. Peter's Square, where applause broke out among the thousands awaiting him, a traditional sign of respect at funerals in Italy. Slua de shagairt agus de cháirdinéil a rinne tionlacan ar a chónra trí Chearnóg Pheadair, mar a bhris bualadh bos amach i measc na mílte a bhí ag fanacht air, comhartha traidisiúnta ómóis ag sochraidí san Iodáil. The bells of St. Peter's rang and the Basilica choir sang psalms and Latin prayers as the pope's body entered the church. Bhuail cloig Naomh Peadair agus bhí cantaireachta salm agus páidreacha Laidne ag cór na Baislice ar theacht chorp an phápa isteach san eaglais. He will lie in state in a simple coffin in front of the altar, and beneath a niche painted by Michelangelo himself until his funeral. Beidh sé ag luí faoi ghradam i gcónra simplí os comhair an altóra, agus faoi bhun chuinneacháin a phéinteáil Michaelangelo féin go dtína shochraid. Prince is dressed in the white robes of the pope and, as one would expect from a devout Catholic, the rosary is woven into his fingers. Tá Prionsias gléasta in éide bhán an phápa agus, mar a bhéifí agus súil leis ó Chaitliceach cráifeach,

    20250421_IRISH__sony_le_100_post_nua_a_chruthu_i_mbaile_atha_cliath

    Play Episode Listen Later Apr 21, 2025 5:45


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25bhudvk Contact: irishlingos@gmail.com Sony to create 100 new jobs in Dublin. Sony le 100 post nua a chruthú i mBaile Átha Cliath. Sony Interactive Entertainment (SIE), the company that makes PlayStation, is to create 100 new jobs in Dublin. Tá Sony Interactive Entertainment (SIE), an comhlacht a dhéanann PlayStation, le 100 post nua a chur ar fáil i mBaile Átha Cliath. Software engineers and data scientists are to be recruited, who will be conducting research and development, it was said, with the aim of improving the company's digital operations and customer services. Innealtóirí bog-earraí agus eolaithe sonraí atá le hearcú, ar taighde agus forbairt a bheas ar bun acu, a dúradh, le súil barr feabhais a chur ar oibríochtaí digiteachta an chomhlachta agus ar sheirbhísí do chustaiméirí. The Industrial Development Agency (IDA Ireland) is supporting the investment. Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (GFT Éireann) ag tacú leis an infheistíocht. IDA chief executive Michael Lohan said the news was yet another testament to Ireland's reputation as a hub for innovation and technology, not to mention the good reputation of the country's workers around the world. Dúirt príomhfheidhmeannach GFT Michael Lohan gur solaoid eile fós an scéala ar an dea-cháil atá ar Éirinn mar mhol nuálaíochta agus teicneolaíochta, gan trácht ar an dea-chlú atá ar oibrithe na tíre ar fud an domhain. However, it appears that SIE's business has changed significantly for the better recently, as it has only been a year since the company laid off 900 workers in various countries. Ar a shon sin, taibhsíonn sé go bhfuil athrú suntasach chun feabhais tagtha ar ghnóthaí SIE le gairid, arae níl ann ach bliain ó scaoil an comhlacht 900 oibrí chun siúil i dtíortha éagsúla. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250420_IRISH__ratai_uis_islithe_aris_ag_an_mbanc_ceannais_eorpach

    Play Episode Listen Later Apr 20, 2025 9:31


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ywocqez Contact: irishlingos@gmail.com Interest rates lowered again by the European Central Bank. Rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach. The European Central Bank has lowered interest rates again, for the second time this year and the seventh time in a year. Tá rátaí úis íslithe arís ag an mBanc Ceannais Eorpach, an dara huair i mbliana agus an seachtú huair le bliain. This is another reduction of 0.25%, which means that the main interest rate is now 2.25%. Ísliú eile de 0.25 faoin gcéad atá i gceist agus fágann sin gur 2.25 faoin gcéad atá sa phríomhráta úis anois. There is good news for the approximately 180,000 homeowners in this country who have a tracker mortgage as the reduction will take effect almost immediately on the amount they are repaying. Dea-scéala atá ann do thart ar 180,000 úinéir tí sa tír seo a bhfuil morgáiste rianúcháin acu mar go rachaidh an t-ísliú i bhfeidhm nach mór láithreach ar an méid atá siad a íoc ar ais. Homeowners with a variable interest rate will save €13 per month for every €100,000 they borrow. Úinéirí tí a bhfuil ráta úis inathraithe acu, sábhálfaidh siadsan €13 sa mhí as gach €100,000 atá ar iasacht acu. For example, in the case of a mortgage of €500,000, there will be a reduction of €65 per month or €780 per year in the amount they have to repay. I gcás morgáiste de €500,000, mar shampla, beidh ísliú de €65 sa mhí nó €780 sa bhliain sa mhéid atá le híoc ar ais acu. People with a fixed interest rate, however, will not have any change in the amount they have to pay back. Daoine a bhfuil ráta úis seasta acu, áfach, ní bheidh aon athrú ar an méid atá le híoc ar ais acusan. It is understood that the European Central Bank previously wanted to lower the key interest rate to 2% by the end of 2025, as long as the inflation rate fell at the same time. Tuigtear gur theastaigh ón mBanc Ceannais Eorpach roimhe seo an príomhráta úis a ísliú go dtí 2 faoin gcéad faoi dheireadh 2025, a fhad is a thitfeadh ráta an bhoilscithe ag an am céanna. A cog in the wheel, however, is the economic policies of United States President Donald Trump since he came to power at the beginning of the year, particularly the tariffs he has imposed on goods from other countries. Eang sa roth, ámh, is ea polasaithe eacnamaíochta Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ó tháinig sé i gcumhacht i dtús na bliana, go háirithe na taraifí atá sé a ghearradh ar earraí ó thíortha eile. In light of this new twist in the story, it is thought that the European Union's financial policymakers will be more cautious in the future, for fear that what they are trying to achieve will be cut down to a mere stump. I bhfianaise an choir nua sin sa scéal, ceaptar go mbeidh lucht polasaí airgeadais an Aontais Eorpaigh níos dúnárasaí feasta ar fhaitíos go gciorrófaí a bhfuil siad ag iarraidh a thabhairt i gcrann gan é ach ina bhuinneán. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250416_IRISH__plean_ur_cuig_bliana_foilsithe_ag_foras_na_gaeilge

    Play Episode Listen Later Apr 16, 2025 20:50


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2aozyceg Contact: irishlingos@gmail.com A new five-year plan has been published by Foras na Gaeilge. Plean úr cúig bliana foilsithe ag Foras na Gaeilge. Foras na Gaeilge, the cross-border statutory organisation responsible for a wide range of Irish language services across Ireland, has published a new five- year plan. Tá plean úr cúig bliana foilsithe ag Foras na Gaeilge, an eagraíocht reachtúil trasteorann atá freagrach as réimse leathan seirbhísí Gaeilge ar fud na hÉireann. Foras na Gaeilge says that the organisation's Strategic Direction 2025-2030 has been compiled "as a result of a consultation on public opinion ... Deir Foras na Gaeilge go bhfuil Treo Straitéiseach 2025-2030 na heagraíochta curtha i dtoll a chéile "mar thoradh ar chomhairliúchán ar thuairimí an phobail ... "with the aim of identifying the organisation's work priorities for the coming years at a high strategic level". agus é mar aidhm aige tosaíochtaí oibre na heagraíochta do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach". To achieve this ambition, the document states, "appropriate provision of resources, both budget and staff, is necessary, and greater awareness is needed among the public regarding the vision and mission of the organisation". Leis an uaillmhian sin a bhaint amach, a deirtear sa cháipéis, is gá "soláthar cuí acmhainní a bheith ar fáil, idir bhuiséad agus fhoireann, agus teastaíonn tuilleadh feasachta i measc an phobail maidir le fís agus misean na heagraíochta". However, Chair of Foras na Gaeilge, Professor Regina Ó Chollatáin, said that the organisation's income had fallen by 45% since 2008 "even though the demand for our support has been increasing over time and we are unable to meet it". Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, áfach, go raibh titim de 45 faoin gcéad in ioncam na heagraíochta ó 2008 "cé go bhfuil an t-éileamh ar ár dtacaíocht ag méadú i gcaitheamh an ama agus ní féidir linn freastal air". She indicated that "we will work at the highest level with both Governments to agree a long-term sustainable funding plan to enable the major objectives of this Strategic Direction to be achieved". Thug sí le fios "go n-oibreoimid ag an leibhéal is airde leis an dá Rialtas chun plean fadtéarmach inbhuanaithe maoinithe a aontú chun gur féidir mórchuspóirí an Treo Straitéisigh seo a bhaint amach". It is a great help to that, she said, that the organization has a full board for the first time in years. Is mór an cúnamh chuige sin, arsa sí, bord iomlán a bheith ag an eagraíocht den chéaduair le blianta. Four major objectives are set out in the Strategic Direction: "Capability: Through pre-school, Irish-medium education, English-medium schools, higher education and adult learners, we will support the learner's journey from start to finish. Ceithre mhórchuspóir a leagtar amach sa Treo Straitéiseach: "Cumas: Tríd an réamhscolaíocht, Gaeloideachas, scoileanna Bhéarla, ollscolaíocht agus foghlaimeoirí fásta, tacóimid le haistear an fhoghlaimeora ó thús deiridh. The establishment of nurseries, the Gaelbhratach project and a Policy for Irish-medium Education will be among our priorities to support learners. Beidh bunú naíolann, tionscadal Gaelbhratach agus Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge i measc ár dtosaíochtaí le tacú le foghlaimeoirí. The southern target of 20% of civil service recruits speaking Irish will be supported by enabling students to be proficient in Irish in their working lives. Tacófar leis an sprioc ó dheas go mbeidh Gaeilge ag 20 faoin gcéad d'earcaigh na státseirbhíse trí mhic léinn a chumasú le bheith inniúil sa Ghaeilge ina saol oibre. Foras na Gaeilge has made a major investment in lexicography and terminology over the past 25 years. Tá infheistíocht mhór déanta ag Foras na Gaeilge i gcúrsaí foclóireachta agus téarmaíochta le 25 bliain...

    20250416_IRISH__an_lion_tairgi_cogaisiochta_a_easportaltar_as_eirinn_ag_meadu

    Play Episode Listen Later Apr 16, 2025 9:36


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26r9gjxz Contact: irishlingos@gmail.com The number of pharmaceutical products exported from Ireland is increasing. An líon táirgí cógaisíochta a easpórtáltar as Éirinn ag méadú. The value of pharmaceutical products exported from this country in February this year was €15.6 billion, compared with €9.2 billion in February last year, according to preliminary figures from the Central Statistics Office. Luach €15.6 billiún a bhí sna táirgí cógaisíochta a heaspórtáladh as an tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €9.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, de réir réamhfhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh. This was an increase of 145.7% over the year and a share of 63.2% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025. B'in méadú de 145.7 faoin gcéad in imeacht bliana agus sciar 63.2 faoin gcéad den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025. It is also a testament to the importance of the pharmaceutical sector in Ireland and the harm that tariffs would cause to that sector and the economy as a whole. Is solaoid é freisin ar thábhacht na hearnála cógaisíochta in Éirinn agus ar an dochar a dhéanfadh taraifí don earnáil sin agus don gheilleagar trí chéile. The preliminary figures also show that the value of goods purchased by the United States from this country in February this year was €12.9 billion, compared to €4.2 billion in February last year, an increase of 210.5% over the course of a year. Léiríonn na réamhfhigiúirí chomh maith go raibh luach €12.9 billiún sna hearraí a cheannaigh na Stáit Aontaithe ón tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €4.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, ar méadú de 210.5 faoin gcéad é sin in imeacht bliana. It accounted for 52.5% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025, compared to 26.1% in the same month last year. Ba sciar 52.5 faoin gcéad é den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025, le hais 26.1 faoin gcéad sa mhí chéanna anuraidh. Economists have often said, however, that we in Ireland are overly reliant on corporate tax from multinational companies such as pharmaceutical companies. Is minic é ráite ag eacnamaithe, áfach, go bhfuilimidne in Éirinn ag brath an iomarca ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta fearacht na gcomhlachtaí cógaisíochta. They say that there is always a risk that the Exchequer will be unexpectedly undermined because of this unequal dependence. Deir siad go bhfuil an baol ann i gcónaí go mbainfear an bonn den Státchiste gan choinne mar gheall ar an spleáchas éagothrom sin. With Trump's tariffs looming, there are now concerns that the prophecy will come true. Agus taraifí Trump os ár gcionn, táthar imníoch anois go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250415_IRISH__an_lion_tairgi_cogaisiochta_a_easportaltar_as_eirinn_ag_meadu

    Play Episode Listen Later Apr 15, 2025 9:36


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xrcctvg Contact: irishlingos@gmail.com The number of pharmaceutical products exported from Ireland is increasing. An líon táirgí cógaisíochta a easpórtáltar as Éirinn ag méadú. The value of pharmaceutical products exported from this country in February this year was €15.6 billion, compared with €9.2 billion in February last year, according to preliminary figures from the Central Statistics Office. Luach €15.6 billiún a bhí sna táirgí cógaisíochta a heaspórtáladh as an tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €9.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, de réir réamhfhigiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh. This was an increase of 145.7% over the year and a share of 63.2% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025. B'in méadú de 145.7 faoin gcéad in imeacht bliana agus sciar 63.2 faoin gcéad den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025. It is also a testament to the importance of the pharmaceutical sector in Ireland and the harm that tariffs would cause to that sector and the economy as a whole. Is solaoid é freisin ar thábhacht na hearnála cógaisíochta in Éirinn agus ar an dochar a dhéanfadh taraifí don earnáil sin agus don gheilleagar trí chéile. The preliminary figures also show that the value of goods purchased by the United States from this country in February this year was €12.9 billion, compared to €4.2 billion in February last year, an increase of 210.5% over the course of a year. Léiríonn na réamhfhigiúirí chomh maith go raibh luach €12.9 billiún sna hearraí a cheannaigh na Stáit Aontaithe ón tír seo i mí Feabhra i mbliana, i gcomórtas le €4.2 billiún i mí Feabhra anuraidh, ar méadú de 210.5 faoin gcéad é sin in imeacht bliana. It accounted for 52.5% of the total number of goods exported from Ireland in February 2025, compared to 26.1% in the same month last year. Ba sciar 52.5 faoin gcéad é den líon iomlán earraí a heaspórtáladh as Éirinn i mí Feabhra 2025, le hais 26.1 faoin gcéad sa mhí chéanna anuraidh. Economists have often said, however, that we in Ireland are overly reliant on corporate tax from multinational companies such as pharmaceutical companies. Is minic é ráite ag eacnamaithe, áfach, go bhfuilimidne in Éirinn ag brath an iomarca ar cháin chorparáideach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta fearacht na gcomhlachtaí cógaisíochta. They say that there is always a risk that the Exchequer will be unexpectedly undermined because of this unequal dependence. Deir siad go bhfuil an baol ann i gcónaí go mbainfear an bonn den Státchiste gan choinne mar gheall ar an spleáchas éagothrom sin. With Trump's tariffs looming, there are now concerns that the prophecy will come true. Agus taraifí Trump os ár gcionn, táthar imníoch anois go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250413_IRISH__an_tsin_le_taraifi_de_125%_a_ghearradh_ar_earrai_o_mheiricea

