The Mobile Recording Unit was introduced by Radió Éireann in 1947. In this series presented by Ian Lee we'll hear gems from the archives recorded by the unit.
'Sí Sinéad Ferry a roghnaíonn giotaí as an tsraith don chlár. Tá ceol a taifeadadh i dteach Mhartin Hayes Co an Chláir sa bhliain 1962, dánta le Seán Ó Ríordáin, Séamus Ennis ag caint ar Chorca Dhuibhne agus ag caint ar Oileán Thoraí, "An Seabhac" ag caint ar an Bhlascaod agus Cearbhall Ó Dálaigh i nGaoth Dobhair.
Andrea Palandri, scoláire Gaeilge agus fidléir ón Iodáil, lena rogha féin as an tsraith. Ar na giotaí a roghnaíonn sé tá Séamus Ennis, Pádraig O Keeffe, Paddy Cronin, Kruger Kavanagh. Eibhlín Ní Mhurchú agus Pádraig Ua Maoileoin. Casann Andrea cúpla giota ceoil le Paddy McEvoy á thionlacan ar an phiano.
'Sí Áine Ní Bhreisleáin, ó Ghaoth Dobhair an aoi atá ar an chlár seo le hIan Lee. Roghnaíonn Áine na míreanna seo: leaganacha den amhrán Úir Chill a' Chreagáin; Inis Gé; Na Cruacha Gorma; Séamus Ennis le muintir Thoraí; déanamh curachaí i gceantracha éagsúla, Seosamh Ó hÉanaí/Séamus Ennis, Bernadette Devlin agus Mairéad Ní Dhomhnaill.
"Radio Éireann agus athbheochan na Gaeilge" clár a rinne Diarmuid Breathnach sa bhliain 1976. Páirteach ann tá: Mairéad Ní Ghráda, Aindrias Ó Muimhneacháin, Seán Mac Réamoinn, Leon Ó Broin, Diarmaid ó hAlmhain, Proinsias Mac an Bheatha, Roibeárd Ó Faracháin & Breandán Ó hEithir.
Pat Feeley i mbun comhrá le Cyril Ó Ceirín agus Pádraig Breathnach, a raibh baint acu le Cathair Luimní, ag caint fá na leabhair atá scríofa acu.
Breadndán Ó Madagáin, iar-Ollamh le Gaeilge, ag caint le Proinsias Mac Aonghusa fána shaol agus a shaothar.
Áine Mhic Ghrianna as Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall? i mbun scéil níl aon eolas eile leis an téip.
Máirtín Ó Cadhain ag caint fá Chonradh na Gaeilge agus an litríocht, léacht as an tsraith Thomas Davis Lectures a bhain le Conradh na Gaeilge.
Diarmuid Ó Muirithe le cuid d'imeachtaí 1970 le béim ar leith ar an Ghaeilge, cúrsaí polaitiúla ó dheas agus ó thuaidh. Jack Lynch páirteach sa chlár, Liam Mac Reachtainn, Risteard Mac Gabhann, An Col. Eoghan Ó Néill, Máirtín Ó Cadhain ar an chlár agus Risteard Ó Glaisne agus Séamus Ó Néill ag caint faoi chomhnascadh idir An Tríonóid agus UCD.
Muiris Mac Conghaíl, nach maireann, ag caint le Neasa Ní Chinnéide ar Theilís RTÉ sa bhliain 1988 fá chúrsaí na meán agus eile.
"Seanchas Bhaile Uí Chorráin". Seqanchas a bhí ag Donncha Ó Líthigh, Baile Uí Chorráin, agus 'sé Muiris Mac Conghaíl atá ag láithrú.
Máirín Ní Shúilleabháin ag ceol agus Fionán Mac Coluim ag seanchas. Ceolann Máirín, "SLán le Pádraig Sáirséal" agus "Caoineadh Airt Uí Laoghaire"
Radio Scoile - Clár bríomhar ceoil agus cainte le Micheál Ó Domhnaill, Doireann Ní Bhriain agus cailín eile.
"Fadhbanna Gaeilge" le Tomás de Bhaldraithe sa chathaoir agus Nill Ó Dónaill, Éamonn Ó Tuathail agus Pádraig Ua Maoileoin.
James Eardley, fidléir ó Cho Liatroma mar a chas sé ceol do Shéamus Ennis sa bhliain 1947 sa chondae. Casaann se dhá chornphíopa "Flowere of Spring" agus "Flowers of Ballymote" agus ansin ríl "The Flax in Bloom" agus ceann eile.
IS é Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, a roghnaíonn na míreanna seo don chlár. Moya Brennan ó Chlannad sa bhliain 1969; Séamus Ennis, Séan Ó hEochaidh agus Conall Ó Beirn i dTeileann 1949; Cáit Nic Giolla Bhríde ó Ghaoth Dobhairs; Anraí de Bláca cainteoir ó dhúchas ó Cho an Chláir; Tadhg Ó Rabhartaigh, údar, ó Anagaire.
Criostóir Ó Floinn, údar, ag caint le Pádraig Dolan fána shaol agus a shaothar sa bhliain 1985.
Muiris Caomhánach, nó Kruger Kavanagh, ó Dhún Chaoin, ag caint le Breandán Ó Cíobháin sa bhliain 1969.
Máirtín Ó Fathaigh, cainteoir ó dhúchas Gaeilge, ó Bhaile Locha Riach, Co na Gaillimhe, ag caint le Nollaig Ó Gadhra sa bhliain 1970 nuair a bhí sé 100 bliain d'aois.
Sorcha Ní Chatháin (Sarah Keane) ó Chathair Liostráin in Oirthear na Gaillimhe ag ceol do Chiarán Mac Mathúna sa bhliain 1959. Ceolann sí "Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an Féar" agus "Tá mo Chleamhnas Déanta".
Ceolchoirm an Oireachtais 1966. Páirteach ann tá Ceolfh ireann Éadrom RTÉ, Our Lady's Choral Society, Aedín Ní Choileáin soprán, Breandán Mac Aoidh, baratón agus Mercedes Bolger, cruit. Eimear Ó Broin an stiúrthóir agus Eoin Ó Súilleabháin an bolscaire don cheolchoirm.
Ceolchoirm bhuaiteoirí an Oireachtais 1971. Páirteach ann tá Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha le hamhrán sean-nóis, Donncha Ó Muimhneacháin ag damhsa, Seoirse Bodley le hómós do Sheán Ó Riada, Seán Ó Coisdealbha (Johnny Chóil Mhaidhc) agus Tomás Ó Flatharta (Tom Sailí?) le hagallamh beirte.
Gearóid Ó Cuinneagáin, fear conspóideach i ngluaiseacht na Gaeilge - bhí sé páirteach sa ghluaiseacht Ailtirí na hAiséirighe a raibh faistísteachas curtha ina leith - agus gnéithe eile de ghluaiseacht na Gaeilge.
Preab san Aer clár éadrom siamsaíochta do dhéagóirí curtha i láthair ag Máire de Barra agus Pádraig Ó Méalóid agus léirithe ag Tim Lehane.
Dónal Mac Diarmada ón Dubhchoraidh i nGaeltacht Láir Dhún na nGall ag caint ar an Ghaeilge ina óige. Tháinig sé ar an tsaol thart fá dheireadh na naoú aoise déag.
Ceol ó Bhanna Céilí an Bhrosna (Brosna Céilí Band) Co Chairraí mar a taifeadadh iad sa stiúideo i gCOrcaigh sa bhliain 1969.
Labhrann Alan Titley le hIan Lee fána rogha féin de mhíreanna as an tsraith seo. Frank O Connor, Peadar O Donnell, Sarah @ Rita Keane, Nioclás Tóibín (agallamh amháin), Piaras Béaslaí, samplaí de Ghaeilge Dheisceart Thiobraid Árann agus Cho. Thír Eoghain, Mick O Connell agus mír as Fadhbanna Gaeilge le Tomás de Bhaldraithe sa chathaoir.
Maire Ní Bhraonnáin (Moya Brennan ón ghrúpa Clannad) mar a cheol sí ar Radio RTÉ sa bhliain 1969. 1 "An Gabhar Bán" 2 "Rotha an tSaoil" aistrithe ón amhrán "The CIrcle Game" le Joni Mitchell.
Louis Marcus ó Chorcaigh ag déanamh cur síos ar a shaol agus é i mbun scannánaíochta agus eile ag caint le Breandán ó hEithir sa bhliain 1983.
"Turas fá Inse Gall". Seán Mac Réamoinn ag déanamh cur síos ar a thuras go hOileán Bharra na hAlbna (oileán Gaeltachta in Inse Ghall) sa bhliain 1965. Caint, amhráin, ceol, píobaireacht agus damhsa mar chuid den chlár.
Tom Hardiman, duine d'iar Phríomh Stiúrthóirí RTÉ, ag caint le Breandán Ó hEithir fá Radio Éireann/RTÉ agus eile sa bhliain 1983.
Pádraig Ó Siochrafhadha (An Seabhac) ag caint ar ócáid phoiblí sa bhliain 1961 a raibh bainteach leis An Bhlascaod.
An grúpa Horslips mar a thaifead Radio RTÉ iad thart fá 1971. Casann siad "Flower Amang them All, Ace and Deuce of Pipering, Carolin's Frolic agus Buttered Peas
An file Áine Ni Ghlinn ag caint le hIan Lee lena rogha féin as an tsraith Siúlach Scéalach. Roghnaigh sí Tomás Mac Eoin, Eibhlín Ní Mhurchú, Tomás de Bhaldraithe, Dáithí ó hÓgáin agus Michael Hartnett.
Deireadh "Ceol na nGiolcach" le Pádraig Óg Ó Conaire mar a léirigh Aisteoirí Charna ar Radio Éireann é sa bhliain 1960.
Eoghan Mac Cárthaigh as Cnoc na Bró atá ar an bhóthar idir Baile Bhúirne ag Cill Áirne mar a thaifead Pádraig Tyers é do Radio RTÉ thart fán bhliain 1974. Giota iontach damhsa agus portaireachta ó Dhónal Ó Céilleachair agus Máire Ní Chárthaigh le cluinstin sa mhír.
Mír 4 den leagan drámatúile a rinne Aisteoirí Charna de "Ceol na nGiolcach" le Pádraig Óg Ó Conaire do Radio Éireann sa bhliain 1960.
Fionán Mac Coluim agus Máirín Ní Shúilleabháin ag plé amhráin Thomáis Rua Uí Shúilleabháin le neart samplaí ceoil.
Garret Fitzgerald, ceannaire Fhine Gael ag an am ag plé cúrsaí polaitiúla agus a pháirtí féin, Fine Gael, sa bhliain 1977. Micheál Ó hUanacháin i mbun an agallaimh.
An Ghluaiseachta Chearta Sibhialta ó Thuaidh, nó The Northern Ireland Civil RIghts Association (NICRA) á plé ag Micheál ó hUancháin agus Séamus Ó Tuathail saineolaí ar chearta daonna agus b'abhchóide a bhí ann fosta. Taifeadadh 1977.
Joe Madden (athair Joanie Madden) boscadóir ó Phort Omna Co na Gaillimhe ó dhúchas mar a thaifead Ciarán Mac Mathúna é i Nua Amhrac sa bhliain 1962.
Aisteoirí ó Charna le mír 3 as Ceol na nGiolcach a léiríodh sa bhliain 1960 ar Radio Éireann.