Podcasts about docht

  • 65PODCASTS
  • 339EPISODES
  • 15mAVG DURATION
  • 5WEEKLY NEW EPISODES
  • Jun 18, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about docht

Latest podcast episodes about docht

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 18, 2026 3:13


Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag freagairt ceisteanna ó éisteoiri agus ag tabhairt comhairle sláinte don phobal agus plé ar Seachtain Idirnáisiúnta Sláinte na bhFear ar siúl an tseachtain seo.

RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Gabrielle Colleran, Uachtarán chumann dochtúirí Comhairleoirí Ospidéil na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 17, 2026 5:33


Ceistíonn an dochtúir comhairleach Colleran an bhfuil an polasaí ceart againn maidir le cúram máithreachais sa tír seo agus an bhfuiltear ag freastal mar is cóir ar riachtanais na mban.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 11, 2026 6:57


Ag caint ar an ardú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag fulaingt le galar meabhairshláinte le blianta beaga anuas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an dúlagar agus eolas d'éisteoirí faoin mhéid gur féidir déanamh le cuidiú le daoine atá ag streachailt le galar meabhairshláinte.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Comhairleoir Contae Gobnait Ní Mhuimhneacháin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jun 10, 2026 8:17


Beidh cruinniú eolais ag Comhairle Contae Chorcaí in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh amáireach agus súil acu feabhas a chur ar an stráice bóthair ó Bhaile Bhúirne go Baile Mhic Íre, an stráice a dhéanamh níos sábháltha do choisithe

docht beidh
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 28, 2026 7:25


Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí leighis agus sláinte, comhairle inniu faoi dhóigheanna a bheith sábhailte sa teas mhór atá againn faoi láthair agus labhair sé faoi fhadhbanna leanúnacha in Otharlann leitir Ceanainn.

Nuacht Mhall
24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 24, 2026 8:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhi Bealtaine, Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ni LoinsighThascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d'Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIS

israel pr gaza arsenal leeds manchester city budapest rs bournemouth bh buckingham thug paris saint germain gunners mh hammersmith inni mbl rann phr gaeilge itamar ben gvir tarl bealtaine uachtar docht conradh sasana london irish centre labhair londain aontaithe gaelach irish cultural centre chonradh cuireadh tuachtar breataine nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 21, 2026 8:09


Mír rialta, agus é ag tabhairt comhairle don phobal faoi chúrsaí sláinte.

RTÉ - Iris Aniar
An Dr. Clíodhna Ní Mhurchú - Dochtúir Teaghlaigh.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 14, 2026 19:11


Cúrsaí Sláinte.

sl docht n mhurch
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 14, 2026 8:14


Mír rialta leis an Dr Delap maidir le cúrsaí sláinte agus leighis, eolas inniu faoi thinneas boilg a gheimhridh nó an noroviru, faoi stailc an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna a tharla an tseachtain seo agus an tábhacht a bhaineann le súil a choinneal ar do bhrú fola.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 7, 2026 10:12


Mír rialta leis an Dr Delap maidir le cúrsaí sláinte agus leighis, eolas inniu faoin ghalar céileach, an baol a bhaineann le greimeanna ceartáin agus faoi ábhair eile.

RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Ciarán Ó Fearraigh, dochtúir teaghlaigh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 30, 2026 5:08


Ganntanas mór dochtúirí teaghlaigh i gceantracha tuaithe.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 30, 2026 8:56


Ag caint inniu faoi ghanntanas dochtúirí teaghlaigh sa tír, faoin scéal go bhfuil 80% d'inill raidaiteiripe na tíre seo a chaithfear réítigh a fháil daofa mar gheall go bhfuil siad ró-shean.

MWH Podcasts
Wenn das Leben Knicke bekommt

MWH Podcasts

Play Episode Listen Later Apr 28, 2026


Ein geknicktes Rohr, ein glimmender Docht: So fühlen wir Menschen uns manchmal. Und nicht nur das! Nicht selten sind wir es auch wirklich: Ein geknicktes Rohr oder – ein glimmender Docht. Als der Prophet Jesaja diese Worte schrieb, da war es allgemein üblich, dass vor allem Hirten sich aus Schilfrohr Flöten schnitten. Auf denen spielten […]

BackToTheTrade | Der Podcast Trading Kurs
Forex-Crash 2015: Wie eine Zentralbank tausende Trader vernichtet hat!

BackToTheTrade | Der Podcast Trading Kurs

Play Episode Listen Later Apr 26, 2026 40:04


Am 15. Januar 2015, 10:30 Uhr mitteleuropäischer Zeit, haben tausende Trader innerhalb von 3 Minuten ihr komplettes Konto verloren. Broker gingen pleite. Der Grund: ein einziger Satz einer Zentralbank.In Folge 5 von Back to the Trade tauchen wir tief in den größten Finanzmarkt der Welt ein – den Forex-Markt mit über 9 Billionen Dollar Handelsvolumen pro Tag. Mehr als alle Aktienmärkte der Welt zusammen. Und genau hier verlieren die meisten Retail Trader ihr Geld.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 23, 2026 5:16


Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí sláinte agus leighis, cur síos inniu ar liostaí feithimh maidir le daoine atá ag fanacht le trasphlandú orgáin sa stát seo agus ar mhol iarbhreithe úr atá beartaithe do Leitir Ceanainn i measc rudaí eile.

RTÉ - Iris Aniar
Clíodhna Ní Mhurchú, Dochtúir Ginearálta.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 16, 2026 22:20


An Dr. Clíodhna Ní Mhurchú ag labhairt faoi ADHD ar dhaoine fásta.

adhd docht n mhurch
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 16, 2026 5:15


Labhair an Dochtúir Delap faoin éileamh atá ann do chlár vacsaíne náisiúnta do dhaoine fásta agus fosta faoin imní atá ann maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta le suíomh a aimsiú d'aonad úr faoisimh do pháistí sa chontae.

delap docht labhair
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann an Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 9, 2026 6:17


Mír rialta leis an Dochtúir Delap faoi chúrsaí leighis agus sláinte, plé inniu ar an mhí feasachta dírithe ar ailse putóige agus na hinsteallaí le cuidiú le daoine meáchan a chailleadh.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann an Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 2, 2026 5:53


Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis plé inniu ar na heitiltí aisle as Aerfort Dhún na nGall go Baile Átha Cliath agus Lá Idirnáisiúnta Uathachais atá ann inniu.

baile delap docht cliath ngall
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 26, 2026 6:46


Mír rialta faoi chúrsaí leighis ag sláinte, ag caint inniu ar na fadhbanna leanúnacha in Otharlann Leitir Ceanainn agus an mhoill atá ar othair fáil na bhaile mar gheall ar easpa cúramóirí baile agus ag caint ar an chlár Breastcheck mar nár éirigh leo a sprioc a bhaint amach do na tastálacha a bhí leagtha síos daofa anuraidh.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann ASn Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 19, 2026 6:35


Mír rialta leis an Dr Delap faoi chúrsaí sláinte agus leighis, ag caint inniu ar Mheiningíteas agus faoi Lá Lus an Chrom Chinn a bheas ar siúl amárach agus faoin agóid atá a eagrú ag Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall i mBaile Átha Cliath ar an tseachtain seo chugainn.

delap docht cliath mbaile ngall
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann an Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 12, 2026 6:51


Mír rialta faoi chúrsaí sláinte leis an Dr Delap, ag caint inniu faoin imní go bhfuil athrú le teacht ar na heitiltí d'othair le hailse as Aerfort Dhún na nGall agus comharthaí taomanna croí.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Dr Peadar Ó Fionnáin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 10, 2026 7:45


An Dochtúir Teaghlaigh ag caint faoin bhfógra sa Daingean ag tabhairt an rogha d'othair gan cógais Iosraelach a ghlacadh nuair atá roghanna eile ann.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 5, 2026 7:53


Mír rialta faoi chúrsaí sláinte leis an Dr Delap, ag caint inniu faoin imní go mbeidh athrú ar na h-eitiltí d'othair le hailse as Aerfort Dhún na nGall agus an galar Haemacrómótóis.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 29, 2026 7:30


Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag plé cúrsaí leighis agus sláinte, comhrá inniu faoin scéim úr Rialtais ina mbeidh tuilleadh seirbhísí sláinte a gcur ar fáil i gcógaslanna na tíre agus fadhbanna ólacháin i measc daoine óga.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap. Íoclann An Bhun Bheag.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 22, 2026 7:54


Plé ar chúrsaí sláinte, eolas inniu maidir leis an scéal is deireanaí faoi fliú sa chontae, imní faoin mhoill atá ag othair le hailse coinne a fháil i nGaillimh agus roinnt eolais faoi ghalair neamhoird itheacháin.

pl delap docht ngaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Ciarán Ó Fearraigh, dochtúir teaghlaigh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 21, 2026 4:55


Bainfidh an Otharlann úr pobail atá a thógáil faoi láthair i Leitir Ceanainn brú mór d' Otharlann Ollscoile Leitir Ceanainn, dar leis.

RTÉ - Iris Aniar
2. Clíodhna Ní Mhurchú, Dochtúir Ginearálta.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 11, 2025 17:51


Mír Sláinte.

sl docht n mhurch
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 11, 2025 4:59


Plé ar na pleananna atá idir lámha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leis an dara Ionad Faoisimh do pháistí a bhunadh i nDún na nGall chomh maith leis an bhrú atá ar Otharlann Leitir Ceanainn mar gheall ar an fhliú.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 4, 2025 10:13


Inniu labhair an Dochtúir Teaghlaigh faoin ráiteas ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an tseachtain seo agus iad ag rá gur cheart na drugaí le meáchan a chailleadh a bheith curtha ar fáil do dhaoine atá ag streachailt le meáchan.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 27, 2025 9:12


Mír rialta faoi chúrsaí leighis agus sláinte. Labhair Tony inniu faoin úsáid a bhaintear as otharcharranna agus bhí comhairle aige do dhaoine faoin dóigh le hiad féin a chosaint ón fhliú.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 20, 2025 8:40


Mír rialta leis an Dochtúir Delap ag plé cúrsaí sláinte agus leighis.  I measc na n-ábhar a bhí a bplé inniu bhí an infheistíocht úr atá le déanamh i gcúrsaí meabhairshláinte agus folláine trasteorann agus an cinneadh reachtaíocht úr a chur i bhfeidhm le deileáil le vápáil ó ghléasanna aon úsáide.

RTÉ - Barrscéalta
Tom Ó Muirí Uachtarán Aontas Cógaiseoirí na hÉireann.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 17, 2025 7:00


Ó mí Mhárta na bliana seo chugainn ar aghaidh beidh cead ag Poitigéirí cógais áirithe a chur ar fáil don gan oidis ón Dochtúir Teaghlaigh. Shínigh an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill reachtaíocht úr le go mbeidh an tseirbhís seo ceadaithe i siopaí poitigéire sa stáit. Tá Tom linn le cur sios a dhéanamh ar seo.

sh muir mh uachtar docht jennifer carroll macneill
Nuacht Mhall
8 Samhain 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 8, 2025 6:04


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dúirt saoránach Éireannach a sádh agus é ar an traein go Londain gur “an nádúr a bhí ann” nuair a chuaigh sé i mbealach an ionsaitheora le paisinéirí eile a chosaint. Goineadh deichniúr san eachtra foréigin ar an traein idir Doncaster, baile in oirthuaisceart Shasana, agus Stáisiún Chrosaire an Rí i Londain, oíche Dé Sathairn seo caite. Cuireadh na póilíní ar a n-airdeall faoin éigeandáil ar bord na traenach ag 7.40in an oíche sin. Ba é Stephen Crean, ar as Baile Átha Cliath í a mháthair agus ar as Ros Comáin é a athair, duine de na híospartaigh, in éineacht le Samir Zitouni, a rith i dtreo an ionsaitheora agus a thug aghaidh ar an chontúirt. Dúirt marthanóir an ionsaithe go raibh sí fíorbhuíoch de Crean as a chuid crógachta.Bhí an t-iománaí mór le rá DJ Carey os comhair na cúirte mar go ndearna sé calaois ar dhaoine nuair a lig sé air go raibh ailse air agus go raibh airgead de dhíth air ar son cóir leighis. Gearradh téarma príosúnachta 5 bliana go leith ar an iar-iomanaí clúiteach, a bhain cúig Chraobh na hÉireann ag imirt do Contae Chill Chainnigh. Ghlac sé beagnach €400,000 ó 22 duine agus níl ach €44,000 íoctha ar ais go dtí seo. Dúirt an Breitheamh Nolan go raibh sé “thar a bheith doiligh céard a bhí ina chúis leis” agus gur “tháinig Carey i dtír ar dhea-nádúr na ndaoine.” Chuala an chúirt nach raibh dochúlacht ann go bhfaighidh a chuid íospartach a n-airgead ar ais, ach gur inis do “leithscéal croíuíl, cneasta” a thabhairt d'achan íospartach. Dúirt ‘máthair bhaistí' na hintleachta saorga go bhfuil sí “bródúil as a bheith difriúil”, agus í an t-aon bhean amháin as seachtar ceannródaithe na hintleachta shaorga ar bronnadh duais inealltóireachta orthu Dé Céadaoin. Bhronn Rí na Ríochta Aontaithe Duais Inealltóireachta na Banríona Éilis ar an Ollamh Li agus seisear eile léi le linn searmanais ag Pálás Naomh Séamais. Is iad na daoine eile a fuair an onóir in éineacht léi ná an tOllamh Yoshua Begio, an Dochtúir Billy Dally, an Dochtúir Geoffrey Hinton, an tOllamh John Hopfield, bunadóir Nvidia Jensen Huang, agus príomheolaí na hintleachta saorga um Meta an Dochtúir Yann LeCun. Tá siad ag fáil aitheantas as a gcuid ról i bhfórbairt nua-mheaisínfhoglama, réimse atá mar bhonn faoin dul chun cinn sciobtha in intleacht shaorga. Dúirt an tOllamh Li, “Ar son na mban óg a bhfuil mé ag obair leofa agus glúinte na gcáilíní atá le teacht, ní miste liom glacadh leis an teideal seo”. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsaoránach - citizenéigeandáil - emergencycalaois - fraudailse - cancermáthair bhaistí - godmotherintleacht shaorga - artificial intelligence

pr dc samhain bh baile crean doncaster geoffrey hinton yann lecun gaeilge docht conradh banr ngall samhna londain inniu cuireadh d sathairn nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 6, 2025 8:37


Labhair an dochtúir faoin Tuairisc a tháinig amach inné go bhfuil duine as gach ceathair i mbaoil stróc a ghlacadh ina saol. Seo mí Movember, nuair a bhíonn muid ag díriú ar chúram sláinte na fir.

seo movember delap docht labhair tuairisc
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 23, 2025 10:16


Mír rialta faoi chúrsaí sláinte agus leighis, ag plé cúrsaí cúram ailse agus easpa dochtúirí teaghlaigh faoin tuath.

RTÉ - Iris Aniar
Clíochna Ní Mhurchú, dochtúir.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Oct 16, 2025 13:53


Clíochna Ní Mhurchú, dochtúir ag labhairt faoi strus agus na cúiseanna atá leis.

docht n mhurch
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 16, 2025 6:46


Mír rialta faoi chúrsaí sláinte. Rinne sé plé inniu ar staidéar atá foilsithe an tseachtain seo sa Journal for Alzheimer's Disease a deir go bhfuil níos mó seans go dtiocfaidh néaltrú ar mhná a théann fríd an meanapás go luath ina saol agus fosta na contúirtí a bhaineann le haerasóil ó thaobh cúrsaí sláinte de.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Conradh na Gaeilge.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 13, 2025 10:59


Labhair Pádraig faoin damáiste a rinneadh de chomharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus phlé sé fosta an rún a bhí an DUP ag cur os comhair an tionóil inniu ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an pholasaí seo maidir le comharthaíocht dátheangach.

RTÉ - Iris Aniar
Dochtúir Clíodhna Ní Mhorchú

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Oct 2, 2025 18:23


Mír Sláinte: Labhair an dochtúir Clíodhna Ní Mhorchú faoi tinneas cinn agus méigrim.

sl docht labhair
RTÉ - Iris Aniar
Dr. Lisa Cunningham, Dochtúir Comhairleach i Leigheas Éigeandála.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 30, 2025 14:12


Dr. Lisa Cunningham, Dochtúir Comhairleach i Leigheas Éigeandála. Tá cóir leighis á chur ar othair in otharcharranna taobh amuigh de Ospidéal na hOllscoile Mhaigh Eo de bharr easpa spáis sa rannóg éigeandála agus timpistí. Chomh maith le sin tá na haltraí atá ag obair san ospidéal le vóta a chaitheamh ar son gníomhú stailce.

cunningham docht chomh ospid
RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Éamonn Mac Giolla Chomhaill.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Aug 28, 2025 7:32


Mír rialta leis an dochtúir faoi chúrsaí leighis agus sláinte.

RTÉ - Barrscéalta
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap ó Íoclann an Bhun Bhig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Aug 14, 2025 6:51


Mír rialta leis an Dr Delap faoi chúrsaí leighis agus sláinte.

RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Ilona Duffy, Dochtúir Teaghlaigh I gCo. Mhuineacháin.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 11, 2025 3:53


Tá instealltaí le méachán a chailleadh i mbéal an phobail le tamall anuas, ach tá rabhadh tugtha ag Roinn Sláinte na 6 Chontae faoi chineálacha bréige agus neamhdhleathacha de na hinstealltaí seo atá á ndíol ar líne, ar na meáin shóisialta, agus fiú go háitiúil.

Inside Austria
Fußballikone Marko Arnautovic (1/2): Enfant terrible

Inside Austria

Play Episode Listen Later Aug 9, 2025 47:14 Transcription Available


Er gilt als einer der talentiertesten Fußballer, die Österreich je hatte. Bekannt wurde Marko Arnautovic in Österreich aber vor allem durch Skandale abseits des Fußballplatzes und Aussagen mit Kultcharakter. In den Käfigen Wiens lernte er einst jene Art der Ballbehandlung, die legendäre Profifußballer bis heute zum Staunen bringt. Docht seit er als Jugendlicher beim Floridsdorfer AC das erste Mal in einem Verein aufschlug, wurden ihm seine raue Art, sein überbordendes Selbstbewusstsein und seine Disziplinlosigkeit zum Verhängnis. Trotzdem schaffte es Marko Arnautovic, sich nicht nur im europäischen Fußball einen Namen als Ausnahmetalent zu machen, sondern sich durch seine Art auch in die Herzen der Österreicher und Österreicherinnen zu kicken. Bei der aktuellen Europameisterschaft steht er nun womöglich zum letzten Mal für Österreich auf dem Feld. In dieser Folge von "Inside Austria" erzählen wir den ersten Teil der Geschichte eines Fußballrebellen, der sich aus den Betonkäfigen eines Wiener Vorstadtbezirks in die höchsten Ligen des europäischen Fußballs gespielt hat. Es ist ein Weg zwischen Hoffnungsträger und Problemkicker, auf dem immer wieder die Frage auftaucht: Wird Marko Arnautovic als einer der größten Fußballer Österreichs in Erinnerung bleiben – oder scheitert er doch noch an sich selbst? Unsere Hörerinnen und Hörer können mit dem Rabattcode "Standard" 12Wochen das Angebot von SPIEGEL+ für nur 2,49 € pro Woche testen. Alle Infos dazu finden Sie auf [spiegel.de/derstandard](http://spiegel.de/derstandard).

RTÉ - Barrscéalta
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir agus an Dr.Áine Keating, Dochtúir Comhairleach in Otharlann Leitir Ceanainn.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jul 28, 2025 10:22


Ag cur fáilte roimh an deascéala a d'fhógair an tAire Sláinte Jennifer Carroll Mac Neill go mbeidh dhá mhol máinliachta lonnaithe san iarthuaisceart anois, ceann i Leitir Ceanainn agus ceann i Sligeach.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Dr Conchúir Ó Brosnacháin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 9, 2025 10:32


Dochtúir Teaghlaigh an Daingin le comhairle do dhaoine a bhfuil leibhéal ard nó íseal colaistéaróil acu.

conch docht daingin
RTÉ - Adhmhaidin
Dr Áine Keating, dochtúir comhairleach, leigheas éigeandála, Otharlann Leitir Ceanainn.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 2, 2025 5:28


Cruinniú tairbheach agus fiúntach', a deir dochtúirí Dhún na nGall, atá i mbun feachtais le mol máinliachta a lonnú in Otharlann Leitir Ceanainn a bhí acu tráthnóna inné leis an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill.

dh keating docht cruinni ngall jennifer carroll macneill
RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Ciarán Ó Fearraigh, dochtúir teaghlaigh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 30, 2025 4:40


Imní faoi chomh fada atá ar dhaoine fanacht go bhfeicfidh siad dochtúir comhairleach faoi fhadhbanna agus galair craicinn I nDún na nGall.

RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Áine Keating, Dochtúir Leighis.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 18, 2025 5:42


Bhí cruinniú ag lucht leighis i nDún na nGall leis an Aire Sláinte aréir faoi ospidéal Leitir Ceanainn.