    Play Episode Listen Later Apr 13, 2025 10:05


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25ut5yg9 Contact: irishlingos@gmail.com China to impose 125% tariffs on American goods. An tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó Mheiriceá. China is to impose tariffs of 125% on goods from the United States from tomorrow instead of the 84% previously announced. Tá an tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe ó amárach seachas an 84 faoin gcéad a fógraíodh cheana. The Chinese have raised the tariffs after US President Donald Trump raised tariffs on goods from China to up to 145%. Tá na taraifí ardaithe ag na Sínigh tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí ar earraí ón tSín a ardú go dtí suas le 145 faoin gcéad . While Trump is lashing out at everyone, his focus is particularly on China at the moment. Cé gur ag diúracadh an cháich sa tor atá Trump is sa tSín go háirithe atá a gha i láthair na huaire. In this regard, and in accordance with the well-established art of war, China is seeking to ally itself with those other countries that Trump is imposing tariffs on, including member states of the European Union. Ina dhíol sin, agus de réir ealaín sheanbhunaithe an chogaidh, tá an tSín ag féachaint le comhghuaillíocht a dhéanamh leis na tíortha eile sin a bhfuil Trump ag taraifthromaíocht orthu, lena n-áirítear ballstáit an Aontais Eorpaigh. Chinese President Xi Jinping met with Spanish Prime Minister Pedro Sánchez in Beijing today to discuss the major transformation of the global economic order. Bhí cruinniú ag Uachtarán na Síne Xi Jinping le Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez i mBéising inniu leis an gclaochló mór ar eagar eacnamaíochta an domhain a chíoradh. Xi reportedly called on the Spaniard, and by extension the rest of the European Union, to join hands with China and stand firm against Trump's "unilateral bullying." Tuairiscítear gur iarr Xi ar fhear na Spáinne, agus dá réir sin ar an gcuid eile den Aontas Eorpach, dul i gcomhar leis an tSín agus an fód a sheasamh in aghaidh "mhaistíneacht aontaobhach" Trump. At a press conference after the meeting, Sánchez said that the international trade conflict should not be allowed to affect relations between the European Union and China. Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Sánchez nár cheart ligean don choimhlint trádála idirnáisiúnta cur isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín. He indeed suggested that the Union intended to expand that relationship and sell much more goods to China in the future. Thug sé le tuiscint go deimhin go raibh faoin Aontas cur leis an gcaidreamh sin agus i bhfad níos mó earraí a dhíol leis an tSín san am le teacht. Without stopping China and the European Union, Trump's 'I ask for a reason' doesn't seem to be slowing down and he announced last night that he would impose tariffs and sanctions on Mexico if that country did not provide flood water from the Rio Grande to the state of Texas. Gan an tSín agus an tAontas Eorpach a bhac, is cosúil nach bhfuil 'Iarraim cúis' Trump ag maolú pioc agus d'fhogair sé go taghdach aréir go ngearrfadh sé taraifí agus smachtbhannaí ar Mheicsiceo mura gcuirfeadh an tír sin tuiileadh uisce ón Rio Grande ar fáil do stát Texas. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250410_IRISH__borradh_faoi_stocmhargai_de_bharr_athintinn_trump

    Play Episode Listen Later Apr 10, 2025 9:49


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bcqpbhp Contact: irishlingos@gmail.com Stock markets surge due to Trump's change of heart. Borradh faoi stocmhargaí de bharr athintinn Trump. Stock markets around the world – except in China – saw a significant surge after US President Donald Trump suspended punitive tariffs he was set to impose on various countries for the next 90 days. Tháinig borradh suntasach faoi stocmhargaí ar fud an domhain – seachas sa tSín – tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump na taraifí pionósacha a bhí le gearradh aige ar thíortha éagsúla a chur ar fionraí go ceann 90 lá. The sudden sale of US Treasury bonds – and the resulting increase in borrowing costs – appears to have prompted Trump's reconsideration. Bannaí Státchiste Mheiriceá a bheith á ndíol as éadan – agus an t-ardú a thiocfadh ar chostas iasachtaí dá dheasca sin – ba shiocair le hathchomhairle Trump, is cosúil. If Trump got a bad rap yesterday, his courage has not completely failed and he is sticking to the 10% tariffs he is imposing on certain goods. Má fuair Trump dual na droinne de inné, níor theip ar a mhisneach ar fad agus tá sé ag cloí leis na taraifí de 10 faoin gcéad atá á ngearradh aige ar earraí áirithe. In addition, he has vowed to impose "beautiful" tariffs on pharmaceutical products in due course, he said in his usual barefoot speech. Chomh maith leis sin, tá sé mionnaithe taraifí "álainne" a ghearradh ar tháirgí cógaisíochta i gceann na haimsire, a dúirt sé sa chaint chosnochta ar sraith is dual dó. China is a special case and Trump is imposing a 125% tariff on that country. Cás faoi leith atá sa tSín agus is barr binne taraífí de 125 faoin gcéad atá á ngearradh ag Trump ar an tír sin. As a blow to the blow, China has imposed tariffs of 84% on the United States. Mar bhuille ar an mbuille, tá taraifí de 84 faoin gcéad gearrtha ag an tSín ar na Stáit Aontaithe. It seems that the rest of the world is set to hunt the prey and prevent the pursuit of Trump's volatility until who knows when. Dealraíonn sé go bhfuil sé de bheith ag an gcuid eile den domhan an chreach a sheilg agus an tóir a chosc i dtaca le luaineacht Trump go ceann cá bhfios cén uair. Ireland's Minister for Foreign Affairs and Trade, Tánaiste Simon Harris, seems to believe that this volatility should be seized upon in the hope of finally convincing Trump that his ultimate goal was to impose tariffs on the continent. Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, an Tánaiste Simon Harris, is cosúil go bhfuil sé den bharúil gur cheart an luaineacht sin a thapú le súil cur i bhfáth ar Trump ar deireadh go mba é a bhuaic taraifí a chaitheamh i dtraipisí. Simon Harris discussed the issue with US Commerce Secretary Howard Lutnick in Washington yesterday and said after the meeting that further discussions were needed. Phléigh Simon Harris an cheist le Rúnaí Tráchtála Mheiriceá Howard Lutnick in Washington inné agus dúirt sé i ndiaidh an chruinnithe gur theastaigh tuilleadh comhráite. RTÉ News and Current Affairs Japan stock market rises after Trump backs down on punitive tariffs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ardú ar stocmhargadh na Seapáine tar éis do Trump dul siar ar tharaifí pionósacha

    20250409_IRISH__leirscrios_deanta_ag_loscadh_sleibhe_i_ndun_na_ngall

    Play Episode Listen Later Apr 9, 2025 8:39


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25cj2zhm Contact: irishlingos@gmail.com Devastation caused by a mountain fire in Donegal. Léirscrios déanta ag loscadh sléibhe i nDún na nGall. The Director of Emergency Services for Donegal County Council says that a mountain fire in Knock Colva and An Bearnas Mór has destroyed habitat, nature and land. Tá scrios déanta ar ghnáthóg, dúlra agus talamh ag loscadh sléibhe i gCnoc Colbha agus an Bearnas Mór a deir Stiúrthóir Seirbhíse Éigeandála Chomhairle Chontae Dhún na nGall. But Garry Martin says "we were lucky the wind was so light, soft" and both fires have been extinguished. Ach deir Garry Martin "go raibh an t-ádh orainn go raibh an ghaoth chomh lag, bog" agus tá an dá mhórthine múchta. However, "hundreds of acres of mountain have been burned back to the point where it was as good as said" but he said he did not yet have "an accurate figure". Mar sin féin tá "na céadta acra sléibhe dóite siar go dtí an dúid bhí sé chomh maith a rá" ach dúirt sé nach raibh "figiúir cruinn" aige fós. The Service has not yet received any reports of livestock or property being destroyed "but there are a lot of sheep up in the hills". Níl aon tuairisc faighte fós ag an tSeirbhís faoi stoc ná maoin a bheith scriosta "ach tá caoirigh go leor thuas sna cnoic". Donegal Fire Service sent out 5 fire units and an ambulance to tackle the arson in Bearnas Mór when they received news at around 5.30 yesterday evening that the area was on fire behind a number of houses. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall amach 5 aonad dóiteáin agus ingearán le ghabháil i ngleic leis an loscadh sa mBearnas Mór nuair a fuair siad scéala thart ar 5.30 tráthnóna inné go raibh an áit tré lasadh taobh thiar de roinnt tithe. There were crews on duty there during the night and concerns about structures on the Ard an Amhairc. Bhí criúnna ar dulgas ann i rith na hoíche agus imní faoi struchtúir ar Ard an Amhairc. The County Council had also recruited a helicopter from Executive Helicopters who were able to drop 1,200 litres of water onto the fire from a special bucket, from 8am onwards. Bhí ingearán earcaithe freisin ag an gComhairle Chontae ó Executive Helicopters a bhí in ann 1,200 lítear san iarraidh a scaoileadh anuas ar an tine as ollbhuicéad speisialta, ón 8 a chlog ar aghaidh. Two fire brigades and a crane were called to tackle the other fires, in Knock Colva near Carrowkeel in north Donegal. Cuireadh fios ar dhá bhriogáid dóiteáin agus ingearán le ghabháil i ndréim leis na tinte eile, i gCnoc Colbha in aice leis an gCeathrú Chaol i dtuaisceart Dhún na nGall. Garry Martin strongly warned people not to have barbecues outdoors and not to allow any chance of ignition for mountain fires. Chuir Garry Martin fainic láidir ar dhaoine gan beárbaiciú a bheith amuigh faoin tír acu agus gan aon deis adhainte a thabhairt do loscadh sléibhe.

    20250405_IRISH__run_ag_iosrael_tuilleadh_talaimh_a_ghabhail_in_gaza

    Play Episode Listen Later Apr 5, 2025 8:21


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2aydqonu Contact: irishlingos@gmail.com Israel intends to seize more land in Gaza. Rún ag Iosrael tuilleadh talaimh a ghabháil in Gaza. The Israelis are determined to consolidate their grip on Gaza and seize even more land in the Palestinian territory. Tá na hIosraelaigh leis an ngreim atá acu ar Gaza a dhaingniú agus seilbh a ghabháil ar a thuilleadh talaimh fós sa limistéar Palaistíneach. That land will be added to the "security zones" already occupied by the Israelis in Gaza, the country's defense minister Israel Katz announced. Cuirfear an talamh úd leis na "ceantair shlándála" atá ina seilbh atá ag na hIosraelaigh in Gaza cheana, a d'fhógair aire cosanta na tíre Israel Katz. Israel Katz did not say how much land is involved but indicated that the population would be expelled from those areas to be made available to the soldiers. Ní dúirt Israel Katz cé mhéad talaimh atá i gceist ach thug le fios go ndíbreofaí an pobal as na ceantair sin lena bhfáil faoi réir do na saighdiúirí. The Israelis already control a wide east-west corridor in central Gaza, with the enclave roughly in half. Tá conair leathan soir- siar i lár Gaza faoina smacht ag na hIosraelaigh cheana agus an iamhchríoch dluite ina leath acu. The Israelis have also said they intend to "help" Palestinians who wish to leave Gaza "of their own accord". Tá sé ráite ag na hIosraelaigh freisin go bhfuil rún acu "cuidiú le" Palaistínigh a bhfuil fonn orthu Gaza a fhágáil "dá ndeoin féin". Palestinians believe this "assistance" is another sign of the Israelis' long- term intention to drive them out of their homes and completely occupy Gaza. Creideann Palaistínigh gur comhartha eile an "cuidiú" sin ar rún fadaimseartha na nIosraelach iad a chur as a mbailte agus forghabháil iomlán a dhéanamh ar Gaza. The Israelis have been continuing the massacre they have been committing in Gaza for two and a half years. Tá na hIosraelaigh ag leanúint den ollmharú atá siad a dhéanamh in Gaza le dhá bhliain go leith. Gaza's civil defense says at least fifteen people, including children, were killed when the Israeli air force bombed refugee camps in Khan Yunis in the south and Nuseirat in the center of the enclave. Deir cosaint shibhialta Gaza gur maraíodh cúig dhuine dhéag ar a laghad, leanaí ina measc, nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael campaí teifeach in Khan Yunis sa deisceart agus in Nuseirat i lár na hiamhchríche. It is also reported that nine children were among the sixteen people killed in an airstrike on a United Nations clinic in Jabalia in northern Gaza. Tuairiscítear freisin go raibh naonúr leanbh i measc na sé dhuine dhéag a maraíodh in aerionsaí a rinneadh ar chlinic leis na Náisiúin Aontaithe in Jabalia i dtuaisceart Gaza. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250404_IRISH__iarbhainisteoir_peile_chiarrai_mick_o’dwyer_tar_eis_bhais

    Play Episode Listen Later Apr 4, 2025 10:31


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26a6ezva Contact: irishlingos@gmail.com Former Kerry football manager Mick O Iarbhainisteoir peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis. Former Kerry football team manager Mick O'Dwyer has died at the age of forty- eight. Tá iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis in aois a ocht mbliana agus ceithre scór. 'Micko' was one of Ireland's greatest sporting figures and won many medals, championships, trophies and awards as a player and manager throughout his life. Duine de mhórphearsana spóirt na hÉireann ab ea 'Micko' agus is iomaí bonn, craobh, corn agus gradam nach iad a bhuaigh sé mar imreoir agus mar bhainisteoir i gcaitheamh a shaoil. He won four All-Ireland championships as a player and eight championships as a pioneering manager of that famous elite team that Kerry had in the seventies and eighties. Ceithre chraobh Uile- Éireann a bhuaigh sé mar imreoir agus ocht gcraobh mar bhainisteoir ceannródaíoch ar an scothfhoireann cháiliúil úd a bhí ag Ciarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí. The Kerry team at that time, led by the Waterford man, were often in footy duels with the great Dublin team led by Kevin Heffernan, games that are deeply engraved and carved in stone for the Gaelic Athletic Association. Ba mhinic na Ciarraígh an uair úd, faoi stiúir fhear an Choireáin, i ndeabhaidh chosbháire le sárfhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Kevin Heffernan ina ceannas, cluichí atá greanta go domhain agus go snoite i gcloch oiris Chumann Lúthchleas Gael. Not counting the All-Ireland Championship, Mick O'Dwyer won the Munster Championship 23 times and the National League eleven times as both a player and manager. Gan Craobh na hÉireann a bhac, bhuaigh Mick O'Dwyer Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir araon. Although he was a staunch Kerryman, his talent was sought after in other counties as well and he was lured by teams that were not performing well – namely, Kildare, Laois, Wicklow and Clare – in the hope that he would turn the malt into ale, even though he was a man who had always abstained from intoxicating drink. Cé gur Ciarraíoch dílis go smior a bhí ann, bhí tóir ar a ardchumas i gcontaetha eile leis agus mealladh é ag foirne nach raibh ag cruthú go maith – mar atá, Cill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus an Clár – le súil go ndéanfadh sé leann den bhraich, siúd is go mb'fhear é a staon riamh ón deoch mheisciúil. In fact, Kildare won the Leinster Championship in 1998 and 2000 under the guidance of Mick O'Dwyer and that team reached the All-Ireland final in 1998, when they were beaten by Galway by four goals. Go deimhin, bhain Cill Dara Craobh Laighean i 1998 agus in 2000 faoi lámh stiúrtha Mick O'Dwyer agus chuaigh an fhoireann sin chomh fada le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, tráth a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu le ceithre chúilín. Mick O'Dwyer made his living as an innkeeper and undertaker in Waterville. Is mar óstóir agus adhlacóir sa Choireán a shaothraigh Mick O'Dwyer a bheatha. His first wife Mary Carmel died in 2012 and he married Geraldine Shields in 2023. Bhásaigh a chéad bhean chéile Mary Carmel in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023. He is survived by his sons John, Robbie and Karl. Maireann a chlann mhac John, Robbie agus Karl. He was predeceased by another son, Michael. Bhásaigh roimhe mac eile, Michael. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250403_IRISH__taraifi_tradala:_tiortha_ar_tinneall_roimh_fhogra_trump

    Play Episode Listen Later Apr 3, 2025 10:12


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xjredca Contact: irishlingos@gmail.com Trade tariffs: countries on edge ahead of Trump's announcement. Taraifí trádála: tíortha ar tinneall roimh fhógra Trump. The tariffs that the United States Government plans to impose on goods from various countries around the world will be revealed later today. Nochtfar níos deireanaí inniu na taraifí atá beartaithe ag Rialtas na Stát Aontaithe a ghearradh ar earraí ó thíortha éagsúla ar fud an domhain. US President Donald Trump will provide more information about the tariffs at a press conference at the White House in Washington tonight. Tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tuilleadh eolais faoi na taraifí ag preasócáid sa Teach Bán in Washington anocht. Trump met with trade officials last night to finalize the details of the tariffs that will take effect tomorrow. Bhi cruinniú ag Trump le hoifigigh trádála aréir le bailchríoch a chur ar mhionsonraí na dtaraifí a dtiocfaidh feidhm leo ó amárach. Trump says other countries are "stealing" the United States on trade and has claimed that the tariffs are ushering in a "golden age" for American manufacturers and the country's economy as a whole. Dar le Trump go bhfuil tíortha eile "ag sailleadh" na Stát Aonaithe ó thaobh cúrsaí trádála de agus tá maíte aige go bhfuil "ré órga" i ndán do dhéantúsóirí Meiriceánacha agus do gheilleagar na tíre trí chéile de thoradh na dtaraifí. On the contrary, others believe that it will be expensive for the American public and that prices will rise dramatically in that country. Os a choinne sin, creideann daoine eile go mbeidh daor ar phobal Mheiriceá agus go n-ardóidh praghsanna as éadan sa tír sin. There is also a risk, say the same people, that a global economic recession will be another of the results of the new era. Tá baol ann freisin, a deir na daoine céanna, go mbeidh cúlú eacnamaíochta domhanda ar cheann eile de thorthaí na ré nua. The countries most targeted by the tariffs are still trying – as late as this – to convince the Americans that every country in the world will lose out on what they are planning. Na tíortha is mó a bhfuil na taraifí dírithe orthu, tá siad fós ag iarraidh – chomh déanach seo – cur ina luí ar na Meiriceánaigh gur gach tír ar domhan a bheas caillteach lena bhfuil beartaithe acu. Trump has already indicated, however, that he has no interest in that. Tá sé tugtha le fios cheana ag Trump, áfach, nár mhairg ar bith aige é sin. However, a US government spokesman indicated that Trump would be willing to make a deal with other countries at the last minute. Ar a shon sin, thug urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá le fios go mbeadh Trump sásta margadh a dhéanamh le tíortha eile ag an nóiméad deireanach. There is a lot of speculation in Ireland about what Trump has in mind, especially regarding the pharmaceutical sector. Táthar i ngad an bhuigiúin in Éirinn faoina bhfuil ar aigne ag Trump, go háirithe i dtaobh na hearnála cógaisíochta. As a member state of the European Union, however, Ireland is in a different place and all policies are common policies. Mar bhallstát den Aontas Eorpach, áfach, tá Éire i ngad eile agus gach beartas ina chomhbheartas. After all, strength lies in coming together, according to European Commission President Ursula von der Leyen. Ina dhiaidh sin, is sa chur le chéile atá an neart, dar le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250326_IRISH__dhareag_gafa_in_eirinn_agus_sa_spainn_faoi_choireacht_eagraithe

    Play Episode Listen Later Mar 26, 2025 5:39


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bu895q6 Contact: irishlingos@gmail.com Twelve arrested in Ireland and Spain for organised crime. Dháréag gafa in Éirinn agus sa Spáinn faoi choireacht eagraithe. Twelve people have been arrested by the Gardaí in this country and by police in Spain as part of a coordinated investigation by Europol into international organised crime, particularly drug trafficking. Tá dháréag gafa ag na Gardaí sa tír seo agus ag póilíní sa Spáinn mar chuid d'fhiosrúchan comhordaithe atá ar bun ag Europol faoi choireacht eagraithe idirnáisúnta, go háirithe gáinneáil ar dhrugaí. Six were arrested in Ireland and six in Spain. Gabhadh seisear in Éirinn agus seisear sa Spáinn. The investigation concerns the trafficking of cocaine and heroin between the two countries in trucks. Baineann an fiosrúchán le gáinneáil ar chócaon agus hearóin idir an dá thír i leoraithe. The six men, aged between 30 and 60, were arrested in Ireland yesterday and have been questioned at various Garda stations in Dublin. Arú inné a gabhadh an seisear in Éirinn, ar fir iad idir na tríochaidí agus na seascaidí, agus tá siad á gceistiú ó shin i stáisiúin Ghardaí éagsúla i mBaile Átha Cliath. They can be kept for up to a week. Is féidir iad a choinneáil ar feadh suas le seachtain. At least one Irishman is among the men arrested in Spain. Tá Éireannach amháin ar a laghad i measc na bhfear a gabhadh sa Spáinn. It is understood that the men are linked to the crime gang known as 'The Family', which has replaced the Kinahans as the head of drug trafficking in the greater Dublin area and beyond. Tuigtear go bhfuil baint ag na fir leis an drong coireachta dá ngairtear 'The Family' agus atá tagtha in áit lucht Kinahan i gceann na mangaireachta drugaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus níos faide amach. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250325_IRISH__fear_(61)_cuisithe_faoi_luach_€10.6m_cocaon

    Play Episode Listen Later Mar 25, 2025 9:51


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2y36cydr Contact: irishlingos@gmail.com Man (61) charged with €10.6m worth of cocaine. Fear (61) cúisithe faoi luach €10.6m cócaon. A 61-year-old man has been remanded in custody and charged with possession of €10.6m worth of cocaine seized last Tuesday. Tá fear 61 bliain d'aois curtha siar faoi choinneáil agus é cúisithe i leith luach €10.6m den druga cócaon a gabhadh Dé Máirt seo caite. Michael Murphy was brought before Gorey District Court in Co Wexford this morning. Tugadh Michael Murphy os comhair Chúirt Dúiche Ghuaire i gCo Loch Garman ar maidin. He has an address - which has not been permitted to be published at the request of his lawyer - on the border between Kilkenny and Waterford. Tá seoladh aige - nach bhfuil ceadaithe a fhoilsiú ar iarratas óna dhlíodóir - ar an teorainn idir Cill Chainnigh agus Port Láirge. Detective Sergeant Seán Lane of Waterford Garda Barracks gave evidence that at 11.02 last night he arrested Michael Murphy, and that Mr Murphy replied "I understand the reason for this". Thug an Bleachtaire Seán Lane as Beairic na nGardaí i bPort Láirge fianaise gur ag 11.02 aréir a ghabh sé Michael Murphy, agus gur fhreagair an tUasal Murphy "tuigim an chúis atá imo leith". The Gardaí asked that he not be granted bail, which was confirmed by Judge Kevin Staunton. D'iarr na Gardaí nach mbronnfaí bannaí air, rud a dhearbhaigh an Breitheamh Kevin Staunton. Lawyer Chris Hogan asked that Michael Murphy be sent to Cork Prison - and not to Cloverhill Prison - "as there are well-founded concerns that his life would be in danger". D'iarr an dlíodóir Chris Hogan go gcuirfí Michael Murphy go Príosún Chorcaí - agus ní go Príosún Chnoc na Seamar - "mar go bhfuil imní a bhfuil bunús leis go mbeadh a bheatha i mbaol". Judge Staunton granted that request and issued a request not to publish it. Cheadaigh an Breitheamh Staunton an t-iarratas sin agus iarratas nach bhfoilseofaí a sheoladh. Michael Murphy has been remanded in custody in Cork Prison until a week from tomorrow, when he is due to appear in court again via video link. Cuireadh Michael Murphy siar faoi choinneáil i bPríosún Chorcaí go dtí seachtain ó amárach, nuair a bheidh sé le bheith os comhair na cúirte arís ar nasc-físe. A week and a half ago, Gardaí stopped a lorry on the M9 in Co Kilkenny, at around 10am this morning. Seachtain is an lá amárach a tháinig na Gardaí roimh leoraí ar an M9 i gCo Chill Chainnigh, thart ar a 10 a chlog ar maidin. The lorry was taken to Dublin Port for an X-ray examination. Tugadh an leoraí go Calafort Átha Cliath le scrúdú X-gha a dhéanamh uirthi. Then the Gardaí and the Customs Service came across 152kg of cocaine - worth €10.6m they say. Ansin a tháinig na Gardaí agus an tSeirbhís Custaim ar 152kg cócaon - luach €10.6m a deir siad. A search was subsequently carried out at a residence and 2 business premises in Waterford. Ina dhiaidh sin tugadh faoi chuardach ar theach cónaithe agus ar 2 áitreabh gnó i bPort Láirge. Michael Murphy after the court hearing in Gorey Michael Murphy tar éis na héisteachta cúirte i nGuaire

    20250323_IRISH__gaelcholaiste_shraid_synge_le_bunu_mar_a_beartaiodh_anuraidh

    Play Episode Listen Later Mar 23, 2025 13:40


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23wftbjz Contact: irishlingos@gmail.com Synge Street Irish Medium School to be established as planned last year. Gaelcholáiste Shráid Synge le bunú mar a beartaíodh anuraidh. It is not good enough that a plan to turn a secondary school in Dublin into an all-Irish school is being progressed without consulting the school's teachers, says the teachers' union. Níl sé maith go leor go bhfuiltear ag dul chun cinn le plean scoil lán-Ghaeilge a dhéanamh de mheánscoil i mBaile Átha Cliath gan dul i gcomhairle le múinteoirí na scoile, a deir ceardchumann na múinteoirí. The Department of Education announced last autumn that the Christian Brothers School on Synge Street in the south of the city was to be converted into a Gaelcholáiste and would open at the start of the 2026 school year. D'fhógair an Roinn Oideachais an fómhar seo caite go rabhthas le Gaelcholáiste a dhéanamh de Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge i ndeisceart na cathrach agus go n- osclófaí é ag tús na scoilbhliana 2026. The teachers indicated at the time, however, that the news came to them from the north and that the issue was never discussed with them. Thug na múinteoirí le fios ag an am, áfach, gur tháinig an scéala aniar aduaidh orthusan agus nár pléadh an cheist riamh leo. Some said they were worried that they would have to significantly improve their Irish, learn Irish from scratch or look for a new job at another school. Dúirt roinnt acu go raibh imní orthu go gcaithfidís feabhas mór a chur ar a gcuid Gaeilge, Gaeilge a fhoghlaim ón mbuntús nó post nua a lorg i scoil eile. The matter was discussed in a meeting held by the school administrators, Éamainn Rís Schools Trust, with the school's board of management last night. Pléadh an scéal i gcruinniú a bhí ag riarthóirí na scoile, Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, le bord bainistíochta na scoile arú aréir. In a statement issued by the Trust after the meeting, it was confirmed that the plan was to proceed, apart from the occasional minor change, and it was accepted that the teachers had been put at a disadvantage because they had not been consulted beforehand. I ráiteas a d'eisigh an tIontaobhas i ndiaidh an chruinnithe, deimhníodh go rabhthas le dul chun cinn leis an bplean, seachas an corrathrú beag, agus glacadh leis gur cuireadh olc ar na múinteoirí mar nach ndeachthas i gcomhairle leo roimhe seo. It was stated that the school would gradually become a Gaelcholáiste and that it was intended to teach some students through the medium of English at the outset. Dúradh gur de réir a chéile a dhéanfaí Gaelcholáiste den scoil agus go raibh sé i gceist roinnt daltaí a theagasc trí mheán an Bhéarla i gcónaí ag an tús. Speaking on RTÉ this morning, however, Deputy General Secretary of the Secondary Teachers' Association, Diarmaid de Paor, said that teachers are still blind to what the Department of Education and school administrators are planning. Agus é ag labhairt ar RTÉ ar maidin inniu, áfach, dúirt Leas- Ardrúnaí Chumann na Meánmhúinteoirí, Diarmaid de Paor, go bhfuil na múinteoirí dall i gcónaí ar a bhfuil á bheartú ag an Roinn Oideachais agus ag riarthóirí na scoile. Not to mention the teachers, the parents are not being consulted either, said the Power. Gan trácht ar na múinteoirí, níltear ag dul i gcomhairle leis na tuismitheoirí ach an oiread, arsa an Paorach. He believes that the plan should be revisited and implemented properly anew. Dar leis gur cheart dul siar ar an bplean agus a chur sa siúl i gceart as an nua. He also indicated that he doubts that Synge Street is the best location for a new Irish-medium school – as it is being envisioned by the Department of Education anyway, he said. Thug sé le fios freisin go bhfuil amhras air gurb é Sráid Synge an t-ionad is fearr le haghaidh Gaelcholáiste nua – de réir mar atá sé á shamhlú ag an Roinn Oideachais ar aon ch...

    20250321_IRISH__an_ucrain:_moladh_siochana_mheiricea_a_phle_ag_ceannairi_eorpacha

    Play Episode Listen Later Mar 21, 2025 8:09


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bcz49bu Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine: American peace proposal being discussed by European leaders. An Úcráin: moladh síochána Mheiriceá á phlé ag ceannairí Eorpacha. Taoiseach Micheál Martin is attending a summit in Brussels today, where European Union leaders are discussing the war in Ukraine and other major international issues. Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu, áit a bhfuil an cogadh san Úcráin agus mórcheisteanna idirnáisiúnta eile á gcíoradh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. The meeting will discuss, in particular, the ceasefire and peace agreement proposed by the United States Government. Faoi chaibidil sa chruinnú go háirithe, tá an sos cogaidh agus an comhaontú síochána atá Rialtas na Stát Aontaithe a mholadh. Ukrainian President Volodymyr Zelensky's views on what US President Donald Trump is proposing will be heard when he participates in the meeting via video link later. Tabharfar cluas éisteachta do thuairimí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i dtaobh a bhfuil á mholadh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nuair a ghlacfas sé páirt sa chruinniú ar nasc físe ar ball. Talks on the details of the peace deal will take place in Saudi Arabia next weekend and Zelensky is ready to present what he knows about the agenda to the other leaders. Beidh comhráite faoi mhionsonraí na síochána ar siúl san Araib Shádach a an deireadh seachtaine seo chugainn agus tá Zelensky lena bhfuil ar eolas aige faoin gclár oibre a chur os comhair na gceannairí eile. Donald Trump told Zelensky yesterday that the United States government wants to take over Ukraine's nuclear power plants and operate them as part of a peace agreement. Dúirt Donald Trump le Zelensky inné gur mian le Rialtas na Stát Aontaithe seilbh a ghabháil ar stáisiúin núicléacha na hÚcráine agus iad a riar feasta mar chuid de chomhaontú síochána. At today's meeting in Brussels, it is understood that the leaders will give their blessing to a plan to significantly increase the military and economic support that the European Union already provides to Ukraine. Sa chruinniú sa Bhruiséil inniu, tuigtear go dtabharfaidh na ceannairí a mbeannacht do phlean cur go mór leis an tacaíocht mhíleata agus eacnamaíochta a thugann an tAontas Eorpach don Úcráin cheana féin. They will also discuss the Israeli massacre in Gaza, the crisis in Syria and international trade issues in light of President Trump's policies. Pléifidh siad freisin an t-ollmharú atá Iosrael a dhéanamh in Gaza, an ghéarchéim sa tSiria agus cúrsaí trádála idirnáisiúnta i bhfianaise pholasaithe an Uachtaráin Trump. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250316_IRISH__beirt_os_comhair_cuirte_faoi_ghabhail_mhor_drugai

    Play Episode Listen Later Mar 16, 2025 6:21


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24ytz7zf Contact: irishlingos@gmail.com Two appear in court over major drug bust. Beirt os comhair cúirte faoi ghabháil mhór drugaí. Two men appeared before Ardee District Court in Co Louth today charged with various offences in relation to €2 million worth of illegal drugs seized by Gardaí in that county yesterday. Tugadh beirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Fhirdhia i gCo Lú inniu agus iad cúisithe i gcionta éagsúla maidir le luach €2 mhilliún de dhrugaí mídhleathacha a fuair na Gardaí sa chontae sin arú inné. They are Varinder Singh, aged 32, of Ashfield Green, Drogheda, Co Louth, and Alan Crosby, aged 45, of Willow River, Willow Avenue, Ballymun, Dublin 11. Sin iad Varinder Singh, 32 bliain d'aois, as Faiche Ghort na Fuinseoige, Droichead Átha, Co Lú, agus Alan Crosby, 45 bliain, as Abhainn Saileach, Ascaill Shaileoige, Baile Munna, Baile Átha Cliath 11. The court was told that Gardaí found €1 million worth of cocaine in a van they stopped in Tinure in Co Louth last Wednesday morning and that they later found €1 million worth of cannabis and cannabis resin. Dúradh sa chúirt go bhfuair na Gardaí luach €1 mhilliún de chócaon i veain a stop siad i dTigh an Iúir i gCo Lú ar maidin Dé Céadaoin seo caite agus go bhfuair siad €1 mhilliún de channabas agus de roisín cannabais ina dhiaidh sin. It was also said that the Gardaí had prior information on the men's activities and that the drugs belonged to a transnational crime group. Dúradh freisin go raibh faisnéis roimh ré ag na Gardaí ar ghníomhaíochtaí na bhfear agus gur le grúpa coireachta trasnáisiúnta na drugaí. The pair's bail application was refused and they were remanded in custody until next Wednesday, when they will appear before Dundalk District Court. Diúltaíodh iarratas na beirte ar bhannaí agus cuireadh siar faoi choinneáil iad go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, tráth a thabharfar iad os comhair Chúirt Dúiche Dhún Dealgan. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250315_IRISH__g7_ag_tuineadh_le_putin_glacadh_le_sos_comhraic

    Play Episode Listen Later Mar 15, 2025 9:25


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dxf9kap Contact: irishlingos@gmail.com G7 agrees with Putin to accept ceasefire. G7 ag tuineadh le Putin glacadh le sos comhraic. G7 countries have warned Russian President Vladimir Putin that further sanctions will be imposed on that country if it does not accept a ceasefire in Ukraine. Tá foláireamh tugtha ag tíortha an G7 d'Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go ngearrfar tuilleadh smachtbhannaí ar an tír sin mura nglacfaidh sé le sos comhraic san Úcráin. G7 foreign ministers discussed the issue at a two-day meeting in Quebec, Canada. Chíor airí gnóthaí eachtracha an G7 an cheist i gcruinniú a bhí acu in Québec i gCeanada le dhá lá. The ministers threatened in a joint statement they issued after the meeting today that they would impose restrictions on the price of oil from Russia, for example, if Putin did not accept the 30-day ceasefire proposed by the United States Government last Tuesday, or a version of it. Bhagair na hairí i gcomhráiteas a d'eisigh siad i ndiaidh an chruinnithe inniu go gcuirfidís srianta ar phraghas ola ón Rúis, cuir i gcás, mura nglacfadh Putin leis an sos comhraic 30 lá a mhol Rialtas na Stát Aontaithe Dé Máirt seo caite, nó le leagan de. The statement also reaffirmed the G7's unwavering commitment to Ukraine – "to the freedom, sovereignty and independence of Ukraine" – and argued that the country's long-term security should not be taken into account in any ceasefire. Athdhearbhaíodh sa ráiteas freisin dílseacht dhaingean an G7 don Úcráin – "do shaoirse, do fhlaitheas agus do neamhthuilleamaíocht na hÚcráine" – agus áitíodh nárbh fholáir slándáil na tíre i bhfad na haimsire a chur san áireamh in aon sos comhraic. In addition, the ministers said, Ukraine must stand with Russia in negotiating and brokering peace. Ina cheann sin, arsa na hairí, ní mór don Úcráin a bheith bonn ar aon leis an Rúis i dtaca leis an margáil agus comha na síthe. Vladimir Putin indicated yesterday that he was in favor of implementing a ceasefire in Ukraine in accordance with the American proposal "as long as the root cause of the conflict is addressed". Thug Vladimir Putin le fios inné go raibh sé i bhfabhar sos cogaidh a chur i bhfeidhm san Úcráin de réir mholadh na Meiriceánach "a fhad is a rachfaí i ngleic le bunúdar na coimhlinte". Putin also said that the situation needed further discussion and claimed that he was concerned that the Ukrainian Army would take advantage of the ceasefire to stockpile its stockpile. Dúirt Putin freisin nár mhór tuilleadh plé a dhéanamh ar an scéal agus mhaígh go raibh imní air go mbainfeadh Arm na hÚcráine leas as sos comhraic lena stór a bhiorú. However, Ukrainian President Volodymyr Zelensky made a cold joke out of Putin's statement. File fuar a rinne Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky de ráite Putin, ámh. He claimed that the Russian man was obviously worried and said that he was scheming and scheming in order to thwart the American enterprise. Mhaígh sé gur imní mar dhóigh de a bhí ar fhear na Rúise agus dúirt gur ag siléigeacht agus ag scéiméireacht a bhí sé le dúil fiontar na Meiriceánach a chur de dhroim seoil. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250313_IRISH__damaiste_deanta_ag_crith_talun_i_ndeisceart_na_hiodaile

    Play Episode Listen Later Mar 13, 2025 6:23


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yz5g4c Contact: irishlingos@gmail.com Earthquake damage in southern Italy. Damáiste déanta ag crith talún i ndeisceart na hIodáile. An earthquake struck the Naples area in southern Italy overnight, damaging several buildings and causing power outages. Tharla crith talún i gceantar Napoli i ndeisceart na hIodáile i gcaitheamh na hoíche agus rinneadh damáiste do roinnt foirgneamh agus gearradh an chumhacht ann dá bharr. Many locals spent the night sleeping outside – on the street or in cars – for fear that their houses would collapse on them. Chaith go leor de mhuintir na háite an oíche ag codladh amuigh – ar an tsráid nó i ngluaisteáin – ar fhaitíos go dtitfeadh a dtithe i mullach orthu. According to experts in Italy, the quake had a seismic magnitude of 4.4 three kilometers underground, but geological surveyors in the United States say it was 4.2 ten kilometers underground. Dar le saineolaithe san Iodáil gur méid sheismeach de 4.4 a bhí sa chrith trí chiliméadar faoi thalamh ach deir suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur 4.2 a bhí ann deich gciliméadar faoi thalamh. In any case, the earthquake was reportedly felt throughout the Campania region and is also said to be the strongest earthquake in the area in forty years. Pé scéal é, tuairiscítear gur airíodh an crith ar fud réigiún Campania agus deirtear freisin gurbh é an crith ba láidre sa limistéar é le daichead bliain. Pozzuoli, west of the city of Naples, was the town closest to the epicenter of the quake and one man was reportedly injured there when a wall of his house collapsed. Pozzuoli, siar ó chathair Napoli, an baile ba ghaire do chroílár an chreatha agus tuairiscitear gur gortaíodh fear amháin ansin nuair a thug balla a thí uaidh. Naples is located on a caldera, or volcanic crater, which is quite volatile and earthquakes occur from time to time. Tá Napoli suite ar chaildéara, nó cráitéar bolcánach, atá luaineach go maith agus tarlaíonn creathanna talún ann ó am go chéile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250311_IRISH__oibrithe_san_earnail_pobail_le_breathnu_ar_chomhaontu_pa

    Play Episode Listen Later Mar 11, 2025 8:01


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23rqpuhs Contact: irishlingos@gmail.com Community sector workers to consider pay agreement. Oibrithe san earnáil pobail le breathnú ar chomhaontú pá. Workers in the community and voluntary sector are to consider proposals for a pay dispute settlement that have been accepted by their representatives. Tá oibrithe san earnáil pobail agus dheonach le breathnú ar mholtaí réitigh maidir le haighneas pá a bhfuil glactha ag a gcuid ionadaithe leo. The unions and the Government reached an agreement on the dispute in the Workplace Relations Commission last night and its contents are being presented to workers in the next few days. Tháinig na ceardchumainn agus an Rialtas ar chomhaontú faoin aighneas sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre aréir agus táthar lena bhfuil ann a chur faoi bhráid na n-oibrithe as seo go ceann cúpla lá. It is understood that the agreement proposes to give workers a 9.25% pay increase over the two years between October 2024 and October 2026, and also promises to include the community and voluntary sector in future pay agreements. Tuigtear go moltar sa chomhaontú ardú pá de 9.25 faoin gcéad a thabhairt do na hoibrithe i gcaitheamh an dá bhliain idir Deireadh Fómhair 2024 agus Deireadh Fómhair 2026, agus gealltar freisin an earnáil pobail agus dheonach a chur san áireamh i gcomhaontuithe pá as seo amach. Workers include people in various charities and agencies that provide healthcare services on behalf of the State. Áirítear i measc na n-oibrithe daoine i gcatharnais agus i ngníomhaireachtaí éagsúla a chuireann seirbhísí cúraim shláinte ar fáil thar ceann an Stáit. Last month, workers in those organizations voted in favor of going on strike if a resolution to the dispute was not reached. An mhí seo caite, vótáil oibrithe sna heagraíochtaí sin i bhfabhar dul ar stailc mura dtiocfaí ar réiteach ar an aighneas. They accused the Government of not yet implementing a pay agreement made in October 2023. Chuir siad i leith an Rialtais nár cuireadh i bhfeidhm fós comhaontú pá a rinneadh i nDeireadh Fómhair 2023. The Department of Children, Equality and Disability has stated that the community and voluntary sector is relied upon to provide a good number of essential services and that they should be fairly compensated for the invaluable work they do. Tá sé ráite ag an Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais go bhfuiltear ag brath ar lucht na hearnála pobail agus deonaí le riar maith seirbhísí riachtanacha a sholáthar agus gur cóir iad a chúiteamh mar is ceart as an obair iomardúil a dhéanann siad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    children state government irish workers equality disability jquery original podcast rt news workplace relations commission deireadh f rialtas chuir choimisi
    20250310_IRISH__capaill_ar_strae_fos_ina_fhadhb_mhor_i_luimneach

    Play Episode Listen Later Mar 10, 2025 13:05


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2aeamuzk Contact: irishlingos@gmail.com Stray horses remain a major problem in Limerick. Capaill ar strae fós ina fhadhb mhór i Luimneach. By Tomás Ó Mainnín Limerick County Council and City Council have spent over €500,000 over the past 6 years trying to combat stray horses. Le Tomás Ó Mainnín Tá os cionn €500,000 caite ag Comhairle Contae agus Comhairle Cathrach Luimnigh le 6 bliana anuas ag iarraidh dul i ngleic le capaill atá ar strae. Stray horses have been an ongoing problem in certain parts of the county for years, and the problem was recently raised in the Dáil. Is fadbh leanúnach í, capaill ar strae in áiteanna áirithe sa chontae le blianta, agus ardaíodh an fhadhb sa Dáil le deanaí. It was said that certain parts of Limerick felt like they were still in the Victorian era with horses and their manure visible all over the place. Dúradh go raibh áiteanna áirithe i Luimneach ar nós go raibh siad fós sa ré Victeoiriach le capaill agus a gcuid aoiligh le feiceáil ar fud na h-áite. It is a common sight in certain areas of Limerick city and county to see horses out on the roads and in public parks. Is radharc comónta i gceantair áirithe i gcathair agus i gcontae Luimnigh, capaill a fheiceáil amuigh ar na bóithre agus i bpáirceanna poiblí. Efforts have been made over the years to bring some control to the practice so that the horses do not cause a nuisance to the public. Tá iarrachtaí déanta le blianta smacht éigin a chur ar an gcleachtas chun nach mbeadh na capaill ag cur as don bpobal. The local authority has the power to seize horses if they are found stray or unattended on public land. Tá an chumacht ag an h-udaráis áitiúla na capaill thógaint má bhíonn siad ar strae nó gan éinne i bhfeighil orthu ar thalamh poiblí. This is saving Limerick county and city council thousands of euros every year. Tá sé seo ag cosaint na mílte euro ar an gcomhairle contae agu cathrach i Luimneach gach aon bhliain. According to figures obtained by RTÉ/TG4 News, local councils have taken possession of 605 horses at a cost of almost €643,000 in Limerick since 2019. De réir figuirí atá faighte ag Nuacht RTÉ/TG4 thóg na comhairlí áitiúla seilbh ar 605 capall ar chostas do nach mór €643,000 i Luimneach ó 2019. The horses are either taken to a horse shelter or euthanized. Tugtar na capaill do ionad dídine do chapaill nó cuirtear den saol iad. The problem and the cost were recently raised in the Dáil. Ardaíodh an fhadhb agus an costas sa Dáil le deanaí. Sinn Féin MP for Limerick city Maurice Quinlivan said that there were young people who had no control or respect for their horses. Dúirt an Teachta Dála do chuid Shinn Féin ó chathair Luimnigh Maurice Quinlivan go raibh daoine óga ann nach raibh aon smacht ná meas acu ar a gcuid capall. He said that there were certain areas of the city where there were still views, he said, that were as if the place was still hundreds of years behind today's life. Dúirt sé go raibh ceantair áirithe sa chathair ina raibh radharcanna fós ann, a dúirt sé, a bhí ar nós go raibh an áit fós na céadta blian laistiar do shaol an lae inniu. Minister of State for Agriculture Michael Healy Rae said that the disrespect shown to animals in some places was unacceptable. Dúirt an tAire stáit sa Roinn Talmhaíochta Michael Healy Rae nach raibh aon ghlacadh leis an ndroch mheas atá á léiriú d'ainmhithe in áiteanna. He said that the legislation was currently being reviewed and that it would be strengthened to give the authorities more powers to tackle the problem if necessary. Dúirt sé go raibh athbhreithniú á dhéanamh ar an reachtaíocht fé láthair agus go ndéanfar é a neartú chun breis cumhachtaí a thabhairt do na h-údaráis chun dul i ngleic leis an bhfadhb má bhíonn gá leis sin. So far, already this year, the local authority in Limerick has taken possession of another 15 horses.

    20250305_IRISH__an_ucrain_reidh_chun_siochain_a_bhaint_amach,_a_deir_trump

    Play Episode Listen Later Mar 5, 2025 7:06


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dyaj3jr Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine ready to make peace, says Trump. An Úcráin réidh chun síocháin a bhaint amach, a deir Trump. US President Donald Trump says the Ukrainian government is ready to achieve peace in Ukraine and is ready to sign an agreement on Ukraine's rare minerals. Deir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil Rialtas na hÚcráine réidh chun síocháin a bhaint amach san Úcráin agus ullamh chun comhaontú maidir le mianraí neamhchoitianta na hÚcráine a shíniú. President Trump made the announcement in a speech he gave overnight, one day after the President announced that the United States was halting the military assistance it currently provides to Ukraine. D'fhógair an tUachtarán Trump an méid sin in óráid a thug sé thar oíche, lá amháin i ndiaidh don Uachtarán a thabhairt le fios go raibh na Stáit Aontaithe ag cur stop leis an gcúnamh míleata a chuireann siad ar fáil don Úcráin faoi láthair. Trump said that Ukraine is willing to start peace talks as soon as possible and there are strong signs that Russia is ready to reach a peace agreement as well. Dúirt Trump go bhfuil an Úcráin faoi réir le tús a chur le cainteanna síochána chomh luath agus is féidir agus comharthaí láidre ann go bhfuil an Rúis réidh chun comhaontú síochána a bhaint amach chomh maith. While President Trump was giving a speech to the United States Congress, the President read aloud a letter he had received from Ukrainian President Volodymyr Zelenskyy. Le linn don Uachtarán Trump a bheith ag tabhairt óráide do Chomhdháil na Stát Aontaithe, léigh an tUachtarán litir a fuair sé ó Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy, amach os ard. Trump said he appreciated the letter sent by the Ukrainian President. Dúirt Trump gur mór aige an litir a sheol Uachtarán na hÚcráine. The Kremlin welcomed Trump's positive speech. Chuir an Chreimil fáilte roimh óráid dhearfach Trump. Some of the opposition booed President Trump during the speech and Democratic Party member Al Green was thrown out of the room. Bhí cuid den bhfreasúra ag béiceadh ar an Uachtarán Trump le linn na horáide agus caitheadh an feisire Al Green ón bPáirtí Daonlathach amach as an seomra. Ukraine ready to achieve peace, says Trump An Úcráin réidh chun síocháin a bhaint amach, a deir Trump

    20250302_IRISH__alltacht_ar_an_taoiseach_faoinar_tharla_sa_teach_ban

    Play Episode Listen Later Mar 2, 2025 9:28


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2a7xaqcr Contact: irishlingos@gmail.com The Taoiseach was shocked by what happened in the White House. Alltacht ar an Taoiseach faoinar tharla sa Teach Bán. 'I believe that Europe will stand with Ukraine' said An Taoiseach, Micheál Martin tonight. 'Creidim go seasfaidh An Eoraip leis an Ucráin' a dúirt An Taoiseach,Micheál Martin anocht. He was being interviewed on RTÉ's television program 'The Late Late Show', giving his opinion on the White House standoff between American President Donald Trump and Ukrainian President Volodymyr Zelenskyy. Bhí sé i mbun agallaimh ar an chlár teilifíse de chuid RTÉ 'The Late Late Show' agus é ag tabhairt a thuairime faoin achrann sa Teach Bán idir Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy. The Taoiseach said it was an incident that would hurt many people and that everything that happened was 'unbelievable'. Dúirt an Taoiseach gur eachtra í a ghoillfeadh ar chuid mhór daoine agus go raibh gach ar tharla 'dochreidte'. 'But we can't lose hope because of this' said Micheál Martin. 'Ach ní féidir linn dóchas a chailleadh dá bharr' a dúirt Micheál Martin. 'We must keep a close eye on ourselves, always maintain relations with the United States and other parties so that the security that comes from Ukraine can be ensured,' he also said. 'Caithfidh muid guaim a choinneáil orainn féin, an caidreamh a choinneáil i gcónaí leis na Stáit Aontaithe agus páirtithe eile ionas gur féidir an tslándáil atá ón Úcráin a chinntiú' a dúirt sé freisin. The Taoiseach referred to the sanctions imposed by Europe on Russia, saying 'Russia is not as strong as people think'. Thagair An Taoiseach do na smachtbhannaí atá buailte ag an Eoraip ar an Rúis ag rá 'nach bhfuil An Rúis chomh láidir is a cheapann daoine'. The Tánaiste, Simon Harris, also stood with Ukraine tonight. Sheas An Tánaiste,Simon Harris leis an Úcráin freisin anocht. 'There is a risk that World War 3 is not far away if you don't change your ways'. 'Tá an baol ann ná fada uainn Cogadh Domhanda 3 mura n-athraíonn tusa do chuid béasaí'. That was the threatening message that President Trump had for President Zelenskyy at the White House in Washington this evening. Sé sin an teachtaireacht bhagartha a bhí ag an Uachtarán Trump don Uachtarán Zelenskyy sa Teach Bán i Washington tráthnóna. Donald Trump said that it is swimming against a waterfall for Ukraine to expect to win the war against Russia now, that President Zelinsky should 'be grateful to America' and not be 'disrespectful' as he put it. Dúirt Donald Trump gur snámh in aghaidh easa don Úcráin a bheith ag súil an cogadh in aghaidh na Rúise a bhuachan anois, gur cheart don Uachtarán Zelinsky 'a bheith buíoch do Mheiriceá' agus gan a bheith 'dí-mheasúil' mar a dúirt sé. No press conference was held after the meeting, President Zelinskyy was ordered out of the White House and Trump later said he could return when he felt like 'talking about peace'. Níor tionóladh aon phreasagallamh i ndiaidh an chruinnithe, ordaíodh amach as an Teach Bán An tUachtarán Zelinskyy agus dúirt Trump ina dhiaidh go bhféadfadh sé filleadh nuair a bheadh fonn air 'labhairt faoin tsíochán'. The Taoiseach with President Zelenskyy yesterday An Taoiseach leis an Uachtarán Zelenskyy inné

    20250223_IRISH__olltoghchan_lan_le_teannas_sa_ghearmain

    Play Episode Listen Later Feb 23, 2025 11:44


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27ypjdj8 Contact: irishlingos@gmail.com A tense general election in Germany. Olltoghchán lán le teannas sa Ghearmáin. The German public is heading to the polling booths today for the country's general election. Tá pobal na Gearmáine ag tabhairt na mbothanna vótála orthu féin inniu don olltoghchán sa tír. Up to 60m people are eligible to vote and it is said that politics was not as divided over there as people remember. Suas le 60m duine atá i dteideal vótála agus deirtear nach raibh an pholaitíocht chomh scoiltithe thall ansin le cuimhne na ndaoine. It is certain that there will be no clear winner, so the best party that emerges will rely on other parties to form a Government. Táthar anann is cinnte nach mbeidh aon bhuaiteoir glan, mar sin beidh an páirtí is fearr a chruthaíonn ag braith ar pháirtithe eile le Rialtas a bhunú. The rise of the AfD (Alternative Fur Deutschland), a far-right party that believes immigration is out of control in the country, is worrying centrist parties. Díol imní do pháirtithe atá sa lár an borradh mór atá tagtha ar an AFD (Alternative Fur Deutchland), páirtí atá an-fhada ar dheis agus a chreideann go bhfuil cúrsaí inimirce ó smacht sa tír. There is a different direction for Germany, that is what the party strongly claims. Tá malairt treo ann don Ghearmáin, sin a mhaíonn an páirtí go láidir. This party is expected to have a 20% vote share, the strongest vote since the Nazi era in the country. Ceaptar go mbeidh sciar vóta 20 faoin gcéad ag an bpáirtí seo, an vóta is láidre ó ré na naitsíoch sa tír. The problem with the AFD is that, short of a miracle, it will not entice any other party to form a coalition government. An fhadhb atá leis an AFD ná d'uireasa na míorúilte, nach meallfaidh sé aon pháirtí eile le comhrialtas a bhunú. The Government party, the Social Democrats (SPD), also has its own problems and it is thought that the voting public will have little sympathy or sympathy for them in this matter. Tá a gcuid fadhbanna féin freisin ag páirtí an Rialtais, Na Daonlathaithe Sóisialta (SPD) agus ceaptar gur beag gean ná trua a bheidh ag an bpobal vótála dóibh siúd an iarraidh seo. The Christian Democrats (CDU), the traditional conservative party led by Friedrich Merz, are thought to do best in this general election. Ceaptar gurb iad na Daonlathaithe Críostaí (CDU), an páirtí traidisiúnta caomhach faoi cheannasaíocht Friedrich Merz, is fearr a chruthóidh san olltoghchán seo. It is understood that they will then look towards the SPD and the Green Party in order to gain a majority to form a Government. Tuigtear go bhféachfaidh siadsan ansin i dtreo an SPD agus Comhaontas Glas ar mhaithe le móramh a ghnóthú chun Rialtas a bhunú. As is often the case, the economy is the big issue in the general election as Germany has been in international decline for 2 years. Mar is minice an cás, is í an eacnamaíocht an cheist mhór san olltoghchán agus An Ghearmáin ag cúlú go hidirnáisiúnta le 2 bhliain. But in the wake of that and a related issue depending on your opinion, is the issue of immigration and a debate being strongly fostered by the AFD. Ach sna sála leis sin agus ceist atá gaolta leis ag braith ar do thuairim, is ea ceist na hinimirce agus díospóireacht á chothú go láidir ag an AFD. Some of the crimes that have been drawing attention for some time and the way right-wing parties are using them to bring up the issue of immigration are not helping. Ní haon chabhair é roinnt de na coireanna atá ag tarraingt cainte le tamall agus an bealach a bhfuil páirtithe den eite dheis á n-úsáid le ceist na hinimirce a tharraingt anuas. By 5pm Irish time today we will have an idea of how the majority of the German public voted in this general election. Faoin 5 a chlog am na hÉireann inniu beidh barúil againn cén bealach ar vótáil formhór de phobal na Gearmáine san olltoghc...

    20250221_IRISH__file_fuar_deanta_ag_trump_de_cheasacht_na_hucraine

    Play Episode Listen Later Feb 21, 2025 8:40


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dzq6kmj Contact: irishlingos@gmail.com Trump made a cold case of Ukrainian hypocrisy. File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine. US President Donald Trump has dismissed Ukrainian President Volodymyr Zelensky's rhetoric regarding ongoing talks to end the war in that country. Tá neamhshuim déanta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump de chlamhsán Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky maidir leis na comhráite atá ar bun faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa tír sin. Ukrainians are deeply unhappy that they were excluded from the peace talks that were taking place between the United States and Russia in Saudi Arabia yesterday. Tá na hÚcránaigh thar a bheith míshásta gur fágadh as an áireamh iad sna comhráite síochána a bhí ar bun idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis san Araib Shádach inné. Trump openly stated that he was disappointed that the Ukrainians were suffering from their fate and it appears from his speech that he blamed the war on them. Dúirt Trump go neamhbhalbh go raibh díomá air go raibh na hÚcránaigh ag ceasacht ar a gcinniúint agus dealraíonn sé óna chuid amhlabhra gur chuir sé an milleán faoin gcogadh orthusan. Zelensky responded by saying that Trump was under the spell of misinformation. D'fhreagair Zelensky agus dúirt go raibh Trump faoi gheasa ag mífhaisnéis. Trump responded by saying that Zelensky was a dictator who did not call a general election in Ukraine. D'aisfhreagair Trump agus dúirt seisean gur deachtóir ab ea Zelensky nár ghair olltoghchán san Úcráin. Russia invaded Ukraine three years ago and hundreds of thousands of people are estimated to have been killed – both soldiers and civilians – as a result of the fighting since then. Rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin trí bliana go ham seo agus áirítear na céadta míle duine a bheith maraithe – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta ó shin. If Trump's speech is any indication, it seems that the Ukrainians will also be left out in the future and that an agreement could be reached without any regard to what they or other countries in Europe want. Más comhartha ar bith caint Trump, is cosúil go bhfágfar na hÚcránaigh as an áireamh san am le teacht freisin agus go bhféadfaí teacht ar chomhaontú gan aon bheann ar a bhfuil uathusan ná ó thíortha eile san Eoraip. In fact, Trump claimed that he was now more optimistic about a peace agreement in light of what emerged from yesterday's talks. Go deimhin, mhaígh Trump go raibh sé níos dóchasaí anois faoi chomhaontú síochána i bhfianaise ar tháinig as na comhráite inné. He also indicated that he and Russian President Vladimir Putin may meet before the end of this month. Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir go dtiocfadh sé féin agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin le chéile roimh dheireadh na míosa seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250217_IRISH__imni_i_mbailte_beaga_i_ngaeltacht_mhuscrai_faoi_ro-luas_carranna

    Play Episode Listen Later Feb 17, 2025 7:39


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28g4vhuz Contact: irishlingos@gmail.com Concerns in small towns in the Muskerry Gaeltacht about speeding cars. Imní i mbailte beaga i nGaeltacht Mhúscraí faoi ró-luas carranna. Concerns have been expressed about the speed limit being regularly exceeded in certain villages in the Múscraí Gaeltacht in Co. Cork. Tá imní léirithe faoin teorainn luais a bheith á sárú go rialta i sráidbhailte ar leith i nGaeltacht Mhúscraí i gCo Chorcaí. In one case, a driver was clocked at 143 kilometres per hour in a small town where there is a 50 kilometres per hour speed limit. I gcás amháin cláraíodh luas 143 ciliméadar san uair ag tiománaí ar bhaile beag ina bhfuil teorainn luais 50 ciliméadar san uair ann. There is an urgent need to implement speed reduction measures immediately, says Gobnait Ní Mhuínneacháin, a Councillor for the area on Cork County Council. Tá géarghá le bearta moillithe luais a chur i bhfeidhm láithreach a deir Gobnait Ní Mhuínneacháin, Comhairleoir sa gceantar ar Chomhairle Chontae Chorcaí. She says that over 1,000 vehicles a day pass through the village of Reighleáin. Deir sise go dtéann breis is 1,000 feithicil sa ló thrí shráidbhaile Reighleáin. Gardaí have revealed that a driver was recorded doing 143 km/h in the town, almost 3 times the speed limit. Tá sé tugtha le fios ag na Gardaí gur cláraíodh tiománaí ag déanamh 143 km/uair ar an mbaile, beagnach 3 oiread na luasteorann. But concerns about speeding on the roads are troubling people across Muskerry. Ach tá imní faoin ró-luas ar na bóithre ag cur as do dhaoine ar fud Mhúscraí. There is also a big problem, people say, in Kilmhuire, and although there is a ramp on the road at the primary school, there are drivers who are said to not pay the slightest attention to the restriction on walking. Tá fadhb mhór freisin adeir daoine i gCill Mhuire, agus cé go bhfuil rampa ar an mbóthar ag an mbunscoil, tá tiománaithe ann a deirtear nach dtugann aird dá laghad ar an srian ar an siúl. According to a study of the village of Reighleán, 86% of vehicles are travelling at an average speed of 68 km/h, in an area where the speed limit is 50 km/h. De réir staidéir ar shráidbhaile Reighleáin tá 86 faoin gcéad de na feithiclí ag taisteal ag luas 68 km/uair ar an meán, limistéar arbh é 50 km/uair an luasteorainn. Marian O'Flaherty will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Marian O'Flaherty ar Nuacht TG4 ag 1900.

    20250216_IRISH__taraifi_nua_comhalartacha_molta_ag_uachtaran_trump_mheircea

    Play Episode Listen Later Feb 16, 2025 7:52


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23da95um Contact: irishlingos@gmail.com New reciprocal tariffs proposed by US President Trump. Taraifí nua cómhalartacha molta ag Uachtarán Trump Mheirceá. US President Trump's economic team has been working on a plan, under which Donald Trump intends to impose trade tariffs on all countries that impose taxes on goods they import from the United States. Tá meitheal eacnamaithe Uachtarán Trump na Stát Aontaithe curtha i mbun oibre ar phlean, faoina bhfuil sé i gceist ag Donald Trump taraifí trádála a ghearradh ar gach tír a ghearrann táillí cánacha ar earraí a iomportálann siad féin ó na Stáit Aontaithe. They would be reciprocal tariffs. Taraifí cómhalartacha a bheadh iontu. In light of these tariffs, there are growing concerns that it will become a global trade war. I bhfianaise na dtaraifí seo, tá ag géarú ar an imní go mbeidh sé ina chogadh trádála ar fud an domhain. "In the interest of leveling the playing field for all," President Trump told reporters, "I will be implementing reciprocal tariffs. "Ar mhaithe le cothrom na féinne a thabhairt do chách", a dúirt an tUachtarán Trump le hiriseoirí, "cuirfidh mise taraifí cómhalartacha i bhfeidhm. "If countries impose tariffs on US products, we will impose tariffs on their products." Má ghearrann tíortha taraifí ar tháirgí de chuid na Stát Aontaithe, gearrfaidh muidne taraifí ar a dtáirgí siúd." President Trump has not announced any new tariffs at this time; what is currently happening is that White House economists are investigating the fees, taxes, and tariffs that other countries impose on US goods. Níl taraifí nua fógartha ag an Uachtarán Trumpum an dtaca seo; 'sé atá i gceist i láthair na huaire ná go bhfuil lucht eacnamaíochta an Tí Bháin curtha i mbun fiosraithe ar na táillí, cánacha agus taraifí a ghearrann tíortha eile ar earraí de chuid na Stát Aontaithe. Wall Streeters have already expressed concerns that new tariffs will increase the inflation rate in the United States. Tá imní léirithe cheana ag lucht Wall Street go gcuirfidh taraifí nua leis an ráta boilscithe sna Stáit Aontaithe. Concerns have been expressed that the European Union, China, Japan and South Korea would be the countries most likely to be hit with these new tariffs on their products. Tá imní léirithe gurb iad an tAontas Eorpach, an tSín, an tSeapáin agus an Chóire Theas na tíortha is mó a ngearrfaí na taraifí nua seo ar a gcuid táirgí. This review of other countries' tariffs will be completed by the beginning of April. Tiocfaidh an t-athbhreithniú seo ar tharaifí tíortha eile chun críche faoi thús mhí Aibreáin.

    20250214_IRISH__breis_agus_€1bn_caite_ar_loistin_d’iarratasoiri_tearmainn_i_2024

    Play Episode Listen Later Feb 14, 2025 14:07


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23r77m8z Contact: irishlingos@gmail.com Over €1bn spent on accommodation Breis agus €1bn caite ar lóistín d'iarratasóirí tearmainn i 2024. For the first time ever, the state spent over €1bn in 2024 on providing accommodation for applicants for international protection. Den chéad uair riamh, chaith an stát breis agus €1bn i 2024 ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. New figures, provided by the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth, Norma Foley, show that on average, the state spends €2.75m per day on accommodation for people applying for international protection. Léiríonn figiúirí nua, atá curtha ar fáil ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Norma Foley, gur ar an meán, go gcaitheann an stát €2.75m in aghaidh an lae ar lóistín do dhaoine atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta. The figures were provided to Aontu leader, Peadar Tóibín. Cuireadh na figiúirí ar fáil do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín. They show that €1.005bn euros was spent last year on applicants for international protection. Léiríonn siad gur caitheadh €1.005bn euro anuraidh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. This represents a 54% increase in the amount of money spent on them in 2023. Is ionann sin agus ardú 54 faoin gcéad ar an méid airgid a caitheadh orthu in 2023. The state has spent €2.5bn on providing accommodation for applicants since 2019. €2.5bn atá caite ag an stát ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ón mbliain 2019. Minister Foley indicated that on average the state spent €84 per day on each applicant for international protection during 2024. Thug an tAire Foley le fios gur ar an meán gur chaith an stát €84 in aghaidh an lae ar gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i rith 2024. This represents a 9% increase on the €76.80 spent on each applicant per day during 2023. Is ionann sin agus ardú 9 faoin gcéad ar an €76.80 a caitheadh ar gach iarratasóir in aghaidh an lae le linn 2023. Included in this expenditure are accommodation costs, facilities management and other costs. San áireamh sa chaiteachas sin, tá costais lóistín, bainistiú áiseanna agus costais eile. The largest proportion of international protection applicants currently staying in state-provided accommodation are of Nigerian origin, according to the latest figures provided by IPAS, the agency responsible for providing accommodation for asylum seekers. Is de bhunadh na Nigéire iad an sciar is mó de na hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta atá ag fanacht i lóistín atá curtha ar fáil ag an stát i láthair na huaire, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag IPAS, an áisíneacht atá freagrach as lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí tearmainn. There are currently 6,914 Nigerians in the system. 6,914 Nigéarach atá sa chóras i láthair na huaire. There are 3,072 Georgians, 2,733 Algerians, 2,388 Somalis, 2,209 Zimbabweans, 2,157 Jordanians, 1,715 Afghans, 1,656 Pakistanis, 1,373 Bangladeshis and 1,249 South Africans. Tá 3,072 Seoirseach ann, 2,733 Ailgéarach, 2,388 Somálach, 2,209 ón tSiombáib, 2,157 Iordánach, 1,715 Afganastánach, 1,656 ón bPacastáin, 1,373 ón mBlanglaidéis agus 1,249 ón Afraic Theas. There are 694 from the Occupied Territories in Palestine. 694 atá ann ó na Críocha Gafa sa Phailistín. South Africa, Algeria and Georgia are currently classified as safe countries. Tá an Afraic Theas, an Ailgéir agus an tSeoirsia rangaithe ina dtíortha sabháilte i láthair na huaire.

    20250209_IRISH__iosrael_tarraingte_siar_o_bhothar_a_scoilt_gaza_ina_dha_chuid

    Play Episode Listen Later Feb 9, 2025 7:29


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xnqc5yp Contact: irishlingos@gmail.com Israel has withdrawn from a road that split Gaza in two. Iosrael tarraingte siar ó bhóthar a scoilt Gaza ina dhá chuid. The Israeli army has withdrawn its soldiers from a road that was cutting the Gaza Strip in two, a Hamas official says. Tá a gcuid saighdiúirí tarraingthe siar ag arm Iosrael ó bhealach a bhí ag gearradh stráice Gaza ina dhá chuid, a deir oifigeach de chuid Hamas. According to a senior Hamas spokesman, the Israeli army was to have withdrawn from the Netzarim area according to the terms of the agreement reached on January 19. De réir urlabhraí sinsearach Hamas, bhí arm Iosrael le bheith imithe as ceantar Netzarim de réir dhálaí an chomhaontaithe a rinneadh ar an 19 Eanáir. A spokesman for the Hamas-led interior ministry said that "Israeli forces have dismantled their military bases and completely withdrawn all their soldiers from the Netzarim Corridor on the Salaheddin road, allowing vehicles to travel unhindered in both directions." Dúirt urlabhraí ón roinn gnóthaí baile atá faoi cheannas Hamas go bhfuil "Tá a gcuid bunáiteanna míleata bainte as a chéile ag fórsaí Iosrael agus a gcuid saighdiúirí uilig tarraingthe siar go hiomlán ó Chonair Netzarim ar bhóthar Salaheddin, rud a fhágann go bhfuil ar chumas feithiclí taisteal gan bhac sa dá threo." All access points between the north and south of the strip are in the Netzarim area. Is i gceantar Netzarim atá na pointí rochtana go léir idir tuaisceart agus deisceart an stráice. A journalist from the AFP (Agence France Presse) news agency in the Netzarim area reported that there were no Israeli soldiers in the area this morning. Thuairiscigh iriseoir ón áisíneachta nuachta AFP (Agence France Presse) atá i gceantar Netzarim, nach raibh saighdiúirí ar bith de chuid Iosrael sa cheantar ar maidin. Journalists saw cars, buses, trucks and donkey carts traveling along the Salaheddin road across the Netzarim Corridor where the Israeli army previously had a checkpoint. Chonaic iriseoirí carranna, busanna, trucail agus carranna asail ag taisteal bhóthar Salaheddin trasna Chonair Netzarim áit a mbíodh seicphointe ag arm Iosrael go dtí seo. An Israeli security official, who did not wish to be named, said they were "preparing to implement the ceasefire arrangement in accordance with the guidelines of the political leadership." Dúirt oifigeach slándála de chuid Iosrael, nár mhian leis go n-ainmeofaí é, go raibh siad "ag réiteach chun an socrú sosa cogaidh a chur i bhfeidhm de réir threoirlínte na ceannasaíochta polaitiúla."

    20250204_IRISH__taraifi_gearrtha_ag_meiricea_ar_an_tsin_agus_a_mhalairt_go_cruinn

    Play Episode Listen Later Feb 4, 2025 10:32


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28z2yqpc Contact: irishlingos@gmail.com America has imposed tariffs on China and vice versa. Taraifí gearrtha ag Meiriceá ar an tSín agus a mhalairt go cruinn. China has slapped tariffs on US goods in retaliation after US President Donald Trump imposed an additional 10% tariff on Chinese goods. Tá taraifí gearrtha ag an tSín ar earraí ó na Stáit Aontaithe mar bhuille ar an mbuille tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí breise de 10 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ón tSín. Donald Trump claims the tariffs are a punishment for the illegal drugs he says are being brought into the United States from China, particularly fentanyl. Maíonn Donald Trump gur pionós atá sna taraifí as na drugaí mídhleathacha a deir sé a thugtar isteach sna Stáit Aontaithe ón tSín, go háirithe feantainil. The measure was not received with goodwill and as soon as the Americans implemented the tariffs at midnight last night, the Chinese announced that they would impose a 15% duty on coal and liquefied natural gas from the United States and a 10% duty on crude oil, farm equipment and some vehicles from that country. Ní i bpáirt mhaitheasa a glacadh leis an mbeart agus a thúisce a chuir na Meiriceánaigh na taraifí i bhfeidhm ag an meán oíche aréir, d'fhógair na Sínigh go ngearrfaidís féin dleacht de 15 faoin gcéad ar ghual agus ar ghás nádúrtha leachtaithe ó na Stáit Aontaithe agus dleacht de 10 faoin gcéad ar amhola, ar threalamh feirme agus ar roinnt feithiclí ón tír sin. Those Chinese tariffs will come into effect next Monday. Tiocfaidh feidhm le taraifí sin na Síneach Dé Luain seo chugainn. In addition to the tariffs, the Chinese government announced that it was to launch an official investigation into the alleged online monopoly of Google, which is owned by the American company Alphabet. Chomh maith leis na taraifí, d'fhógair Rialtas na Síne go raibh siad le fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoin monaplacht ar líne a deirtear atá ag Google, ar leis an gcomhlacht Meiriceánach Alphabet é. It was also announced that restrictions were to be placed on the future export of certain minerals from China, such as tungsten, tellurium, molybdenum, bismuth and indium. Fógraíodh freisin go rabhthas le srianta a chur le mianraí áirithe a easpórtáil ón tSín feasta, mar atá, tungstan, teallúiriam, molaibdéineam, biosmat agus indiam. These minerals are rare but are being exploited to develop clean energy. Tá na mianraí sin tearc ach táthar taobh leo chun fuinneamh glan a fhorbairt. Yesterday, Donald Trump announced that the 25% tariffs he was to impose on Mexico and Canada from today had been postponed for another month. Inné, d'fhógair Donald Trump go raibh na taraifí de 25 faoin gcéad a bhí le gearradh aige ó inniu ar Mheicsiceo agus ar Cheanada, go raibh siad curtha ar athló aige go ceann míosa. It was reported that he and the leaders of those two other countries reached an agreement on issues related to the borders between them. Tuairiscíodh gur tháinig sé féin agus ceannairí an dá thír eile sin ar chomhaontú faoi cheisteanna a bhaineann leis na teorainneacha eatarthu. It is reported today that Donald Trump and Chinese President Xi Jinping are to speak later this week. Tuairisicítear inniu go bhfuil Donald Trump agus Uachtaran na Síne Xi Jinping le labhairt le chéile níos deireanaí an tseachtain seo. RTÉ News and Current Affairs Cargo ship loading at the Port of Los Angeles Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Lastlong á luchtú i gcalafort Los Angeles

    20250202_IRISH__45,000_fos_ag_fanacht_leis_an_gcumhacht_aibhleise

    Play Episode Listen Later Feb 2, 2025 4:49


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lr62n5 Contact: irishlingos@gmail.com 45,000 still waiting for electricity. 45,000 fós ag fanacht leis an gcumhacht aibhléise. The Electricity Supply Board says that only up to 45,000 customers are now left to be reconnected to its network following storm Éowyn. Deir Bord Soláthar an leictreachais nach bhfuil fágtha anois le ceangal ar ais ar a ghréasán i ndiaidh na stoirme Éowyn ach suas le 45,000 custaiméar. He indicated that electrical power has now been restored to up to 723,000 households, farms and businesses. Thug sé le fios go bhfuil an chumhacht aibhléise curtha ina ceart in athuair do suas 723,000 anois idir theaghlaigh,fheirmeacha agus ghnólachtaí. He also says he is doing his best to restore power to the remaining areas that have now been without electricity for over a week. Deir sé freisin go bhfuil sé ar a dhícheall ag iarraidh an chuid eile atá fágtha anois gan leictreachas le breis is seachtain a chur ina gceart. 'Engineers from Britain and other European Union countries are supporting the effort,' he says. 'Tá innealtóirí on Bhreatain agus tíortha eile ón Aontas Eorpach ag tacú leis an iarracht' a deir sé. It is reported that up to 3,000 customers in Northern Ireland are still without electricity since the storm hit the island a week ago last Friday. Tuairiscítear go bhfuil suas le 3,000 custaiméar i dTuaisceart Éireann d'uireasa na cumhachta aibhléise go fóill ó thug an stoirm ropadh faoin oileán seachtain ó Dé hAoine seo caite.

    20250130_IRISH__108,000_aitreabh_gan_cumhacht_leictreach_i_gconai

    Play Episode Listen Later Jan 30, 2025 7:53


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2c5qlenn Contact: irishlingos@gmail.com 108,000 properties still without electrical power. 108,000 áitreabh gan cumhacht leictreach i gcónaí. Around 108,000 homes are still without electricity, almost a week after Storm Éowyn, a powerful windstorm that caused devastation in many places, especially in the west and northwest, blew through. Áirítear thart ar 108,000 áitreabh a bheith gan cumhacht leictreach i gcónaí, beagnach seachtain ó shéid Stoirm Éowyn, ollanfa gaoithe a rinne scrios in áiteanna go leor, go háirithe san iarthar agus san iarthuaisceart. A total of 768,000 properties were left without power immediately after the storm last Friday morning but it is now restored to 80% of them, says the Electricity Supply Board. 768,000 áitreabh san iomlán a bhí fágtha gan chumhacht díreach i ndiaidh na stoirme ar maidin Dé hAoine seo caite ach tá sé ar ais anois ag 80 faoin gcéad díobh, a deir Bord Soáthair an Leictreachais. Insurance companies have announced that they have made additional staff available to take telephone calls from affected people and process their claims for compensation live. Tá sé tugtha le fios ag comhlachtaí árachais go bhfuil foireann bhreise curtha ar fáil acu le glacadh le glaonna teileafóin ó dhaoine atá thíos leis agus lena n-éilimh ar chúiteamh a phróiseáil go beo. Storms are covered by insurance according to normal practice, and there is no need for concern from that perspective, said a spokesperson for the insurance companies. Tá stoirmeacha faoi chumhdach árachais de réir gnáthnóis agus cleachtaidh, agus ní call ar bith le himní ón taobh sin de, a dúirt urlabhraí na gcomhlachtaí árachais. The spokesperson also said that alternative accommodation can be provided for people whose homes were severely damaged by the storm. Dúirt an t-urlabhraí freisin gur féidir malairt lóistín a chur ar fáil do dhaoine a ndearna an stoirm damáiste mór dá dtithe. The Gardaí have warned the public about unscrupulous people who could prey on them in times of need, particularly people posing as tradesmen. Tá fainic curtha ag na Gardaí ar an bpobal faoi dhaoine gan scrupall a d'fhéadfadh i dtír orthu in am an ghátair, go háirithe daoine a ligeann orthu féin gur ceardaithe iad. People whose homes are in dire need of repair are advised not to let strangers rush them into the business or give them money in advance. Daoine a bhfuil bail de dhíth go dóite ar a dtithe, comhairlítear dóibh gan ligean do strainséirí iad a dheifriú chuig an ngnó ná airgead a thabhairt dóibh roimh ré. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250129_IRISH__tus_curtha_le_fiosruchan_poibli_faoi_bhuamail_na_homai

    Play Episode Listen Later Jan 29, 2025 14:33


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cstbau Contact: irishlingos@gmail.com A public inquiry has been launched into the Omagh bombing. Tús curtha le fiosrúchán poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí. A public inquiry into the murder of 29 people, including a woman who was expecting twins, in the Omagh bombing in Co. Tyrone in 1998 began this morning. Cuireadh tús ar maidin inniu le fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, i mbuamáil na hÓmaí i gCo Thír Eoghain i 1998. 29 people were killed and 220 others injured when a car bomb left by the Real IRA exploded in the centre of Omagh on the evening of Saturday 15 August 1998. Maraíodh an 29 agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fághta ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998. The public inquiry was established to determine whether there was an opportunity to prevent the massacre in advance. Bunaíodh an fiosrúchán poiblí lena fháil amach an raibh deis ann roimh ré an sléacht a chosc. In 2021, a judge at the High Court in Belfast said that it was highly likely that the security services could have prevented the bombing if they had acted properly in advance. In 2021, dúirt breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála an bhuamáil a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré. Judge Mark Horner said the security services had important information about the activities of the Real IRA on both sides of the border before the attack. Dúirt an Breitheamh Mark Horner go raibh eolas tábhachtach ag na seirbhísí slándála faoi ghníomhaíochtaí an Fhíor-IRA ar dhá thaobh na teorann roimh an ionsaí. It is known that police intelligence in the North received a telephone call eleven days before the massacre from an unknown person claiming that there would be a bombing attack in Omagh on August 15th. Tá a fhios go bhfuair lucht faisnéise na bpóilíní sa Tuaisceart glao teileafóin aon lá dhéag roimh an sléacht ó dhuine anaithnid a mhaígh go mbeadh ionsaí buamála san Ómaigh ar an 15 Lúnasa. That person did not provide any information about when or where exactly the attack would occur. Níor thug an duine sin aon eolas faoi cén t-am ná cén áit go baileach a dtarlódh an t-ionsaí. However, intelligence sources did not forward any information to the local police in Omagh. Níor chuir lucht faisnéise aon eolas ar aghaidh chuig na póilíní áitiúla san Ómaigh, áfach. The public inquiry is taking place at the Sruthla Arts Centre in Omagh and is chaired by former senior civil servant Andrew Turnbull. Is in Ionad Ealaíon na Sruthla san Ómaigh atá an fiosrúchán poiblí ar siúl agus is é an t-iar- státseirbhíseach sinsearach Andrew Turnbull an cathaoirleach. To begin with, the relatives of the deceased are giving a personal account, one by one, of the lives of each of the 29. Mar thús, tá cuntas pearsanta á thabhairt ó inniu ag gaolta na marbh, ina nduine agus ina nduine, ar shaol gach duine den 29. They are also giving an account of how the killing affected them. Tá cuntas á thabhairt acu freisin ar an gcaoi a ndeachaigh an marú i gcion orthu. That part of the investigation is expected to last two weeks. Ceaptar go mairfidh an chuid sin den fhiosrúchán coicís. The people who were injured in the bombing will later give an account of what happened to them that day and since. Na daoine a gortaíodh sa bhuamáil, tabharfaidh siadsan cuntas ina dhiaidh sin ar ar bhain dóibh féin an lá úd agus ó shin. Emergency workers who went to the scene of the horror will later tell their own story again. Oibrithe éigeandála a chuaigh chuig láthair an uafáis, inseoidh siad a scéal féin ina dhiaidh sin arís. All statements are being livestreamed online. Tá na ráitis ar fad á mbeoshruthú ar líne. It is currently estimated that evidence will not be presented to the inquiry until early s...

    20250128_IRISH__245,000_aitreabh_ar_fud_na_tire_gan_cumhacht_leictreach_i_gconai

    Play Episode Listen Later Jan 28, 2025 15:02


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25z5qam6 Contact: irishlingos@gmail.com 245,000 homes across the country remain without electrical power. 245,000 áitreabh ar fud na tíre gan cumhacht leictreach i gcónaí. Around 180,000 properties in the State are still without electrical power following Storm Éowyn which caused extensive damage across the country last Friday. Tá thart ar 180,000 áitreabh sa Stát fós gan cumhacht leictreach i ndiaidh Stoirm Éowyn a rinne díobháil mhór ar fud na tíre Dé hAoine seo caite. Cavan, Monaghan, Westmeath, Longford, Roscommon, Clare, Galway, Silesia and Donegal are the areas that continue to suffer the most, according to the Electricity Supply Board. An Cabhán, Muineachán, an Iarmhí, an Longfort, Ros Comáin, an Clár, Gaillimh, Silgeach agus Dún na nGall, sin iad na ceantair is mó atá thíos leis i gcónaí, dar le Bord Soláthair an Leictreachais. The company estimates that power will be restored in many of these areas by next Friday, but they say that other areas will remain without it for some time to come. Measann an comhlacht go mbeidh an chumacht ar ais i gcuid mhór de na háiteanna sin faoin Aoine seo chugainn ach deir siad go mbeidh áiteanna eile fágtha dá huireasa go ceann tamaill eile. It is estimated that 65,000 homes in the North are still without electrical power. Meastar go bhfuil 65,000 áitreabh sa Tuaisceart fós gan cumhacht leictreach. The fact that the Electricity Supply Board has asked electricity companies abroad to come to their aid is a testament to the great work that still needs to be done. Léiriú ann féin ar an obair mhór atá le déanamh fós is ea gur iarr Bord Soláthair an Leictreachais ar chomhlachtaí leictreachais thar lear teacht i gcabhair orthu. Teams from Austria and Finland have arrived in Ireland today to assist technicians in restoring power. Tá meithleacha ón Ostair agus ón bhFionlainn tagtha go hÉirinn inniu le cuidiú le teicneoirí abhus an chumhacht a thabhairt ar ais. More teams will be arriving from France and the Netherlands in the next few days. Beidh tuilleadh meithleacha ag teacht ón bhFrainc agus ón Ísiltír as seo go ceann cúpla lá. In addition to electrical power, approximately 74,000 households are still without water supply. Chomh maith le cumhacht leictreach, tá thart ar 74,000 áitreabh gan soláthar uisce i gcónaí. To make matters worse, Irish Water says that another 70,000 properties could soon lose their water supply. Mar bharr ar an donas, deir Uisce Éireann go m'fhéidir go gcaillfeadh 70,000 áitreabh eile fós a soláthar uisce siúd go gairid. These are homes, the company says, that receive water from reservoirs that are gradually drying up because they have not had electrical power since last Friday. Áitribh iad sin, a deir an comhlacht, a fhaigheann uisce ó thaiscumair atá ag dísciú de réir a chéile mar nach bhfuil cumhacht leictreach acu ón Aoine seo caite. The Government has established emergency hubs in sixteen counties across the State to provide relief to people whose needs are not being met following the storm. Tá moil éigeandála bunaithe ag an Rialtas i sé chontae dhéag ar fud an Stáit le fóirithint a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil riar a riachtanais acu tar éis na stoirme. Hot meals, broadband services and laundry facilities are being provided in the various centres. Leithéidí béilí te, seirbhísí leathanbhanda agus áiseanna níocháin atá á gcur ar fáil sna hionaid éagsúla. Cavan, Monaghan, Westmeath, Meath, Longford, Leitrim, Roscommon, Cork, Limerick, Galway, Sligo, Donegal, Laois, Offaly, Wicklow and Wexford are the counties in which the emergency hubs are based. An Cabhán, Muineachán, an Iarmhí, an Mhí, an Longfort, Liatroim, Ros Comáin, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Sligeach, Dún na nGall, Laois, Uíbh Fhailí, Cill Mhantáin agus Loch Garman, sin iad na contaetha a bhfuil na moil éigeandála bunaithe iontu.

    20250127_IRISH__fadhbanna_airithe_fos_le_seirbhisi_iarnroid

    Play Episode Listen Later Jan 27, 2025 3:47


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/227damnf Contact: irishlingos@gmail.com Some problems still exist with rail services. Fadhbanna áirithe fós le seirbhísí iarnróid. 'Many trains are now operating around the country following the storm' says Iarnród Éireann. 'Tá cuid mhaith de na traenacha ag feidhmiú mórthimpeall na tíre anois i ndiaidh na stoirme' a deir Iarnród Éireann. 'However, there is always a delay,' the company says. 'Tá an mhoill ann i gcónaí áfach' a deir an comhlacht. In addition, there will be no service to or from Galway, Westport and Belfast stations until tomorrow. Ina theannta sin ní bheidh aon seirbhís isteach ná amach as stáisiúin na Gaillimhe,Chathair na Mart agus Bhéal Feirste go dtí amárach. Trees have fallen on the train tracks on which the DART operates in the east and services have been significantly delayed in Malahide and Ballinrobe in Dublin in particular. Tá crainn titithe ar an ráille traenach ar a bhfeidhmíonn an DART san oirthear agus seirbhísí moillithe go suntasach i Mullach Íde agus Baile an Bhóthair i mBaile Átha Cliath go háirithe. This also has implications for the service in and out of Rosslare in Wexford. Tá impleachtaí aige seo freisin don tseirbhís isteach agus amach as Ros Láir i Loch Garman.

    20250116_IRISH__6_ainmniuchan_bafta_faighte_ag_kneecap

    Play Episode Listen Later Jan 16, 2025 6:27


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/248e8mkg Contact: irishlingos@gmail.com Kneecap received 6 BAFTA nominations. 6 ainmniúchán BAFTA faighte ag Kneecap. The film Kneecap has received six nominations for the annual BAFTAs (British Academy of Film and Television Film Awards). Tá sé ainmniuchán faighte ag an scannán Kneecap do ghradaim bhliantúla na BAFTAs (British Academy of Film and Television Film Awards). The film, written and directed by Englishman Rich Peppiatt, is the story of the Belfast rap group Kneecap. Scéal an ghrúpa rapcheoil as Béal Feirste Kneecap atá sa scannán arbh é an Sasanach Rich Peppiatt a scríobh agus a stiúraigh. Fine Point Films from Belfast and Wildcard Distribution from Dublin were among the production companies involved in the film. Fine Point Films as Béal Feirste agus Wildcard Distribution as Baile Átha Cliath, bhí siad i measc na gcomhlachtaí léiriúcháin a bhí bainteach leis an scannán. The film was funded by the British Film Institute, Vision Northern Ireland, the Irish Language Broadcasting Fund, Vision Ireland, the Media Commission and TG4. Institiúid Scannán na Breataine, Fís Thuaisceart Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus TG4, is iad a mhaoinigh an scannán. The proposal attracted controversy, however, and various groups in the North and Britain expressed their dissatisfaction that public money had been spent on it. Tharraing an togra conspóid, áfach, agus thug grúpaí éagsúla sa Tuaisceart agus sa Bhreatain le fios go raibh siad míshásta gur caitheadh airgead poiblí air. Much of the group's lyrics and artistic expression are based on provocative IRA propaganda. Tá cuid mhór de liricí agus de léiriú ealaíonta an ghrúpa bunaithe ar bholscaireacht ghríosaitheach an IRA. Irish actress Saoirse Ronan has also been nominated for a BAFTA award for her role in the film The Outrun. Tá an t-aisteoir as Éirinn Saoirse Ronan ainmnithe do dhuais BAFTA freisin as an bpáirt a bhí aici sa scannán The Outrun. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250114_IRISH__iolar_mara_lamhachta,_maraithe_i_gco_na_hiarmhi

    Play Episode Listen Later Jan 14, 2025 6:10


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284ry2pp Contact: irishlingos@gmail.com A white-tailed eagle shot and killed in Co. Westmeath. Iolar Mara lámhachta, maraithe i gCo na hIarmhí. The National Parks and Wildlife Service has confirmed that a White-tailed Eagle, a rare bird of prey, was recently shot and killed in County Westmeath. Tá sé dearbhaithe ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra gur lámhachadh agus gur maraíodh Iolar Mara, éan creiche neamhchoitianta, i gCo na hIarmhí le gairid. It was a female White-tailed Eagle and was about two years old. Iolar Mara baineann a bhí inti agus bhí sí thart ar dhá bhliain d'aois. She was released near the Shannon Estuary in 2022 as part of the White-tailed Eagle Reintroduction Project. Scaoileadh saor í in aice le hInbhear na Sionainne in 2022 mar chuid de Thionscadal Athbhunaithe an Iolair Mhara. Information from the satellite tag fitted to her indicates that she died sometime on December 6th between Ballinafeide and Portnashangan on the east side of Lough Uail in Westmeath. Léiríonn faisnéis ón gclib satailíte a bhí feistithe uirthi gur bhásaigh sí uair éigin ar an 6 Nollaig idir Baile na Feide agus Port na Seangán ar an taobh thoir de Loch Uail san Iarmhí. The information also indicates that the White-tailed Eagle was in that area for a few weeks before it was killed. Léiríonn an fhaisnéis freisin go raibh an tIolar Mara sa cheantar sin ar feadh cúpla seachtain sular maraíodh í. In 2023, she was in North Kerry, Donegal, north Antrim, Fermanagh, Cavan and elsewhere. In 2023, bhí sí i gCiarraí Thuaidh, i nDún na nGall, i dtuaisceart Aontroma, i bhFear Manach, sa Chabhán agus in áiteanna nach iad. The White-tailed Eagle Haliaeetus albicilla is a protected bird and anyone who kills it can be prosecuted. Éan faoi chosaint is ea an tIolar Mara Haliaeetus albicilla agus is féidir an dlí a chur ar aon duine a mharaíonn é. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20250112_IRISH__bean_rialta_as_doire_ar_a_bealach_chun_a_naomhaithe

    Play Episode Listen Later Jan 12, 2025 11:06


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22pvhepq Contact: irishlingos@gmail.com A nun from Derry on her way to sainthood. Bean rialta as Doire ar a bealach chun a naomhaithe. The Catholic Church will today formally recognize a nun from Derry, Sister Clare Crockett, as a candidate for sainthood, at a special ceremony in Madrid. Tabharfaidh an eaglais Chaitliceach aitheantas foirmeálta inniu do bhean rialta as Doire, an tSiúir Clare Crockett, le bheith ina h-iarrthóir le go ndéanfaí naomh di, ag searmanas ar leith i Madrid. Mr Crockett, from the Long Tower in Derry, died in an earthquake in Ecuador in South America on 16 April 2016. Bhásaigh an tSr Crockett as an Túr Fada i nDoire, i gcrith talún in Eacuadór i Meiriceá Theas ar an 16 Aibreán 2016. The school where she was teaching music in Playa Prieta collapsed in the earthquake, when Sister Crockett was trying to get people out of the building. Is amhlaidh a thit an scoil a raibh sí ag múineadh ceoil ann i Playa Prieta sa chrith talún, nuair a bhí an tSiúir Crockett ag iarraidh daoine a thabhairt amach as an fhoirgneamh. The 33-year-old nun from the Brandywell area of Derry had done pastoral work, hospital chaplaincy and missionary work in Spain, the United States and Ecuador. Bhí obair thréadach, séiplíneacht ospidéil agus obair mhisinéireachta déanta sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus in Eacuadór ag an bhean rialta 33 bliain d'aois as ceantar an Brandywell i nDoire. Around 100 of the Sister's relatives and friends are in Madrid today for the ceremony in the Cathedral of Alcalá de Henares at 5.30 a.m. Spanish time. This beatification ceremony is the first step in the process for the young woman to be canonized. Tá thart ar 100 de ghaolta agus chairde na Siúrach i Madrid inniu don searmanas in Ardeaglais Alcalá de Henares ar a a 5.30 am na Spáinne Is é an searmanas beannaitheachta seo an chéad chéim sa phróiseas le go ndéanfaí naomhú ar an bhean óg. The ceremony will be shown at the Brunswick Moviebowl cinema in Derry city this evening - all seats have been sold and it is expected that the additional 170 tickets that were made available will be sold. Beidh an searmanas le feiceáil i bpictiúrlann an Brunswick Moviebowl i gcathair Dhoire tráthnóna - tá na suíocháin uilig díolta agus meastar go ndíolfar an 170 ticéad breise eile a cuireadh ar fáil. Sister Crockett was originally an actress and television presenter before joining the Servant Sisters of Mother Teresa in Spain in 2001. Aisteoir agus láithreoir teilifíse a bhí sa tSiúir Crockett ar tús sula ndeachaidh sí le Siúracha Searbhónta Bhaile na Máthar sa Spáinn i 2001. She had been a nun since the previous year. Bhí sí ina bean rialta ón bhliain roimhe sin. There is usually a 5-year wait after a person's death before the process of sainthood can begin. De ghnáth bíonn fanacht 5 bliana ann i ndiaidh bhás duine sular féidir an próiseas naomhaithe a thosú. The application for canonization is the first step in the process; the title of Servant of God is conferred afterwards. Sé an tiarratas ar chanónú an chéad chéim den phróiseas; bronntar an teideal Searbhónta Dé ina dhiaidh sin. A formal report is submitted to the Congregation for the Causes of Saints and if the application is successful, the person is declared 'venerable' or 'venerable.' The candidate is granted beatification in the third stage and the process is concluded with 'canonization.' Cuirtear tuairisc fhoirmeálta faoi bhráid na Cuallachta Naomhaithe agus má éiríonn leis an iarratas, fógraítear go bhfuil an té sin 'cásach' nó 'urramach.' Bronntar beannaitheacht ar an iarrthóir sa tríú céim agus cuirtear críoch ar an phróiseas le 'naomhainmniú.'

    20250110_IRISH__deichniur_ar_a_laghad_maraithe_i_california

    Play Episode Listen Later Jan 10, 2025 5:17


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ybrajhn Contact: irishlingos@gmail.com At least ten people killed in California. Deichniúr ar a laghad maraithe i California. At least ten people are now reported to have been killed by the wildfires that are spreading wildly in the state of California on the west coast of the United States. Tuairiscítear deichniúr ar a laghad a bheith maraithe anois ag na tinte foraoise atá ag scaipeadh as éadan i stát California ar chósta thiar na Stát Aontaithe. It is assumed that this figure will gradually increase. Glactar leis go méadóidh an figiúir sin de réir a chéile. The city of Los Angeles is severely affected by the fires, which worsened overnight due to the strengthening of the winds. Tá cathair Los Angeles go mór faoi léigear ag na tinte a chuaigh in olcas i gcaitheamh na hoíche de bharr neartú na gaoithe. It is said that there are two different fires there that pose a great danger. Deirtear go bhfuil dhá thine éagsúla ansin a bhfuil contúirt an-mhór ag baint leo. Fire services are saying the weather is not helping them at the moment. Tá seirbhísí dóiteáin ag rá nach aon chúnamh dóibh an aimsir faoi láthair. Up to 10,000 homes and other buildings are estimated to have been completely destroyed. Áirítear suas le 10,000 teach cónaithe agus foirgnimh eile a bheith scriosta go hiomlán. Authorities in the city have ordered up to 180,000 people to abandon their homes. Tá ordú tugtha ag údaráis sa chathair do suas le 180,000 duine a dtithe cónaithe a thréigean. Another big problem now is said to be poaching and a curfew is in place to try to combat it. Fadhb mhór eile ansin anois a deirtear is ea an chreachadóireacht agus tá cuirfiú i bhfeidhm féachaint le dul i ngleic leis.

    20250106_IRISH__na_milte_gan_uisce,_gan_aibhleis_de_bharr_an_tseaca_mhoir

    Play Episode Listen Later Jan 6, 2025 10:37


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29vurjl3 Contact: irishlingos@gmail.com Thousands without water, without electricity due to the severe frost. Na mílte gan uisce, gan aibhléis de bharr an tseaca mhóir. Thousands of people are without electrical power and water supply in various parts of the country due to the severe frost. Tá na mílte daoine gan cumhacht leictreach agus soláthar uisce in áiteanna éagsúla sa tír mar gheall ar an sioc mór. The Electricity Supply Board says that around 40,000 customers are currently without electricity and the company estimates that some of those people will not have power restored for the next few days. Deir Bord Soláthair an Leictreachais gur thart ar 40,000 custaiméir atá gan leictreachas faoi láthair agus measann an comhlacht nach mbeidh an chumhacht ar ais ag roinnt de na daoine sin go ceann cúpla lá eile. Irish Water says around 40,000 customers are without water supply but the company is hopeful that it will be restored to most of them by lunchtime. Deir Uisce Éireann go bhfuil thart ar 40,000 custaiméir gan soláthar uisce ach tá an comhlacht dóchasach go mbeidh sé ar ais ag an gcuid is mó acu faoi am lóin. However, water levels in some reservoirs are currently low, which is causing difficulties for technicians trying to restore supply, Irish Water says. Tá leibhéal an uisce i roinnt taiscumar íseal i láthair na huaire, áfach, agus tá sin ag cothú deacrachtaí do na teicneoirí atá ag féachaint leis an soláthar a thabhairt ar ais, a deir Uisce Éireann. Education Minister Norma Foley says most schools in the country are open but some are closed for safety reasons. Deir an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil an chuid is mó de scoileanna na tíre oscailte ach go bhfuil roinnt acu dúnta ar chúinsí sábháilteachta. Areas in the south of the country are most affected, such as Kerry, Cork, Limerick, Tipperary, Waterford, Carlow and Kilkenny. Áiteanna i ndeisceart na tíre is mó atá thíos leis, mar atá, Ciarraí, Corcaigh, Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge, Ceatharlach agus Cill Chainnigh. In addition to the frost, snow and sleet are affecting people and various services. Chomh maith leis an sioc, tá sneachta agus flichsneachta ag dul i gcion ar dhaoine agus ar sheirbhísí éagsúla. The Health Service Executive says that a number of outpatient appointments have been postponed in Limerick, Ennis and Nenagh due to icy roads in those areas. Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil roinnt coinní othar seachtrach curtha ar athlá i Luimneach, in Inis agus san Aonach de bharr na bóithre sna háiteanna sin a bheith faoi reothalach. Rain, snow, hail and sleet are again promised today and meteorologists say temperatures could drop as low as five degrees below freezing. Tá báisteach, sneachta, clocha sneachta agus flichshneachta geallta arís inniu agus deir na meitéareolaithe go bhféadfadh an teocht titim chomh híseal le cúig chéim faoi bhun an reophointe. Met Éireann has extended the yellow weather warning they had issued by twelve hours. Tá síneadh dhá uair an chloig déag curtha ag Met Éireann leis an bhfógra buí aimsire a bhí eisithe acu. The announcement was due to end at noon this Thursday but that has now been changed to midnight Thursday. Bhí deireadh le teacht leis an bhfógra ag meán lae Déardaoin beag seo ach tá sin athraithe anois go meán oíche Déardaoin. RTÉ News and Current Affairs Carrickpatrick, Co Tipperary Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann

    20250104_IRISH__titim_throm_sneachta_sna_laethanta_ata_amach_romhainn

    Play Episode Listen Later Jan 4, 2025 4:38


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2avkkddy Contact: irishlingos@gmail.com Heavy snowfall in the coming days. Titim throm sneachta sna laethanta atá amach romhainn. The country will see heavy snowfall in the coming days. Feicfidh an tír titim throm sneachta sna laethanta atá amach romhainn. That's what Met Éireann is predicting and a yellow status snow and ice warning has been issued for 6 counties. Sin atá á thuar ag seirbhís Met Éireann agus foláireamh stádas buí sneachta agus leac- oighir eisithe do 6 chontae. According to reports from the National Directorate for Fire and Emergency Management, travel could be quite dangerous in various areas. De réir na dtuairiscí ón Stiúrthóireacht Náisiúnta do Thine agus Bainistíocht Éigeandála d'fhéadfadh cúrsaí taistil a bheith sách contúirteach i gceantair éagsúla. The south of the country is most affected by this severe weather. Is é deisceart na tíre is mó atá luaite leis an aimsir chrua seo. The temperature could be as low as -6 at various times. D'fhéadfadh an teocht a bheith chomh híseal le -6 ag amanna éagsúla. There will be widespread frost and freezing temperatures, and people must walk and drive carefully or the weather will be miserable. Beidh sioc agus reothalach fairsing a deirid, agus ní foláir do dhaoine siúl agus tiomáint go staidéartha nó go mbeidh an choscairt air. It is also recommended to keep an eye on livestock and other animals. Moltar freisin súil a choinneáil ar bheostoc agus ar ainmhithe eile.

    20250101_IRISH__175_duine_maraithe_i_dtubaisti_bothair_sa_stat_in_2024

    Play Episode Listen Later Jan 2, 2025 4:56


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/288k8dyz Contact: irishlingos@gmail.com 175 people killed in road accidents in the State in 2024. 175 duine maraithe i dtubaistí bóthair sa Stát in 2024. 175 people were killed in road accidents in various parts of the State in 2024, compared to 183 the previous year, according to figures released by An Garda Síochána. Maraíodh 175 duine i dtionóiscí bóthair in áiteanna éagsúla ar fud na Stáit in 2024, le hais 183 an bhliain roimhe sin, de réir figiúirí atá eisithe ag an nGarda Síochána. 69 of the people killed were drivers, 35 were car passengers and 38 were pedestrians. Tiománaithe ab ea 69 de na daoine a maraíodh, paisinéirí i ngluaisteáin ab ea 35 díobh agus coisithe ab ea 38 díobh. As with two-wheeled vehicles, seventeen motorcyclists, one motorcycle passenger, eleven cyclists and four people travelling on an electric scooter were killed. Mar le feithiclí dérothacha, maraíodh seacht ngluaisrothaí dhéag, paisinéir gluaisrothair amháin, aon rothaí dhéag agus ceathrar a bhí ag taisteal ar scútar leictreach. 68 people were killed in road accidents in the North in 2024, compared to 71 in 2023. 68 duine a maraíodh i dtionóiscí bóthair sa Tuaisceart in 2024, le hais 71 in 2023. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    20241229_IRISH__an_rialtas_mi-shasta_faoi_chostas_an_jeanie_johnston

    Play Episode Listen Later Dec 29, 2024 22:49


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23l4dn39 Contact: irishlingos@gmail.com The government is unhappy about the cost of the Jeanie Johnston. An rialtas mí-shásta faoi chostas an Jeanie Johnston. RTÉ News and Current Affairs The Government was advised at the beginning of this century that the boat The Jeanie Johnston should be scrapped and no further funding should be provided to the project. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Comhairlíodh don Rialtas ag tús an chéid seo gur cheart fáil réidh leis an bhád An Jeanie Johnston agus gan a thuilleadh maoiniú a dhéanamh ar an tionscnamh. The intention was to build a replica of the famine-era boat and sail it to America and Canada. Bhí sé i gceist macasamhail den bhád ó aimsir an ghorta a thógáil agus seoladh go Meiriceá agus Ceanada inti. The boat would give the people of those countries an insight into their connection to Ireland and the underworld. Thabharfadh an bád léargas do phobal na dtíortha sin ar an cheangal a bhí acu le hÉirinn agus leis an drochshaol. The project also had an all-Ireland dimension and it was envisaged that young people from Unionist and Nationalist backgrounds would have the opportunity to train on it when the boat was being built. Bhí toise uile Éireann ag baint leis an togra fosta agus samhlaíodh go bhfaigheadh daoine óga ó chúlra Aontachtach agus Náisiúnach deis traenála uirthi nuair a bheadh an bád á thógáil. But by the beginning of 2002 the project was facing major difficulties. Ach fá thús na bliana 2002 bhí deacrachtaí móra ag an tionscnamh. The underlying company was insolvent and there were cases pending in the High Court against it. Bhí an comhlacht a bhí ina bhun dócmhainneach agus bhí cásanna ar siúl san Ard-Chúirt ina éadan. There were concerns that the company would have to shut down and dispose of the vessel. Bhíothas buartha go mbeadh ar an chomhlacht dúnadh síos agus go mbeadh orthu fáil réidh leis an árthach. The Minister for the Marine and Natural Resources, Frank Fahey, established a focus group to investigate the matter and their conclusions can be read in an Aide Memoire prepared by the Minister for a Government meeting on the subject. Bhunaigh Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Frank Fahey, grúpa fócais chun an scéal a fhiosrú agus tá a gcuid conclúidí siúd le léamh in Aide Memoire a d'ullmhaigh an tAire do chruinniú Rialtais ar an ábhar. That document is now available in the National Archives as a result of the rule that forces the State to release documents relating to Anglo-Irish relations after twenty years. Tá an cháipéis sin ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta mar thoradh na rialach a chuireann iachall ar an Stát cáipéisí a bhaineann leis an chaidreamh Angla- Éireannach a scaoileadh tar éis fiche bliain. The Minister said in the Aide Memoire that the initiative had problems from the beginning. Dúirt an tAire san Aide Memoire go raibh fadhbanna ag an tionscnamh ón tús. The company that was contracted failed to meet their deadlines and the budget that was set for them. Theip ar an chomhlacht a bhí plé leis cloí lena gcuid spriocamanna agus leis an bhuiséad a bhí leagtha amach dóibh. The estimated cost had increased significantly from €3.8m to €14.4m - an increase of 377%. Bhí an costas measta ardaithe go mór ó €3.8m go €14.4m - ardú ionann is 377 faoin gcéad . The boat was supposed to sail to America in 2001 but it wasn't finished on time. Bhí an bád in ainm a bheith ag seoladh go Meiriceá i 2001 ach ní raibh sí críochnaithe in am. The focus group set up by the Minister did not put a dent in it in the report they gave him. Níor chuir an grúpa fócais a bhunaigh an tAire fiacal ann sa tuairisc a thug siad dó. They said the initiative had shortcomings from the beginning. Dúirt siad go raibh easnaimh sa tionscnamh ón tús. They outlined three options for Minister Fahey: 1. Not to provide any additional funding for the pr...

    20241227_IRISH__eolas_nua_faoi_thaisi_wb_yeats_ar_fail_i_gcaipeisi_an_stait

    Play Episode Listen Later Dec 27, 2024 34:45


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2d52u8pp Contact: irishlingos@gmail.com New information about WB Yeats' remains available in State documents. Eolas nua faoi thaisí WB Yeats ar fáil i gcáipéisí an Stáit. RTÉ News and Current Affairs The Department of Foreign Affairs decided to suppress information given to them in the late seventies about the remains of the poet WB Yeats. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Chinn an Roinn Gnóthaí Eachtracha eolas a tugadh dóibh ag deireadh na seachtóidí faoi thaisí an fhile W B Yeats a chur faoi chois. In fact, the Department thought that a member of the famous Gluckstein family in London was blackmailing the State when he claimed to have evidence that the bones were not WB's. Go deimhin, shíl an Roinn go raibh ball de theaghlach cáiliúil Gluckstein i Londain ag déanamh dúmhál ar an Stát nuair a mhaígh sé go raibh fianaise aige nárbh iad cnámha W.B. Yeats was buried in Sligo. Yeats a bhí curtha i Sligeach. It emerged 10 years ago in French State documents that the remains buried in the cemetery in Drumcliabh in Sligo are unlikely to be those of WB Yeats. Tháinig sé chun solais 10 mbliana ó shin i gcáipéisí Stáit de chuid na Fraince nach dócha gur taisí W B Yeats atá curtha sa reilig i nDroim Chliabh i Sligeach. The poet died in Roquebrune, France, in 1939 and was buried in a pauper's grave. Cailleadh an file i Roquebrune na Fraince sa bhliain 1939 agus cuireadh é in uaigh bhochtáin. A grand ceremony was held in Ireland in 1948 when a naval ship brought his remains back to his homeland. Reáchtáladh searmanas mór in Éirinn in 1948 nuair a thug long cabhlaigh a chuid taisí ar ais go dtí a thír dhúchais. He was buried in Drumcliabh in County Sligo with great pomp and ceremony. Cuireadh é i nDroim Chliabh i gContae Shligigh le mustar is mórdháil. But Yeats' remains were so mixed with many others in the morgue that there was no way to distinguish them from other people buried there. Ach b'amhlaidh go raibh taisí Yeats measctha le go leor eile sa mharbhlann agus nach raibh aon dóigh go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir iad agus daoine eile a bhí curtha ann. The pauper's grave had a five-year lease and was exhumed in 1946 and the poet's bones were interred with those of many others. Bhí léas cúig bliana ar uaigh an bhochtáin agus dí-adhlacadh é i 1946 agus cuireadh cnámha an fhile isteach le cnámha go leor daoine eile. Therefore, it is unlikely that the collection of bones sent back to Ireland belonged to Yeats at all. Mar sin, ní dócha gur le Yeats an cnuasach cnámha a seoladh ar ais go hÉirinn in aon chor. A Department of Foreign Affairs file now available in the National Archives due to the 30 Year Rule, provides fresh insight into the controversy. Tugann comhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta de bharr na Rialach 30 Bliain, léargas úr ar an chonspóid. On June 29, 1978, the Irish Ambassador to Britain submitted a confidential report to the Department on the matter. An 29 Meitheamh, 1978 chuir Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine tuairisc rúnda faoi bhráid na Roinne faoin scéal. A member of the Gluckstein family contacted Ambassador Paul Keating with updated information about the situation. Chuaigh ball de theaghlach Gluckstein i dteagmháil leis an ambasadóir Paul Keating le heolas úr faoin scéal. Aunt R. was Bhí aintín R. J. J. Gluckstein (Ms Gluck) was very close to Edith Heald, a close friend of Yeats. Gluckstein (Ms Gluck) an-mhór le Edith Heald, dlúthchara de chuid Yeats. Heald had documents in his possession relating to Yeats' burial and these were left in Ms Gluck's will. Bhí doiciméid i seilbh Heald a bhain le hadhlacadh Yeats agus fágadh iad sin le huacht ag Ms Gluck. Gluckstein handed copies of these letters to the Ambassador. Thug Gluckstein cóipeanna de na litreacha seo ar lámh don Ambasadóir.

    20241226_IRISH__leanai_tinne_as_gaza_in_eirinn_le_coireail_leighis_a_chur_orthu

    Play Episode Listen Later Dec 26, 2024 7:52


    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28he7koz Contact: irishlingos@gmail.com Sick children from Gaza in Ireland for medical treatment. Leanaí tinne as Gaza in Éirinn le cóireáil leighis a chur orthu. Health Minister Stephen Donnelly has confirmed that eight sick children have arrived in Ireland from Gaza for treatment in hospitals in this country. Tá sé dearbhaithe ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil ochtar páistí tinne tagtha go hÉirinn as Gaza le cóir leighis a chur orthu in ospidéil sa tír seo. Ireland is one of ten countries that has accepted a request from the World Health Organization to come to the aid of children from Gaza suffering from cancer, blood disorders or other serious illnesses. Tá Éire ar cheann de dheich dtír a ghlac le hiarratas ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte teacht i gcabhair ar leanaí as Gaza a bhfuil ailse, aicíd fola nó galar tromchúiseach eile orthu. Around 30 sick children are due to arrive in Ireland from Gaza in the next few months and the first eight were welcomed as they disembarked from a Slovak Government plane at Dublin Airport last night. Tá thart ar 30 leanbh tinn le teacht go Éirinn as Gaza as seo go ceann roinnt míonna agus cuireadh fáilte roimh an gcéad ochtar nuair a tháinig siad amach as eitleán de chuid Rialtas na Slóvaice ag Aerfort Bhaile Átha Cliath aréir. The children were accompanied by caregivers and siblings, and they will live with health workers who have volunteered to provide them with accommodation. In éineacht leis na páistí tháinig cúramóirí agus deartháireacha agus deirfiúracha dóibh, agus cónóidh siadsan le hoibrithe sláinte a dheonaigh lóistín a chur ar fáil dóibh. In light of its implications, the plan has been in preparation for some time by various Government Departments and the Health Service Executive in collaboration with medical professionals and the Irish Red Cross. I bhfianaise a aimpléisí atá sé, tá an plean á réiteach le tamall ag Ranna Rialtais éagsúla agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i gcomhar le lucht leighis agus Cros Dhearg na hÉireann. It is understood that a medical team from Ireland went to Gaza to assess sick children and to obtain further information about their needs from their families or other caregivers. Tuigtear go ndeachaigh foireann leighis as Éirinn go Gaza le measúnú a dhéanamh ar leanaí tinne agus le tuilleadh eolais a fháil faoina gcuid riachtanas óna muintreacha nó ó dhaoine eile a thugann aire dóibh. However, children with orthopedic needs are not currently being considered due to lack of resources. Níl leanaí a bhfuil riachtanais ortaipéideacha acu á gcur san áireamh faoi láthair, áfach, de cheal acmhainne. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

    Claim Learn Irish & other languages with daily podcasts

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel