POPULARITY
Labhraímid le Gráinne Ní Aodha faoi agóidí i gcoinne skorts sa chamógaíocht agus i gcoinne Iosrael ag an Eurofís, chomh maith leis an titim amach mar gheall ar ról agus pá don tsar tithíochta.
Plé ar ról nua an Tsár Tithíocht agus an Conclave sa Roimh chun teacht ar phápa nua.
Tá ríomhphost curtha ag Rannóg Tithíochta na Comhairle chuig Comhairleoirí Condae na Gaillimhe ina bhfuil eolas tugtha faoin margadh atá déanta ag an gComhairle le forbairtheoir príobháideach le tithe sóisialta a chur ar fáil i mBearna.
Comhrá le Joe Breathnach de chuid ExtraG.ie faoi tharaifí Trump, Aire Tithíochta ag diúltú moladh ó Ghobharnóir an Bhainc Ceannais, agus Ruffalution madaí na Gaeilge.
Agallamh le Barry Ó Siocrú, Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht Ciarraí Thiar, faoin ghéarchéim mhaoinithe Fhorais na Gaeilge, géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an Bille um Údaras na Gaeltachta. Plé déanta fosta ar an oiread atá ar siúl ag Tobar Dhuibhne, agus Snámh don Phalaistín de chuid Conradh na Gaeilge a bheas Barry páirteach ann ar an mhí seo chugainn.
Tá toscaireacht ag dul chun na Bruiséile inniu, mar pháirt den bhfeachtas tithíochta Gaeltachta Tinteán
Agallamh le Róisín Ní Chinnéide faoi leirsiú de chuid Tinteán don Ghaeltacht agus Bánú faoin ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht taobh amuigh d'Áras an Chontae i nGaillimh
Agallamh le Dónall Ó Cnáimhsí, an tOifigeach Pleanála Teanga don Iarr-Thuaiscirt, faoin fheachtas Tinteán don Ghaeltacht agus fadhbanna áitiúla ó thaobh na tithíochta de.
Foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin Tithíochta i mí na Bealtaine anuraidh. Inniu beidh deis ag Teachtaí Dála plé a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún i leith ceann de na ceisteanna is mó i saol na hÉireann. a.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D'áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh éagsúla a bhaint de ranna rialtais. Ní faisnéis phoiblí é tuarastal Musk féin, chomh maith le fostaithe na roinne a bhainistíonn sé. Tháinig Musk go dtí an Teach Bán in éineacht lena mhac, X, chomh maith leis an Uachtarán Donald Trump, a shínigh ordú feidhmiúcháin an tseachtain seo á cheangal ar ghníomhaireachtaí comhoibriú le roinn Musk.Tá moltaí á mbreithniú chun rialú an chórais tithíochta in Éirinn a athrú. Go háirithe, d'fhéadfadh an margadh cíosa athrú ón gcóras reatha “crios brú cíosa” go córas nua “cíos tagartha”. Faoin gcóras nua, chinnfí méaduithe cíosa trí thithe áitiúla den cháilíocht chéanna a bhreithniú. D'áitigh an Taoiseach go bhfuil gá le timpeallacht polasaí níos seasmhaí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Fuarthas amach i dtuarascáil ón gCoimisiún Tithíochta, a foilsíodh anuraidh, go raibh roinnt saincheisteanna ann maidir leis an gcóras reatha lena n-áirítear neamhchomhlíonadh, agus an difríocht idir cíosanna tionóntaí reatha agus tionóntaí nua. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith ag tionóntaí reatha mar thoradh ar an gcóras nua.Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe dearbhú idirnáisiúnta ar AI a shíniú ag cruinniú mullaigh i bPáras an tseachtain seo. Geallann an ráiteas, atá sínithe ag go leor tíortha, lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSín, cur chuige “oscailte”, “uilechuimsitheach”, agus “eiticiúil” chun an teicneolaíocht a fhorbairt. Dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe nár síníodh é mar gheall ar imní faoi shlándáil náisiúnta agus rialachas domhanda. Dúirt LeasUachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, leis an gcruinniú mullaigh gur cheart tosaíocht a thabhairt do “bheartais AI ar son an fháis” thar shábháilteacht. Tagann sé seo tar éis na nuachta an tseachtain seo caite go bhfuil múnla AI cruthaithe ag comhlacht Síneach, DeepSeek, a tháirgeann aschur ar chostais níos ísle ná ChatGPT, a tháinig ó na Stáit Aontaithe.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISRoinn Éifeachtacht an Rialtais - Department of Government Efficiencysíntí láimhe - kickbackscrios brú cíosa - rent pressure zoneneamhchomhlíonadh - non-compliancecruinniú mullaigh - summit meetingaschur - output
Tá úinéirí tí a bhfuil brící lochtacha ina dtithe, míshásta faoina cinntí atá déanta ag innealtóirí na Gníomhaireachta Tithíochta, maidir leis an obair athchóirithe a bhí le déanamh ar a dtithe, agus dúirt siad nach raibh siad ag teacht leis na cinntí óna n-innealtóirí féin.
Aoife Ní Shuilleabháin, Páidí Ó Sé, Gillian Ní Bhriain, Emer Ní Mhurchú. Tithíocht agus polasaithe na bpáirtithe éagsúla fé bhráid an toghcháin.
David and Gillian had a little chat. So Annie and Jenn had to have a little chat about their little chat. We break down their concersation on David's "Fail Better" podcast.
leis an urlabhraí Adhna Ní Bhraonáin
Ag cruinniú speisialta de chuid Comhairle Contae Dhún na nGall ar thithíocht inné, rinneadh plé ar na spriocanna tithíochta atá leagtha amach don chontae faoin phlean Náisiúnta ‘Tithíocht do Chách'.
Tá sé fógraithe inniu ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go mbeidh cead a thabhairt d'úinéirí tí ar dearnadh íosghradú ar a n-iarratais faoi scéim na mbrící lochtacha, athbhreithniú iomlán ar a n-iarratais a lorg ón Ghníomhaireacht Tithíochta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”. Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O'Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin.Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d'fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cochall - pod saoráid óstáin - hotel facility leithcheal - discrimination an Teastas Sóisearach - the Junior Cert dúnmarfóir - murderer achomharc - appeal
Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag an chruinniú faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a bhí eagraithe ar an Fhál Carrach agus labhair sé le roinnt dá raibh i láthair.
Beidh cruinniú poiblí i gCléire istoiche de Máirt seo chughainn. Siad Bánú agus Conradh na Gaeilge tá mbun a chruinnithe.
Reáchtáladh cruinniú faoi chúrsaí pleanála i nGaeltacht Ráth Chairn aréir - labhair Cóilín Ó Neachtain le cuid den dream a bhí i láthair.
Cuid den dream a bhí ag cruinniú faoi chúrsaí tithíochta i Rosmuc aréir ag tabhairt a dtuairimí faoin gcruinniú agus faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht.
Tuairisc ó Aoife ar chruinniú faoí thithíocht sa Ghaeltacht a bhí ar bun sa Daingean aréir. Chomh maith leis sin í plé tionscail an éadaigh agus cúrsaí tímpeallachta le Máire Ruiséal,Jane Ni Ghairbhí agus Cliodhna Ní Bheaglaioch.
Beidh cruinniú poiblí in Ostán Bhenners sa Daingean tráthnona le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a phlé. Siad Bánú agus Conradh na Gaeilge tá mbun eagraithe ar an ócáid.
Ganntanas tithe i gCorca Dhuibhne á phlé ag Aoife Ní Shúilleabháin le Mike Kennedy, Tomás Houlihan, Liam Ó Laoi, Marc Mac Laughlin
Cabrini de Barra;Cruinniú faoí thithe. Aoife Ní Shúilleabháin;Tithíocht i gCorca Dhuibhne. Micheál Ó Móráin;A athair críonna Seán Ó Coileáin agus Pádraig Ó Laoithe a bádh i gCuan Ard na Caithne. Máirín Uí Chonchubhair;Crainn agus Toir. Séamus Cosaí Mac Gearailt; Óispidéal Pobail Chorca Dhuibhne
Pléadh Tithíocht, Soláthar fuinnimh agus cúrsaí míchumais ag gcruinniú leis na Daonlathaigh Sósialta inné.
Mairéad Farrell TD ag caint linn faoin bplean nua tithíochta foilsithe ag Sinn Féin.
The David Alliance Garth Heckman TDAGiantSlayer@Gmail.com QUESTION: is Jealousy a good thing? Acts 5:1-11 Ananias and Sapphira - God is starting something new… He wants the attention, He wants the glory, He wants the focus… my church is not about you “How could you conceive” GK v. 4 Tith-ay-me How could you set yourself up above God. In striking Ananias and Sapphire dead he is saying - its about me! Shad Shack and Benny. Why would Jesus show up in the fire? He is a jealous God… YOU… YOU want mankind to worship someone else than me???? ARE YOU FREAKING KIDDING ME? And then he does the freaky thing… He shows up to let everyone know I am the only one worthy of worship. He is a JEALOUS GOD! The Bible has over 100 verses in it regarding God being a jealous God.
What next for RTÉ as the ‘New Direction' is revealed. 400 jobs for the chop – is that a threat to Nuacht TG4 agus do Raidió na Gaeltachta. Tá RTÉ féin sa nuacht go minic le bliain anuas, scannal i ndiaidh scannail, an bhfuil réiteach faighte acu anois? Labhraíonn Ciarán Dunbar le Conchúr Ó Faoláin agus le Róisín Ní Mhaoláin. Foclóir: Neamhspleách - independent Féiniúlacht - identity Pacáiste - package Rialtas - government Aibí - mature Seirbhís - service Brabús - profit Tithíocht - housing Tuarastal - salary Ualach oibre - work load Maslach - derogatory See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ag cruinniú d'fhóram pobail Chorca Dhuibhne sa Daingean aréir, cuireadh in iúl, cé go bhfuil gnóanna ar nós caiféanna báúil ó thaobh deireadh a chur le cupaí aon úsáide ar an mbaile, go raibh cuid acu in amhras faoin dtionchar diúltach, a d'fhéadfadh a bheith aige sin ar a ngnó.
Gráinne Ní Aodha and Conchúr Ó Faoláin join Ciarán Dunbar with their take on the European Election in Dublin. Tá 23 iarrthóir ag seasamh i dtoghcheantar na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Tá ceithre shuíochán le líonadh agus tá triúr den cheathrar atá ann anois ag seasamh arís. Cé hiad na hiarrthóirí seo, cad é na hábhair is mó atá tábhachtach do vótálaithe na príomhchathrach agus cad atá na pobalbhreitheanna ag cur in iúl dúinn? Léirithe ag Róisín Ní Mhaoláin agus Tessa Fleming Some words you may find useful: Feachtasaíocht - campaigning Ag filleadh - returning Ardnósach - snobby Suntasach - considerable Tithíocht - housing Daonlathach - democratic Díospóireachtaí - debates Reachtaíocht - legislation Toghcheantar - constituency Míchruinn - inaccurate Smaointeoireacht - thinking an Úcráin - Ukraine Liobrálach - liberal Eite dheas – right wingSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Reáchtálfar léirsiú taobh amuigh de Theach Laighean ag 11.00 maidin inniu chun aird a dhíriú ar an nGéarchéim Tithíochta sa Ghaeltacht.
Ar an 7ú Mheitheamh, beidh deis ag pobal na hÉireann vótaí a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpach. Tá líon mór iarrthóirí ainmnithe sna toghcháin Eorpach ach níl ach 14 shuíochán ar fáil sa chás seo. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin faoin dá toghcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Foclóir: Toghcheantar - constituency Canbhás - canvas Bruachbhaile - suburb Inimirce – immigration Stocaireacht - lobbying Iarrthóir - candidate Tithíocht - housing Fealsúnacht - philosophy Bileoga - leaflets Buille faoi thuairim - guess Go rialta - regularly Fear gnó - business man Ionadaíocht - representation Conspóideach - controversial Neamhspleách - independent Deighilt - divisionSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Léiríonn taighde tá déanta ag an Dr. Séin Ó Muineacháin d'Údarás na Gaeltachta go bhfuil gá le breis tithe ins na ceanntracha Gaeltachta.
Tithíocht, fiontraíocht agus Oifig Poist na Rinne cuid do na h-ábhair a phléigh Comhlucht Forbartha na nDéise le Méara na nDéise,agus ball do Bhord Údarás na Gaeltachta Joe Conway inné.
Seán Kyne, Fine Gael Senator; Marc Ó Cathasaigh, Green Party TD for Waterford; Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin TD for Dublin South-Central; Gráinne Ní Aodha, Dublin Reporter with PA Media
Tá deis ag Údarás na Gaeltachta iarratas a dhéanamh air Údarás Rialála Comhlachtaí Tithíochta aiseantacht a bhunú le tosaí ag tógáil tithe I gceantar Ghaeltachta.
Cén tionchar a bheas ag na leasaithe ar an mbille um Phleanáil agus Forbartha 2023 ar an nGaeltacht.
Bhí John ag plé cúrsaí Tithíochta i nGailimh
Cúrsaí Tithíocht i nGaillimh le John Connolly:Cúrsaí Aerthaistil le Eoghan Corry:Cúrsaí Gaeltachta le Donncha Ó hÉallaithe: Comórtas Pan-Cheilteach le Bríde de Róiste.
Plé fós ar bun sna Déise féachaint conas is féidir talamh le h-Údarás na Gaeltachta thabhairt ar láimh le h-aghaidh tithíochta.
Comhairleoir Conor D McGuinness;Tithíocht i nGaeltacht na nDéise. Tim Ó Coileáin;A Chuimhní ar John F Kennedy. Máiréad Uí Lionáird,agus Cáit Mhic Craith; Ról na mban sa teaghlach. Donncha Ó Céilleachair;Sciortain agus caoire.
Tithíocht,sláinte,agus cúrsaí pleanála do mhuintir na Gaeltachta cuid don ábhar a bheidh á phlé aige Ard Fheis Shinn Féin in Átha Luain an deireadh seachtaine seo.
Tá sé mar sprioc ag Comhairle Contae Chiarraí, 1,423 aonad tithíochta a thógáil sa gcontae, faoin scéim Tithíocht do Chách, 2022-2026.
Forbairt tithíochta 1,325 aonad le tógaint at sheana láthair Goulding i gCorcaigh.
Cead pleanála diúltaithe ag a mBord Pleanála 46 tigh a thógaint i Maoil a Chóirne i Rinn Ua gCuanach.
Beidh cruinniú poiblí le cúrsaí tithíochta a phlé ar bun in Óstán Ghobnatan anocht. Deir an comhairleoir Gonait Ní Mhuineacháin go bhfailtíonn sí roimhis an bhforbairt tithíochta tá ar na bioráin do Mhaghchromtha mar a mbeidh lóistín ar fáil ann dóibh siúd le goirtithe inchinne.
Tá iarrachtaí móra ar bun ag Rannóg Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall suíomhanna a cheannacht ar fud Dhún na nGall, le tithíocht shóisialta a thógáil, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh le hAodh Máirtín Ó Fearraigh.
Tá díomá léirithe nár caitheadh an buiséad iomlán sa Roinn Tithíochta idir na blianta 2020 agus 2022, de réir eolais atá roinnte le hUrlabhraí Tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin & beidh roinnt cruinnithe agus ócáidí ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin i mBéal Feirste inniu.