Seachtain

Follow Seachtain
Share on
Copy link to clipboard

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

Irish Independent


    • Nov 13, 2025 LATEST EPISODE
    • weekdays NEW EPISODES
    • 19m AVG DURATION
    • 135 EPISODES


    Search for episodes from Seachtain with a specific topic:

    Latest episodes from Seachtain

    DJ Carey: Ó ghlóir Pháirc an Chrócaigh go gruaim Mountjoy Prison

    Play Episode Listen Later Nov 13, 2025 24:34


    Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh. Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad. Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear. Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin Foclóir: Feall: Betray Dallamullóg: Decieve I sáinn: In a fix or jam Faoi amhras: Under suspicion Mílaoise: Millenium Flaithiúil: Generous Cothromaíocht: Balance Craobh na hÉireann: All Ireland Championship Lánúin: Couple Iasacht: Borrow or lend Scaradh: Breakup Ailse: cancer Cóir leighis: Medical treatment Tuiscint: Understanding Macánta: Honest See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Cúig chéim i dtreo do Ghaeltacht féin a thógáil

    Play Episode Listen Later Nov 6, 2025 24:58


    Cén chuma a bheadh ar "Ghaeltacht nua" na linne seo, agus cén dóigh a dtosaíodh duine ag tógáil a leithéid? Tá Jake MacSiacais agus Róisín Nic Liam ina gcuid de ‘Lios Loch Lao', grúpa atá ag forbairt tithe agus árasán do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste agus tá Caoimhín Ó Cadhla ina bhall de ‘Lonnaíochtaí Gaeilge Teo' atá ag iarraidh tearmann do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair. Ar Seachtain, téann Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte leis an dá ghrúpa atá ag iarraidh an ollfhís seo a chur i gcrích. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Nuacht Gaeilge ar an BBC in Albain – ach cá bhfuil nuacht Gaeilge an BBC sa Tuaisceart?

    Play Episode Listen Later Oct 30, 2025 22:27


    De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin??? Foclóir: Laigí: Weaknesses Dall: Blind Líne eagarthóireachta: Editorial line Ábhartha: Relevant Aontachtaithe: Unionists Slat tomhais: Measuring stick Sciar: Proportion Fáinne fí: Vicious circle Idirdhealú: Distinction Maígh: Imply Múnla: Model Forlíonadh: Supplement Naimhdeas: Animosity Áiseanna: Resources Ionchur: Input Claonadh: Inclination or bias Cur i bhfriotal: Put into words See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Aighneas an Uachtaráin: Feachtas ag teacht chun deiridh

    Play Episode Listen Later Oct 23, 2025 20:49


    Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins. Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d'oibrigh agus nár oibrigh. ­ Foclóir: Mianta: Wishes Pobalbhreith: Poll Farasbarr: Advantage/Surplus Líomhaintí: Allegations Níos seirbhe: More bitter Goilliúnach: Cutting Cáineadh: Criticise Leas: Benefit Báúil: Sympathetic Feachtas: Campaign Vótaí millte: Spoiled votes Baol: Threat/Danger Is cuma sa tsioc: To not give a damn Easnamh: Inadequacy Abhchóide: Barrister Círéibí: Riots I gcoitinne: In general See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Island life: Na héilimh, na deacrachtaí agus na buntáistí a bhaineann le saol iargúlta

    Play Episode Listen Later Oct 16, 2025 22:09


    Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír. ­ Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de. ­ Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír? ­ Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin ­ Tá an podchraoladh seo maoinithe ag Ciste an Daonlathais Áitiúil. ­ Foclóir: ­ Tréigeadh: Abandoned ­ Bánaigh: To devastate or to abandon ­ In éag: Die out ­ Buan:Permanent ­ Sceirdiúil: Windswept or bleak ­ Creagach: Rocky ­ Go tréan: Strongly ­ Ceann tuí: Thatched roof ­ An mhórthír/an tír mhór: The mainland ­ Fiáin: Wild/untamed ­ Tearmann: Sanctuary ­ Faire ar éin: Birdwatching ­ Bradán: Salmon ­ Portán: Crab ­ Móin: Turf ­ Breosla: Fuel ­ Céibheanna: Quays ­ Glórach: Loud ­ Bád farantóireachta: Ferry ­ Traonach: Corncrake ­ An teach fágtha le huacht: The house bequeathed in a will ­ Uathúil: Unique ­ Aighneas: DisagreementSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Bíonn siúlach scéalach: The life of a travelling storyteller | Aindrias de Staic

    Play Episode Listen Later Oct 9, 2025 23:21


    Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic. Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ar bhóithrín na smaointe muid, labhraíonn sé faoina óige, a chuid fadhbanna leis an ól, agus faoin síocháin atá aimsithe aige anois tar éis an saol a bhí aige a fhágáil ina dhiaidh. Foclóir: Foilsitheoir: Publisher Ádh: Luck Meabhair: Mind Damháin alla: Spiders Lámh in uachtar: Dominate Éirigh as: Quit Seachaint: Avoid Fonn: Melody Cíos: Rent Dátheangach: Bilingual Aithris: Recitation Taifeadtaí: Recordings Scéalaíocht: Storytelling Saothar: Work or writings Léacht: Lecture Clairseach: Harp Seanchas: Folklore Tá Aindrais ag tabhairt faoi chamchuairt lena seó ‘By the light of the slivery moon'. Tá sonraí ar fáil ar an suíomh https://aindrias.com/See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gael ar leith: Slán le Manchán Magan

    Play Episode Listen Later Oct 6, 2025 22:39


    Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d'aois slánaithe aige nuair a d'imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gunnaí, Grá, agus Géarchéim: The kidnapping of Tiede Herrema

    Play Episode Listen Later Oct 2, 2025 24:06


    50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann. Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún. Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin. Ach, d'imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht. Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann. Foclóir: Fuadaigh: Kidnap Léigear: Siege Géill: Yield Níos críonna: More shrewd Tionscol: Industry Gabh: Capture Ar éigean: Scarcely Áibhéil a dhéanamh: To exaggerate Bá: Affinity Báúil: Friendly Ar teitheadh: Fleeing Páirtí: Partner Neamhghnách: Unusual Oilte: Proficient or trained Ficheall: Chess – fi - hill Aigne: Mind Níos boige: Softer Diúl: Suck - dule Eisceachtúil: Exceptional Leannáin: Lovers See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Oideachas trí Ghaeilge: The road to being líofa

    Play Episode Listen Later Sep 28, 2025 16:48


    Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos. I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna. Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta taobh thiar den chlár. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt

    Play Episode Listen Later Sep 26, 2025 12:28


    Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. ­ Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu. ­ Foclóir: Ionchúisitheoir: Prosecutor ­ Máguaird: Environs ­ Cúiseamh: Charge ­ Neamhchiontach: Innocent ­ Cinneadh: Decision ­ Cloí: Abide by ­ Trídhathach: Tricolour ­ Slad: Plunder ­ Míchuí: Inappropriate ­ Cosc: Ban ­ Camchuairt: TourSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Presidential Race or Closed Club? Triúr san iomaíocht, neamhspleáigh fágtha ar lár

    Play Episode Listen Later Sep 24, 2025 22:58


    Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta, spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn san fheachtas go dtí seo. Foclóir: Toghcheantar: Constituency Dul ar scor: Retire Deimhnithe: Confirmed Siar is aniar: Back and forth Comhbhá: Empathy or kinship Iarrthóirí neamhspléacha: Independent candidates Comhairle áitiúla: Local authority Ainmniúchán: Nomination Tairseach: Threshold Rathúil: Successful Luachanna: Values A mhalairt: The opposite Droch-tháithí: Bad experience Ní chuireann sí fiacail ina cuid focail: She doesn't mince her words Maitheas: Good or benefit As an ghnáth: Out of the ordinary Seicteachas: Sectarianism See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeil ar na sráide: Cé a bhí ag éisteacht?

    Play Episode Listen Later Sep 22, 2025 18:16


    Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo? Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming. Foclóir: • Éileamh: Demand • Fiúntas: Merit or value • Aird: Attention • Gríosaigh: Incite • Meastachán: Estimation • A neartú: To strengthen • Feiceáileach: Visible • Cuí: Proper • Feirsteach: Someone from Belfast • Bratach: Flag • Tapaigh: To seize or grasp • Díolúintí: Exemptions • Breatnaise: Welsh • A dhath: Diddly-squat or nothing • Tithe folmha: Vacant homes • Maram: I suppose • Cáinaisnéis: Budget See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Na mílte Gaeilgeoirí take to the streets in protest - Cén fáth?

    Play Episode Listen Later Sep 18, 2025 23:18


    Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach. Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide Foclóir: Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager Reachtaíocht: Legislation Cuí: Proper Scagadh: Sifting through or vetting Ag dul chun sráide: Taking to the streets Bagairt: Threat Ag gníomhú: Taking action Cothromaíocht: Balance A mheá: To weigh up Ag snámh in aghaidh easa: To swim against the current Maoiniú: Funding Lom: Bare or naked Caiteachas: Spending Ar bhonn rialta: On a regular basis Dúbailt Doubling Sprioc: Aim or goal Rochtain: Access Eiseamláir: Role model Uaillmhianach: Ambitious See omnystudio.com/listener for privacy information.

    ‘Rinne mé gach rud eile': Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

    Play Episode Listen Later Sep 10, 2025 15:20


    Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord. Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza. Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine. Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist. Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu. Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain. Foclóir: Eachtra: Incident Cinedhíothú: Genocide Ionsaí: Attack Rogha: Choice An Túinéis: Tunisia Toradh: Result Ag taobhú: Siding with Ceachtanna: Lessons Sonraí: Details Éalú: Escape Siombalachas: Symbolism Daonna: Humane See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it

    Play Episode Listen Later Sep 4, 2025 19:10


    Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil. Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh. Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat de Brún (Head of Big Tech Accountability le Amnesty International) Foclóir: Cearta daonna: Human rights Imscrúdú: Investigation Mífhaisnéis: Misinformation Abhcóideacht: Advocacy Gníomhaíochas: Activism Cos ar bolg: Oppress Brabús: Profit Gealltanais folmha: Empty promises Claontacht: Bias Marfach: Leathal Fianaise: Evidence Cinsireacht: Censorship Ardán: Platform Rialtas Údarásach: Authoritatian Government Cosaintóirí cearta daonna: Human rights defenders Tacú: support Sárú: Infringement or breach of Airdeallach: Alert Cinedhíothú: Genocide Dualgas: Obligation Dearadh: Design See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeilge ón Áras: Should an tUachtarán speak Gaeilge?

    Play Episode Listen Later Aug 28, 2025 20:41


    Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d'imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán? ­ Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan ­ Foclóir: ­ Dlúthnasc: Strong connection ­ Dearbhú: Declaration ­ Abhcóidí: Advocates ­ Uachtaránacht: Presidency ­ Fréamhacha: Roots ­ Dílis: Faithful ­ Achoimre: Summary ­ Ionadaíocht: Representation ­ Corrach: Fraught ­ Teacht sna sála: To come on the heel of ­ Ard-Rúnaí: General Secretary ­ Tiomanta: Driven ­ Cur chun cinn: Promote ­ Activities: Gníomhaíochtaí ­ Le linn: During ­ In general: I gcoitinne ­ An-cheanúil ar: Very fond of ­ Feiceálacht: Visibility ­ Figh: WeaveSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Mo Chara sa chúirt

    Play Episode Listen Later Aug 20, 2025 15:57


    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin. ­ Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith. ­ Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó. ­ Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de. Foclóir: ­ Coir: Crime ­ Scaifte: Group ­ Cinsireacht: Censorship ­ Scuaine: Queue ­ Cúiseamh: Charge/accusation ­ Sceimhlitheoireacht: Terrorism ­ Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation ­ Beag beann: Regardless of ­ Ateagaire: Interpreter ­ Teorainn ama: Time limit ­ Tacaíocht: Support ­ Drogall: Reluctance ­ ­ ­ ­See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like?

    Play Episode Listen Later Aug 18, 2025 23:24


    San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath. Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean. Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaeilge a chontae dúchais. ­ Foclóir: Aiceann – stress ­ Scadán - herring ­ Spéisiúil - interesting ­ Baile an tSléibhe - Ballinclea ­ Baile Amhlaoibh – Balally ­ Conradh – a contract ­ Is dócha - probably ­ Meascán mearaí - mishmash ­ Teangeolaí - linguist ­ Saor in aisce – free of charge ­ Cuimsitheach – comprehensive ­ Éagsúil - differentSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeltacht Bhaile Átha Cliath (cuid a haon): How long did traditional Gaeilge survive in Dublin?

    Play Episode Listen Later Aug 14, 2025 21:14


    Is fada an lá ó bhí ‘Gaeltacht Bhaile Átha Cliath' ann. Mar sin de, is tearc ár gcuid eolas ar an gcineál Gaeilge a bhíodh á labhairt go traidisiúnta gan briseadh ann. Conas a bhí sí mar Ghaeilge? Cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath agus cá huair a bhíodh sí á labhairt? Labhair Ciarán Dunbar le Colm Ó Broin taighdeoir neamhspleách as Baile Átha Cliath. ­ Canúint – dialect ­ Oidhreacht – heritage, tradition ­ Taighde – research ­ Nasc – connection ­ Eachtra – happening ­ Aisteach – strange ­ Spochadh as – mocking ­ Rud a thug le fios – something which evidenced ­ Rud a léiríonn – something which reveals ­ I bhfolach – hidden ­ Déarfainn – I would say ­ Scrúdú – investigation ­ Ar an drochuair – unfortunately ­ D'fhoilsigh sé – he published ­ i dtuilleamaí – depending on ­ Ceannródaí – pioneer ­ Fianaise – evidence ­ Lámhscríbhinní – manuscripts ­ Logainmneacha – placenames ­ Tréithe – chararcteristics ­ Foclaí (focail) – words ­ Blas – accent ­ Neamspleách – independent ­ Go foghrúil – phoneticallySee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Bean an Tí exodus: Rethinking na coláistí samhraidh

    Play Episode Listen Later Aug 7, 2025 18:43


    Tá athmhachnamh le déanamh ar mhúnla na gcoláistí samhraidh chun todhchaí na hearnála a dheimhniú. Le titim shuntasach ar líon na leapacha atá ar fáil do scoláirí, ganntanas mná agus fir tí agus na céadta daltaí fágtha ar liostaí feithimh, tá gníomh radacach de dhíth le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo. Ach, cad é an dóigh is fearr leis na coláistí luachmhara seo a chaomhnú? Agus cad é a tharla le blianta beaga anuas leis an earnáil a chur i mbaol sa chéad dul síos? *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD' isteach.* Foclóir: Iargúlta: Remote Geilleagar: Economy Séasúrach: Seasonal Fostaíocht: Employment Nós: Ritual or habit Os cionn: Over Tumoideachas: Immersive education Neamhspleáchas: Independence Uasmhéid: Maximum Dosaen: Dozen Earnáil: Sector Clochar: Convent Scoil chónaithe: Boarding school Mealladh: Entice Todhchaí: Future Greanta: Engraved Féidearthachtaí: Possibilities I bhfách: In favour of See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Moving Maighdean Mhuire: Mass hysteria nó míorúilt diaga?

    Play Episode Listen Later Jul 31, 2025 20:42


    I rith samhradh na bliana 1985, bhí Éire corraithe leis an bparanormáltacht. Thosaigh dealbha diaganta den Mhaighdean Mhuire ar fud na tíre ag bogadh. Ach cad é a ghríosaigh na heachtraí seo? Cén fáth go raibh an Eaglais míchompordach leis an méid a bhí ag tarlú? Agus an míorúilt a bhí ann i ndáiríre, nó mass hysteria? Ar Seachtain, amharcann Doireann Ní Bhriain siar ar an bhliain inár thosaigh na dealbha ag bogadh. Foclóir: Ag urnaí: Praying Deabhóid: Devotion Foláireamh: Warning Diaga: Sacred Cráifeach: Religious Is iomráití: Most well-known Ar bhinn an tséipéil: On the gable on the church Iniúchadh: Inspection Iontaofa: Trustworthy Tairbhe a bhaint as: To benefit from Oilithreacht: Pilgrimage Míshocair: Unstable Frithghiniúint: Contraception An Mhaighdean Mhuire: Our Lady Clapsholas: Twilight Ag stánadh: Staring Samhlú: Visualisation Easpag: Bishop Díspeag: Belittle Maslach: Degrading Tua: Axe Lámhscríbhinní: Manuscripts Míorúilt: Miracle See omnystudio.com/listener for privacy information.

    An troid ar son Sam: The Gaeltacht's glory days

    Play Episode Listen Later Jul 24, 2025 21:45


    Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day. Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana. Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O'Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis The Wicklow People, siar ar bhlianta órga na bhfathach peile seo. Foclóir: I bhfeighil: In charge Ré órga: Golden era Sean-naimhde: Old enemies Go smior: To the core Craobh: Championship Tréimshe: Period of time Tréaslú: Congratulations Athimirt: replay Dul san iomaíocht: To compete An lámh in uachtar: The upper hand Sár-choimhlint: Super contest Rogha na coitiantachta: The front runner Ní mar a shíltear a bhítear: Things are not as they seem A leithéid: The likes of Neodrach: Neutral Pointe beirithe: Boiling point See omnystudio.com/listener for privacy information.

    ‘Israel' sa Ghaeltacht: Smaointe radacacha Desmond Fennell

    Play Episode Listen Later Jul 17, 2025 21:01


    Ba smaointeoir, scríbhneoir aistí agus fealsamh radacach é Desmond Fennell. Chuaigh a chuid tuairimí i gcoinne an ‘status quo' go minic agus ní raibh eagla ar Fennell riamh snámh in aghaidh easa. Chruthaigh sé meas agus conspóid araon - cibé áit a ndeachaigh sé. Ach, ar chreid sé féin sna smaointe radacacha a bhí aige? Ar Seachtain, labhraíonn Toner Quinn, eagarthóir an leabhar ‘The Radical Thinking of Desmond Fennell', faoin na barúlacha neamhghnácha chuir an tír ag smaoineamh. Foclóir: Snámh in aghaidh easa: Swim against the current Fealsúnaigh: Philosopher Athbheoigh: Revitalise Fostaíocht: Employment Ré ar leith: A distinctive era Dlúthchara: A close friend Athrú struchtúrach: Structural change Feiliúnach: Suitable Clár oibre: Agenda Fréamhacha: Roots Geilleagar: Economy Neamhspleách: Independent Athmachnamh: Rethink Dioscúrsa: Discourse See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Agóidí phobal na Gaeilge: Still fighting na sean-chathanna céanna?

    Play Episode Listen Later Jul 10, 2025 20:36


    I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain? Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt agóidí de chuid Conradh na Gaeilge agus an toradh a lean iad. Foclóir: Éileamh: Demand Maoiniú: Funding Maram: I suppose Mórshiúil: Procession Mianta: Wishes/Desires Féinriail: Autonomy Cumhachtaí: Powers Uaillmhianach: Ambitious Cáipéisí: Documents Ré: Era Gnáthphobal: Ordinary people Go borb: Abruptly or Gruffly Suaitheantas: Emblem Mana: Motto San áireamh: Included Rachmasóirí: A derogatory term for the wealthy Gan fiacail a chur ann: Not to mince one's words Daoine ón iasacht: Outsiders Rathúil: Successful Snáithe: Thread Sean-chathanna: Old battles See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaiscí Mhichíl D san Áras and finding his successor

    Play Episode Listen Later Jul 3, 2025 25:20


    Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige. ­ Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla. ­ Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna amach romhainn, cé a bheadh in ann teacht isteach sna sála air? ­ Ar Seachtain, amharcann an Dr Katie Whelan siar ar an am a chaith Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus tugann sí spléachadh ar na féidearthachtaí atá ann dá chomharba. ­ ­ Foclóir: ­ Éirimiúil: Intelligent ­ Ualach: Weight/burden ­ Beag beann ar: Regardless of ­ Iontaofa: Trustworthy ­ Ionannú: Identification ­ Barántas: warrant ­ Go héagórach: Unjustly ­ Pardún iarbháis: Posthumous pardon ­ Rochtain: Access ­ Faillí: Negligence ­ Níor chuir sé fiacail ina fhocal: He didn't mince his words ­ Cé is moite: Except ­ Go neamhbhalbh: Point- blankly ­ Iar-throdaí: Former fighter ­ Ceap magaidh: Mockery ­ Féidearthachtaí: Possibilities ­ Tugadh bata agus bóthar dó: He was shown the door ­ Ballraíocht: Membership ­ Tost: Silence ­ Dóchúlacht: Probability ­ Urlabhraí: Spokesperson ­ Bunús: Basis ­ Sna sála air: On his heelsSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Cúig ‘media moments' a láidrigh an ghluaiseacht LADTA+ in Éirinn

    Play Episode Listen Later Jun 26, 2025 22:30


    Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d'fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn. Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d'imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre. Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú anois an streachailt a bhí os comhair an phobail aeraigh le comhionannas a bhaint amach. Ar Seachtain, tógann tá an t-údar Naoise Dolan siar muid ar na heachtraí is cinniúnaí sna meáin Éireannacha ó thaobh an phobail aeraigh de. Foclóir: Eisceachtúil Exceptional Aiseolas: Feedback Maitheas: Benefit Ionchur: Input Gluaiseachtaí: Movements Na meáin: Media In ainneoin: Despite Feiceálacht: Visability Crógacht: Bravery Baol: Danger Cosc: Ban Coimeádach: Conservative Riachtanas: Necessity Scaip físeán go rábach: A video went viral Comhionannas: Equality Amharclann na Mainistreach: The Abbey Theatre Aiteach: Queer See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Kneecap: Mo Chara sa chúirt agus legal ‘dream team' leis

    Play Episode Listen Later Jun 18, 2025 17:20


    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu. ­Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. ­D'fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall siad go ndéanfaidís cosaint ar “a gcearta” go fíochmhar. ­Thug siad le fios gur “ionsaí polaitiúil” é seo ón stát Bhriotanach atá dírithe orthusan mar “ealaíontóirí ó phobal faoi chois”. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dúnbarrach cad a thit amach inniu, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de. ­ ­Foclóir: ­ Bratach: Flag ­ Léirigh: To convey or demonstrate ­ Mídhleathach: Illegal ­ Dodhéanta: Impossible ­ Stát sceimhlitheoireachta: Terrorist State ­ Abhcóide: Barrister ­ Neamhchoitianta: Uncommon ­ Achrann: Agro ­ Ionchúisitheoir: Prosecutor ­ Blaiseadh: Flavour ­ Comhghuaillíocht: Alliance ­ In aghaidh an dlí: Against the law ­ Cosantóirí: The defence ­ Mearbhall: Bafflement ­ Comhghleacaí: Colleague ­ Aineolas: Ignorance ­ De réir dealraimh: ApparentlySee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Tréigthe agus folamh: A Gaeltacht housing solution?

    Play Episode Listen Later Jun 12, 2025 20:38


    Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre. ­ Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta? ­ Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr. ­ Foclóir: ­ Tithe folmha: Vacant homes ­ Tréigthe: Abandoned ­ Fadhb ar leith: A particular problem ­ Folláin: Healthy ­ Go sainiúil: Uniquely ­ Suntasach: Considerable ­ Éileamh: Demand ­ Seal: A period of time ­ Go buan: Permanently ­ Deontas: Grant ­ Earcú: Hiring ­ Farsing: Extensive ­ Cónaitheacht: Residency ­ Fo-oifigigh: Junior OfficersSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaelcholáiste nua mar chuid den fhís do cheantar Gaeltachta BÁC

    Play Episode Listen Later Jun 5, 2025 21:03


    Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích. Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé? Cad iad na dushláin atá os comhair meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach, agus, cén fáth nach bhfuil achan duine sásta faoi? Labhraíonn Julian de Spáinn, ón fheachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8 faoin phlean le ceathrú Gaeltachta a chruthú i gcroílár na cathrach. Foclóir: Soláthar: Supply Roinn: Department Éileamh: demand Ilchreidmheach: Multi-faith Liosta feithimh: Waiting list Taighde: Research Gar: Close Tuairimí: Opinions Iarratas: Request Tairiscint: Offer Maíomh: Boast Ailtirí: Architects Teagasc: Teaching Earcaíocht: Recruitment Cumarsáid: Communication Ceathrú: Quarter See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaeltacht Acla faoi bhagairt de bharr na ‘second homes'

    Play Episode Listen Later May 29, 2025 20:11


    Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar. Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh. Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téarmacha do mhuintir na háite ar chósta na hÉireann. Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Acla i gContae Mhaigh Eo faoi chás na Gaeltachta ansin. Foclóir Folamh: Empty Scaipthe amach: Spread out A mheas: Estimate Easpa tithíochta: A lack of housing Cothú: Cultivate Luach: Value Le dul i ngleic leis: To tackle or to address it Bagairt: Threat Tuairimí: Ideas Casta: Complex Muintir: Family or people Taobh Thiar: The west side Cíos: Rent Cothromaíocht: Balance Go buan: Permanently Tá siad ag cur fúthu sa Ghaeltacht: They're living in the Gaeltacht See omnystudio.com/listener for privacy information.

    'Mo Chara' Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act

    Play Episode Listen Later May 22, 2025 15:19


    Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta. Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh. Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe. Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh. Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú” in Gaza. Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Grá, Gníomh agus Gay Rights: 'Bliain i ndiaidh an reifrinn a phósamar'

    Play Episode Listen Later May 22, 2025 23:20


    Cothrom an lá seo deich mbliana ó shín anois chuaigh muintir na hÉireann i mbun vótála i reifreann stairiúil suntasach. Reifreann chun pósadh a leathnú amach d'achan duine – chun go mbeadh an rogha ag daoine duine den inscne chéanna pósadh. Sa deireadh, bhí 62% againn i bhfabhar Bunreacht na hÉireann a athrú. Labhair an Dr John Walsh faoin athrú a tháinig ar an tír ó thréimhse chorrach na nOchtóidí go dtí an lá atá inniu. ­ Foclóir: ­ Aerach: Gay ­ Ní hionann sin: It doesn't mean ­ Díspóireacht: Debate ­ Ginmhilleadh: Abortion ­ Feiceáileacht: Visibility ­ Coiscthe: Banned ­ Cúngaigeanta: Narrow-minded ­ Claonadh gnéis: Sexual orientation ­ Feachtasaíocht: Campaigning ­ Goilleann sé orm: It bothers me ­ Leochaileach: Vulnerable ­ Bagrach: Threatening ­ páirtnéireacht shibhialta: Civil partnership ­ Tháinig sé aniar aduaidh orainn: It took us by surprise ­ Comhionannas: Equality ­ Aischothú: FeedbackSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Conspóid an Carna Bay Hotel: Cad é seasamh mhuintir na háite?

    Play Episode Listen Later May 16, 2025 25:14


    ‘Caith do chuid airgid i do cheantar féin', manna a bhí in úsáid le linn na dianghlasála, aimsir Covid-19. Ach bíonn ceantair iargúlta ag súil le turasóirí chun airgead a tharraingt isteach. I gcás Iorras Aithneach, go dtí cúpla bliain ó shin– bhí na turasóirí seo ag cur in Óstán Chuan Charna, nó an Carna Bay Hotel, mar ab fhearr aithne air. Ach bhí casadh sa scéal - thosaigh cogadh i bhfad ón bhaile san Úcráin sa bhliain 2022 agus glacadh leis an gcinneadh tearmann a chur ar fáil do theifigh a bhí ag éalú ó fhórsaí na Rúise. Trí bliana ar aghaidh – anois tá an t-óstán i mbéal an phobail – ach cén fáth? Le haghaidh an scéal seo a mhíniú agus dearcadh muintir na háite a roinnt linn tá Meadhbh Ní Ghaora.... Foclóir: Ag impigh - implore Dianghlasáil - lockdown Úinéir - owner De réir mo thuairime - according to my opinion Go tráthúil - topical Arna mhárach - the following day Cógaslann - chemist Glan an fírinne - the plain truth Baol - threat Go géar - critically I bponc - stuck Scriosadh - spoiling Díbir - expel Critéar - criteria Brabús - profit Áiseanna - facilities See omnystudio.com/listener for privacy information.

    ‘Raising Gaeilge': Parenting as Gaeilge agus ceachtanna atá foghlamtha

    Play Episode Listen Later May 15, 2025 20:29


    Tá béim láidir ar an dátheangachas na laethanta seo agus pléitear go maith na buntáistí a bhaineann leis. Ach cé chomh deacair is atá sé páiste a thógáil trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá siad timpeallaithe ag an Bhéarla? Cuireann Siún Ní Dhuinn an spotsolas ar na deacrachtaí atá le sárú mar thuismitheoir agus í ag tógáil páiste le Gaeilge agus na ceachtanna atá foghlamtha aici ar an bhealach. Foclóir: Ag streachailt: Struggling A chur in iúl: To express Oiriúnach: Appropriate Modh: Method Ullmhúchán: Preparation Feighlí linbh: Baby-sitter Amscaí: Awkward Constaicí: Hurdles Cinneadh: Decision Scáileán: Screen Cathanna: Battles Foirfe: Perfect Diabhal: Devil Tréimhse: Period of time Slí bheatha: Career Na maidí a ligean le sruth: To take your eye off the ball See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Stair an ‘Far-Right' in Éirinn agus ceist na Gaeilge

    Play Episode Listen Later May 8, 2025 23:35


    Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór cainte ann faoin eite fíordheis. Trasna na hEorpa tá méadú tagtha ar líon na Páirtithe ar an eite fíordheis atá ag dul i mbun cumhachta. Tá na grúpaí seo ag bailiú nirt, ach ní gluaiseacht nua é seo in Éirinn. Amharcann na hiriseóirí Ciarán Dunbar agus John Downing siar ar an faisisteachas i stair na tíre seo. Foclóir: Ábhartha: Relevant An eite fhíordheis: Far-right Faisisteachas: Fascism Daonlathas: Democracy Leasainm: Nickname Círéibeacha: Riots Cine: Race Iomarcach: Excessive Docht daingean: Firm Coimeádach: Conservative Eisceachtúil: Exceptional Féiniúlacht: Identity Leagan: Form Ciníoch: Racist Dornán: Handful See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha?

    Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 21:24


    Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an agóid pholaitiúil é? Agus cad é an tionchar a bheith aige seo ar an bhanna ceoil amach anseo? Labhraíonn an tuairisceoir Róisín Ní Mhaoláin faoi Kneecap agus an chonspóid is déanaí. Foclóir: Conspóid: Controversy Cáineadh: Criticism Tost: Silence Líomhaintí: Allegations Coireacht: Crime Úrlabhraí: Spokesperson Ag béicíl: Shouting Frithsceimhlitheoireacht: Counter-terrorism Cúlghair: Revoke Baol: Jeopardy Lucht leanúna: Fans Fulaingt: Suffering Saoirse cainte: Free speech See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What's hitting the headlines this week?

    Play Episode Listen Later Apr 24, 2025 22:18


    Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírinne: Departed or passed away I lár an aonaigh: In the spotlight Tórramh: Funeral Agóidíocht: Protesting Béim: Emphasis Mí-úsáid: Abuse Íospartaigh: Victims Árasán: Apartment Mianta: Desires See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Women who saved an Ghaeilge : Íte Ní Chionnaith, mná Bhóthar Seoighe, Lolly Yeats, Pádraigín Ní Uallacháin

    Play Episode Listen Later Apr 17, 2025 24:12


    Le os coinn 100 bliana tá saothar nach beag déanta leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bunaíodh Gaelscoileanna, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, gan trácht ar an iliomad rudaí eile ar an liosta mór fada. Ach go minic, déantar dearmad ar na mná a d'imir tionchar nach beag ar na gaiscí seo. Insíonn an leachtóir Katie Whelan dúinn faoi thionchar cheithre bhean cheannródaíocha a d'fhág a lorg féin ar shaol na Gaeilge. ­ Foclóir: Crann taca: Pillar or anchor ­ Soláthar: Provision ­ Seicteach: Sectarianist ­ Gaisce: Achievement ­ Lonnaíocht: Settlement ­ Acmhainní: Resources ­ Cumhacht aibhléise: Electricity ­ Iarmhairt: Consquence ­ Oiliúint: Training ­ An lorg a d'fhág siad: The mark they left ­ Ceardaíocht: Craftwork ­ Cuideachta: Company ­ Fostaíocht: EmploymentSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Trump-chúiseach: Can Ireland handle taraifí an Teach Bán?

    Play Episode Listen Later Apr 9, 2025 18:25


    Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, léachtóir eacnamaíochta agus príomheacnamaí leis an gcomhlacht Davy. Foclóir: Intíre: Domestic Géarghá: Urgent Comhlachtaí cógaisíochta: Pharmaceuticals Easpórtáil: Export Cinnteacht: Certainity Géilleadh: Conceed Rabhadh: Warning Idirbheartaíocht: Negotiation Luach: Value Caiteachas: Spending Geilleagar: Economy Táirgí: Products In ainneoin: Despite Olltáirgeacht intíre: Gross domestic product Brabús: Profit See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Fás Fhéile na Gealaí and why Dublin's féile Ravelóid failed

    Play Episode Listen Later Apr 3, 2025 21:09


    Is earnáil thar a bheith iomaíoch é earnáil na bhféilte agus is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra roimh fhéilte atá níos lú. Tá rudaí ag éirí níos strusmhaire fós do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Cairn na Mí óir le laghdú “60% ar mhaoiniú” agus ar urraíocht na féile. Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail, ball de lucht eagraithe na féile faoin buille trom seo agus amharcann sí siar ar conas a d'fhás Féile na Gealaí as cliseadh an fhéile Ravelóid a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Bliain ar aghaidh: Jeffery Donaldson's shocking fall from grace

    Play Episode Listen Later Mar 27, 2025 25:45


    Níl mórán scéalta a bhaineann siar as iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, ach sin go díreach an rud a tharla ar Aoine an Chéasta na bliana seo caite. Gabhadh ceannaire an DUP, Sir Jeffery Donaldson agus a bhean chéile, Lady Eleanor Donaldson, go luath maidin Déardaoin 28ú Márta 2024 i dtaca le líomhaintí cionta gnéasach a tharla i bhfad roimhe seo. Baineann na 18 gcúiseamh i gcoinne Jeffrey Donaldson le héigniú, le hionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas - séanann sé na líomhaintí go léir. Ar Seachtain, amharcann Ciaran Dunbar siar ar an ghéarchéim seo i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann. Foclóir: Gabh: Arrest Dearbhaigh: Ascertain Cúisíodh é: He was charged Ráiteas: Statement Cionta: Offences An-aitheanta: well known Baineadh siar as: He was taken aback Cráifeach: Religious Cuireadh ar fionraí é: He was suspended Líomhaintí: Allegations Dualgas: Obligation Íospartach: Victim Gearánaí: Complainants Leochaileach: Vulnerable Aontachtach: Unionist Tionól: Assembly Clis: Break down Ag feidhmiú: Functioning See omnystudio.com/listener for privacy information.

    4 bright ideas chun Dublin a dhéanamh níos gaelaí

    Play Episode Listen Later Mar 20, 2025 22:47


    Cé nach bhfuil Gaeltacht ar bith ann i gContae Bhaile Átha Cliath – tá an líon is airde de Ghaeilgeoirí laethúla lonnaithe anseo. Ach le heaspa deiseanna leis an teanga a úsáid, cad é is féidir leis na húdaráis a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí seo a chothú? Ar Seachtain, leagann Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir Gaeilge 365, agus Caitríona Kenny, Oifigeach Pobail agus Forbartha Sóisialta le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, amach an fhís atá acu don ardchathair. Foclóir: Leasuithe: Reforms Ag dul i meath: To decline Leathnú - Expand Feachtas: Campaign Fonn: Desire Splanc: Spark Teifigh: Refugees Tírdhreach: landscape Drogall: Reluctance Rogha: Choice See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Forás na Gaeilge funding cuts: Na chéad íospartaigh, páistí bunscoile

    Play Episode Listen Later Mar 18, 2025 17:44


    Tá idir dea-nuacht agus drochnuacht ann ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge. Ar lámh amháin, tá post an Choimisinéara Gaeilge fógartha faoi dheireadh – gníomh a bhí an pobal ag fanacht air le tamall fada anuas. Ach ar an lámh eile – tá na ciorruithe ó Fhorás an Gaeilge ag dul i bhfeidhm. Ar an chéad íospartach - An scéim Scoil Spreagtha, scéim a mhúineann an teanga do pháistí bunscoile. Ar Seachtain, labhraíonn Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais le Gael Linn, faoin buille tubaisteach seo don Scoil Spreagtha, agus le ról an Choimisinéara Gaeilge fógartha anois, pléann an t-iriseoir Ciarán Dunbar fiúntas an róil. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    What's that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha

    Play Episode Listen Later Mar 13, 2025 20:28


    Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland's Own' agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach ag ceiliúradh Naomh Pádraig. Mar sin de, agus 17ú Márta ag teannadh linn, labhraíonn Seán Ó Murchadha, duine de scríbhneoirí na hirise, faoin bhéim a chuireann daoine ar fud fad na cruinne ar shloinnte gaelacha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Grá sa Ghaeltacht: Recipe for success?

    Play Episode Listen Later Mar 10, 2025 13:32


    Tá an darna sraith de Grá ar an Trá ag toiseacht anocht tar éis é a chuir ar athló roimhe seo de bharr cúinsí ar leith. Bhí an clár le craoladh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh duine de na rannpháirtithe ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar bhean. Rinneadh athochtar rannpháirtí ag dul san iomaíocht don duais €10,000 agus beidh bean an tí, Síomha Ní Ruairc, man an tí, James Kavanagh agus an Cigire Grá Gráinne Seoighe i lár an aonaigh. Ar Seachtain, labhair Síomha Ní Ruairc faoin rógaireacht sa teach.See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Enya: Ó Ghaeltacht Dhún na nGall to superstardom

    Play Episode Listen Later Mar 6, 2025 21:47


    Tá sí ar an cheoltóir aonair is mó rath as Éirinn riamh le os coinn 85 milliún album díolta aici. Tá clú agus cáil bainte amach ag Enya ó thosaigh sí ag ceol siar ag tús an 1980óidí lena teaghlach sa bhanna ceoil Clannad. Ina dhiaidh di an ghrúpa a fhágáil tar éis dá bhliain, bhain sí a ‘big break' amach i 1988. Amharcann an leachtóir Katie Whelan siar ar na conspóidí, na bagairtí agus an saol cúlánta a chruthaigh sí. Foclóir: Osnádúrtha: Otherworldly Ceirnín: Record D'aon ghnó: Deliberately Ráth: Success Aineolas: Ignorance A bhuí le: Thanks to Bua: Gift or attribute Camchuairt: Tour Achrann: Acrimony Cúinsí: Circumstances Ag tús na mílaoise: At the turn of the millenium Uchtú: Adopted Íospartaigh: Victims De réir dealraimh: Apparently Géilleadh: To cave or to yield Fuaimrian: Soundtrack Faoi cheilt: To conceal Bean aimsire: Maid See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Julie Jay: Béal Feirste - an gig is measa a bhí agam riamh!

    Play Episode Listen Later Mar 3, 2025 19:18


    Is í an fuirseoir Julie Jay, is í duine d'Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, in éineacht le Michael Fry agus Shane Daniel Byrne, fuirseoirí an bheirt acu sin freisin. Dúirt Julie go raibh sí ar bís cuireadh a fháil le bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus gur tháinig an scéala ina dhiaidh di a seó grinn Gaeilge a chur ar an stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach dar le Julie, bhí an gig ó thuaidh ar an gceann is measa a rinne sí riamh. Labhair Julie le Tessa Fleming ar Seachtain faoina ról mar Ambasadóir agus an gig uafásach sin i mBéal Feirste. See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas

    Play Episode Listen Later Feb 27, 2025 20:34


    Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8' agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról amach anseo. Láithreoir; Tessa Fleming, Aoi; Ciarán Mac Giolla Bhéin Foclóir: Corraithe: Agitated Cuimsithe: Embodied Constaicí: Obstacles Naimhdeas: Animosity Cur i gcéill: Bluff/ Masquerade Cos ar bolg: Oppress Cur i gcrích: Accomplish Deartha: Designed Uaillmhianach: Ambitious. Borradh: Boom Meicníocht: Mechanism Timthriall: Cycle Cuí: Appropriate Inacmhainne: Affordable An Bhreatain Bheag: Wales Critéir: Criteria Pobalbhreith: Opinion poll See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge

    Play Episode Listen Later Feb 20, 2025 22:00


    Beidh mór-réalta an cheol Gaeilge faoin spotsolas ag na Gradaim Nós an deireadh seachtain seo. Tá 30 ceoltóir ainmnithe i naoi rannóg, Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol) agus Físeán na Bliana ina measc. Labhair eagarthóir na hirise, Conor Torbóid agus bunaitheoir na hirise, Tomaí Ó Conghaile faoi na ceoltóirí atá mar chuid den renaissance ceoil atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Foclóir: Borradh as cuimse: Massive growth Ag gréasánú: Networking Ag suanbhruith: Simmering Claibín: Lid Bolgáin: Bubbles Eisigh: Release Tá sé deacair é a shárú: It's hard to beat him In imeacht na mblianta: in previous years Cneasú: Healing San iomaíocht: In competition Gníomhaí: Activist Ag saothrú: Cultivate Nuatheachtaí: Newcomers Maoiniú: Funding Inbhuanaithe: Sustainable Foinse: Source Beag beann ar: Regardless ofSee omnystudio.com/listener for privacy information.

    Irish folklore: How romantic is atá muid mar thír?

    Play Episode Listen Later Feb 14, 2025 18:29


    Tá tobar saibhir béaloidis in Éirinn ina bhfuil scéalta ann atá bunaithe ar eachtraí ársa a bhí foréigeanach, tubaisteach, draíochtúil agus cealgach. D'fhás cuid mhór againn aníos ag éisteacht le scéalta faoi laochra cróga amhail Cú Chulainn, an Bhanríon Méabh, Gráinne Mhaol agus an Tuath de Danann. Ach cad é faoi na scéalta grá? Agus an bhfuil mórán den searc le mothú i mbéaloideas na hÉireann? Do Lá Fhéile Vailintín, chuaigh an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh ag tochailt isteach sna seanscéalta le fáil amach cé chomh rómánsúil is atá muid mar thír. Foclóir: Is ar éigean: Hardly/scarcely Galar: Disease Cealg: Treachery Uas aicme: Aristocracy Ball seirce: Beauty-spot Tóraíocht: Pursuit Faoi gheasa: Under a spell Maighdean mhara: Mermaid Achrann: Bust-up Daonnacht: Humanity See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Kneecap star Fionnuala Flaherty: ‘Níl an aisteoireacht chun mé a shábháil'

    Play Episode Listen Later Feb 13, 2025 23:24


    Tá Fionnuala Flaherty ainmnithe do ghradam aisteoireachta ag na IFTA's den chéad uair. Tá seacht n-ainmniúchán déag faighte ag Kneecap ag na gradaim a bheith ar siúl Dé hAoine, an líon is mó ainmniúchán do thogra ar bith i mbliana. Ar Seachtain, labhair Fionnuala faoin bhriseadh croí a bhí aici, agus an cinneadh an aisteoireacht lánaimseartha a fhágáil le ‘security' a bheith aici. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Fionnuala Flaherty Foclóir: Ainmniúchán: Nomination Meall: To entice Iontach tógtha le: very taken with Réchúiseach: Easy-going Cur i gcéill: Masquerade Meabharach: Mindful Aischothú: Feedback Neamhaird: Ignoring Socair: Composed Lán-aimseartha: Full-time Earnáil: Industry Caighdeán: Standard Gráin: Loathing See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Claim Seachtain

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel